Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An seomra suite

  • 30-08-2009 3:21am
    #1
    Registered Users Posts: 656 ✭✭✭


    Ní fhaca mé áit ar bith chun comhrá ginearálta a fháil anseo i Teach na gGealt riamh. Is gá thread mar seo a bheith againn, i mo thuarimse. Má theip ar rudaí mar seo go minic cheana, gabh mo leithscéal, ach is dóigh liom gur rud maith é
    Tagged:


«13456710

Comments

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Maidin mhaith a bhoss! Conas atá cursaí leat?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá siad go maith liom ar aon nós, conas atá tú féin dlofnep?

    Is maith liom an smaoineamh seo!


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Tuirseach ar fad a bhoss! Ag obair faoi lathair, ach níl a lán rud le déanamh agam agus mar sin - cupáin tae i rith an lá is dócha :P

    Cad faoi tú féin?


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Tá ionadh orm nach ndearna mé níos mó botúin sa chéad theachtaireacht. Ba bheag nár thit mé i mo chodladh nuair a bhí mé ag scríobh é aréir.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,914 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    B'iontach an smaoineamh a bhí agat, RC :)

    Conas atá cúrsaí, a dhaoine uaisle?


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Ní fhaca mé áit ar bith chun comhrá ginearálta a fháil anseo i Teach na gGealt riamh. Is gá thread mar seo a bheith againn, i mo thuarimse.

    Is fóram é Teach na nGealt do chomhrá ginearálta (.i. comhrá as Gaeilge nach bhfuil faoin nGaeilge ná faoin ngramadach an t-am go léir)! Ach ní raibh aon snáithe ann do ráiméis chainte go dtí seo. ;)

    Is dóigh go bhfuil a leithéid ag teastáil in áit darb ainm 'Teach na nGealt' :D Go n-éirí leis an snáithe seo!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    dlofnep wrote: »
    Tuirseach ar fad a bhoss! Ag obair faoi lathair, ach níl a lán rud le déanamh agam agus mar sin - cupáin tae i rith an lá is dócha :P

    Cad faoi tú féin?

    Go maith anois caithfidh mé admháil. Tá cúpla seachtain saor agam chun mo scí a ligeann(?) roimh a tosaíonn an ollscoil arís!

    Tá mé ag chur chuid mhaith am amú ar Youtube! :D


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Ah, beidh mé ar ais mé féin go luath! Cad atá tú ag staidéar?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    dlofnep wrote: »
    Ah, beidh mé ar ais mé féin go luath! Cad atá tú ag staidéar?

    Tá mé ag staidéar Mata i Ollscoil Cathrach Baile Átha Cliath, bhuel - Achtúire chun bheith díreach. Agus tusa?


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Tá mé ar tí cúrsa mar sin a thosú in Ollscoil Chorcaí. Ba bhreá liom a bheith i m' achtúire freisin. An mholfá an chúrsa do daoine eile?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá mé ar tí cúrsa mar sin a thosú in Ollscoil Chorcaí. Ba bhreá liom a bheith i m' achtúire freisin. An mholfá an chúrsa do daoine eile?

    Mholfainn gan dabht! is cúrsa dúshlánach é, ach má tá an suim, agus inniúlacht mata agat is cúrsa iontach é. Níl sé ró deacair fiú, tá neart am chun dul amach ar an drabhlás! Níor bhain mé thriall as obair mar achtúire go fóill áfach. Tá súil agam go bhfuil an obair oiriúnach dom!


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Tá áthas orm é sin a chloisteáil! Táim ag tnúth go mór le saol na scoláire:D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá áthas orm é sin a chloisteáil! Táim ag tnúth go mór le saol na scoláire:D

    Smaoinigh mé faoi seo nuair a dúirt tú é sin![NSFW? B'fhéidir..]

    Molaim duit beidh mar bhaill do cumann nó dhó, agus má tá an deis agat téigh ar deireadh seachtaine leo - bíonn an craic is fearr ann!


