Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
13468916

Comments

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Ó a thiarachas/ mo Dhia/ th'anam an diucs/ feck!!!:(

    Táim beagnach cinnte go dteipfidh orm i roinnt de mo scrúdaithe i mí Bealtaine. Bhíos ag staidéar an t-am ar fad an tseachtain seo chaite, in ainneoin an aimsir iontach, agus ar ndóigh bhíos ag déanamh mo dhícheall roimhe sin, ach fós ní thuigim faic faoi na hábhair sin. Níl ach cúpla seachtaine fághta agam chun feabhas dochreite a dhéanamh.

    Ar aghaidh linn, mar sin...


  • Closed Accounts Posts: 2,347 ✭✭✭Closed ac


    Tá sé an-ciuin anseo anois.. cá bhfuil gach duine? :(


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    DKZ wrote: »
    Tá sé an-ciuin anseo anois.. cá bhfuil gach duine? :(

    Bhí cóisir oll-mhór ag Gaeilgeoirí na hÉireann aréir, ach ní raibh cuaire agat... :pac:


    Bíonn sé ciúin san seomra suite anois is arís is oth liom a rá :(


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Oh tá daoine ar ais arís anseo. Buíochas mór le Dia. Ní bheidh mé thart le fada, mar ba cheart go mbéinn ag staidéar anois. Tá 6 scrúdaithe fós le déanamh agam, agus tá roinnt de mo cháirde críochnaithe don samhraidh.

    Anois. Ní mór dom níos mó ailgéabar líneach a dhéanamh roimh an scrúdú. Tá súil agam go mbeidh níos mó gníomhaíocht anseo as seo amach.:D


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Conas atá ag éirí leat san cúrsa achtúire a Risteard?

    Tá mise ar taithí oibre, so níl aon staidéar le déanamh agam san oíche nó san deireadh seachtaine :P


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Táim ag baint an-taitneamh as, caithfidh mé a rá. Cheap mé go raibh an bliain an-deachair ar fad ach bhí sé suimiúil agus bhaineas taitneamh as. Roghnóinn an chúrsa arís gan amhras dá mbéinn sa séú bhliain arís.

    Táim i lár na scrúdaithe anois. Is dóigh liom (agus tá súil agam) gur éirigh ceart go leor liom sna scrúdaithe a rinne me cheana. Tá roinnt ábhair olc fós le déanamh agam. Táim dóchasach go mbeidh mé in ann marcanna maithe a bhaint astu áfach.

    Cé go mbíonn scrúdaithe go holc nílim ag tnúth go mór le tús an samhraidh. Braithfidh mé uaim an ollscoil!


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    ... agus anois, táim abhaile arís:D


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Conas atá Domhain an líomóid anois!? ;)


    Maith chun cloisteáil go bhfuil tú ag baint sult as an cúrsa, agus tá súil agam gur n-éirí go breá leat :D


  • Banned (with Prison Access) Posts: 31,117 ✭✭✭✭snubbleste


    Bhíos istigh i siopa Lidl níos tuisce is bhí ceann de na billeog ag margaíocht earraí a bheadeas le fáil ar phraghas speisealta ar fud an tsamhradh. Bhí sé i ngaeilge amháin.
    Ceapaim go bhfuil an billeog seo le fáil amháin i siopaí san nó gar den ghaeltacht. Níor bhfaca mé tada mar sin ariamh i Dunnes nó Tesco.

    Fair plé Lidl.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Dáiríre!?

    Ní creidim é! :D


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Fuair mé torthaí na scrúdaithe inniú, cé gur cheart nach bhfaighimís iad go dtí amárach (FRC).

    Bhí cuma mar seo - :eek: orm nuair a chonaic mé iad.
    D'éirigh go maith liom i ngach ceann dóibh! Bhíos cinnte gur theip orm i gcúpla do na scrudaithe, ach ní raibh an ceart agam! Tá mé an-sásta leo.

    Tá mé ar mhuin na muice anois:cool:


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Fáilte chuig an Ollscoil (Níl sé ró deacair!)

    Ach Shhhhshhhhhhhshhhhhh ceapainn daoine go bhfuilimid (na achtúire) cliste nó rud éigin ;)


  • Registered Users Posts: 73 ✭✭imbroglio


    Hi a chairde,

    An bhfuil MA sa Ghaeilge déanta ag éinne anseo? Tá agallamh iontrála agam don chúrsa MA sa Nua-Ghaeilge i UCC an tseachtain seo agus nílim cinnte cad a tharlóidh! :confused:


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    snubbleste wrote: »
    Bhíos istigh i siopa Lidl níos tuisce is bhí ceann de na billeog ag margaíocht earraí a bheadeas le fáil ar phraghas speisealta ar fud an tsamhradh. Bhí sé i ngaeilge amháin.
    Ceapaim go bhfuil an billeog seo le fáil amháin i siopaí san nó gar den ghaeltacht. Níor bhfaca mé tada mar sin ariamh i Dunnes nó Tesco.

