Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Scannáin - Moladh agus Cáineadh

245

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Chonaic mé Enchanted in éineacht le mo chailín an tseachtain seo caite. Bhí sé níos fearr ná mar a cheapfá. Cuíosach greannmhar agus an scéal ar nós Shrek. 6/10.

    :eek: a dhuine chóir, an bhfuil tú ag magadh? Tá súil agam go bhfuil!
    b'fhéidir go raibh tú ag breathnú ar do chailín níos mó ná an scannán


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    :eek: a dhuine chóir, an bhfuil tú ag magadh? Tá súil agam go bhfuil!
    b'fhéidir go raibh tú ag breathnú ar do chailín níos mó ná an scannán

    An bhfaca tú féin é?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    An bhfaca tú féin é?

    Ní fhaca. Is fearr liom mo chinneadh a dhéanamh ar scannán gan é a fheiceáil.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    Ní fhaca. Is fearr liom mo chinneadh a dhéanamh ar scannán gan é a fheiceáil.

    :rolleyes:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    :rolleyes:

    Ní raibhas ach ag magadh i ndáiríre ach bhunaigh mé an tuairim sin ar léirmheasanna a chonaic mé ar an teilifís agus a léigh mé maidir leis an scannán seo de. Mar shampla, dúirt mo dhuine Mac Gearailt (a dhéanann na léirmheasanna scannáin i Foinse) go raibh sé i bpian fisiceach ag breathnú air.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    Ní raibhas ach ag magadh i ndáiríre ach bhunaigh mé an tuairim sin ar léirmheasanna a chonaic mé ar an teilifís agus a léigh mé maidir leis an scannán seo de. Mar shampla, dúirt mo dhuine Mac Gearailt (a dhéanann na léirmheasanna scannáin i Foinse) go raibh sé i bpian fisiceach ag breathnú air.

    Braitheann sé ar an méid a bhfuil duine ag súil leis. Má tá sé ag súil le Citizen Kane eile, beidh díomá air. Má théann sé isteach le hintinn oscailte, seans go mbainfidh sé taitneamh as scannán, nuair nach raibh sé ag súil lena leithéid de chás.
    Chonaic mé 3:10 to Yuma anocht. Mheas mé féin go raibh sé thar barr. Bhí Russell Crowe agus Christian beirt an-mhaith ina bpáirt féin. Ach is duine mé a dtaitníonn 'Westerns' leis. Ní raibh an leagan bunaidh feicthe agam. N'fheadar an bhfuil sé níos fearr nó níos measa. Bronnaim 7.5/10 ar an scannán seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is aoibhinn liom na Westerns freisin, bheinn sásta fanacht sa bhaile ag féachaint orthu ar TG4 gach tráthnóna Dé hAoine ach níl mo chailín den tuairim chéanna faraor. Ach b'fhéidir go mbeadh mé in ann í a mhealladh go dtí an phictiúrlann chun an ceann úr seo a fheiceáil.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Braitheann sé ar an méid a bhfuil duine ag súil leis. Má tá sé ag súil le Citizen Kane eile, beidh díomá air. Má théann sé isteach le hintinn oscailte, seans go mbainfidh sé taitneamh as scannán, nuair nach raibh sé ag súil lena leithéid de chás.

    b'fhéidir go bhfuil an ceart agad...ach fós faigheann sé mo stampa..fiú nach bhfuil sé feicthe agam!

    Untitled+1.jpg



    Tá an scannán Cloverfield feicthe agam le déanaí, ba scannán measartha maith é. 7 as 10 Untitled+1.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Mo rogha mar scannán is measa nach bhfaca mé féin:

    battlefi.jpg


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Físeán speisialta, tiomanta do Stollaire. Tá brón orm go bhfuil sé ró-dhéanach do Lá Fhéile Valaintín. ;)


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Físeán speisialta, tiomanta do Stollaire. Tá brón orm go bhfuil sé ró-dhéanach do Lá Fhéile Valaintín. ;)

    :eek: Ní féidir liom é a chreidiúint ach braithim an phian a raibh mo dhuine, an léirmheastóir, ag caint fúithi...

    Tá mo dhóthain agam, an scannán is measa ARIAMH, níl aon amhras faoi! :(


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    :eek: Ní féidir liom é a chreidiúint ach braithim an phian a raibh mo dhuine, an léirmheastóir, ag caint fúithi...

    Tá mo dhóthain agam, an scannán is measa ARIAMH, níl aon amhras faoi! :(

    Tá a fhios agam go maith go raibh tú ag canadh in éineacht leis an gceol. ;)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Tá a fhios agam go maith go raibh tú ag canadh in éineacht leis an gceol. ;)

    Bhí sé chomh dona sin níl mé inn ann a bheith ag magadh faoi fiú amháin...
    :(:( ní rabhas ag canadh in éineacht leis an "gceol"!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Chonaic mé There Will Be Blood ar an deireadh seachtaine. Bhí fuil ann cinnte ach bhí sé ag teacht as mo shúile agus mo chluasa. Chuaigh mé chuig scannáin seo chun éalú ó theach mo mháthair ar feadh cúpla uair agus mar gheall ar Oscar a ghnóthaigh Daniel Day Lewis mar aisteoir is fearr. Ach níl scéal ar bith leis, bheadh tráthnóna níos suimiúla agam sa bhaile ag breathnú ar mo mháthair ag cniotáil.


  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Níl sé éasca mar scannán, is cinnte é sin!

    Thaitnaigh sé go mór liomsa. Chonaic muid é Dé Domhnaigh. Tá an ceart agat nach bhfuil mórán de scéal ag baint leis, ach is ar na phearsantachtaí atá an scannán dírithe.

