Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
1246716

Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Poll Dubh wrote: »
    Bhí Nollaig iontach agam cé go raibh mé ag obair - bhain mé an-taitneamh ag tiomáint timpeall sa sneachta i mo 4x4.

    Bain mé taitneamh as rith timpeall san sneachta, Déarfainn go raibh tú ag gáire faoi daoine mar seo?!

    snow2_004.jpg

    :D:D

    ... Ach tá orm staidéar anois, frickin scrúdaithe

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »
    Bain mé taitneamh as rith timpeall san sneachta, Déarfainn go raibh tú ag gáire faoi daoine mar seo?!

    Bhí mé sna trithí gáire agus iad spraeáilte le sneachta caite suas ó mo bhoinn agus mé ag déanamh "ha ha" as m'fhuinneog!

    :D:D
    ... Ach tá orm staidéar anois, frickin scrúdaithe

    Scrúdaithe i Mí Eanáir - cén sóirt ginias a tháinig suas leis an smaoineamh iontach sin!

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Poll Dubh wrote: »
    Scrúdaithe i Mí Eanáir - cén sóirt ginias a tháinig suas leis an smaoineamh iontach sin!

    Ginias olc....

    dr-evil-49392.jpg

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An bhfuil éinne eile ag breathnú ar True Blood ar TG4?
    Is sraith iontach é.

    Ceist eile daoibh, cén saghas duine a chuirfeadh meaisín níocháin ar siúl ag 1 a chloig ar maidin?

  • Registered Users Posts: 374 ✭✭Stargazer7

    Nílim ag féachaint ar True Blood ach táim ag tnúth le Nip/Tuck ag teacht ar ais....tá a fhois agam go bhfuil sé seafóideach ach bainim taitneamh as:D

    Agus faoin meaisín naíocháin....níl a fhois agam faoi 1 a chlog ar maidin ach bíonn sé ar súil agamsa pé t-am a déanaim smaoineamh ar!

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Stargazer7 wrote: »

    TUSA... agus do mheaisín níocháin......agus do Nip Tuck.....
    evilmonkey.jpg

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Stollaire wrote: »
    An bhfuil éinne eile ag breathnú ar True Blood ar TG4?
    Is sraith iontach é.

    Ceist eile daoibh, cén saghas duine a chuirfeadh meaisín níocháin ar siúl ag 1 a chloig ar maidin?

    Anocht!? Nach raibh sé Dé Luain? (Cén fáth a athraíonn siad gach rud!?)

    Níos tábhachtach - cén am atá sé á craolú?

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Cliste wrote: »
    Anocht!? Nach raibh sé Dé Luain? (Cén fáth a athraíonn siad gach rud!?)

    Níos tábhachtach - cén am atá sé á craolú?

    Níl aon ní athruithe. Nílim ach ag cur na ceiste, an bhfuil éinne eile ag breathnú air.

    Bíonn sé á chraoladh oíche Luain ag 11.25, sílim.
    Tá an t-am sin beagáinín thar m'am codlata mar sin déanaim taifead de agus breathnaím ar lá éigin le linn na seachtaine.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá boards.ie ar ais :D

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Cá ndeachaigh sibh i rith an múchadh mór?

    Tá méarchlár réasúnta nua agam, ach níl an scríobh ar an cnaipe F5 le feiceáil níos mó tar éis an lá atá caite :D !!!

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Cá ndeachaigh sibh i rith an múchadh mór?

    Tá méarchlár réasúnta nua agam, ach níl an scríobh ar an cnaipe F5 le feiceáil níos mó tar éis an lá atá caite :D !!!

    Chuaigh mé ar siúlóid beag timpeall na hidirlíne (As Gaeilge ar ndóigh!)

    Ní raibh mórán ar súil. Gach 20 nóiméid rinne mé seic ar an leathanach seo :(

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Fuair mé leabhair filíochta Gaeilge ón leabharlann le déanaí. De ghnáth níl suim ar bith agam i bhfilíocht, agus is cinnte nár bhaineas aon taitneamh ón gcúrsa don Airteist, ach caithfidh mé a rá go bhfuil na dánta seo go hiontach. Tuigim anois cé comh láidir is atá friotal agus íomhánna agus meafracha maithe.

