Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

1568101113

Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Paz-CCFC wrote: »
    Cad é an Ghaeilge do "sympathy/sympathies" i gcomhthéacs bhás duine? An n-úsáidfí "comhbhá" - "Ba mhaith liom mo chomhbhánna a thabhairt"?

    Comhbhrón. Rinne mé comhbhrón leis ar bhás a athar.
    Paz-CCFC wrote: »
    Freisin, nuair a chuirtear h nó t tar éis focal a thosnaíonn ar guta, an chuirtear fleiscín leis? An ndéarfá "a hathair" nó "a h-athair"? Mar is eol dom, déantar é más litir bog é, ach ní déantar é más cheannlitir é. An sin ceart?

    Ní chuirtear riamh. Seanriail atá ansin.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Ach, a Mhiclín, más "t" (msh, an t-airgead, an t-uachtarán) nó urú ar guta (msh, muntir na n-áiteanna), nach mbíonn fleiscín i láthair?

    Ceist eile - i gcás Thuisil Ghinidigh na huimhreach iolra, an bhfuil an t-urú a thagann isteach ag brath ar an ainmhfhocal? Nó an dtéann sé isteach, fiú muna bhfuil ainmhfhocal i gceist?

    Táim ag iarraidh Gaeilge a chuir ar The Registrar of Friendly Societies for Ireland. Níl a fhios agam an ionann an freagra agus Cláraitheoir gCara-Chumann na hÉireann, nó ar chomhair dom an t-urú a bhaint.

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Nuair a bhíonn dhá ghinideach i ndiaidh a chéile, ní chuirtear ach séimhiú ar an gcéad cheann. Msh: Cláraitheoir Chara-Chumainn na hÉireann

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Aard wrote: »
    Nuair a bhíonn dhá ghinideach i ndiaidh a chéile, ní chuirtear ach séimhiú ar an gcéad cheann. Msh: Cláraitheoir Chara-Chumainn na hÉireann

    Cad mar gheall ar fhrásanna cosúil le Comhairle Cathrach ChorcaíCumann Peile na hÉireann. Mar is eol domsa, má bhíonn trí nó níos mó ainmhfhocal le chéile, caithfear na frásanna éagsúla istigh sa phríomhfhrás a roinneadh suas agus gheobhfar an freagra ó sin. Msh:
    Cork City Council - (the city council) of (Cork)
    • Comhairle Chathair Chorcaí - (comhairle na cathrach) do (Corcaigh).
    • Sa chás seo, tógfar an frása "comhairle na cathrach" mar ainmfhocal amháin, agus cuirfear "Corcaigh" isteach sa thuiseal ginideach dá bharr.
    Members of Dháil Éireann - (members) of (Dáil Éireann)
    • Comhaltaí Dháil Éireann - (comhaltaí) do (Dáil Éireann).
    • Sa chás seo, tagann an frása le dhá ainmfhocal i ndiaidh an frása le hainmfhocal amháin. Mar sin, ní chuirfear ach séimhiú ar "Dáil", mar tá sé mar pháirt d'fhrása níos mó. Ní sin an cás le "Corcaigh" sa tsampla thuas.
    I mo chéad shampla, sa phostáil dheireanach:
    The Registrar of Friendly Societies for Ireland - ((The Registrar) of (Friendly Societies)) for (Ireland)
    • Cláraitheoir gCara-Chumainn na hÉireann - ((An Cláraitheoir) do (Cara-Chumainn)) do (Éirinn)
    • B'fhéidir gur Cláraitheoir na gCara-Chumann d'Éireann an freagra?

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Ahh, cheapthas gur (The Registrar) of (Friendly Societies for Ireland) a bhí ann. (Níl aithne orm ar an ngrúpa leis an fhírinne a insint.)

    Sa chás gur (The Registrar of Friendly Societies) for (Ireland) atá ann, is dócha go ndeirfinn Cláraitheoir na gCara-Chumann in Éireann nó rud mar sin. Ní úsáidfinn an TG le haghaidh Éire*.

    *ann :D

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    I ndáiríre, ba chomhair dom é sin a shonrú ar dtús. Bhí an Ghaeilge do "The Registrar of Friendly Societies", agus bhíos ag iarraidh Éire a chuir ina dhiaidh. Gabh mo leithscéal, Aard!

