Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

179111213

Comments

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    http://extensions.services.openoffice.org/en/project/focloiri-gaeilge

    Tá foclóirí Gaeilge le fáil ar an nasc sin. Cosnaíonn an ceann le haghaidh Microsoft Word, ach don Mac nó Open Office, tá siad saor in aisce.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    0mega wrote: »
    Día duit gach dúine, conas atá sibh?

    Scríobh mé aiste gearr agus agus ba mhaith liom do dhuine éigin a léamh é do botúin, le do thoil! An bhfuil éinne ann gur féidir liom é a sheoladh trí PM? Níl sé ach dhá chéad focal ar fhad!

    Go raibh maith agat :)

    Déan iarracht é a cheartú duit féin ar dtús. Bain triail as www.focal.ie agus www.potafocal.com.

    Seol chugam é ansin, nuair atá an dara dréacht críochnaithe agat.


  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭0mega


    Tá dhá cheist agam:

    "Something needs to be done" agus "The proof is in the pudding" as Gaeilge le do thoil! :)


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    "Tá gá le rud éigin a dhéanamh", nó "Is gá rud éigin a dhéanamh".

    Níl 'fhios agam an bhfuil frása nó seanfhocal ann le haghaidh an dara abairt ansin a aistriú, agus ní bheadh ciall ann é a aistriú focal ar fhocal. B'fhéidir gur féidir le duine eile anseo cabhrú.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,497 Mod ✭✭✭✭dambarude


    D'fhoglaim mé "in ithe na putóige a bhíonn a tástáil" nuair a bhí me sa mheánscoil, ach mar a dúirt Aard, seans gur Béarlachas atá ann.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Moltar an cócaire i ndiaidh na cóisire.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Aistriúchán eile
    Cruthú na putóige a hithe.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory


    Ceist tapaidh oraibh:

    Giving help. An é 'ag tabhairt cabhair' nó 'ag tabhairt cabhrach'?? Tá's agamsa ach ní aontaíonn an duine in aice liom liom...


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    dory wrote: »
    Ceist tapaidh oraibh:

    Giving help. An é 'ag tabhairt cabhair' nó 'ag tabhairt cabhrach'?? Tá's agamsa ach ní aontaíonn an duine in aice liom liom...

    De réir an chaighdeáin, 'ag tabhairt cabhrach', ach 'ag tabhairt cabhair' is mó atá sa chaint anois.


  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭0mega


    'Never Say Never' as Gaeilge? Le de thoil! :)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Ná habair choíche ariamh.


  • Registered Users Posts: 17 siulach


    Bhfuil tuairim ag éinne cén Gaeilge a bheadh ar an nath cainte
    'Come out from under the table'
    Caithfidh go bhfuil réamhfhocal comhshuite éigin a bheadh oiriúnach anseo, 'tar amach de bhun an bhoird' b'fhéidir? ach ní dóigh liom gur aistriúchán beacht é sin... Míle buíochas!!


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    siulach wrote: »
    Bhfuil tuairim ag éinne cén Gaeilge a bheadh ar an nath cainte
    'Come out from under the table'
    Caithfidh go bhfuil réamhfhocal comhshuite éigin a bheadh oiriúnach anseo, 'tar amach de bhun an bhoird' b'fhéidir? ach ní dóigh liom gur aistriúchán beacht é sin... Míle buíochas!!

    Chuaigh muid fríd seo uilig faoin snáth 'Translation' ag criochnú ar an 20 Feabhra ach ní i dTeach na nGealt.


  • Registered Users Posts: 17 siulach


    Míle buíochas leis an nGal Gréine, tháinig mé air sin ar an snáth eile


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory


    An mbíonn an ginideach i gceist leis an aidiacht shealbhach?

    Mar shampla:

    Ag glanadh mo bhoird?

    Cheapas i gcónaí nach raibh ach tá sé os mo chomhair anois i leabhar gramadaí.


  • Registered Users Posts: 17 siulach


    Déarfainn go mbeadh an TG i gceist ansin ceart go leor.

    Mar shampla, déarfainn "teach mo dhearthár" nó "ainm mo mháthar".

    Is dóigh liom féin nach n-athraíonn an riail faoi dhá ainmfhocal ag teacht le chéile riamh fiú má tá an aidiacht shealbhach i gceist; 'sé sin má thagann dhá ainmfhocal le chéile cuirtear an dara ceann sa Tuiseal Ginideach


  • Registered Users Posts: 19 Axolotl


    OP, bíonn an tuiseal ginideach i bhfeidhm le haidiacht sealbhach cinnte; ní amháin sin, ach sa sampla a thug tú, tá dhá chúis leis ann mar go dtagann an TG i ndiaidh "ag [briathar]" pé scéal é :)


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory


    An dtuigeann éinne 'téamh ceantair'. Córas éigin é chun an teach a théamh. Ní féidir liom teacht ar in aon leabhair ach caithfidh mé Béarla éigin a chur air. Ní Region heating é!


