Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Scannáin - Moladh agus Cáineadh

135

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bhí mé ag féachaint ar War of the Worlds ar an mbosca. Bhí Tom Cruise in ainm is a bheith ina oibrí duga i Nua Eabhrac ach cé go bhfuil blas tiubh na cathrach sin ag gach daoine eile, bhí sé ag labhairt an chaoi chéanna agus a labhraíonn sé i ngach scannán eile dá chuid. Beidh Tommy ag fanacht píosa fada sula bhfaigheadh sé Oscar i mo thuairim.

    War of the Worlds -6/10


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Bobby

    Scéal faoi ghrúpaí daoine éagsúla a bhí in Óstán an Ambassador ar feadh an lae sular feallmharaíodh an Seanadóir Robert Kennedy ansin.

    Mheas mé go raibh sé thar barr mar scéal daonna agus bhí an oiread sin 'cameos' ó scata mór aisteoirí cáiliúla, rud a chuir go mór leis an scannán, dar liom. Déantar na pearsana go léir a shnaidhmeadh le chéile ar bhealach an-mhaith ar deireadh. B'fhiú go mór an scannán seo a fháil ar cíos. 8.2/10


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Indiana Jones 4

    I bhfad níos fearr ná mar a bhí mé ag súil leis. 7.3/10.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Múinteoir wrote: »
    Indiana Jones 4

    I bhfad níos fearr ná mar a bhí mé ag súil leis. 7.3/10.

    7.3? An-chruinn, a Mhúinteoir.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    7.3? An-chruinn, a Mhúinteoir.

    Bhí níos mó ná seacht tuillte aige, ach ní raibh mé sásta ocht a bhronnadh air. :) Uaireanta, bíonn an córas marcála idir 1-10 ró-lom.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 939 ✭✭✭Aurora Borealis


    Múinteoir wrote: »
    Bhí níos mó ná seacht tuillte aige, ach ní raibh mé sásta ocht a bhronnadh air. :) Uaireanta, bíonn an córas marcála idir 1-10 ró-lom.


    Bhuel pé scéal é ní fhéadfá a sheanadh gur Múinteoir thú.
    Ceart ar fad agat dár ndóigh!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Indiana Jones 4

    I bhfad níos fearr ná mar a bhí mé ag súil leis. 7.3/10.

    tá sé go deas léirmheas maith amháin don scannán sin a fheiceáil.
    Chuala mé ó dhaoine agus léigh mé go raibh sé uafásach ar fad

    The Kite Runner: 5 as 10

    Níl sé chomh hiontach is atá an leabhar, faraor.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Conas is féidir le scannáin a bheith chomh maith leis an leabhar?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Chonacthas 'The Incredible Hulk' aréir.

    Iontach amach is amach, an-jab déanta ag Ed Norton, agus bhí an scannánaíocht thar cinn.

    An bhfaca éinne eile é go fóill?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    topper75 wrote: »
    Conas is féidir le scannáin a bheith chomh maith leis an leabhar?

    Nuair atá an leabhar go dona, b'fhéidir.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    topper75 wrote: »
    Conas is féidir le scannáin a bheith chomh maith leis an leabhar?

    Má fhanann sé dílis don scéal agus má sheachnaíonn sé an iomarca gearrthacha ar bhord na heagarthóireachta ionas nach mbeadh cuma deifre air.

    Lord of the Rings mar shampla.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chonacthas 'The Incredible Hulk' aréir.

    Iontach amach is amach, an-jab déanta ag Ed Norton, agus bhí an scannánaíocht thar cinn.

    An bhfaca éinne eile é go fóill?

    Caithfidh go mbeadh sé i bhfad níos fearr ná an tseafóid sin a chuir Ang Lee le chéile cúpla bhliain ó shin


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Chonaic mé Breakfast on Pluto aréir. Bhí sé beagáinín ró-aisteach domsa mar scannán, ach bhí Cillian Murphy thar barr i bpáirt an fhir bhaineanda a dtaitníonn éadaí na mban leis. Tá an t-atmaisféar céanna ann is a bhí sa scannán The Butcher Boy, scannán eile a bhí bunaithe ar leabhar de chuid Pat McCabe.

