Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
1679111216

Comments

  • Registered Users Posts: 2,152 ✭✭✭Cakes.

    D'fhéach mé "Ó Tholg go tholg" inné agus shíl mé go raibh sé ar fheabhas. Ní fhaca mé Seacht ach chonaic mé cúpla noiméad den deireadh clár.

    Is maith liom Corp agus Anam freisin.

  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo

    D'fhéach mé "Ó Tholg go tholg" inné agus shíl mé go raibh sé ar fheabhas. Ní fhaca mé Seacht ach chonaic mé cúpla noiméad den deireadh clár.

    Is maith liom Corp agus Anam freisin.

    Ya, Is maith liom Ó Tholg go Tolg, Ba maith liom t-leinte as a chlar.:D

  • Registered Users Posts: 2,152 ✭✭✭Cakes.

    Ya, Ba mhaith liom t-leinte freisin. Tá na láithreoir go hiontach.

  • Registered Users Posts: 5,153 ✭✭✭jimbobaloobob

    Gach duine ina choladh? An áim gur raibh Gaeilge a scríofa agam

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    I mo dhúiseacht anois, ar éigean

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 121 ✭✭Caireann

    Ya, Is maith liom Ó Tholg go Tolg, Ba maith liom t-leinte as a chlar.:D

    Cad is ábhar dó ó tholg go tolg?

  • Registered Users Posts: 2,152 ✭✭✭Cakes.

    Téann beirt chailíni timpeall an domhan (? nó Eorap, Níl fhios agam) agus fannan siad le daoine difriúla agus ní úsaideann siad Óstan. Taispeanann na daoine na cailíni timpeall an baile nó an áit agus iniseann siad faoin áit.

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Caireann wrote: »
    Cad is ábhar dó ó tholg go tolg?
    Chaith mé google a úsáid chun an brí atá leis an bhfocal tolg a fháil. "An couch" a thug mé air i gcónaí.:)

  • Registered Users Posts: 121 ✭✭Caireann

    Tá cuma mhaith ar sin. Caithfidh mé a feiceail! Cathain a bheidh sé ar siúl?

  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader

    Caireann wrote: »
    Tá cuma mhaith ar sin. Caithfidh mé a feiceail! Cathain a bheidh sé ar siúl?

    Breathnaigh air ar TG4 Beo
    http://beo.tg4.ie/main.aspx?level=Siamsaiocht

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 121 ✭✭Caireann

    Ceapaim go d'feallfaidh mé mo hardtest gaeilge. :(

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Is breá liom do shíniú nua, a dheise go deo. :)

    6815254.jpg?167

  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo

    Gael wrote: »
    Is breá liom do shíniú nua, a dheise go deo. :)

    6815254.jpg?167

    GRMA, Bhí sé easca go leor a chuir le cheile.

  • Registered Users Posts: 2,152 ✭✭✭Cakes.

    Shíl mé go raibh an fís seo greanmhar.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    An bhfuil suim ag éinne anseo i bpeil na hÉireann - an foireann náisiúnta nó Sraith na hÉireann? Is Corcach mé agus tacaíom Cathair Chorcaí dá bharr. Táimid sa dara rannán anois, ach tá súil agam go n-ardóimid go dtí an Príomh Rannán i gcomhair an séasúir seo chugainn. An dtacaíonn éinne eile foireann peile sa tír seo?

    Ní fada ó shin a chraolaíodh TG4 a lán cluichí. Is cumhinn i 2005 go háirithe, nuair a bhuaigh Cathair Chorcaí an Príomh Rannán, bhí roinnt mhaith do na cluichí i gCrois an Tornóra á chraolú. Anois, ní dóigh liom go dtaispeánann TG4 a lán cluichí na hÉireann. Is dóigh liom gur an Ghaillimh Aontaithe i gcoinne na Ruagairí Seamróige an t-aon ceann an séasúr seo.

  • Registered Users Posts: 295 ✭✭montreal2011

    Tugann mé tacaíocht do Ghaillimh Aontaithe. Níl siad ag déanamh go maith ach ní dhéanann riamh. Bíonn siad i gconaí ag troid chun fanacht sa bpríomh roinn. Ceapaim go raibh sé níos fearr ag breathnú orthu nuair a bhí siad ar bharr an chéad roinn ná ar bun an bpríomh roinn!

    Níl rudaí go maith sa bpeil i nÉireann agus beidh sé mar sin. Tá sé níos fearr do imreoir a bheidh sna roinn iséal i Sasana na sa bpríomh roinn i nÉireann.

