Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Scannáin - Moladh agus Cáineadh

124

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Transporter 3 (6/10)

    Bhí an chéad scannán iontach, ach ní raibh an dara ceann chomh maith leis agus anois, táim den tuairim go raibh sé seo níos measa arís.

    Tá Luc Besson gafa ag an stíl a bhíonn le feiceáil i mórán gach scannán mór den chineál seo. Tá an stíl a bhí aige féin caillte anois.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Transporter 3 (6/10)

    Bhí an chéad scannán iontach, ach ní raibh an dara ceann chomh maith leis agus anois, táim den tuairim go raibh sé seo níos measa arís.

    An scánnán deireanach a chonaic mise ar DVD ná Pirates of the Carribean: At World's End agus déarfainn an rud céanna faoi sin mar thriú scannán na sraithe. Ní raibh aon chruth ceart ar an scéal. 5/10.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Star Wars, The Clone Wars : 5 as 10

    Is maith liom Star Wars agus an clár leath uair a chloig bunaithe ar an scannán seo, ach ní shílim go raibh ábhar scannáin sa gcartún seo ariamh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Lakeview Terrace, 8 as 10.

    Thaitin sé seo go mór liom. Bhí Samuel Jackson iontach mar duine den LAPD.

    Bhí go leor rudaí i dtaobh ciníochas ag dul ar bun sa scannán seo, os cionn agus faoin dromchla.

    Cé gur thaitin sé go mór liom, níor mhaith liom níos mó ná 8 thabhairt dó, mar ba cheart go mbeadh marc níos airde ná sin fágtha do na scannáin atá ina fíor clasaicí.

  • Closed Accounts Posts: 10 An Ghealt

    Yes Man 7 as 10
    Chun a bheith macánta ní rabhas ag súil le mórán nuair a chuas go dtí an phictiúrlann agus bhí saghas ionadh orm dá bharr. Scannán maith atá ann agus cheapas go raibh Carrey i bhfad níos greannmhaire ná mar a bhí le déanaí, i 'Fun with Dick and Jane' mar shampla. Bhí an scéal simplí agus abhairín intuartha, ní gá mórá smaoineamh a dhéanamh chun é a leanúint, ach fós bhaineas taitneamh as agus tá sé greannmhar, dar liom, agus is dócha gur sin an rud is tábhachtaí i gcás scannán grinn.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    B'aoibhinn liom Australia a chonacathas an deireadh seachtaine seo caite ach ta fhios agam nach mbainfeadh gach éinne sásamh as. Más maith leat Baz Lurhman le Moulin Rouge....téigh

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    The Strangers

    Scannán uafás, 5 as 10 ,dar liom, níl aon rud ar leith leis an gceann seo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Babylon AD 3 as 10 dar liom

    Seachas cúpla radharc aicsin anseo is ansiúd níl mórán le moladh.
    Seafóid den chéad scoth atá ann.

  • Closed Accounts Posts: 10 An Ghealt

    Chonac Role Models ag an ndeireadh seachtaine is cheapas go raibh sé ana mhaith. Bhí Sean William Scott agus Paul Rudd greannmhar go maith ach cheapas go raibh na aisteoirí óga thar barr ar fad. Bhí McLovin (Ní fheadar cad is ainm do ach déarfainn go mbeidh sé mar McLovin agam go deo!) ana mhaith ach b'é an buachaill óg réalt an scannáin seo. Arís tá an scéal simplí go maith, tá ar an bheirt leaids (Rudd agus Scott) aire a thabhairt des na buachaillí ar feadh 150 uair (nó rud éigin mar sin) nó bheadh orthu seal a chaitheamh i bpríosún agus tagann an chuid eile den scéal ós na heachtraí a bhíonn acu leo. Fágfaidh mé ansan é mar ní theastaíonn níos mó den scéal a scaoileadh. 8 as 10

  • Closed Accounts Posts: 970 ✭✭✭Kirnsy

    scannán den scoth é seo. bunaithe are an clár telifíse 'Who Wants to be a Millionaire' san Ind. ceol agus aisteoireacht iontach.

    árd mholadh ag gabháil don scannán agus do Danny Boyle a stiúr.

    9/10

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    An-leadránach. Téigigí go ceann eile.