    Cé nach raibh mé ró-thógtha leis an scannán, léirigh Murphy a chumas aisteoireachta go soiléir ann - 5.2/10


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Charlie Wilson's War: 7 as 10

    Gheobhadh sé 8 as 10 uaimse, ach tá Julia Roberts ann!
    Fíorscéal inspéise faoi fheisire as Texas agus é ag iarraidh na hAfganastánaigh a chabhrú in aghaidh na Rúisigh.

    Sár-aisteoireacht ó Philip Seymour Hoffman agus Tom Hanks araon, le cúpla radharc iontach ann idir an bheirt.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Children of Men

    Bhí coincheap thar a bheith suimiúil i gceist leis an scannán seo, ach rinneadh déileáil uafásach leis sa phlota áiféiseach doiléir easnamhach a bhí i gceist. Ach bhí an cheamaradóireacht thar a bheith maith. Is mór an trua nár chaith an stiúrthóir an oiread céanna dua leis an scéal. :( 5/10


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    The Dark Knight: 8 as 10

    Thar cionn ar fad, is fiú an ceann seo a fheiceáil le haghaidh taispeántas Ledger mar an Joker amháin.
    Níor thaitin roinnt rudaí liom .i. Batman ag baint úsáide as gach ghutháin póca sa gcathair le haghaidh radharc sonóra amaideach srl.
    Ach tríd is tríd, scannán iontach.

    10,000 BC:1 as 10

    Deargsheafóid ar fad atá ann, seachain an ceann seo ar nós na plá.
    Faigheann sé an pointe amháin uaim de bharr an radhairc leis an seilg mamait


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    The Dark Knight: 8 as 10

    Thar cionn ar fad, is fiú an ceann seo a fheiceáil le haghaidh taispeántas Ledger mar an Joker amháin.
    Níor thaitin roinnt rudaí liom .i. Batman ag baint úsáide as gach ghutháin póca sa gcathair le haghaidh radharc sonóra amaideach srl.
    Ach tríd is tríd, scannán iontach.

    Bhí sé an-mhaith, cinnte. Ach na rudaí ba mhó a chuir as domsa ná go raibh sé deacair an scéal agus an t-aicsean a leanúint cuid den am. Uaireanta níor léir cérbh iad na daoine a bhí ag troid ná na daoine a bhí á bplé. Ach ba lochtanna beaga iad sin. 7.9/10 uaimse.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Diary of The Dead. 0 as 10. ( nó -1000000000 as 10 )

    Chuala mé go raibh George A. Romero thaobh thiar den scannán sin agus mhúscail mo shuim, faraor, ní raibh a fhios agam go bhféadfadh scannán a bheith níos measa ná 10,000 BC!

    Seo an scannán is measa a bhfaca mé ariamh.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    The Departed - 8/10

    Scannán coireachta an-mhaith, ina bhfuil go leor cor sa scéal.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Batman: An Ridire Dorcha :D

    10 as 10.

    Tá sé píosa ó chonaic mé é anois ach tá lorg an scannáin fós á mothú agam.

    Bhí Heath Ledger íontach.

    Nuair a eisíodh an scannán bhí gach duine ag caint faoi an Oscar a bheith ag Ledger, ach bhí mé lán-chinnte nach raibh a leithéad á rá mar go raibh Ledger imithe ar shlí na fírinne. Feicim anois nach fíor é sin ar chor ar bith.

