Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

145791013

Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    deirdremf wrote: »
    Ach an bhfuil sé sin sa gcaint? (seachas sa teanga scríofa atá mé a rá)

    Tá cinnte.

    B'fhéidir nach bhfuil sé ag an aos óg ach tá sé ag cainteoirí maithe Gaeltachta.
    dory wrote: »
    Braithim amaideach ag cur na ceiste seo ach.....

    An bhfuil a leithéid d'fhocal agus 'ró-mhéad'. Measaim fhéin nach bhfuil ach tá sé cloiste agam arís is arís eile le déanaí.

    "Tá ró-mhéad obair againn". Nuair a déarfainn féin, "Tá an-iomarca oibre againn"

    Tá "Tá an iomarca oibre againn" ceart, níl aon chiall leis an sampla eile. Gaelscoilis atá ann!


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    is there such a thing as "have (...) done" as gaeilge? nó an ea nach gá an tsórt sin struchtúir a úsáid? tuigim gur féidir "rud éigin a fháil", ms. barra gruaige. Ach conas á ndeirtear san aimsir láithreach/fáistineach?
    ms. "i'm havin my hair cut now"; "i'll have my hair cut tomorrow". Táim/beidh mé ag fáil barra gruaige? cuma ait air :|

    grma arís^^


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    agus...cad é an difríocht idir gur/gurb/gurbh?

    mo leithscéal as an iomarca ceisteanna lol


  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    Aodh Rua wrote: »
    When two nouns come together the second noun is put in the genitive. Fair enough. But why is it 'barr dorais' but 'dath an tí', 'hata an fhir' and so on? If 'barr dorais' means 'top of the door', why can't 'dath tí' could mean 'colour of the house'? Doras, teach and fear are all masculine so can somebody enlighten me here with a rule? Thanks a million.
    You're in the wrong place here, this is an Irish-language forum.

    I'm posting my answer here:
    http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?p=75696502#post75696502


  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    agus...cad é an difríocht idir gur/gurb/gurbh?

    mo leithscéal as an iomarca ceisteanna lol
    Mura bhfuil dul amú orm, is mar seo atá cúrsaí:

    Aimsir láithreach/fháistineach:
    Deir sé "Is fear deas é" ... Deir sé gur fear deas é.
    Deir sí "Is éan mór an t-iolar" ... Deir sí gurb éan mór an t-iolar.
    i. GUR roimh chonsan, GURB roimh ghuta.

    Aimsir chaite/modh coinníollach:
    Dúirt sé "Ba mhadra deas é" ... Dúirt sé gur madra deas é.
    Dúirt sí "B'éan mór é an t-iolar sin" ... Dúirt sí gurbh éan mór é an t-iolar sin.
    i. GUR roimh chonsan, GURBH roimh ghuta.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    is there such a thing as "have (...) done" as gaeilge? nó an ea nach gá an tsórt sin struchtúir a úsáid? tuigim gur féidir "rud éigin a fháil", ms. barra gruaige. Ach conas á ndeirtear san aimsir láithreach/fáistineach?
    ms. "i'm havin my hair cut now"; "i'll have my hair cut tomorrow". Táim/beidh mé ag fáil barra gruaige? cuma ait air :|

    grma arís^^
    Tá mé chun bearradh gruaige a fháil amáireach, an tseachtain seo chugainn.
    Táim ag fáil bearradh gruaige anois.
    Tá Áine chun mo ghruaig a bhearradh dom.
    Gheobhaidh mé bearradh gruaige (+ am).
    Bearrfar mo ghruaig dom.
    Bearrfaidh mé mo chuid gruaige.

    Déarfainn féin an chéad cheann níos minicí ná na cinn eile, ach is dóigh nach bhfuil tada cearr leis na cinn eile?
    Tuairimí, éinne eile?


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,850 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    deirdremf wrote: »
    You're in the wrong place here, this is an Irish-language forum.

    I'm posting my answer here:
    http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?p=75696502#post75696502

    Nóta an Mhodhnóra: Scríobhfaidh mé an méad seo i nGaeilge agus i mBéarla, chun go bheith cinnte go dtuigeann gach duine.