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Cliste wrote: »
    Tá mé ag staidéar Mata i Ollscoil Cathrach Baile Átha Cliath, bhuel - Achtúire chun bheith díreach. Agus tusa?

    Ohhh ceann mhaith atá agat mar sin.. Mé féin - ilmheánacha san Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Ag tosú ceathrú bliain anois. :D nó.. :( b'fhéidir lol..


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,914 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Agus mise chun tosú sa tríú bhlian i Mary I an tseachtain seo chugainn. Nílim ag tnúth go mór le chleachtadh mhúinteorachta :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    An bhfuil aon duine san fíor saol anseo!? :P

    Tá tú beagnach críochnaithe dlofnep! An bhfuil fios agat cén post atá tú ag iarraidh nuair a críochnaíonn tú?

    Ahh bhí mise ag súil amach le cailín ó Mary I uair amháin:), caithfidh mé rá - nach bhfuil an ollscoil níos fearr ná an meánscoil!?:D


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Níl a fhios agam fós - Ba mhaith liom cúrsa eile a dhéanamh tar éis sin.. Ard diploma i Léiriú Teilifíse (http://www.nemeton.ie/_docs/brochure.pdf)

    Braitheann sé is dócha...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    dlofnep wrote: »
    Níl a fhios agam fós - Ba mhaith liom cúrsa eile a dhéanamh tar éis sin.. Ard diploma i Léiriú Teilifíse (http://www.nemeton.ie/_docs/brochure.pdf)

    Braitheann sé is dócha...

    Beidh tú ag obair ar aimsir TG4 is dócha :P


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    LOL - B'fhéidir!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá sé imithe ciúin anseo....

    AN BHFUIL AON DUINE ANSEO? ANseo Anseo anseo....


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    dlofnep anseo. an bhfuil tú ag tógáil an rolla? :p


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    dlofnep wrote: »
    dlofnep anseo. an bhfuil tú ag tógáil an rolla? :p

    Tá mé ag lorg rud éigin suimiúil, so tá mé anseo... bhíodh sé rolla gearr


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    cinnte!

    cad atá tú ag déanamh anocht ar aon nós?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    dlofnep wrote: »
    cinnte!

    cad atá tú ag déanamh anocht ar aon nós?

    Faoi láthair ag féachaint ar Tubridy vs Cowen!

    Tusa?


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Clár céanna :)

    Tá Tubridy ró-tapa le a cheisteanna, nach bhfuil..?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    dlofnep wrote: »
    Clár céanna :)

    Tá Tubridy ró-tapa le a cheisteanna, nach bhfuil..?

    píosa - beidh Cowen ar ais suas i meon an phobal má déanann sé é sin go minic....

    Ar aon nós tá mise chun breathnú ar scannán anois (Leon), bhí an Corr sin uafásach..


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Ohhh Leon, scannán maith é sin.

    Agus sea, aontaím leat - Sharon Corr = Cac.


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Tá mé anseo freisin, tar éis scannán a fheiceáil sa phictiúrlann. "District 9" ab ainm dó. Bhí sé go hiontach, dar liom


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Oh, chuala mé faoi sin.. An bhfuil sé amach san phictiúrlann anois? Fuair sé 8.8 ar IMDB... Scannán mhaith gan dabht..


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Tá sé amach i nDún Garbhán ar aon nós. Níor chuala mé faic faoin scannán sula bhfaca(?) mé é anocht. Bhí ionadh mór orm nuair a thug mé faoi dheara go raibh mé ag féachaint ar ficsean eolaíochta.

    Thabharfainn timpeall 7/10 nó 8/10 dó. Bhaineas an- taitneamh as


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    An bhfuil tú as Dún Garbhán? Ceapaim go bhfuil ciorcal comhrá ansin..


  • Registered Users Posts: 24 mrtayto


    Dia dhaiobh!!!

