civis_liberalis wrote: » Transporter 3 (6/10) Bhí an chéad scannán iontach, ach ní raibh an dara ceann chomh maith leis agus anois, táim den tuairim go raibh sé seo níos measa arís.
topper75 wrote: » An-leadránach. Téigigí go ceann eile. Cad is brí leis an damhsa ag an deireadh? Magadh an ea? Scannáin le gach rud ann agus ní raibh faic ann i ndeireadh na dála. Bhí sé an-'contrived'. Bhí gach ceann desna freagraí sa chlár teilifíse bunaithe ar a shaol - is féidir le leanbh scéal mar sin a scríobh.
Múinteoir wrote: » Letters from Iwo Jima Sár-scannán a stiúir Clint Eastwood as Seapáinis, faoi ionsaí na Meiriceánach ar oileán Iwo Jima le linn an Dara Cogadh Domhanda agus é inste ó dhearcadh na saighdiúirí Seapánacha. Léirítear daonnacht an dá thaobh ar bhealach thar a bheith réalaíoch agus báúil, ionas go dtuigimid go soiléir cé chomh craiceáilte is atá cogaíocht agus gur beag an difear atá idir saighdiúir ar thaobh amháin ná ar thaobh eile. Is deacair talann Clint Eastwood a shárú mar stiúrthóir, is dóigh liom. 8.5/10
Stollaire wrote: » Don't Mess with the Zohan 1 as 10 Seafóid. Faigheann sé pointe i ngeall ar na radharcanna oscailte
Múinteoir wrote: » Gran Torino Sár-dhráma ó dhuine de na stiúrthóirí/aisteoirí is fearr dá bhfuil ann; agus tá sé 78 bliain d'aois! Go maire sé an céad agus téigí féin ag an scannán seo! 9/10**An t-aon locht atá agam ar an scannán seo ná nach raibh aisteoireacht na beirte óige go ró-mhaith, ach níor leor sin chun fiúntas an scannáin a laghdú.