    Bheadh sé go deas dá mbeadh dresachtaí chun na imreoirí óga a choinnéal níos faide. Bhféidir dreasactaí cáin, scoláireachtaí nó an rud is fearr ná margadh le na clubanna i Sasana agus Albain go mbeadh cead ag na imreoirí óga imirt i nÉireann sa samhraidh.

    Caithfear rudaí mar sin a dhéanamh nó beidh deacrachtaí airgead ag clubanna i nÉireann i gconaí. Ní bheadh iontas orm dá mbeadh níos mó daoine ag dul go dtí Sasana agus Albain chuile deireadh seachtiane agus ag ioc ná céadta Euro ná atá ag dul go dtí na cluiche sa mbaile an deireadh seachtaine céanna.

    Tá an CLG ann freisin sa samhraidh ach ceapaim nach dtógach sé ach imreoir nó dhó ar chuile fhoireann atá ina réalt, nó ar a bhealach, chun níos mó daoine a fháíl isteach sna geataí. Mar shampla, imreoir óg atá taréís dul go Sasana, nár raibh ag imirt go leor cluichí sa chéad fhoireann an chéád bliain, nó imreoir bhí gortaí agus a theastaíonn cluichí uaidh, a theacht ar ais chiug a club i nÉireann len samhraidh.

    Le scéim mar sin is dóigh go mbeadh ar na clubanna bualadh a thógáil ar an táille aistrithe ach dá mbeadh níos mó ag dul isteach sna geataí sa samhradh, bfhéidir go fiú é. Freisin bheadh rudaí ar nós pá le n'oibriú 'mach ach ceapaim go mbeadh uaireanta ann a mbeadh scéim mar seo inann oibriú amach don dá fhoireann, an imreoir agus ansin na leantoirí!

  • Registered Users Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    obama.gif

  • Registered Users Posts: 226 ✭✭alexjk

    Nach bhfuil mé ag labhairt na Gaeilge ó an Ardteist ach tá suim agam a fhoghlaim sé arís. Cheapaim go rinne me cupla botúin, ach beidh mé níos fearr a fháil!

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Níl ort ach cleachta a dhéanamh, agus tiocfaidh an Ghaeilge ar ais chugat. Lean ort ag post-áil* anseo!

    *Fágáil teachtaireachtaí? Scríobh? Cén briathar!?

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ahem... "Bumpáil"

    :D Tá sé imithe ró chiúin anseo, an bhfuil aon craic ag aon duine?

    Tá mise ag caitheamh mo seachtain deireanach an samhradh anois sular tosaíonn mé post nua! An bhfuil aon smaointí ag aon duine cad is féidir liom a déanamh chun am a chur amú? :)

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,859 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Cliste wrote: »

    Maith thú, Cliste! Ní bhíonn an áit seo chomh gnóthach is go mbeadh ceart di.

    Cén pháirt sa tír ina bhfuil tú?

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Táim san Úl Mór (Átha Cliath)

    Feicim go bhfuil tú an gnóthach ar an Fóram nua, agus tá ag éirí go maith leis - maith thú, molaim do chuid obair :)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,859 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Cliste wrote: »
    Táim san Úl Mór (Átha Cliath)

    Feicim go bhfuil tú an gnóthach ar an Fóram nua, agus tá ag éirí go maith leis - maith thú, molaim do chuid obair :)

    Go raibh maith agat! :) Chonaic mé do chéad phost ansin cúpla nóiméad ó shin. B'fhearr liom go mbeadh an fóram seo níos gnóthaí freisin. B'fhéidir go bhfuil "Sig-feachtas" de dhíth orainn!

    Ceapaim cur caitheamh aimsire den scoth is ea an fótograifíocht. Nó an bhfuil rud níos beomhaire ag teastáil uait?

  • Registered Users Posts: 5,824 ✭✭✭fat bloke

    Hmmm, tá sé deacair a rá conas a thabharfá cic-sa-tóin d'fhóram den saghas seo. Cad a dhéanfá le fóram "béarla"? Níl aon baint againn lena chéile seachas an teanga, agus ní féidir linn caint faoin nGaeilge an lá ar fad, teastaíonn uainn ár gcuid Gaeilge a úsáid chun bheith ag caint faoi ábhair eile, ach cad iad na hábhair siúd?? :)

    Táim ar boards, bím ar an bhfóram rothaíochta go minic, mar go bhfuil suim agam i gcúrsaí rothaíochta, ní mar go bhfuil suim agam i mBéarla! Ach níl dóthain daoine anseo chun na hábhair go léir a roghnú suas mar is gnách.

    So....