    An bhfuil cead agam isteach??:) Táim ag féachaint ar an teilifís anois (tá Devil's Advocate ar siúl), ach chonaic mé an scannán seo ro-mhinic....An bhfuil fhois ag éinne an bhfuil aon ciorcal comhrá ar súil i Sligeach?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá fáilte chuig chách (má tá gaeilge acu)! :D

    Níl fios agam faoi ciorcalaí comhrá - nach bhfuil ceann san leabharlann áitiúil?


    Scéal aisteach agam, bhíos ag siúl tríd BÁC inniu, agus tá neart daoine ag siúl timpeall i geansaí Tiobraid Árainn, agus Cill Ceannaigh. Bhí fear ag siúl píosa ar clé orm le geansaí sacair Éireannach air. Chonaic sé geansaí Cill Ceannaigh agus téann an comhrá mar seo (as Béarla gan dabht):
    Fear - "Oi Charlie, It's the stickfighting final today.. fvcking GAA vvankers"
    Mise (ag butáil isteach) - "What kinda Irishman are you!?"
    Fear - "Soccer's far better than that stickfighting stuff"
    Mise - "Sure it's a foreign sport!"
    Fear - "The GAA - Bigots and Peado's"

    Ansin bhí muid ag dul bealach éagsúil (buíochas le Dia!). Níl fios agam cad ba ceart dom smaoineamh faoin eachtra!


  • Closed Accounts Posts: 103 ✭✭dunnomede?


    conas atá cursaí?
    bhíos i AH ag léamh an thread faoin gaeilge ag dul in gleich(?) so duirt liom féin is caitfidh mé tar anseo agus comhrá a fhaill. conas atá gach duinne? bhíos amach ag seisiún an-craic ar fad agus anois táim chun dúl i gcoladh is caithfidh mé eirithe i gcúpla uaire.
    Slán go foill

    brón orm muna bhfuil an teachtaireacht seo i gceart le gramadach is araille ach nílim an gaeilge a usáid go minic


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Cliste wrote: »
    Fear - "The GAA - Bigots and Peado's"

    Casadh an chorcáin leis an gciteal.
    :rolleyes:


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    dunnomede? wrote: »
    conas atá cursaí?
    bhíos i AH ag léamh an thread faoin gaeilge ag dul in gleich(?) so duirt liom féin is caitfidh mé tar anseo agus comhrá a fhaill. conas atá gach duinne? bhíos amach ag seisiún an-craic ar fad agus anois táim chun dúl i gcoladh is caithfidh mé eirithe i gcúpla uaire.
    Slán go foill

    brón orm muna bhfuil an teachtaireacht seo i gceart le gramadach is araille ach nílim an gaeilge a usáid go minic

    Dia duit, tá súil agam go dtagann tú ar ais anseo chun leanúint ag caint linn :p
    Múinteoir wrote: »

    Tá mise níos measa mar freagair mé - ach ní múineann cluichí gaelach conas an leiceann eile a ofráil! :pac:


  • Closed Accounts Posts: 103 ✭✭dunnomede?


    aon scéalta tar éis an deireadh seactain?

    níl móran scéal agam (ar meisce oiche haoine) agus gan ól oiche sathairn de bharr caitheas mo airgid on oiche roimhe sin

    ach bhaineas taineamh as ar aon nós


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    dunnomede? wrote: »
    aon scéalta tar éis an deireadh seactain?

    níl móran scéal agam (ar meisce oiche haoine) agus gan ól oiche sathairn de bharr caitheas mo airgid on oiche roimhe sin

    ach bhaineas taineamh as ar aon nós

    Bhí mé ag snámh sa loch áitiúil - ní raibh mé ag súil go mbeidh deis le sin a dhéanamh arís i mbliana - bhí an uisce go hálainn


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,914 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Inné, chaith mé an lá i gCill Dalua le triúir de mo chairde. Sin mo chéad turas ann riamh, agus bhaineas fíor taitneamh as an lá ag an loch :)


  • Closed Accounts Posts: 103 ✭✭dunnomede?