    Is fóram lán-Ghaeilge é Teach na nGealt, gan dabht. Ach is áis é chun Gaeilge a fhoghlaim chomh maith. Má iarrtar ceist anseo, ceist macánta chun dul chun cinn a dhéanamh leis an teanga, níl aon gá d'éinne "téigh chuig áit eile" a rá. Tá sé cineál drochbhéasach, i mo thuairimse. Ná déanaigí dearmad gur snáithe é seo chun freagraí a fháil ar cheisteanna faoi ghramadach agus litriú.

    Mod note: I'm writing this in Irish and English so I can be sure everyone gets the message.

    Yes, this is an Irish-language forum. However, it's also a great resource for learning Irish. If someone asks an honest question so that they can improve their level of Irish, there's no need to tell them to go ask somewhere else. It's a little bit rude. Don't forget that this is a thread for answers to questions about grammar and spelling.


    /mod


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    deirdremf wrote: »
    Mura bhfuil dul amú orm, is mar seo atá cúrsaí:

    Aimsir láithreach/fháistineach:
    Deir sé "Is fear deas é" ... Deir sé gur fear deas é.
    Deir sí "Is éan mór an t-iolar" ... Deir sí gurb éan mór an t-iolar.
    i. GUR roimh ainmfhocail, réamhfhocail agus forainmneacha réamhfhoclacha dar tús consan, GURB roimh aidiachtaí, forainmneacha agus cúpla focal eile dar tús guta.


    Aimsir chaite/modh coinníollach:
    Dúirt sé "Ba mhadra deas é" ... Dúirt sé gur mhadra deas é.
    Dúirt sí "Ba éan mór é an t-iolar sin" ... Dúirt sí gurbh éan mór é an t-iolar sin.
    i. GUR roimh chonsan, GURBH roimh ghuta.

    Ceartúcháin thuas!


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory


    Cé fáth go bhfuil 'an' roumh roinnt dos na tíortha? Tuigim go bhfuil seo i dteangacha eile chomh maith; an Béarla (The Gambia), Spáinnis agus mar sin de. Ach cuir cúpla dalta an cheist seo orm agus ní féidir liom teacht ar freagra. Éinne?


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    dory wrote: »
    Cé fáth go bhfuil 'an' roumh roinnt dos na tíortha? Tuigim go bhfuil seo i dteangacha eile chomh maith; an Béarla (The Gambia), Spáinnis agus mar sin de. Ach cuir cúpla dalta an cheist seo orm agus ní féidir liom teacht ar freagra. Éinne?

    D'iarrfainn ar an dalta 'cén fáth nach bhfuil "the" roimh na tíortha i mBéarla?'! Ní dóigh liom go bhfuil aon fáth leis, is é an chaoi a bhfuil sé!


  • Advertisement
  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory


    Ceann eile agam!

    Nílim cinnte faoi 'gur'. Uaireanta bíonn séimhiú ina dhiaidh, uaireanta ní bhíonn.

    Dúirt sé gur bhuachaill nó buachaill é?

    GRMA!


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,499 Mod ✭✭✭✭dambarude


    dory wrote: »
    Ceann eile agam!

    Nílim cinnte faoi 'gur'. Uaireanta bíonn séimhiú ina dhiaidh, uaireanta ní bhíonn.

    Dúirt sé gur bhuachaill nó buachaill é?

    GRMA!

    Braitheann sé ar an aimsir. Cuirtear séimhiú isteach nuair a bhíonn sé san aimsir chaite. Ní bhíonn sé ann san aimsir láithreach.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    dory wrote: »
    Ceann eile agam!

    Nílim cinnte faoi 'gur'. Uaireanta bíonn séimhiú ina dhiaidh, uaireanta ní bhíonn.

    Dúirt sé gur bhuachaill nó buachaill é?

    GRMA!

    Deir siad gur teach é - They say that it is a house
    Deir siad gur theach é - They say that it was a house


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    dory wrote: »
    Ceann eile agam!

    Nílim cinnte faoi 'gur'. Uaireanta bíonn séimhiú ina dhiaidh, uaireanta ní bhíonn.

    Dúirt sé gur bhuachaill nó buachaill é?

    GRMA!

    Deir siad gur buachaill é - The say he is a boy.
    Deir siad gur bhuachaill é - The say he used to be a boy.