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Cé na leabhair a fuair tú?

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Aaaaaam... Filíocht Grá na Gaeilge:o

    Tá meascán iontach istigh ann idir na sean amhráin agus (ceapaim) dánta díreach, agus dánta nua aimseartha ó Gabriel Rosenstock, Nuala Ní Domhnaill agus filí eile mar sin- dánta agus amhráin on bhliain 800 go dtí an lá atá inniú ann. Bhí Ciarán Mac Murchaidh ina eagarthóir.

    Nílim ag déanamh staidéar orthu nó aon rud mar sin, ach tá sé go deas píosa Gaeilge a léamh nach bhfuil roghnaithe do leabhair scoile.

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Nach iontach an leabhar é?! Bhain fadhb den chineál céanna liom féin, sé sin nár chuir mé suim sa litríocht go dtí go raibh mé i m'fhear fásta agus go raibh tuiscint níos leithne agam ar chúrsaí.

    Maidir leis an bhfilíocht, nach trua an rud é nach bhfuil an stádas céanna ag filí sa tsochaí is a bhí tráth? Chloistí filí ag rá a ndánta ar an raidió dá dtarlódh tubaiste nó eachtra mhór agus bheadh tábhacht mhór lena dtuairimí ach ní hamhlaidh atá anois.

    Molaim fáil réidh leis an mír spóirt ar an nuacht agus an Nuacht Filíochta a chur ina háit!!

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Scríobh mé teachtaireacht cúpla laethanta ó shin ach níl sé anseo anois. Aisteach...

    Tá an leabhair sin go hiontach gan amhras, táim ag baint an- taitneamh as. Agus tá sé go deas freisin sos a thógáil as mata ó mhaidin go hoíche.

    Ceapaim go bhfuil áit na file gabhaithe (?) ag amhránaí so la atá inniú ann. Siadsan na daoine a chuireann dánta (de saghas) in aird an phobail anois, roinnt dóibh ar aon nós.

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    An bhfaca aon duine an Super Bowl aréir.

    Bhí an "Half-time Show" iontach. The Who a bhí ann.

    Cacamas ceart a bhí sa gcluiche... Ní féidir breathnú air... fógraí gach dara nóiméad.

    Maireann an imirt 80 nóiméad ach chríochnaigh an cluiche beagnach 3 1/2 uaire tar éis an kickoff...

    /rant críochnaithe

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Rinne mé iarracht dul chuig "Cóisir Superbowl" i dteach tabhairne éigin ach bhí sé plódaithe nuair a shroich me an áit. Ní raibh mé sásta fanacht ag an doras ar feadh leathuair (nó níos faide), is mar sin chuaigh mé abhaile. Tuigim go raibh sé go hiontach istigh ann áfach mar bhí go leoir daltaí Mheirceánaigh ann, ach bhíos ró-mífhoigneach fós.

  • Closed Accounts Posts: 481 ✭✭coldwood92

    dia duit coldwood92 anso
    is maith liom fourm

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    D'fhan mé i gCorcaigh i rith an deireadh seachtaine chun staidéar a dhéanamh. Ba é an comhrá is faide a bhí agam inniu ná nuair a d'íoc mé ar mo lón i siopa éigin. Ní féidir liom caint le éinne- táim i m'aonar i m'árasan agus tá mo chlann agus mo chairde go léir abhaile. Tá sé aisteach ar fad a bheith comh ciúin leis seo.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca

    D'fhan mé i gCorcaigh i rith an deireadh seachtaine chun staidéar a dhéanamh. Ba é an comhrá is faide a bhí agam inniu ná nuair a d'íoc mé ar mo lón i siopa éigin. Ní féidir liom caint le éinne- táim i m'aonar i m'árasan agus tá mo chlann agus mo chairde go léir abhaile. Tá sé aisteach ar fad a bheith comh ciúin leis seo.