    Táim ag tnúth go mór leis an chéad scannán eile de chuid Batman, ach gan Ledger beidh siad ag déanamh go maith na sluaite a mhealladh.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Chonaic mé an Ridire Dorcha agus níl mórán le rá agam nach bhfuil ráite go maith ag daoine eile cheana seachas seo, agus ní chreidim go bhfuil mé chun an méid seo a rá, ach b'fhearr go mór liom Katie Holmes sa pháirt Rachel Dawes. Ní thuigim cén fáth a chuir siad Maggie Gyllenhaal ina háit.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Step Brothers: 8.5 as 10

    An scannán is greannmhaire a bhfaca mé le fada an lá.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits


    Stollaire wrote: »
    Step Brothers: 8.5 as 10

    An scannán is greannmhaire a bhfaca mé le fada an lá.

    Aontaim leat. Bhí mé beag nach ag caoineadh cupla uair.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Poll Dubh wrote: »
    b'fhearr go mór liom Katie Holmes sa pháirt Rachel Dawes. Ní thuigim cén fáth a chuir siad Maggie Gyllenhaal ina háit.

    Dár liomsa, rinne Katie Holmes páirt Rachel Daves a ghlacadh go maith i Batman Begins. Bhí an stíl a bhí aici feiliúnach di.

    Níor thaitin Gyllenhaal liom an oiread sin, ach is féidir a rá gur chuir Ledger gach duine eile sa scáil. Dá bhrí sin, níor mhaith liom an iomarca cáineadh a dhéanamh ar aon duine acu.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits


    Múinteoir wrote: »
    Children of Men

    Bhí coincheap thar a bheith suimiúil i gceist leis an scannán seo, ach rinneadh déileáil uafásach leis sa phlota áiféiseach doiléir easnamhach a bhí i gceist. Ach bhí an cheamaradóireacht thar a bheith maith. Is mór an trua nár chaith an stiúrthóir an oiread céanna dua leis an scéal. :( 5/10


    An bhaca tú na breise (extra's)? Cheap mé go raibh an scannán go maith, ach tar éis a chonaic mé na agallaimh agus "the making", d'fhéach mé air arís agus cheapaim go sé thar barr 9/10


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    The Duchess

    Níos suimiúla ná mar a bhí mé ag súil leis (agus is fuath liom Kiera Knightley, de ghnáth). Tá sé bunaithe ar fhíorscéal agus tugtar léargas an-mhaith ann ar na nósanna moráltachta áiféiseacha a bhí ag an uasaisme i Sasana sa 18ú haois. Bhí Ralph Fiennes thar barr i bpáirt an Diúic chomh maith.

    6.5/10


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Pineapple Express

    Scannán faoi stoner ceart Dale Denton (Seth Rogen) (Cad é an Ghaeilge le haghaidh Stoner?) agus eachtraí áiféiseacha a tharalaíonns dó nuair a fheiceann sé dúnmharú idir dronga drugaí.
    Bhí sórt iarracht de "bhuddy movie" sa gceann seo, ach ní shílim gur bhain siad an sprioc sin amach ar chor ar bith.
    Tá cúpla radharc greannmhar ann ach ní raibh an scannán seo chomh ghreannmhar le Knocked Up agus Super Bad, scannáin eile déanta ag an léiritheoir céanna Judd Apatow.

    Ní mholfainn é i ndáiríre

    5 as 10


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Cad é an Ghaeilge le haghaidh Stoner?

    b'fhéidir..
    andúileach marachuan?

    Ar aon chaoi, go raibh maith agaibh as na léirmheasanna. Coinnígí iad ag teacht. Ní chuirim mórán léirmheasanna suas mar faoin am a fheicim scannáin de ghnáth tá siad dearmadta ag chuile dhuine eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Wall-E 10 as 10

    Ceann de na scannáin is fearr a bhfaca mé le fada.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    The Day the Earth Stood Still 7.5 as 10

    Athdhéanamh ar shean-scannán atá ann
    Agus is scannán é ar nós Wall-e le teachtaireacht láidir ó thaobh na timpeallachta de.
    Taispeántas maith ó Reeves sa gceann seo.


Advertisement