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    dory wrote: »
    An dtuigeann éinne 'téamh ceantair'. Córas éigin é chun an teach a théamh. Ní féidir liom teacht ar in aon leabhair ach caithfidh mé Béarla éigin a chur air. Ní Region heating é!

    http://focal.ie/Search.aspx?term=t%C3%A9amh+ceantair&lang=3116659

    Níor chuala mé faoi riamh roimhe seo, ach tá tuille eolais ar Wikipedia: http://en.wikipedia.org/wiki/District_heating


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory


    http://focal.ie/Search.aspx?term=t%C3%A9amh+ceantair&lang=3116659

    Níor chuala mé faoi riamh roimhe seo, ach tá tuille eolais ar Wikipedia: http://en.wikipedia.org/wiki/District_heating

    Gura míle! Cá mbeinn gan boards? :D


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 216 ✭✭FudgeBrace


    Dia dhaoibh.!!! Comas a déarfá "Mostly" nó "most of the time" ?? Le do thoill??


  • Registered Users Posts: 371 ✭✭iLikePiano99


    FudgeBrace wrote: »
    Dia dhaoibh.!!! Comas a déarfá "Mostly" nó "most of the time" ?? Le do thoill??

    Ceapaim go ndéarfá "an chuid is mó den am" ach níl mé ró-chinnte! (táim fós ag foghlaim an ghaeilge freisin) :-)


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    sin ceart.. an chuid is mó den am


  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Féachaigí ar an nasc seo le leathanach Fhoclóir Uí Dhónaill http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2056780705


  • Registered Users Posts: 371 ✭✭iLikePiano99


    Ta ceist gramadaí agam:

    Cathain a úsáidtear an focal "á"? Mar shampla, san abairt seo "táim á léamh" ... Cén fáth go bhfuil "á" san abairt seo? An bhfuil aon rialacha a bhaineann le seo? Cad é an chaoi a úsáidtear é? Tá sé ag cur isteach orm!

    Go raibh maith agaibh! :-)


  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Ta ceist gramadaí agam:

    Cathain a úsáidtear an focal "á"? Mar shampla, san abairt seo "táim á léamh" ... Cén fáth go bhfuil "á" san abairt seo? An bhfuil aon rialacha a bhaineann le seo? Cad é an chaoi a úsáidtear é? Tá sé ag cur isteach orm!

    Go raibh maith agaibh! :-)

    I'm doing the work - Tá mé ag déanamh na hoibre.

    I'm doing it (i.e. the work) - Tá mé á déanamh.

    Deir go leor foghlaimeoirí Tá mé ag déanamh é/í sa chás sin, ach is Béarlachas é sin, agus tá sé mícheart.


  • Closed Accounts Posts: 3,479 ✭✭✭ChemHickey


    I'm doing the work - Tá mé ag déanamh na hoibre.

    I'm doing it (i.e. the work) - Tá mé á déanamh.

    Deir go leor foghlaimeoirí Tá mé ag déanamh é/í sa chás sin, ach is Béarlachas é sin, agus tá sé mícheart.

    Sin é

    Táim ag déanamh é = Táim á dhéanamh
    Táim ag déanamh í = Táim á déanamh
    Táim ag déanamh iad = Táim á ndéanamh

    Ná bac leis an gcéad taobh don chothromóid thuas (^^), tá an dara taobh an taobh "ceart", ceapaimse.


  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    @ An Sionnach Glic agus ChemHickey: Go raibh míle! Ní thuig mé na rialacha maidir leis sin ach an oiread.


  • Registered Users Posts: 371 ✭✭iLikePiano99


    An Sionnach Glic agus ChemHickey - Míle buíochas! Ceapaim go dtuigim anois - mar sin úsáidtear "á" nuair a bhíonn abairt cosúil le seo "táim ag _____ é/í" i gceist? :)

    "táim ag _______ é/í"
    >> "táim á ________"

    :)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    An Sionnach Glic agus ChemHickey - Míle buíochas! Ceapaim go dtuigim anois - mar sin úsáidtear "á" nuair a bhíonn abairt cosúil le seo "táim ag _____ é/í" i gceist? :)

    "táim ag _______ é/í"
    >> "táim á ________"

    :)

    Sin é go baileach, agus athraíonn litriú an bhriathair de réir inscne agus uimhir an ruda atá i gceist (tá sé cosúil le 'mo chóta, do chóta, a chóta, a cóta, ár gcóta, bhur gcóta, a gcóta' srl.)

    Tá mé ag déanamh na hoibre / Tá mé á déanamh (gan séimhiú, mar tá an focal 'obair' baininscneach)

    Tá mé ag glanadh na soithí / tá mé á nglanadh (is focal iolra é 'soithí' (dishes))

    Tá mé ag glanadh an tsoithigh / tá mé á ghlanadh (focal uatha firinscneach é 'soitheach' - leagan uatha 'soithí' (one dish))

    Tá mé ag péinteáil an tí / tá mé á phéinteáil (mar tá an focal 'teach' firinscneach)

    Tá súil agam gur míniú soiléir é sin.


Advertisement