Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

17891012

Comments

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    "le linn na féile ceoil" - cén fáth nach bhfuil sé "cheoil" mar tá "féile" baininscneach?

    Tá a fhios agam go leanann an ginideach tar éis "le linn" ach nílim cinnte cad a tharlódh nuair a bheadh dhá ainmfhocal le chéile i ndiaidh. Agus chun mearbhaill a chur orm, dé réir http://www.gaeilge.ie/dynamic/file/Stil_Ti_an_Ghuim2.pdf tá “le linn stoirm mhór” i gceart.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    gaiscioch wrote: »

    Tá ceol/cheoil ag feidhmiú mar aidiacht sa chás sin agus leanann sé na rialacha céanna maidir leis an séimhniú dá bharr:

    An tsráid chúng
    Muintir na sráide cúinge

    An fhéile cheoil
    Le linn na féile ceoil

    Maidir le 'réamhfhocal comhshuite + ainmfhocal + aidiacht' agus an ginideach, seo mar a dhéantar é:

    Le linn stoirm mhór ACH
    Le linn na stoirme móire

    Bíonn difear mór i gceist go minic má tá/mura bhfuil an t-alt ann. An bhfreagraíonn sé sin an cheist a chuir tú?

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    Tá ceol/cheoil ag feidhmiú mar aidiacht sa chás sin agus leanann sé na rialacha céanna maidir leis an séimhniú dá bharr

    Bhí an míniú sin ríshoiléir, grmma ASG. Tharraing sé sin ceist eile anuas. An úsáidfeá an dara hainmfhocal mar aidiacht seachas ainmfhocal i gcónaí? An bhfuil gach dara hainmfhocal i bhfeidhm mar "aidiacht" mar sh. 'scoile' i gcás 'bus/mála scoile' nuair a leanann dhá ainmfhocail le chéile?

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    gaiscioch wrote: »
    Bhí an míniú sin ríshoiléir, grmma ASG. Tharraing sé sin ceist eile anuas. An úsáidfeá an dara hainmfhocal mar aidiacht seachas ainmfhocal i gcónaí? An bhfuil gach dara hainmfhocal i bhfeidhm mar "aidiacht" mar sh. 'scoile' i gcás 'bus/mála scoile' nuair a leanann dhá ainmfhocail le chéile?

    D'fhéadfaí a rá go bhfuil ar bhealach, is dócha. Ach ó thaobh an tséimhithe de, níl aon tábhacht leis sin murar ainmfhocal baininsceach é an chéad ainmfhocal.

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    He went home. Chuaigh sé abhaile nó D'imigh (imigh: go + away) sé abhaile? Deirinn "Chuaigh sé abhaile" ach anois nílim cinnte. Cad é an difríocht bheacht idir an dá acu?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 5,480 ✭✭✭Chancer3001

    Colaiste mhuire gan smal

    Colaiste muire. Mo scoil I ngaillimh

    H....nil aon h......cad e an sceal?????

  • Registered Users Posts: 38 Urethra Franklin

    Colaiste mhuire gan smal

    Colaiste muire. Mo scoil I ngaillimh

    H....nil aon h......cad e an sceal?????

    Bhuel tá "Coláiste Mhuire" anseo i gCill Coinnigh... Botún ó thaobh do scoil is dócha?

  • Registered Users Posts: 5,480 ✭✭✭Chancer3001

    Nah, ta go leor leor colaiste muire tinpeall na tire

    An mbaineann sé le meas do mhuire!!??

  • Registered Users Posts: 11 MacGiobuin

    seo an léamh s'agam ar an scéal....

    de ghnáth, bíonn séimhiú ar ainm dílis den chineál seo sa tuiseal ginideach
    Mar sh.
    Teach Shéain (teach+Seán = Sean's house) rud cinnte atá i gceist

    Mar sin de, rithfeadh sé le ciall ná go mbeadh séimhiú ar Mhuire, mar ainm duine
    Coláiste Mhuire (College of Mary)

    Ní gá go mbeadh sé sin fíor áfach...mar atá a fhios ag an tsaol, bíonn na heisceachtaí ann.
    Mar shampla,
    Cúige Mumhan in áit Cúige Mhumhan.
    Bíonn séimhiú ar ..... Cúige Chonnacht, mar shampla.

    Tobar Bríde - in áit Tobar Bhríde

    Baineann sé seo le seanrialacha na teanga, nach bhfuil mise ar an eolas fá dtaobh de! Is minic nach tchítear séimhiú ar ainm naoimh fosta.

    Déirfinn féin gur cnámh spairne a bheadh ann ó thaobh na gramadaí de, agus go mbeadh do rogha agat dá bharr!!