    Ach, ag labhairt go ginearálta, dárb* Cláraitheoir gCara-Chumann na hÉireann an freagra, an mbainfí an urú de bharr nach bhfuil an t-alt roimhe?

    *Agus tugann an focal seo ceist eile dom. Cén copail a húsáidtear má tá "dá + is/ba" á lorg agat? Ceist laistigh do cheist - seo é an Inception do dhomhain na gramadaí!

  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf

    Cláraitheoir na gCara-Chumann
    Féach anseo:
    http://www.cro.ie/gaa/business-registration-society-union.aspx

    "Tá Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS) freagrach as clárú agus rialú ginearálta na gCumann Tionscail agus Coigiltis, na gCara-Chumann agus na gCeardchumann."

    I think the Register of Friendly Societies of Ireland would be this:
    Cláraitheoir Chara-Chumann na hÉireann.

    Ní uraítear an tuiseal ginideach iolra ach amháin tar éis an ailt.

  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf

    Aard wrote: »
    Ahh, cheapthas gur (The Registrar) of (Friendly Societies for Ireland) a bhí ann. (Níl aithne orm ar an ngrúpa leis an fhírinne a insint.)

    Sa chás gur (The Registrar of Friendly Societies) for (Ireland) atá ann, is dócha go ndeirfinn Cláraitheoir na gCara-Chumann in Éireann nó rud mar sin. Ní úsáidfinn an TG le haghaidh Éire*.
    Pointe beag:
    in Éirinn
    muintir na hÉireann

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Gabh mo leithscéil! Bhí sin ar eolas agam (i ndáiríre!) -- cuirim an mileán ar ró-úsáid an tuisil ghinidigh agam!

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Tá ceist eile agam faoin Tuiseal Ginideach. Cad a dhéantar nuair atá frása agat, sa TG ina bhfuil an t-alt ag tús an fhrása in ionad i lár bpoill, agus tagann ainmfhocal eile/réamhfhocal chomshuite roimh an bhfrása. Mar is eol dom, fágtar sa Tuiseal Ainmneach é, ach cad a tharlaíonn leis an t-alt? An bhfágtar ann nó an bhaintear é? Má fhágtar é, an gcuirtear urú ar an ainmhocal ina dhiaidh dá bharr?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    An féidir leat sampla a thabhairt?

    An bhfuil múnla mar seo i gceist agat:

    an fear tí > mac an fhir tí > le haghaidh mhac an fhir tí

    ?

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    "Na Fánaithe Bhré" is ea an frása a bhí agam, agus bhíos ag iarraidh "i gcoinne" a chur roimhe.

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Paz-CCFC wrote: »
    "Na Fánaithe Bhré" is ea an frása a bhí agam, agus bhíos ag iarraidh "i gcoinne" a chur roimhe.

    Ar an gcéad dul síos, níor chóir go mbeadh "Na" ann.

    Is ainmfhocal cinnte é Bré. (logainmneacha, ainmneacha, "an" nó "na" roimh ainmfhocal [an fear, na fir]. Ní féidir dhá ainmfhocal chinnte teacht i ndiaidh a chéile mar aonad amháin brí. Mar sin, ba chóir "Fánaithe Bhré" a bheith ann.

    Ansin, nuair a chuirtear "i gcoinne" roimhe, ba chóir séimhiú a chur ar an bhfocal "Fánaithe". Tugtar Foirm an Ainmnigh in Ionad an Ghinidigh ar an bpointe gramadaí seo.

    "Tá Manchain Aontaithe ag imirt cluiche i gcoinne Fhánaithe Bhré."

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Ar an gcéad dul síos, níor chóir go mbeadh "Na" ann.

    Is ainmfhocal cinnte é Bré. (logainmneacha, ainmneacha, "an" nó "na" roimh ainmfhocal [an fear, na fir]. Ní féidir dhá ainmfhocal chinnte teacht i ndiaidh a chéile mar aonad amháin brí. Mar sin, ba chóir "Fánaithe Bhré" a bheith ann.