    :p


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory


    Go raibh maith agaibh!

    Ceann deireanach (anocht) - strapairí fionn - cad é? Ní féidir liom teacht ar san fhoclóir!


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Nach fear dathúil é "strapaire"? Mar sin strapairí fionn -- grúpa fir dathúla?


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,499 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Déarfá 'strapping man' nó a leithéad i mBéarla.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory


    Ah yea, is cuimhin liom anois. Níor chuala mé sin le fada! Gura míle!


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory


    An é 'ní fiú' nó ní fhiú'? Deirim an chéad cheann ach nach gá séimhiú a chur tar éis 'ní'?


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Deirimse "ní fiú" chomh maith, agus sé sin an ceann a gcloisim is minicí.


  • Advertisement
  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,499 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Ní bhíonn gá le séimhiú i ndiaidh 'ní' i gcónaí. Tóg 'ní maith liom' agus 'ní cuimhin liom' mar shampla.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    dambarude wrote: »
    Ní bhíonn gá le séimhiú i ndiaidh 'ní' i gcónaí. Tóg 'ní maith liom' agus 'ní cuimhin liom' mar shampla.

    Is fíor dhuit. Déantar séimhiú ar bhriathra, agus ní briathar é 'fiú'.

    Samplaí eile ná Ní dóigh liom agus Ní bean mé; ní dhéantar séimhiú ar dóigh/bean tar éis toisc nach briathra iad (is ainmhfhocail iad).


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory


    An bhfuil an Ghaeilge ar 'teenage pregnancy' ag éinne? Toircheas déagóra an smaoineamh atá agamsa.


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Níl 'fhios agam an bhfuil frása ar leith ann, ach thuigfinn "toircheas déagóra".


  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    dory wrote: »
    An bhfuil an Ghaeilge ar 'teenage pregnancy' ag éinne? Toircheas déagóra an smaoineamh atá agamsa.
    Céard faoi "gearrchaile ag súil"?


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory


    Aard wrote: »
    Níl 'fhios agam an bhfuil frása ar leith ann, ach thuigfinn "toircheas déagóra".

    Sin a d'úsáid mé ar deireadh. Súil agam go bhfuil sé maith go leor!


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    pregnancy = toircheas?


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cad é an Ghaeilge ar "at most" (ie, a mhalairt de "ar a laghad")? Tá "ar a mhéad" ar aigne agam, ach nílim ró-chinnte. Curtha in eager: actually, ceapaim gur "ar a mhó" an freagra ceart.

    Agus cad é "they played their part" i gcomhthéacs tacadóirí fhoireann spóirt ag tabhairt cabhair go dtí na himreoirí ó thaobh amhrán á chana agus aitmisféar á dhéanamh? An "d'imir siad a bpáirt", nó an n-úsáidtear "play" eile sa chomhthéacs seo?

    Gura míle.


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Paz-CCFC wrote: »
    Cad é an Ghaeilge ar "at most" (ie, a mhalairt de "ar a laghad")? Tá "ar a mhéad" ar aigne agam, ach nílim ró-chinnte. Curtha in eager: actually, ceapaim gur "ar a mhó" an freagra ceart.

    Agus cad é "they played their part" i gcomhthéacs tacadóirí fhoireann spóirt ag tabhairt cabhair go dtí na himreoirí ó thaobh amhrán á chana agus aitmisféar á dhéanamh? An "d'imir siad a bpáirt", nó an n-úsáidtear "play" eile sa chomhthéacs seo?

    Gura míle.

    Tá "Ar a mhéad" ceart.

    "Rinne siad a gcion" atá agamsa ach tá mé cinnte go bhfuil leaganacha eile amuigh ansin.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cad é an Ghaeilge do "sympathy/sympathies" i gcomhthéacs bhás duine? An n-úsáidfí "comhbhá" - "Ba mhaith liom mo chomhbhánna a thabhairt"?

    Freisin, nuair a chuirtear h nó t tar éis focal a thosnaíonn ar guta, an chuirtear fleiscín leis? An ndéarfá "a hathair" nó "a h-athair"? Mar is eol dom, déantar é más litir bog é, ach ní déantar é más cheannlitir é. An sin ceart?


Advertisement