    Mar sin féin, chloífinn féin le Coláiste Mhuire

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Colaiste mhuire gan smal

    Colaiste muire. Mo scoil I ngaillimh

    H....nil aon h......cad e an sceal?????

    B'fhéidir go bhfuil ponc os cionn an 'M' ?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 5,480 ✭✭✭Chancer3001

    B'fhéidir go bhfuil ponc os cionn an 'M' ?

    Níl. Dean Google air. Tá go leor leor scoileanna le colaiste muire

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    Colaiste mhuire gan smal

    Colaiste muire. Mo scoil I ngaillimh

    H....nil aon h......cad e an sceal?????

    Teigh ar ais sa snaithe seo mar chuireas ceist ionannais le do cheist féin sé mhí ó shin anseo. Agus thug Micilín Muc an freagra seo. Ceapaim go bhfuil an freagra ann. [Foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh (lth 20)]

  • Registered Users Posts: 5,800 ✭✭✭fat bloke

    Saghas an cheist chéanna agam is atá thuas - cad a thárlaíonn i gcás "compound" tuiseal ginideach?

    An obair bhaile.

    Méid na hoibre.

    Ach conas a chuirtear le chéile iad?

    Méid na hoibre baile?
    Méid na hoibre bhaile?
    Méid an obair bhaile?

    :confused:

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    fat bloke wrote: »
    Saghas an cheist chéanna agam is atá thuas - cad a thárlaíonn i gcás "compound" tuiseal ginideach?

    An obair bhaile.

    Méid na hoibre.

    Ach conas a chuirtear le chéile iad?

    Méid na hoibre baile?
    Méid na hoibre bhaile?
    Méid an obair bhaile?

    :confused:

    Méid na hoibre baile.

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    A Fat Bloke, a chara, ;)

    "Méid na hoibre baile" atá ceart.

    Tá neart rialacha ag baint le trí ainmfhocal ag teacht lena chéile, ach sa chás seo is leor an míniú thíos:

    Nuair is ainm briathartha é an dara hainmfhocal, cuirtear sa tuiseal ginideach é i gcónaí.

    Sa chás seo is ainm briathartha é 'obair - is ainmfhocal é = "Rinne mé an obair", agus is briathar é "tá mé ag obair". Mar sin, cuir sa tuiseal ginideach é "an obair" > "na hoibre".

    Maidir le "baile", bhí séimhiú air toisc go raibh an t-ainmfhocal baininscneach "obair" roimhe, ach nuair a chuirtear an t-ainmfhocal sa ghinideach, baintear an séimhiú ar an gcéad fhocal eile.

    Tá sé seo ar cheann de na rudaí is casta i ngramadach na Gaeilge!

  • Registered Users Posts: 5,800 ✭✭✭fat bloke

    Hey ho Micilín Muc :D

    Bhfuil an ceart agam go ndeirtear "méid na hoibre baile" ach "an méid obair bhaile". ?

  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm

    bhí nó raibh

    Ceist beag agam daoibh - cad é an focal ceart san abairt seo:

    Chuaigh Seán go dtí an trá leis an leabhair a bhí nó a raibh aige

    An bhfuil mórán difríocht eatarthu?

    GRMMA!

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    a bhí, measaim.

  • Registered Users Posts: 24 qwert123

    A chairde,

    Beidh mé ag teagasc Gaeilge den chéad uair riamh i meánscoil i mbliana agus eagla orm roimh an ghramadach!

    1. Cén dóigh is fearr le gramadach a theagasc dar libh?

    2. an cónasc go/gur cad é mar a mhíníonn tú do dhaltaí cá huair ba cheart seo a úsáid i.e. Sílim go bhfuil sé rómhall - I think that it's too late.
    Ní leor a rá nuair a bhíonn 'that' ann mar is minic nach ndeirtear 'that' sa Bhéarla - I think it's too late agus sin an fáth a mbíonn Sílim tá sé rómhall.

    An bhfuil aon chomhairle agaibh féin?

  • Registered Users Posts: 399 ✭✭solas111

    Bain triail as "QuickGuide Irish Grammar" ag Gaelchultúr.

    www.gaelchultur.com/en/resources_g.aspx

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    qwert123 wrote: »
    A chairde,

    Beidh mé ag teagasc Gaeilge den chéad uair riamh i meánscoil i mbliana agus eagla orm roimh an ghramadach!

    1. Cén dóigh is fearr le gramadach a theagasc dar libh?

    2. an cónasc go/gur cad é mar a mhíníonn tú do dhaltaí cá huair ba cheart seo a úsáid i.e. Sílim go bhfuil sé rómhall - I think that it's too late.
    Ní leor a rá nuair a bhíonn 'that' ann mar is minic nach ndeirtear 'that' sa Bhéarla - I think it's too late agus sin an fáth a mbíonn Sílim tá sé rómhall.