    Cad is brí leis an damhsa ag an deireadh? Magadh an ea? Scannáin le gach rud ann agus ní raibh faic ann i ndeireadh na dála. Bhí sé an-'contrived'. Bhí gach ceann desna freagraí sa chlár teilifíse bunaithe ar a shaol - is féidir le leanbh scéal mar sin a scríobh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    topper75 wrote: »

    Tagaim le topper75 ar seo.
    Ní thuigim an ruaille buaille go léir faoin gceann seo, ar chor ar bith.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Hannibal Rising - Níos fearr ná mar a bhí mé ag súil leis. Insítear scéal inchreidte suimiúil faoi fhorbairt Hannibal Lecter ó pháiste/fhear óg go canablach craiceáilte. An rud is aistí faoin scannán (agus an rud is míshuaimhní, dar liom) ná go mbíonn an oiread sin bá agat leis agus é ag marú na ndaoine seo go brúidiúil. - 7/10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Valkyrie

    Scannán stairiúil lonnaithe i nGearmáin na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda atá ann. Scéal faoin choirnéal Claus von Stauffenberg (Tomáisín Crús) agus a iarrachtaí rialtas Hitler a scriosadh.
    Scéal spéisiúil agus tábhachtach fiú, b'fhéidir scéal ó WW2 ina bhféadfadh Gearmánaigh a bheith bródúil as .i. Gearmánaigh ag troid ar son cirt le linn na tréimhse is náirí i stáir na tíre sin.

    Ceann measartha maith, mholfainn é is dóigh.

    7 as 10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Ceann fíor-Iodáileach é seo faoin an coir eagraithe i Campania leis an 'Camorra'. Ní ghnáth-dráma atá ann agus ní ghnáth-clár fhaisnéise atá ann ach oiread, ach meascán idir an dhá chinn acu. Cruthaíonn siad pictiúr do domhan uafásach, gráinneach ina bhfuil an láidreacht agus an foiréigin ar barr, agus níl aon dul as. Insíonn siad scéalta cúpla áititheoirí éagsula, nach bhfuil aon nasc eatarthu. Ní raibh mórán spraoi ann agus beidh tú sásta go leor is tú ag teacht amach as an pictiúrlann go bhfuil tú i do chonaí in Éireann seachas Naples.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Letters from Iwo Jima

    Sár-scannán a stiúir Clint Eastwood as Seapáinis, faoi ionsaí na Meiriceánach ar oileán Iwo Jima le linn an Dara Cogadh Domhanda agus é inste ó dhearcadh na saighdiúirí Seapánacha. Léirítear daonnacht an dá thaobh ar bhealach thar a bheith réalaíoch agus báúil, ionas go dtuigimid go soiléir cé chomh craiceáilte is atá cogaíocht agus gur beag an difear atá idir saighdiúir ar thaobh amháin ná ar thaobh eile. Is deacair talann Clint Eastwood a shárú mar stiúrthóir, is dóigh liom. 8.5/10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »

    Thaitin an ceann sin go mór liom freisin, tá sé níos fearr ná Flags of Our Fathers i mo thuairim

    Hot Rod 2 as 10

    Scannán grinn atá go hiomlán áiféiseach, faigheann sé pointe toisc go bhfuil Isla Fisher ann agus pointe eile de bharr an cheoil.

    Don't Mess with the Zohan 1 as 10

    Seafóid. Faigheann sé pointe i ngeall ar na radharcanna oscailte

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »

    Don't Mess with the Zohan 1 as 10

    Seafóid. Faigheann sé pointe i ngeall ar na radharcanna oscailte

    Ba leor an réamhbhlaiseadh a chonaic mé chun an ruaig a chur orm!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Frost_nixon.jpg

    Mheas mé go raibh an scannán seo thar barr, ós rud é go bhfuil suim mhór agam i gcúrsaí polaitíochta. Bhí Frank Langella thar cionn agus é ag glacadh páirte Richard Nixon, iar-uachtarán faoi náire, a bhí ag iarraidh a dhea-chlú a shaothrú arís, trí shraith agallamh a dhéanamh leis an agallóir Sasanach, David Frost. Má tá suim ar bith agat i gcúrsaí staire agus polaitíochta Mheiriceá, beidh tú thar a bheith sásta leis an gceann seo. - 9/10

    Dála an scéil, tá sleachta de na hagallaimh bhunaidh a rinne Nixon le Frost, le fáil ar youtube.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    The Painted Veil

    painted%20veil.jpg

    Scéal grá é seo lonnaithe sa chianoirthear sna fichidí. Pósann na príomhcharachtair Edward Norton agus Naomi Watts ar chúiseanna míchearta agus níl sé fada go dtarlaíonn mídhílseacht, agus ansin díoltas. Agus iad i mbun aighnis, bíonn orthu plé le heipidéim chalair i gceantar iargúlta den tSín, áit a bhfuil gráin ar bhunaidh na háite roimh dhaoine geala cosúil leofa mar gheall go bhfuil an tír faoi riail choilíneach.

