Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
145791016

Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    awesom_o wrote: »
    Bhí an aimsir lofa inniu!
    Bhí mé ag siopadoireacht inniu, thosaigh sé ag stealladh báistí.
    Is oth liom a rá go raibh mé á gcaitheamh t-léine bán.. agus bra bándearg.

    :D

    Tá athrú mór tagtha ar an aimsir an tseachtain seo. Is mór an trua é, bhí an aimsir réasúnta maith go dtí seo.


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Lá breá ar an taobh seo tíre ach bhí mé sáinnithe isteach san oifig le riaráistí oibre le glanadh. Bhí gach rud deas éasca san oifig le naoi mí anuas ach anois, agus mo cheannasaí ar ais ó shaoire mháithreachais, tá deireadh le mo shaol bog.


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Maidin inné, theip orm ticéadaí a fháil do cheolchoirm The National i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag.

    Táim fós ag caoineadh.:(


  • Registered Users Posts: 11,131 ✭✭✭✭Oranage2


    Maidin inné, theip orm ticéadaí a fháil do cheolchoirm The National i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag.

    Táim fós ag caoineadh.:(

    Ní riamh cuala mé faoi iad, an bhfuil siad go maith?


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Banna ceoil ó na Stáit Aontaithe. Bhí siad le chéile le fada ach tá siad ag éirí an-cháiliúil anois. I mo thuairim féin, is ceann de na grúpaí ceoil is fearr iad, atá fós le chéile inniú. Táim go hiomlán i ngrá leo.
    (Mar chomparáid, is é Radiohead an banna ceoil is fearr liom).

    Beidh trí oíche acu san Olympia (timpeall 5000 ticéadaí a bhí ar dhíol). Tosaíodh ag díol iad ag a naoi a chlog, maidin Dé hAoine, agus bhíodar go léir imithe ag 10.45 an maidin sin nuair a shroich mé Ticketmaster.

    Seo sean-amhrán uathu (ó bhliain 2007):


    Agus amhrán óna h-albam nua:


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Nach bhfuil an fóram seo an-chiúin?


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    An-chiúin ar fad.

    Is dócha go bhfuil sé deacair labhairt faoi rudaí go ginearálta nuair atá a leithéidí After Hours agus fóraim eile ann. Ní bhíonn a dhóthain scéalta sa nuacht faoi chúrsaí a bhaineann leis an teanga amháin chun daoine a mhealladh anseo agus postáil chuile lá. Agus má fhéachann tú ar na threads a thosaítear faoin nGaeilge in After Hours feicfidh tú nach bhfuil mórán grá ag roinnt daoine ar Boards don teanga. Ar ndóigh níl daonra an tsuímh seo 'representative' mar a déarfa.


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    B'fhéidir go bhfuil gach éinne imithe ar deoraíocht de bharr staid eacnamaíochta na tíre.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ah, níl gach duine imithe fós :) Táim tar éis cúrsa MA sa Ghaeilge a thosnú, is tá deichniúr againn sa rang. Chuamar síos go Dún Chaoin an deireadh seachtain seo caite agus bhí an-chuid Gaelgeoirí ann ó ghach pháirt na tíre.

    B'fhéidir nach bhfuil fonn Idirlíne acu?


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    B'fhéidir nach bhfuil fonn Idirlíne acu?

    Is dócha go bhfuil, ach níl fonn cainte orthu ar aon nós!

    An mbaineann an MA atá á dhéanamh agat le litríocht na Gaeilge amháin? An mbíonn morán uaireanta agat chuile sheachtain leis? Uaireanta bíonn fearg orm nach ndearna mé an B.Oid i gCMGS (seachas an B.Oid le Síc), mar bheinn in ann an Ghaeilge a dhéanamh. Níl aon léacht sa Ghaeilge (Ghairmiúil) agam an seimeastar seo agus tá sé ag cur isteach orm!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Hello, táim ar ais arís...

    Tá an áit seo an-an-chiúin.

    Ní raibh mé istigh anseo ó tús an samhraidh. Níor tharla aon rud suimiúil ó shin? :D


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Beagnach gach rud a tharla, tá sé le feiceáil sa snáithe seo.

    B'fhéidir go bhfuil feachtas fógraíochta ag teastáil uainn.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    An bhfuil tada le plé faoi fiú!?

    Ar aon nós tá mé ar ais san ollscoil, agus ag baint an sult as - conas atá sibh?