    Cad mar gheall ar ainmneach mar "(na) Ruagairí Seamróige/Shligigh (Shamrock/Sligo Rovers)" nó "Cláisreacha (na) Finne" (Finn Harps)? Cad a bheadh an scéal leis an alt sna cásanna seo?
    "Tá Manchain Aontaithe ag imirt cluiche i gcoinne Fhánaithe Bhré."

    Ina gcuid brionglóidí, b'fhéidir!

  • Registered Users Posts: 6,840 ✭✭✭Luno

    Ceist amháin agam. An bhfuil aon Gaeilge ar an leagan cainte "polka dots".

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    "Poncanna Polca"; Tagann an focal polka as an damhsa (d'fhéach mé ar Wikipedia; náire orm! :rolleyes:); déarfainn gur féidir leat aistriúchán díreach a dhéanamh.

  • Moderators, Education Moderators Posts: 8,572 Mod ✭✭✭✭Canard

    Dia dhaoibh :) Bhí mé ag féachaint ar mo sraithpictuirí ag stadéir toisc go mbeidh mo scrúdú béal agam Dé Luain :eek: Ach nílim sásta faoi cúpla rud - ní dhúirt mo mhuinteoir aon rud ach táim measca suas, tá rudaí fós mícheart i mo thuairim. An féidir libh cabhrú liom? :)

    Ar an gcéad dul síos - tá na cinn seo scríofa agam in áiteanna éagsúla: tá brístí á gcaitheamh aige, agus á chaitheamh in áit eile. Ceapaim go bhfuil an g as áit, nach bhfuil? Agus más bean atá i gceist, bheadh á caitheamh ceart, nach mbeadh? :)

    Agus maidir le gach rud eile, scriofaidh (ceapaim go bhfuil botún déanta agam ansin!) mé an rud a raibh scríofa agam i ndearg agus an rud a ceapaim go bhfuil ceart i ngorm :)

    bhí cothrom na féinne acu - Bhí cothrom na féinne déanta acu
    Mhol John dóibh dul go bialann -
    Mhol John dóibh dul go mbialann
    Scríobh mé an bhean dháithiúil ach chuir mo mhuinteoir líne trí an h - an bhfuil sí ceart? Cheap mé go mbeadh sé ansin toisc gur ainmfhocal baininscneach atá i gceist!
    Ba méanar di - Ba mhéanar di
    go Coláiste - go gColáiste (An mbíonn urú ag baint le 'go'?)
    Is cosúil go bhfuil sé beag beann ar rialacha an bhóthair - (Its clear he's underestimated the rules of the road is what I tried to say I think! ach nach bhfuil sé "tá na rialacha beag beann aige"? Bhí rud eile scríofa mar sin agam agus táim measca suas :o)
    Tá crios sábhála á chaitheamh ag an mbean - An bhfuil sé á caitheamh, toisc gur bean í?
    Tá cuma buartha ar a n-aghaidh (fear amháin agus bean amháin) - an bhfuil sé ceart é a scríobh san uimhir uatha? a n-aghaidh?
    Tá éide scoile á caitheamh aige - Tá éide scoile á chaitheamh aige
    Féachann (uafas!) - Feiceann, 'sea?
    Is dócha gur staighre beo é - Is dócha gur staighre beo iad.
    Ceaptar go raibh sé ní b'fhearr - Ceaptar go raibh sé níos fearr
    ní mór don bainisteoir an t-óstán a dhúnadh - ní mór don bainisteoir an t-óstán é a dhúnadh? nó á dhúnadh, b'fhéidir?
    ní nach ionadh go raibh sé blasta - haon ionadh é go raibh sé blasta
    Tá cosc ar alcól, ar thobac agus dhrugaí - (chuir mo mhuinteoir an h ansin, ach ceapaim go bhfuil sí mícheart?) Tá cosc ar alcól, ar thobac agus ar drugaí
    Tá uirthi é a fhoghlaim an lá amárach - Tá uirthi é a fhoghlaim don lá amárach
    Tá sí an-dáiríre - Tá sí an-dháiríre

    Jab fada ba ea é sin! Bheadh mé an-bhuíoch má tá sibh abálta cabhrú liom :)
    Go raibh maith agaibh!
    (Agus tá gach rud anseo fáilte roimh ceartúcháin!)