    An bhfuil aon chomhairle agaibh féin?

    Bain úsáid as siollabais TEG http://www.teg.ie/leibh%C3%A9il-teg.171.html

    Nod maidir le mic léinn ag cur ceisteanna faoin ngramadach - mura bhfuil an freagra agat, abair go bhfiosróidh tú é agus go dtiocfaidh tú ar ais chuig an mac léinn an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain ina dhiaidh. Ní drochléiriú é ar an múinteoir ar chor ar bith, ach léiríonn sé go bhfuil suim ag an múinteoir i bhfoghlaim an mhic léinn.

    Maidir le "go" agus "gur", léigh faoin 'gclaoninsint' sna leabhair ghramadaí.

    Ná bí ró-neirbhíseach sa chéad rang - bíonn na mic léinn neirbhíseach chomh maith!

  • Registered Users Posts: 24 qwert123

    Go raibh céad maith agaibh, a chairde. An cheist atá agam faoin 'go' agus an 'gur' seo, ní bhaineann sé go díreach leis an chlaoninsint...ní shílim
    Fuair Síle na milseáin.
    Dúirt Síle go bhfuair sí na milseáin - claoninsint

    Ach cad é déarfá le:

    Shíl mé go bhfuair Síle na milseáin - cad chuige a gcuirtear go/gur anseo?
    In amanna cluintear 'that' sa Bhéarla, ach go minic fágaimid an 'that' ar lár agus muid ag caint as Béarla: I think Síle go the sweets / I think that Síle got the sweets (Maithigí dom an Béarla!)

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory

    Conas a déarfá 'pieces of paper' as Gaeilge ?

    Píosaí páipéir nó píosaí páipéar?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    "Píosaí páipéir"

    :)

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory

    "Píosaí páipéir"

    :)

    Go raibh maith agat!!

    Ceann eile agam duit mura cuma leat...

    Conas a déarfá 'the person you would hire' as Gaeilge? An duine a fhostófá nó a d'fhostófá? Seo ag cur isteach orm anocht.

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    An bhfuil fhíos ag éinne cad é an litriú ceart sa tuiseal ainmneach ar an gceantar "Oriel"?

    De réir leabhar os mo chomhair is é 'Oirialla' an litriú ceart (Cnuasach Focal as Oirialla) agus tá 17,600 toradh ina thaobh de.

    De réir teanglann.ie, ámh, is é Oirial an tuiseal ainmneach agus níl aon taifid ar bith ar an suíomh sin maidir le ""Oirialla" (de ghnáth luaitear ar aon leaganacha neamhchaighdeánacha): Oirial

    5,110 toradh ina thaobh den litriú sin.

    Ina theannta sin, tá "Colaiste Oiriall" bunaithe, ach níl an litriú sin ag meaitseáil aon leagan den fhocal ar Teanglann: oirial, m. (gs. & npl. -ail, gpl. ~). Oriel.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    dory wrote: »
    Conas a déarfá 'the person you would hire' as Gaeilge? An duine a fhostófá nó a d'fhostófá? Seo ag cur isteach orm anocht.

    Measaim, ach nílim cinnte, go bhfuil "a d'fhostófá" ag teastáil uait ansin.

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory

    Mise aríst! An bhfuil éinne eile anseo le ceisteanna??

    Cén ceann atá i gceart - scríbhneoir an leabhair seo nó scríbhneoir an leabhar seo.

    An gcuireann an 'seo' as don T.Gin?

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    An Clár ==> Co. an Chláir. Ceart go leor; tá an t-alt ann agus tá 'Clár' firinscneach.

    Ar an gcuma chéanna, tá sé soiléir go bhfuil 'Gaillimh' baininscneach mar is é "na Gaillimhe" and tuiseal ginideach. Ach, níl an tuiseal ainmneach "An Gaillimh". Is e Gaillimh amhain.

    Dar bhri sin, cen fath go bhfuil se Co. na Gaillimhe? (nil na fadai ag obair aris)

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Is dóigh go raibh a t-alt sa leagan uatha fadó ach d'imigh sé as. Is minic nach leanann logainmneacha gnáthrialacha gramadaí.
    Tabhair faoi deara go mbíonn an t-alt le feiceáil sa leagan uatha den ainm sin i nGaeilge na Mumhan ach go háirithe: An Ghaillimh, sa Ghaillimh (seachas i nGaillimh) srl.

Advertisement