    Ar thréig siad Corcaigh nuair a fuair siad amach go mbeidh tusa ann don deireadh seachtaine? An bhfuil siad ag iarraidh thú a sheachaint?

    Tá a lán "chatlines" ann ach níl a fhios agam an bhfuil Gaeilge ag na cailíní.

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Bheinn sásta éisteacht le duine ag caint liom as Sínis ag an bpointe seo.:pac:

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Bheinn sásta éisteacht le duine ag caint liom as Sínis ag an bpointe seo.:pac:

    Mo thrua mór thú a stór:)

    Thosaigh mise ag fanacht i Luimneach (an áit ina bhfuil an coláiste agam) don deireadh seachtaine anuraidh. Caithfidh mé a rá gur thaitin an ciúnas agus an priobháideachas liom ar feadh lá nó dó. Is minic a bhíonn sé deacair síochán a fháil nuair atáthar sa choláiste.

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Aontaím leat- caithfidh mé a rá go bhfuilim réasúnta sásta leis an méid oibre atá déanta agam inniú, ach ag an am céanna braithim uaim caidreamh na seachtaine. Tá an ciúnas saghas ró-chiúin dom tar éis seachtain RAG, a chríochnaigh inné. Beidh mé ceart go leoir áfach, níl ach lá amháin i gceist mar beidh mo chairde ag teacht ar ais go Corcaigh amárach san oíche.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Aon scanall mór ó sheachtain RAG UCC?

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Níorbh seachtain RAG a bhí againn ar bith, chun an fhírinne a rá, ach "Seachtain Raise And Give", chun an béim a bhaint ón alcól agus an phleidhchaíocht a bhíonn ar siúl de ghnáth i rith na seachtaine sin. In áiteanna éagsúla bhí níos mó Gardaí ná dáltaí le feiceáil chun an síocháin a choiméad.

    Is dóigh liom go raibh an bua ag na heagraí leis seo, mar níor chuala mé faoi go leoir foiréigean nó trioblóid mór mar sin. Bhí roinnt amadáin fós ann, ach i ndáiríre beidh siad ann go deo- ní féidir iad go léir a choiméad uainn riamh. Agus ar ndóigh, ní raibh tolg ar bith trí thine taobh amuigh de na tithe ar Bóthar na Choláiste sa chathair. Tuigim go raibh an sráid sin go mór trí chéile anuriaidh.

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Gach rud ciúin ar an western front.
    Cá bhfuil sibh?"! Tá comhrá Gaeilge uaim.

    Rinne mé iarracht post mar chinnire a fháil i ngaelcholáiste éagsúla. Ní dhearna mé cúrsa sa Ghaeltacht riamh, 's mar sin nílim cinnte cad a bheadh orm a dhéanamh dá bhfaighfinn an post. Ar fhan éinne libh sa Ghaeltacht? Cad a rinne na cinnirí, agus an gceapann sibh go bhfuil seans agam an post a fháil gan réamhthaithí (An focal é sin? Nílim cinnte...)?

  • Registered Users Posts: 7,838 ✭✭✭Nulty

    Cad é? An bhfuil tú ag lorg post sa Gaelteacht? Tá mo col ceathrair ag obair suas i Dún na nGall. Nil sin ceart. Tá sé ag maireachtála an son agus ag obair sa Ghealtacht. Níl fhuis agam ach bfheidir go mbíonn sé ag cómhra ar an fóram seo.

    Ní riomh thug mé cuairt ar an fóram seo ach tá mé ag iarraidh fáil níos fear ag caint as Gaeilge. Chuaigh mé go dtí scoil lán Gaeilge sa príomh scoil ach tá sin beagnach dhá bhlian deag bhlian ó shin.

    Beg mé arais chun caint libh agus chun iarraigh a dheanamh ar mó Gaeilge á fheabhsaigh.

    Oíche mhaith!

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Nulty wrote: »

    Céad míle fáilte romhat go Teach na nGealt, a dhuine chóir! :)

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Dúirt bean liom go ndúirt bean léi go mbeadh sneachta i mBaile Átha Cliath go luath sa tseachtain seo chugainn!!

Advertisement