    Ar cheap tú go raibh Daniel Day Lewis ag déanamh aithris ar Ron Burganday leis an charactéar sin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Das Kitty wrote: »

    Ar cheap tú go raibh Daniel Day Lewis ag déanamh aithris ar Ron Burganday leis an charactéar sin?

    Ron Burgundy ón Anchorman ab ea?


  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Sea.

    Bhí siad ag labhairt faoi ar After Hours níos luaithe sa seachtain.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá siad cosúil le chéile gan dabht:)
    there+will+be+blood_855_18387619_0_0_7008373_300.jpgron-burgundy-3717.jpg

    Ní thagaim le do phointe ar phearsantachtaí sa scannán mar gheall ar bhearnaí ollmhór san fhorbairt carachtair (go háirithe turas Daniel go dásacht agus a ghaol le H.W.). Chuir an cheist Paul/Eli mearbhall orm freisin.


  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Is cúpla iad.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Das Kitty wrote: »
    Is cúpla iad.

    Tuigim sin ach ní raibh gá leis. Cad a bhí an pointe le cúpla a úsáid?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Múinteoir wrote: »
    Chonaic mé American Gangster ag an deireadh seachtaine. Bhí sé thar barr agus is aisteoir sár-cool é Denzel Washington. Bhí Russell Crowe go han-mhaith chomh maith. Mholfainn do dhuine ar bith é a fheiceáil. 9/10.

    Fuair mé é amach ar DVD aréir, tagaim leat, thar barr ar fad.


  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Ceist mhaith.


    B'fhéidir chun léiriú gur féidir le beirt atá chomh simiúl bheith chomh difriúl?

    Ba chóir dúinn ceist a chuir ar Mark Kermode, deireann sé go dtuigeann sé anois é i ndiadh é a fheiceál trí nuaire.
    :p


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Das Kitty wrote: »
    Ceist mhaith.


    B'fhéidir chun léiriú gur féidir le beirt atá chomh simiúl bheith chomh difriúl?

    Ba chóir dúinn ceist a chuir ar Mark Kermode, deireann sé go dtuigeann sé anois é i ndiadh é a fheiceál trí nuaire.
    :p

    Cén chaoi a raibh siad difriúil, bhí siad beirt ag lorg airgid, nach raibh?

    Ní sheasann an scannán ar a chosa féin, níor thuig mé i gceart cad a bhí an stiúrthóir ag iarraidh a rá go dtí gur léamh mé faoin scannán ina dhiaidh é a fheiceáil. Ní thuigim Mark Kermode ach oiread, ach sin scéal eile.:)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Cúpla scannáin feicithe agam le déanaí:

    Le moladh:

    The Orphanage – Thar bharr ar fad. Scannán den scoth. Ná cháil amach air.

    Juno – An greannmhar ar fad – ach go háirithe mar gheall ar na lads ó Arrested Development, Jason Bateman agus Michael Cera. Tá JK Simmons ó Oz sa scannáin chomh maith – aisteoir den chéad scoth.

    I Am Legend – Thaithin an chéad leath den scannáin go mór liom – ní raibh mé chomh tógtha céanna leis an dara leath, ach bhí sé go maith in ainneoin.

    Le Cáineadh:

    Cloverfield – Bhí mé ag súil go fada chun an scannáin seo a fheiceáil, ach lig sé síos go mór mé.

    Awake – Smaoineamh maith, ach déanta go dona. Ba chuma liom faoi na carachtair uilig – agus fiú le Jessica Alba agus Fisher Stevens sa bhall aisteoirí, níor thaithin sé liom ar chor ar bith.

    10,000 BC – An scannán ba mheasa riamh. Uafásach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Costálann sé 10 friggin Euro le haghaidh ticéid sa bpictiúrlann anois! Dheabhail a mhaicín.

    In Bruges: 5 as 10.

    The Assination of Jesse James by the Coward Robert Forde: 8 as 10

    The Hoax: 3 as 10


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Costálann sé 10 friggin Euro le haghaidh ticéid sa bpictiúrlann anois! Dheabhail a mhaicín.

    Ná déan dearmad ar an bpraghas mór curtha ar ghrán rósta, deochanna fiosaí agus gach eile dramhbhia ann. Is gadaíocht cruthanta é.


  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Níor cheannaigh mé bia sa phictiúrlann le fada an lá.

    Tabhair slám ceapairí leat thíos do bhrístí. ;)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Ná déan dearmad ar an bpraghas mór curtha ar ghrán rósta, deochanna fiosaí agus gach eile dramhbhia ann. Is gadaíocht cruthanta é.

    Sin é, 10 Euro le haghaidh buidéal uisce, grán rósta beag agus mala beag milseáin.

    Rescue Dawn: 8 as 10

    American Gangster: 6 as 10

    We Own The Night: 6 as 10

    Lions For Lambs: 5 as 10

    Rendition: 8 as 10

    30 Days of Night: 8 as 10 (Is breá liom scannáin zombaithe)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,034 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Nach bhfuil Garage feicthe ag aon duine? Fuair mo mháthair é (ná bacaigi leis an magadh!) ar DVD mar bhronntanas agus bhiomar ag féachaint ar inné. Tá Pat Short go hiontach mar Josie, an priomhcharactair, an-difriuil ar fad ó na rudai greannmhara a dhéanann sé de gnáth. Téann sé ar siul go (saghas) mall ach ag an am ceanna is piosa ealaine é mar scannán. 8/10 i mo thuairim.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá léirmheas ar an scannán nua Indana Jones i nós* an mhí seo

    http://www.nosmag.com/eagrain/eagrain.html

    léirmheasín:
    Breach: 6 as 10


Advertisement