    Thaitin an scannán seo go mór liom. Tá na radhairc ar an tírdhreach go hálainn agus déanann Norton agus Watts beirt go maith ina bpáirteanna (cé go bhfuil Watts píosa beag ró-shean b'fhéidir). Tá an scéal díreach agus simplí ach fós féin tá sé atmaisféarach agus taitneamhach. 7/10

    Má tá tú ag fanacht istigh anocht le do pháirtí, molaim an ceann seo mar tá sé rómánsach gan a bheith 'cailíneach' má thuigeann tú mé.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Death Race 6 as 10

    Scannán maith aicsin lán beibeanna, rásaíochta carranna is foréigin .
    Cheap mé go mbeadh sé áiféiseach ar fad ach bhí sé go maith, mholfainn é...do bhuachaillí.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Le scaphandre et le papillon The Diving Bell and the Butterfly:
    7 as 10 (i mo thuairim)

    Scéal Jean-Dominique Bauby, iriseoir Francach a d'fhulaing stróc a d'fhág é gan ghluaiseacht ina chorp seachas a shúil chlé.
    D'inis sé a scéal le caochadh a shúile.

    Ceann spéisiúil atá stiúrtha go galánta ar fad ach atá beagáinín gruama.
    Mholfainn é.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ar eagla na heagla, agus ní chuimhním ar chuir mé léirmheas suas ar an tsuíomh seo ina leith roimhe, ach ba chóir do chuile dhuine an scannán Righteous kill a sheachaint. Tugaim an rabhadh seo toisc go bhfeicim go bhfuil a lán poiblíochta faoi le déanaí.
    Ach seo an scannán is measa ariamh.

    Tá an rabhadh agaibh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar

    vicky-cristina-barcelona.jpg

    Scannán maith ó Woody Allen. Is breá liom obair Woody agus bhíos ag súil go mór leis an scannán seo. Bhainis ard thaitneamh as.

    Is dlúthchairde iad Vicky agus Cristina a chaitheann Samhradh iomlán i mBarcelona. Ach ní mar a chéile iad áfach ó thaobh meoin agus pearsantachta dhe.
    Is duine caomhnach í Vicky. Tá sí stuama agus staidéartha. Ní maith lei bheith ag dul sa tseans. Tá sí geallta. Déanann sí gach iarracht a bheith dilís dá fear.
    Is duine liobrálach í Cristina. Is breá leí a rogha rud a dhéanamh. Tá sí abharaín ainsrianta.
    Buaileann siad le ealaíontóir mealltach dathúil - Juan Antonio. Tá tarraingt do shrianta ag an bhfear seo ar na mná. Mealltóir ban amach is amach is ea é. Tá sé thar a bheith magarlach. Buaileann an bheirt bhean leathar leis.
    Tháinig fuarallas trí Cristine amach agus borradh adhaill trí gach ball dá corp nuair a leag sí súil ar Juan. D'fhéach sí air ar bhealach craiceannach.
    Níor theastaigh ó Vicky leathar a bhualadh le Juan ach i ndeireadh na dála ghéill sí.
    Ansin buailimid le bean Juan - Maria Helena (Penelope Cruz). A leithéid de bhean - í fad chosach, dea chíochach agus uasal chumtha. Ach bhí sí glan as a meabhair agus ar buile. Bhíodh caint gan éifeacht ar siúl aici le linn a mearbhaill.
    Má sea feictear ceathrar phríomh charachtar atá eagsúil óna chéile sa scannán ach fós fite fuaite ina chéile. Tá na mion charachtair suimiúil freisin.
    Tá an-jab déanta ag Woody Allen sa scannán seo. Pléann sé dearcaidh eagsúla i leith an ghrá agus na rómánsaíochta.
    An taon locht a bheadh agam ar an scannán ná gur cheapas go mbeadh níos mó de bhréathacht Barcelona le feiceáil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Níl a fhios agam cad é faoin scéal sin a chuireann isteach go mór orm, b'fhéidir an chaoi a mbeadh mná chomh héasca!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Gran Torino

    gran-torino-movie.png

    Sár-dhráma ó dhuine de na stiúrthóirí/aisteoirí is fearr dá bhfuil ann; agus tá sé 78 bliain d'aois! Go maire sé an céad agus téigí féin ag an scannán seo! 9/10*