    An File wrote: »
    Inné, chaith mé an lá i gCill Dalua le triúir de mo chairde. Sin mo chéad turas ann riamh, agus bhaineas fíor taitneamh as an lá ag an loch :)

    Bhíos ar taobh tiobraidáran an bliain seo caite i gcoir féasta breithlá mo chara bhí an-craic ann. Is áit daithúil é tá mo mháthair ón gClár so bhíos ann cúpla uair nuair a bhí mé níos oige is freisin. An raibh tu ag iascaireacht?


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,914 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    dunnomede? wrote: »
    Bhíos ar taobh tiobraidáran an bliain seo caite i gcoir féasta breithlá mo chara bhí an-craic ann. Is áit daithúil é tá mo mháthair ón gClár so bhíos ann cúpla uair nuair a bhí mé níos oige is freisin. An raibh tu ag iascaireacht?

    Ní rabhas ag iascaireacht ar an Domhnach, nó riamh fiú! Caithfidh mé triail a bhaint as, am éigin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá sé fíor ciúin anseo ar feadh cúpla lá - aon craic ag éinne? Cad a ceap sibh faoin peil - am chun deireadh a chur leis an cúl-doras, sin dhá Craobh Éireann nach mbeadh ag Ciarraí sna trí blianta díreach imithe?


  • Closed Accounts Posts: 103 ✭✭dunnomede?


    Ya tá sé an-ciún. Bhíos ag feachaint ar an chéad leathain agus cúpla noiméad an tarna ach thug mé suas tar éis a cuigiú buaileadh ar fóraoil (ba choir dom é a lorg as an fócloir). Ní doigh liom go mbiodh sé i gceart má bhuaigh corcaigh de bharr na seains scaoilte. Ach chun a bheith macánta níl móran eolas nó fíos agam faoi peil gaelach chun tuairim mhaith a bheith agam faoin cúl doras nó mar sin.
    An raibh tú i gcroker?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Bhíos - Is as Áth Cliath mé, ach tá ticéidí ag mo athair chuig páirc an chrócaigh - nílim chun seans cluiche mór a feiceáil a chur amú! Bhí Ciarraí an foireann is fearr ar an páirc, bhí an réiteoir an 'foireann' is measa amach an sin freisin.

    Obraíonn an craobh mar seo:
    - Imrítear 'knock-out' an craobh ar fad
    - Ach suas chuig chluiche ceannas an cúige, tá dara seans ag chuile foireann
    - Má caileann tú, chuirtear i craobh 'cúl doras' atá déanta suas do gach cúige
    - Roghnaítear 8 foireann ón craobh 'cúl-doras', agus imríonn siad an craobh Éireannach le na 8 foireann a raibh in iomaíocht do na chluichí ceannas cúige, agus an ochtar eile

    Brón orm faoin Béarla - níl ach boards.ie ag obair domsa anseo (ní thuigim ach an oiread) - tá an idirlíon ag chur isteach go mór orm!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 514 ✭✭✭lasair


    Dia dhaoibh..........is múinteoir Gaeilge/Ceimic/Mata agus Bitheolas mé, lonnaith i gContae na Gaillimhe...tagaim isteach anseo ó am go ham...


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Fáilte :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    lasair wrote: »
    Dia dhaoibh..........is múinteoir Gaeilge/Ceimic/Mata agus Bitheolas mé, lonnaith i gContae na Gaillimhe...tagaim isteach anseo ó am go ham...

    Tá sé an ciúin le deanaí - conas atá tú?


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Tá mé tinn:(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá mé tinn:(

    Tá súil agam go bhfuil sé an 'man flu' in ionad an flu muc!:pac:


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Bhí slaghdán olc orm i rith na seachtaine, ach ceapaim gur tháinig feabhas orm le déanaí. Theip orm taitneamh iomlán a bhaint as "seachtain na freshers" ag an am céanna áfach, ar an drochuair.

    Táim tar éis teacht abhaile inniú. Anois is féidir liom bia maith saor a ithe agus dul i mo chodladh i rith na hoíche go léir, gan torainn na sluaite meisciúil ag béiceadh.


  • Advertisement
Advertisement