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Patchy~ wrote: »
    Ar an gcéad dul síos - tá na cinn seo scríofa agam in áiteanna éagsúla: tá brístí á gcaitheamh aige, agus á chaitheamh in áit eile. Ceapaim go bhfuil an g as áit, nach bhfuil? Agus más bean atá i gceist, bheadh á caitheamh ceart, nach mbeadh? :)

    Tá crios sábhála á chaitheamh ag an mbean - An bhfuil sé á caitheamh, toisc gur bean í?
    Tá éide scoile á caitheamh aige - Tá éide scoile á chaitheamh aige

    Bríste (firinscneach uatha) = a pair of trousers
    brístí (iolra) = pairs of trousers

    Tá bríste á chaitheamh aige / Tá bríste á chaitheamh aici.
    Tá stocaí á gcaitheamh aige / Tá stocaí á gcaitheamh aici.

    (Is cuma más fear, bean nó duine trasinscneach atá i gceist, braitheann an t-athrú ar inscne nó uimhir an ainmfhocail)
    Patchy~ wrote: »
    bhí cothrom na féinne acu - Bhí cothrom na féinne déanta acu
    Rinne siad de réir chothrom na féinne.

    Patchy~ wrote: »
    Mhol John dóibh dul go bialann -Mhol John dóibh dul go mbialann
    go Coláiste - go gColáiste (An mbíonn urú ag baint le 'go'?)

    Mhol John dóibh dul go bialann.

    Tá dhá fhocal 'go' ann: an réamhfhocal, agus an mhír bhriathartha. Tagann an réamhfhocal roimh ainmfhocail, agus tagann an mhír bhriathartha roimh bhriathra.

    Mar shampla:
    (réamhfhocal) Chuaigh mé go Corcaigh (gan athrú).
    (mír bhriathartha) Deir sé go gceannaíonn sé an nuachtán gach lá (urú).
    Patchy~ wrote: »
    Scríobh mé an bhean dháithiúil ach chuir mo mhuinteoir líne trí an h - an bhfuil sí ceart? Cheap mé go mbeadh sé ansin toisc gur ainmfhocal baininscneach atá i gceist!

    De réir an Chaighdeáin Oifigiúil, ba cheart 'bean dhathúil' a scríobh. Ach ní chloisfeá sin i nGaeilge na Mumhan. Chloisfeá 'bean dathúil' ann.

    Patchy~ wrote: »
    Ba méanar di - Ba mhéanar di
    Ba mhéanar di. (leanann shéimhiú 'ba').
    Patchy~ wrote: »
    Is cosúil go bhfuil sé beag beann ar rialacha an bhóthair - (Its clear he's underestimated the rules of the road is what I tried to say I think! ach nach bhfuil sé "tá na rialacha beag beann aige"? Bhí rud eile scríofa mar sin agam agus táim measca suas :o)

    Is cosúil go bhfuil sé beag beann ar rialacha an bhóthair.
    Patchy~ wrote: »
    Tá cuma buartha ar a n-aghaidh (fear amháin agus bean amháin) - an bhfuil sé ceart é a scríobh san uimhir uatha? a n-aghaidh?
    Is ea. Mura bhfuil ach ceann amháin den rud ag gach duine, coinnítear an t-ainmfhocal san uatha.

    Mar shampla, 'Bhuail siad an liathróid lena gcloigeann' (cloigeann amháin ag gach duine).
    Ach 'Bhris siad na fuinneoga lena lámha (dhá lámh ag gach duine)
    Patchy~ wrote: »
    Féachann (uafas!) - Feiceann, 'sea?
    Féachann sé ar chluiche sacair gach oíche ach ní fheiceann sé na tráchtairí.
    Patchy~ wrote: »
    Is dócha gur staighre beo é - Is dócha gur staighre beo iad.
    Staighre = staircase
    staighrí = staircases

    Is dócha gur staighre beo é an ceann sin.
    Is dócha gur staighrí beo iad na cinn i Nua Eabhrac.