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Mise freisin, ag déanamh fíor-FMAS anois agus ag baint taitneamh as. Táim ag baint taitneamh fiú as staitisticí i mbliana :eek:


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Mise freisin, ag déanamh fíor-FMAS anois agus ag baint taitneamh as. Táim ag baint taitneamh fiú as staitisticí i mbliana :eek:

    Céard go díreach é FMAS? Táim féin ag déanamh staitisticí i mbliana, modúl amháin, a dhíríonn ar staitisticí don síceolaíocht (ag usáid PASW-SPSS).


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Financial Maths and Actuarial Science, an t-ainm oifigiúil don chúrsa achtúire in Ollscoil Chorcaí. Beidh 15 creidmheasa (?) de staitisticí agam i mbliana, agus dhá mhodúil eile le béim mór ar staitisticí freisin. B'fhuath liom an t-ábhar sin anuraidh, ach buíochas mór le Dia ní chuireann sé isteach orm níos mó.


  • Registered Users Posts: 397 ✭✭AnFeirmeoir


    Fán i bhur cuid gcúsaí! Níl aon postanna le fáil agus tá sé cosúil nach mbeidh le tamall fáda. Tá se an-ciúin i mo phost le bliain anuas anois.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá postanna le fáil mar achtúire (Actuary). Tá an AE ag chuir riallacha nua i bhfeidhm don árachas. Glaoitear "Solvency 2" ar! Choinnigh leis an cúrsa! :D

    An feirmeoir thú a anFeirmeoir?


  • Registered Users Posts: 397 ✭✭AnFeirmeoir


    Táim i mo riarthóir freastalai sa lá agus táim i mo fheirmeoir san oíche. Tá fiche acraí agam le caora agus beithígh. Deirtear go dtagann feabhas ar bhrabúis san fheirmeireacht nuair atá cúlú eacnamíocht ann agus tá sé cosúil go bfhuil sé seo fior. D'ardaigh phraghsanna le deanaí ach is chuma, níl a ndóthain talamh agam chun beith i mo fheirmeoir lán-aimsire.

    B'fhéidir go mbeidh postanna lé fáil san earnáill tógála nuair a thosaíonn siad ag leagan na eastát tithíochta folomh atá ar fúd na tire!


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá súil agam go mbeidh postanna le fáil in san Dáil go luath. ;)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis




  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Glaotar "trolling" ar an chineál ráiméis sin ;)

    Ná tabhar aon aire dó.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Lol, ar aon nós...

    Conas atá gach duine!? Táim crosta... cén fáth a bhfuil gach duine ag iarradh chur isteach orm faoi láthair!?


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Táimse tinn. Tá slaighdeán orm, den dara uair i trí seachtaine, agus mar sin nílim ar fheabhas. Níl mórán eile ag cur isteach orm, áfach.

    Ba cheart go mbeinn i mo chodladh anois, ach táim díreach tar éis teach abhaile tar éis turas mistéarach(? tá sé réasúnta soiléar ar aon nós) agus mar sin níl tuirseach orm fós. Beidh mé ag fulaingt go dona ar maidin, áfach!


  • Registered Users Posts: 397 ✭✭AnFeirmeoir


    Tá súil agam go mbeidh biseadh ort go luath! D'fhéadfadh sé níos measa. Tá mo mháthair chéile agus mo athair chéile ag teacht ar cuairt linn inniu. Níl fhios agam cá fhad a bheidh siad ag fanacht:mad:


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Tá mo mháthair chéile agus mo athair chéile ag teacht ar cuairt linn inniu. Níl fhios agam cá fhad a bheidh siad ag fanacht:mad:

    Ádh mór ort :D


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,480 Mod ✭✭✭✭dory


    Conas atá gach duine? Tá leictreachas agam anois don chéad uair inniu. Woohoo!

    Anois, cad a dhéanfaidh mé leis an leictreachas seo ar fad.....


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    dory wrote: »
    Conas atá gach duine? Tá leictreachas agam anois don chéad uair inniu. Woohoo!

    Anois, cad a dhéanfaidh mé leis an leictreachas seo ar fad.....

    Bhfuil tú ar saoire in áit éigin iargúlta nó an tusa ceann d'iospartaigh an chúlú?:D


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,480 Mod ✭✭✭✭dory


    dambarude wrote: »
    Bhfuil tú ar saoire in áit éigin iargúlta nó an tusa ceann d'iospartaigh an chúlú?:D

    Táim i mo chónaí i gKosovo. Ní íocann mo thiarna talún na billí agus mar sin ní bhíonn leictreachas againn go minic. :rolleyes:


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca


    dory wrote: »
    Táim i mo chónaí i gKosovo. Ní íocann mo thiarna talún na billí agus mar sin ní bhíonn leictreachas againn go minic. :rolleyes:

    An é Frank Fahey do thiarna talún? Tá tithe agus arásáin aige i ngach áit.


Advertisement