    Fair plé Lidl.

    Chonac san sa Daingean i gCorca Dhuibhne, leis. Féar plé do Lidil gan amhras.


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    An bhfaca éinne an alt (Béarla) seo faoi difríochtaí idir Gaeilge cathrach agus Gaeilge na nGaeltachtaí? Chonaic mé é den chéad uair ar maidin, san fhóram pholaitiúil.

    Bhí sé an-shuimiúil. Is dóigh liom go bhfuil cainteoirí dúchais anseo, le i bhfad níos mó Ghaeilge (agus eolas faoin teanga) ná mise. Ba bhreá liom bhúr dtuairimí faoi seo a léamh. Ar mo pháirt, ceapaim gur seans maith go mbeidh an lámh in uachtar ag an saghas Gaeilge "nua" sa todhchaí. Ní féidir liom a rá go gceapaim gur maith an rud é sin, áfach.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    B'fhearr liom Gaeilge Briste ná Béarla cliste mar a deirféar, ach is fadhb é an deacrachtaí cumarsáide atá idir Gaeilgeoirí.

    Ní amháin go bhfuil an iomarca canúint ceart, tá daoine le Gaeilge nádúrtha, agus an chuid is mó dúinn ná Gaeilgeoirí le 'Gaeilge Leabhair' (Book Irish!?), nó Gaeilge Cathrach.

    An fadhb ná nach úsáidtear Gaeilge neart. Tá grúpaí beag timpeall an tír ag labhairt Gaeilge leo féin, níl siad ag meascú le na Gaeilgeoirí eile san tír. Dá mbeadh Gaeilge le cloisteáil ar shráid mBaile Átha Cliath beidh cluas ag na Gaeilgeoirí Nádúrtha don Gaeilge Cathrach, mar tugann siad cúirt ar an Cathair.

    Úsáid í, teanga agus mairfidh sí! :)


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Ar mo pháirt, ceapaim gur seans maith go mbeidh an lámh in uachtar ag an saghas Gaeilge "nua" sa todhchaí.

    Ní cainteoir dúchasach mise, ach faoi mar a deir scríbhneoir an ailt sin, cuireann sé isteach orm nuair a chloisim daoine ag labhairt Gaeilge gan bhlas ar bith acu. Déanaim féin mo dhícheall chun foghraíocht mhaith a bheith agam agus mé ag labhairt.

    Ceapaim féin gur Gaeilge leisciúíl seachas Gaeilge 'nua' atá ann. Ní thuigim cén fáth go ndeir an teangeolaí sin gur canúint atá ann. 'Sé an rud atá ann ná botúin ghramadaí dar liomsa!

    É sin ráite tá seans maith ann go nglaofar canúint ar an sort Gaeilge seo ag am éigin má mhaireann sé.


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    De ghnáth d'aontóinn leat, dambarude. Bhíos ag obair sa Ghaeltacht le déanaí áfach, le neart cainteoirí dhúchais (mise an t-aon duine amháin ann le "Gaeilge scoile," mar a déarfá). Thosaigh mé ag ceapadh tar éis tamaill nach raibh mé in ann an foghraíocht céanna a úsáid, agus gach urú agus séimhiú a chur isteach i mo chuid chaint agus gach rud eile. Rinne mé tréan-iarracht, cinnte, agus ar ndóigh bhíodar sásta le chaighdeán mo chuid Ghaeilge, ach fós bhí easpa ann.

    Tuigim cad a bhí le rá agat faoi Ghaeilge leisciúil, ach anois ní dóigh liom go mbeidh mé in ann mórán a athrú. Cuireann sé sin isteach orm mar ba bhreá liom Gaeilge labhartha níos fearr a bheith agam, ach sin mar atá cúrsaí liom. Tá sé ar intinn agam leanúit ar aghaidh Gaeilge a úsáid comh fhada 's is féidir liom, agus mar sin b'fhéidir go mbeidh mé ag tabhairt tacaíocht don saghas Ghaeilge sin (cé nár mhaith liom é sin a dhéanamh!). I ndeireadh na ndála ceapaim go mhairfidh é, mar ní dóigh liom go bhfuilim i m'aonar leis an bhfadhb seo.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Rinne mé tréan-iarracht,

    Sin an rud is tábhachtaí. Níl mé ag rá go bhfuil fuaimniú foirfe agam, mar níl, agus is dócha nach mbeidh go deo. 'Sé an rud a chuireann isteach orm ná daoine nach ndéanann iarracht ar bith focail a fhuaimniú i gceart. Daoine a fhuaimíonn mar 'taw may egg dull guh dee on Gwwaletockt' agus nach ndéanann iarracht ar bith aon shéimhiú nó urú a fhuaimniú.