    Patchy~ wrote: »
    Ceaptar go raibh sé ní b'fhearr - Ceaptar go raibh sé níos fearr
    I ndáiríre, is annamh a leantar an riail seo a thuilleadh ach is é an chéad cheann atá ceart má tharla an imeacht san aimsir chaite.
    Patchy~ wrote: »
    ní mór don bainisteoir an t-óstán a dhúnadh - ní mór don bainisteoir an t-óstán é a dhúnadh? nó á dhúnadh, b'fhéidir?
    Ní mór don bhainisteoir an t-óstán a dhúnadh.

    Patchy~ wrote: »
    ní nach ionadh go raibh sé blasta - haon ionadh é go raibh sé blasta
    Tá an dá rud ceart!
    Patchy~ wrote: »
    Tá cosc ar alcól, ar thobac agus dhrugaí - (chuir mo mhuinteoir an h ansin, ach ceapaim go bhfuil sí mícheart?) Tá cosc ar alcól, ar thobac agus ar drugaí
    'Tá cosc ar alcól, ar thobac agus ar dhrugaí' ach tá seo níos gonta: 'Tá cosc ar alcól, tobac agus drugaí.'
    Patchy~ wrote: »
    Tá uirthi é a fhoghlaim an lá amárach - Tá uirthi é a fhoghlaim don lá amárach
    Tá uirthi é a fhoghlaim an lá amárach (foghlaimeoidh sí amárach é).
    Tá uirthi é a fhoghlaim don lá amárach (caithfidh sé bheith foghlamtha aici roimh an lá amárach).
    Patchy~ wrote: »
    Tá sí an-dáiríre - Tá sí an-dháiríre
    'Tá sí an-dáiríre' (an caighdeán oifigiúil)
    'Tá sí ana-dháiríre' (Gaeilge na Mumhan).

    Má tá ceisteanna mar seo á gcur agat, ní bheidh fadhb ar bith agat Dé Luain :D

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Táim ag ceapadh go n-éireoidh go geal leat Patchy! Ní minic a fheictear daltaí ardteiste le gramadach chomh beacht sin acu. Ádh mór :)

  • Moderators, Education Moderators Posts: 8,572 Mod ✭✭✭✭Canard

    Is cosúil go bhfuil sé beag beann ar rialacha an bhóthair.
    Bhí rud eile scríofa agam agus bhí uaim a rá "They underestimated their skills" agus scríobh mé "bhí a scileanna beag beann acu" - an dearfá "bhí siad beag beann ar a scileanna", mar sin? :)
    Féachann sé ar chluiche sacair gach oíche ach ní fheiceann sé na tráchtairí.
    An focal é "féachann"? :eek: Ceapaim go bhfuil cuma ait air :P Bhí "Féachann sé" agus "feiceann sé" scríofa agam - an bhfuil an dá rud ceart? :)
    'Tá cosc ar alcól, ar thobac agus ar dhrugaí' ach tá seo níos gonta: 'Tá cosc ar alcól, tobac agus drugaí.'
    Is é an dara rud an rud a bhí scríofa agam ach d'athraigh mo mhuinteoir é, scríobh sí an chéad rud - ach má tá an dara rud níos gonta an ceart dom é a rá? :)
    'Tá sí an-dáiríre' (an caighdeán oifigiúil)
    'Tá sí ana-dháiríre' (Gaeilge na Mumhan).
    An bhfuil aon fáth nach bhfuil h ann sa chéad rud, nó an focal ait é? Cheap mé go mbíonn h le an- i gcónaí. :o

    Má tá ceisteanna mar seo á gcur agat, ní bheidh fadhb ar bith agat Dé Luain :D
    Go raibh míle maith agat! Tá gach rud níos soiléire buíochas leat. :D
    dambarude wrote: »
    Táim ag ceapadh go n-éireoidh go geal leat Patchy! Ní minic a fheictear daltaí ardteiste le gramadach chomh beacht sin acu. Ádh mór :)
    Go raibh míle maith agat! :) Is mór an moladh é sin toisc go bhfuilim neirbhíseach, tá A uaim agus mar sin caithfidh mé a bheith beagnach líofa! :P

  • Advertisement
  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude

    An mbeidh tú ag déanamh staidéir ar an nGaeilge i ndiaidh na hArdteiste?

