0mega wrote: » Día duit gach dúine, conas atá sibh? Scríobh mé aiste gearr agus agus ba mhaith liom do dhuine éigin a léamh é do botúin, le do thoil! An bhfuil éinne ann gur féidir liom é a sheoladh trí PM? Níl sé ach dhá chéad focal ar fhad! Go raibh maith agat
dory wrote: » Ceist tapaidh oraibh: Giving help. An é 'ag tabhairt cabhair' nó 'ag tabhairt cabhrach'?? Tá's agamsa ach ní aontaíonn an duine in aice liom liom...
siulach wrote: » Bhfuil tuairim ag éinne cén Gaeilge a bheadh ar an nath cainte 'Come out from under the table' Caithfidh go bhfuil réamhfhocal comhshuite éigin a bheadh oiriúnach anseo, 'tar amach de bhun an bhoird' b'fhéidir? ach ní dóigh liom gur aistriúchán beacht é sin... Míle buíochas!!
dory wrote: » An dtuigeann éinne 'téamh ceantair'. Córas éigin é chun an teach a théamh. Ní féidir liom teacht ar in aon leabhair ach caithfidh mé Béarla éigin a chur air. Ní Region heating é!
Insect Overlord wrote: » http://focal.ie/Search.aspx?term=t%C3%A9amh+ceantair&lang=3116659 Níor chuala mé faoi riamh roimhe seo, ach tá tuille eolais ar Wikipedia: http://en.wikipedia.org/wiki/District_heating
FudgeBrace wrote: » Dia dhaoibh.!!! Comas a déarfá "Mostly" nó "most of the time" ?? Le do thoill??
iLikePiano99 wrote: » Ta ceist gramadaí agam: Cathain a úsáidtear an focal "á"? Mar shampla, san abairt seo "táim á léamh" ... Cén fáth go bhfuil "á" san abairt seo? An bhfuil aon rialacha a bhaineann le seo? Cad é an chaoi a úsáidtear é? Tá sé ag cur isteach orm! Go raibh maith agaibh! :-)
An Sionnach Glic wrote: » I'm doing the work - Tá mé ag déanamh na hoibre. I'm doing it (i.e. the work) - Tá mé á déanamh. Deir go leor foghlaimeoirí Tá mé ag déanamh é/í sa chás sin, ach is Béarlachas é sin, agus tá sé mícheart.
iLikePiano99 wrote: » An Sionnach Glic agus ChemHickey - Míle buíochas! Ceapaim go dtuigim anois - mar sin úsáidtear "á" nuair a bhíonn abairt cosúil le seo "táim ag _____ é/í" i gceist? "táim ag _______ é/í" >> "táim á ________"