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Ba cheart do dhaoine aidhm a ndícheall a dhéanamh nuair atá siad ag baint triail as Ghaeilge a labhairt


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Agus anois, rud éigin difriúil ar fad...
    john-cleese.jpg

    Táim ar mo laethanta saoire le mo chlann i gcathair na Gaillimhe faoi láthair, agus ceapaim go mbéimid ag tabhairt cuairt ar cheann de na hOileáin Árann i rith na seachtaine. An chuid den fíor-Ghaeltacht iadsan fós, nó an cheart go mbeadh ionadh ar bith orm má chloisim Béarla amháin ann? Beidh mo thuismitheoirí ag dul ann chun na radharcanna a fheiceáil agus gnáththurasóireacht mar sin a dhéanamh, ach tá mé ag tnúth leis an teanga a úsáid :o. Ba bhrea liom an Ghaeilge a labhairt arís, seachas í a scríobh agus a léamh amháin.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    An mbeidh tú ag dul go hInis Mór, Meáin nó Oírr?

    Chaith mé féin trí sheachtaine ar Inis Meáin. Labhraíonn chuile dhuine Gaeilge ar an oileán sin, an t-am ar fad. Is dócha go bhféadfaí 'fíorghaeltacht' a ghlaoch air. Chaith mé lá amháin ar Inis Mór agus Inis Oírr. Níor chuala mé aon Ghaeilge á labhairt ar Inis Mór, bhí sé plódaithe le turasóirí. Ní dhearna mé mórán cainte le daoine aitiúla ar Inis Oírr, agus ní fhéadfainn rá an labhraítear Gaeilge ann mar gheall air sin (ach is dóigh liom go labhraítear).

    Beidh muintir na n-oileán ag súil le Béarla uait, agus seans nach labhrófar mórán Gaeilge leat dá bharr.


  • Registered Users Posts: 73 ✭✭imbroglio


    Táim gnóthach faoi láthair mar táim ag eagrú an chéad cruinniú do Chiorcal Comhrá Chluain Meala! Thug daoine ón bhfóram seo cabhair den scoth agam nuair a thosaigh mé amach agus tá bród orm anois go bhfuil ár gcéad cruinniú beagnach buailte linn anois!

    (Ar ndóigh, tá fáilte roimh gach duine anseo! 28ú lá de Lúnasa @ 7i.n i gCaife Common Thread ar Shráid Pharnell i gCluain Meala! :)) Seol teachtaireacht chugam má tá eolas sa bhreis uaibh!


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Go n-éirí leat leis sin imbroglio. Tá cónaí orm i bhfad ó Chluain Meala so ní bheidh ag dul chuig do chiorcal comhrá róluath!

    Má tá Richard Cranium ag léamh, an bhféadfadh sé rá linn conas ar éirigh leis ar na hOileáin Aránn? Beidh mé ag dul go hInis Mór an deireadh seachtaine seo, agus b'aoibhinn liom fáil amach faoi aon rud suimiúil atá ann nach mbaineann le Dún Aonghasa (tá sé sin feichthe agam cheana).


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Anseo, a mhúinteoir!

    D'éirigh go maith liom ar Inis Mór an tseachtain seo chaite. Ní dhearna mé aon rud as an ngnáth, áfach, ach bhaineas an-taitneamh as mo chéad cuairt go dtí an t-oileáin. Fuair mé agus mo dheartháir dhá rothar ar cíos agus do rothaíomar go nDún Aengus, agus ansin chuamar ar thuras gearr eile timpeall an t-oileáin. Is áit álainn é, gan amhras! Ba thurasóir leadránach gnáth mé, is oth liom a rá :pac:

    Chuaigh mo thuismitheoirí ar cheann de na jaunting cars timpeall lár an t-oileáin. Bhíos ag ceapadh go raibh na tiománaithe (marcach?) ag roinnt eolas faoin áit agus iad ag bogadh timpeall, ach nílim cinnte. Ní raibh Dún Aengus i gceist leo ar aon nós. Ní féidir liom aon rud difriúil a mholadh, ar an drochuair.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Anseo, a mhúinteoir!

    Bhuel beidh mé i mo mhúinteoir sula i bhfad!

    Grma as sin, táim ag súil go mór le mo thuras ann. Ach beidh sé go holc má tá sé ag cur báistí ag an deireadh seachtaine, bhí se ag cur báistí an uair dheirineach a bhí mé ann agus bhí sé sort gruamach mar gheall air sin. Grma arís.


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Tá sé sin fíor, dheineas dearmad faoin aimsir. Bhí an t-ádh liom mar bhí an grian ag taitneamh an lá ar fad, agus bhí sé beagnach ró-the freisin. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an dturas ar aon nós.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Bhuel is cosúil go mbeidh an aimsir go maith an deireadh seachtaine seo, búiochas mór le Dia!


  • Closed Accounts Posts: 101 ✭✭awesom_o


    Bhí an aimsir lofa inniu!
    Bhí mé ag siopadoireacht inniu, thosaigh sé ag stealladh báistí.
    Is oth liom a rá go raibh mé á gcaitheamh t-léine bán.. agus bra bándearg.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    D'fhéadfadh sé níos measa, D'fhéadfá gan chíochbheart le caitheamh inniu.
    Bhí an t-adh ort


Advertisement