    *An t-aon locht atá agam ar an scannán seo ná nach raibh aisteoireacht na beirte óige go ró-mhaith, ach níor leor sin chun fiúntas an scannáin a laghdú.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Gran Torino

    Sár-dhráma ó dhuine de na stiúrthóirí/aisteoirí is fearr dá bhfuil ann; agus tá sé 78 bliain d'aois! Go maire sé an céad agus téigí féin ag an scannán seo! 9/10*

    *An t-aon locht atá agam ar an scannán seo ná nach raibh aisteoireacht na beirte óige go ró-mhaith, ach níor leor sin chun fiúntas an scannáin a laghdú.

    Níor chuala mé ach rudaí maithe faoin gceann seo.

    Agus níor chuala mé ach drochrudaí faoi scannán The Curious Case of Benjamin Button;
    Ach cheap mé féin go raibh sé go maith.
    Cíorann an scéal an saol agus caoi nach maireann muid ach seal.
    Tá taispeántais láidre ann ó Phitt agus Blanchett mar is dual dóibh
    7/10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Pride & Glory

    Scannán aicsin teannais faoi Ghael-Mheiriceánaigh atá sa bhfórsa póilíneachta in Nua Eabhrac. Fórsa atá beagnach go hiomlán salach i ngeall ar chaimiléireacht agus coiriúlacht atá ann.
    Imríonn Cóilín Ó Fearúil an garda truaillithe foréigneach Jimmy Eagan, tá Éamonn Ó Neachtain ann mar an cop maith Ray Tierney.
    Agus tá an scannán bunaithe ar a n-iarrachtaí teacht ar choirpeach eile agus na fadhbanna a chruthaítear dóibh nuair a thagann an fhírinne amach.

    Sílim go raibh sé go maith, ach d'airigh mé go bhfaca mé roimhe é, má thuigeann tú leat mé. Cheapas gur thosaigh an scannán ag tarraingt na gcos tar éis tamaill agus go raibh an chríoch beagáinín lag.

    Ceann measartha 6 as 10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar

    Sár-dhráma ó dhuine de na stiúrthóirí/aisteoirí is fearr dá bhfuil ann; agus tá sé 78 bliain d'aois! Go maire sé an céad agus téigí féin ag an scannán seo! 9/10*

    Tagaim leat a Mhúinteoir.Tá Gran Torino ar cheann de na scannáin is bréatha ina dhéantús agus ina chur le chéile dá bhfaca le fada.
    Bhaineas ard thaitneamh as. Éiríonn go seoigh le Clint Eastwood an dá thráigh a fhreastal mar ní hamháin go bhfuil mianach ann
    mar aisteoir ach tá sé go diail mar stiúrthóir. Ón tús bhíos húcáilte ag draíocht an scannáin. Seasann an scannán seo amach ar son a chríochnúlacht agus a cheardaíocht.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Watchmen

    Lonnaithe i Meiriceá i lár na hochtóidí, ach mar gheall ar thionchar na sárlaochra(Watchmen) chuaigh stair na stáit i dtreo eile. Tá Nixon fós in oifig. Agus tá cogadh núicléach á bhagairt ar an domhan idir SAM agus an USSR.

    Scannán fíor-spéisiúil galánta atá sa gceann seo, i mo thuairim. Agus an t-aon rud atá cinnte faoi ná beidh tuairimí difriúla ag chuile mhac mháthair ina leith.
    Má tá tú ag súil le scannán sárlaochra ar nós Superman/Spiderman nó Fantastic Four bheadh dul amú orm.
    Seo scannán fada, duairc, dáiríre agus lán foréigin.

    Beidh, agus sílim go bhfuil, daoine ag rá go bhfanann an scannán seo ró-dhílis don ghreannán bunaidh. Seafóid. Buíochas le Dia d'fhan siad dílis agus i ngeall ar sin tá cult-clasaic ar an toirt againn. Ní dhéantar iarracht an script nó an scéal a lagú ar chor ar bith, ach is dóigh mar sin, seans nach bhfuil an scannán seo oiriúnach don ghnáth lucht féachana i ndáiríre.

    I mo thuairim 8.5 as 10

    Ach déarfainn go dtabharfaidh a lán 5 nó 6 as 10 air.

    Tá grádú 16 ar an gceann seo ach ba chóir go mbeadh grádú 18 air. Chonac a lán páistí agus a dtuismitheoirí ag fágáil de bharr foréigin agus gnéis sa scannán.

Advertisement