gaiscioch wrote: » "le linn na féile ceoil" - cén fáth nach bhfuil sé "cheoil" mar tá "féile" baininscneach? Tá a fhios agam go leanann an ginideach tar éis "le linn" ach nílim cinnte cad a tharlódh nuair a bheadh dhá ainmfhocal le chéile i ndiaidh. Agus chun mearbhaill a chur orm, dé réir http://www.gaeilge.ie/dynamic/file/Stil_Ti_an_Ghuim2.pdf tá “le linn stoirm mhór” i gceart.
An Sionnach Glic wrote: » Tá ceol/cheoil ag feidhmiú mar aidiacht sa chás sin agus leanann sé na rialacha céanna maidir leis an séimhniú dá bharr
gaiscioch wrote: » Bhí an míniú sin ríshoiléir, grmma ASG. Tharraing sé sin ceist eile anuas. An úsáidfeá an dara hainmfhocal mar aidiacht seachas ainmfhocal i gcónaí? An bhfuil gach dara hainmfhocal i bhfeidhm mar "aidiacht" mar sh. 'scoile' i gcás 'bus/mála scoile' nuair a leanann dhá ainmfhocail le chéile?
Chancer3001 wrote: » Colaiste mhuire gan smal Colaiste muire. Mo scoil I ngaillimh H....nil aon h......cad e an sceal?????
An gal gréine wrote: » B'fhéidir go bhfuil ponc os cionn an 'M' ?
fat bloke wrote: » Saghas an cheist chéanna agam is atá thuas - cad a thárlaíonn i gcás "compound" tuiseal ginideach? An obair bhaile. Méid na hoibre. Ach conas a chuirtear le chéile iad? Méid na hoibre baile? Méid na hoibre bhaile? Méid an obair bhaile?
qwert123 wrote: » A chairde, Beidh mé ag teagasc Gaeilge den chéad uair riamh i meánscoil i mbliana agus eagla orm roimh an ghramadach! 1. Cén dóigh is fearr le gramadach a theagasc dar libh? 2. an cónasc go/gur cad é mar a mhíníonn tú do dhaltaí cá huair ba cheart seo a úsáid i.e. Sílim go bhfuil sé rómhall - I think that it's too late. Ní leor a rá nuair a bhíonn 'that' ann mar is minic nach ndeirtear 'that' sa Bhéarla - I think it's too late agus sin an fáth a mbíonn Sílim tá sé rómhall. An bhfuil aon chomhairle agaibh féin?
Insect Overlord wrote: » "Píosaí páipéir"
dory wrote: » Conas a déarfá 'the person you would hire' as Gaeilge? An duine a fhostófá nó a d'fhostófá? Seo ag cur isteach orm anocht.