  • Moderators, Education Moderators Posts: 8,572 Mod ✭✭✭✭Canard

    dambarude wrote: »
    An mbeidh tú ag déanamh staidéir ar an nGaeilge i ndiaidh na hArdteiste?
    Bhí fonn orm toisc gur breá liom teangacha ach níl sa chúrsa atá uaim ach, mar a deireann a ainm, Teangacha Idirnáisiúnta - ceapaim go dhéanfaidh mé stadéir ar Fhrancis agus ar Ghearmáinis :) Ach ní dhéanfaidh mé dearmad ar mo chuid Ghaeilge go deo :D

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Maith thú - beir bua.

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    Tá Gaeilge iontach chruinn agat Patchy! Maith thú!

    beag beann = disregard/ ignorant
    "Níor thuig siad na scileann a bhí acu" b'fhéidir?
    nó "Níor thuig siad luach na scileanna a bhí acu."

    Feiceann sé = He sees
    Féachann sé = He looks (Féachann sé ar = He watches / He looks at)

    Rinne siad é de réir chothrom na féinne= They did it fairly
    Bhí cothrom na féinne ann = It was far.

    Ceapaim go mbeidh tú ag caint san aimsir chaite: Is léir go raibh sé beag beann ar rialacha an bhóthair.

    Uaireanta, ní leanann "t" nó "d" (na "dentals" a thugtar orthu) na rialacha (an-te, an-deacair), ach sa chaint cloiseann tú ana-the, ana-dheacair) Is cuma cén leagan a úsáideann tú sa scrúdú béil, agus fiú sa scrúdú scríbhneoireachta, glacfaidh siad leis an dá leagan.

    Déarfainnse; "Tá cosc ar alcól, thobac agus dhrugaí."
    Seans go bhfuilim mícheart ach is dóigh liom go gcaithfidh tú an riail a leanúint fiú muna bhfuil an "ar" díreach roimhe.

    Go n-éirí leat sa scrúdú! Agus ná déan dearmad ar do chuid Gaeilge! :D

  • Moderators, Education Moderators Posts: 8,572 Mod ✭✭✭✭Canard

    Go raibh maith agat Ms M! :) Dearfainn "Níor thuig siad na scileann a bhí acu" ach ceapaim gur frása maith é beag beann :P An bhfuil ciall le "Ní raibh a fhios acu go mbeadh a scileanna chomh hard is a raibh siad"? :)

    Tá chuid de mo phictiúirí san aimsir chaite ach tá an chuid is mó san aimsir láithreach, mar tá sé beaganín níos éasca mo thuairimí a rá gan a bheith ag caint idir aimsirí :)

    Go raibh míle maith agat as do chabhair :D

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    "Ní raibh a fhios acu go mbeadh a scileanna chomh hard is a raibh siad"?

    Níl aon locht air. :)

    Go n-éirí leat!

  • Moderators, Education Moderators Posts: 8,572 Mod ✭✭✭✭Canard

    Go raibh míle maith agat! :)

  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭0mega

    Snáth iontach é seo! Léigh mé é ó thús go deireadh inniú, an-fhaisnéiseach. :)

    Ceist agam, céard é an ceann ceart?

    "Má tá tú san fhaopach, cabhróidh mé thú"
    "Mura tá tú san fhaopach, cabhróidh mé thú"

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    0mega wrote: »
    Ceist agam, céard é an ceann ceart?

    "Má tá tú san fhaopach, cabhróidh mé thú"

    "Má tá tú san fhaopach, cabhróidh mé leat"
    0mega wrote: »
    "Mura tá tú san fhaopach, cabhróidh mé thú"

    "Mura bhfuil tú san fhaopach, cabhróidh mé leat" (Ach níl mórán céille le habairt mar sin).

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭0mega

    Día duit gach dúine, conas atá sibh?

    Scríobh mé aiste gearr agus agus ba mhaith liom do dhuine éigin a léamh é do botúin, le do thoil! An bhfuil éinne ann gur féidir liom é a sheoladh trí PM? Níl sé ach dhá chéad focal ar fhad!

    Go raibh maith agat :)

Advertisement