    An bhfuil rothar ag éinne eile anseo?? :pac:

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Tá sé fíor go bhfuil i bhfad níos lú daoine a bhéas ag iarraidh rudaí a phlé i ngaeilge. Éiríonn sé leadránach a bheith ag plé cúrsaí teanga an t-am ar fad. D'fhéadfá iarracht a dhéanamh tabhairt faoi ábhair eile a phlé agus má tá suim ag daoine ann, b'fhéidir go bhfaighfeadh tú roinnt freagraí.

    Tá an pobal gaeilge an-bheag i gcomparáid leis an chuid eile den phobal.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,859 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Thug mé faoi deara ar fhóram eile go spreagann altanna ó shuíomhanna nuachta daoine chun cainte.

    Más maith libh scéal a phlé ó Ghaelport, Foinse, Nuacht24, Gaelscéal, 7rl, cuir suas anseo é.

  • Registered Users Posts: 5,824 ✭✭✭fat bloke

    Más maith libh scéal a phlé ó Ghaelport, Foinse, Nuacht24, Gaelscéal, 7rl, cuir suas anseo é.

    Ó tá sé sin go híontach go bhfuil Foinse ar fáil ar líne anois! Bhí siad ag caint faoi ag tús na bliana, agus bhíos ag tsnúth leis ach ansin dearmad mé faoi.

    Go raibh míle. :)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,859 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    fat bloke wrote: »
    Ó tá sé sin go híontach go bhfuil Foinse ar fáil ar líne anois! Bhí siad ag caint faoi ag tús na bliana, agus bhíos ag tsnúth leis ach ansin dearmad mé faoi.

    Go raibh míle. :)

    Tá fáilte romhat. :) Is maith an rud é go bhfuil na n-achmhannaí seo ar fáil dúinn, go háirithe leis an gcúlú domhanda fós ar siúl.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ceapaim cur caitheamh aimsire den scoth is ea an fótograifíocht. Nó an bhfuil rud níos beomhaire ag teastáil uait?

    Déanaim píosa beag grianghrafadóireacht, tá Canon Powershot D10 agam mar déanaim roinnt eachtraí uisce. Ba fearr liom rud níos beomhaire má tá aon smaointí agat! :D
    fat bloke wrote: »
    An bhfuil rothar ag éinne eile anseo?? :pac:

    Tá! Tá dhá rothar agam, úsáidim iad mar bealach comaitéireacht (Bhí orm an focal sin a féachaint suas :P Ciallaíonn sé taisteal chuig obair nó scoil) Ar an ábhar sin bhís ag iarraidh fáil amach cad é an rud is fearr chun úsáid ar an slabhra? Cheapas go raibh ola mar WD40 ceart ach chuala mé go bhfuil rud eile? :)

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 5,824 ✭✭✭fat bloke

    Cliste wrote: »
    Déanaim píosa beag grianghrafadóireacht, tá Canon Powershot D10 agam mar déanaim roinnt eachtraí uisce. Ba fearr liom rud níos beomhaire má tá aon smaointí agat! :D

    Tá! Tá dhá rothar agam, úsáidim iad mar bealach comaitéireacht (Bhí orm an focal sin a féachaint suas :P Ciallaíonn sé taisteal chuig obair nó scoil) Ar an ábhar sin bhís ag iarraidh fáil amach cad é an rud is fearr chun úsáid ar an slabhra? Cheapas go raibh ola mar WD40 ceart ach chuala mé go bhfuil rud eile? :)

    Cuir suas cúpla sampla do do chuid griangrafadóireachta agus taispeán dúinn iad. D'fhéadfaimís iad a phlé :)

    Maidir le do rothar. - An príomh rud ná go gcaithfidh an slabhra bheith glan sular gcuireann do aon sort ola air. Faigh scuab beag agus degreaser de shaghas éigin agus dóthain elbow grease agus glan an slabhra agus na sprockets go léir. Ba cheart duit é sin a dhéanamh uair sa mhí ar a laghad, agus níos minice má tá tú ag rothaíocht gach lá, agus go háirithe má tá an aimsir go dona agus na bóithre fliuch agus salach.

    Tar éis sin, tá sé cosúil le gruaig do bhean céile - tá na mílte "products" agus rudaí eile sna siopaí, gach uile ceann níos fearr ná an ceann eile, ach i ndáiríre táid go léir mar a gcéanna. Coimeád an slabhra agus na sprockets go léir deas glan agus úsáid WD40, déanfaidh sé an gnó.

    Fair play dhuit as ucht an comaitéireacht rothaíochta. Ar cheannaigh tú rothar ar an bike to work scheme? Cén saghas rothar atá agat? Cén fhaid atá le taisteal agat?

Advertisement