Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Scannáin - Moladh agus Cáineadh

1235»

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Rec

    http://www.youtube.com/watch?v=ib5ZSj6ST0U

    Má thaitníonn scannán zombaithe leat ba bhreá leatsa an ceann seo ón Spáinn.
    Tá réalaíoch aisteach thar na bearta ag baint leis, agus bainfidh sé geit nó dhó asat, go háirithe a dheireadh!
    Déarfainn go bhfuil an stíl ar nós blair Witch aige .i. tá sé á scannánú ag foireann nuachta agus feicimid cad atá ag tarlú tríd an gceamara. Ach san áit ar theip stiúrthóirí is léiritheoirí Blair Witch, agus scannáin eile nach iad, leis an stíl seo tá sé á láimhseáil go paiteanta ag na stiúrthóirí Spáinneacha Jaume Balagueró agus Paco Plaza.

    Scannán Zombaithe thar barr, 7 as 10

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    World Trade Center

    Worldtrade.jpg

    Scannán faoi na daoine tarrthála a gortaíodh agus a fuair bás le linn 9/11, agus Nicholas Cage sa phríomhpháirt. Cé go raibh rithim an scéil agus an aisteoireacht maith go leor san iarracht seo, bhí sé an-chosúil le United 93, sa chaoi gur thuig tú céard go díreach a tharla agus céard a tharlóidh sa scannán, ós rud é go bhfuil na scéalta go léir faoi 9/11 feicthe agus cloiste againn cheana.

    Nuair nach bhfuil aon rud nua le feiceáil ná le cloisteáil, bíonn cuma cineál leamh ar an scannán, fiú más táirge maith é mar scannán. Chonaic mé ar an teilifís aréir é. B'fhiú féachaint air ar an teilifís ach ní fhéachfá air an dara huair, dar liom. 6/10

    Seo an réamhbhlaiseadh ar youtube.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bhí mé ag breathnú ar <br>Night at the Museum<br/>, an chéad cheann, ar an mbosca aréir. Bhí sé taitneamhach go leor ach ghoill rud amháin orm. Ba músaem stair an dúlra é agus bhí mamaigh na hAfraice ann agus dineasáir ann ceart go leor. Ach in ainm Dé cén fáth go raibh na Rómhánaigh, Atilla an Hun, Teddy Roosevelt srl. le fáil i músaem dúlra. An gceapann lucht Hollywood nach dtabharfadh muid sin faoi deara?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Poll Dubh wrote: »
    cén fáth go raibh na Rómhánaigh, Atilla an Hun, Teddy Roosevelt srl. le fáil i músaem dúlra. An gceapann lucht Hollywood nach dtabharfadh muid sin faoi deara?

    Bhfuel, chun a bheith cóir dóibh, tá Roosevelt ann sa cheann in Nua Eabhrac. Bhí baint mór aig leis an dúlra sna Stáit agus an gluaiseacht caomhnacháin (conservation movement?). Tá dealbh de agus é ar dhroim chapaill ós comhair an músaem in aice le Central Park. Na boic eile? sea - b'fhéidir go raibh sé sin amaideach.
    Níor bhain mé mórán sult as an scannáin sin mar a tharlaíonn sé.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    topper75 wrote: »
    Níor bhain mé mórán sult as an scannáin sin mar a tharlaíonn sé.

    Tá mo chaighdeánaithe sách íseal agus mé sínithe amach ar an tolg Dé Domhnaigh agus leathbhuidéal fíona ionam.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tar éis dom súil a chaitheamh ar na nuachtáin is déanaí, is léir nach dtaitníonn an dara scannán sa tsraith leis na léirmheastóirí, cibé ar bith!

  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach

    Is mór an béim a chuirtear sa scannánaíocht (gearr agus fada) ó thaobh chur chun cinn agus bláth na Gaeilge.

    Is iontach an meán é chun gluaiseanna a chur in iúl agus chun ardáin nua a thabhairt le litríocht na Gaeil, sílim. Cad é an saothar Gaelach ab fhearr libh?

    Ar an ábhar, an bhfuil 'Seachd' an scannán Albanach feicthe agaibh go dtí seo? D'fheicfidís é saor in aice sa ceangal seo:
    http://www.youtube.com/watch?v=x_SlaG9KGX8

    Tá sé ar fad sa Ghaidhlig gan fotheideal faraor! Ach is aoibhinn an scannán in ainneoin sin. Cuireann sé i gcéill dúinn an ceangal láidir idir na Gaeil anseo agus na Gaeil thall. Léargas/Taighde sách mar aon leis sin ar an teanga féin, aithneoidh sibh cuid den chaint.
    Agus an ceol? Dár m'anam, an cheol ba bhinne a chloisfeá go deo!

    go raibh maith agat a chara, bhaineas an-sult as, fiú mura raibh mé in ann chuile ní á rá acu a thuiscint.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    X-Men Origins: Wolverine

    Scéal lag, scannán leadránach, CG lag.

    3 as 10

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ghandi (1982), leis an stiúrthóir Richard Attenborough.

    Mheas mé gur éirigh go maith leis an scannán seo an bunús daonna a bhí leis an bhfonn a bhí ar Ghandi cur i gcoinne na géarleanúna a bhí ar siúl san impireacht a léiriú (caitear amach as traein é ag tús an scannáin, nuair a dhiúltaíonn sé a shuíochán chéad aicme a ghéilleadh mar gheall ar dhath a chraicinn). Taispeántar chomh maith nach raibh sé éasca an foréigean a sheachaint go polaitiúil, fiú má bhí Ghandi féin ina choinne.

    Ach bhí sé deacair go leor na pearsantachtaí agus na heachtraí staire go léir a leanúint uaireanta (fiú mar dhuine a bhfuil suim mhór aige sa stair) agus mar a admhaítear ag tús an scannáin, tá sé sár-dheacair scéal iomlán duine a insint i scannán amháin, fiú má mhaireann an scannán sin ar feadh trí huaire.

    Ach i ndeireadh na dála, shíl mé go raibh Ben Kingsley gan locht i bpáirt Ghandi.

    7.5/10

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    The Wrestler

    Taispeántas maith ó Rourke, scéal simplí dea-scríofa: 7.5 as 10 i mo thuairim.

    Role Models

    Scannán grinn, mar dhea! Níor bhain sé mórán gáirí asam ar aon nós. scéal ró-shimplí droch-scríofa: 4 as 10 i mo thuairim

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Che cuid a 1. (7 as 10)

    Scannán stairiúil faoi Ernesto "Che" Guevara. Carachtair fíor-spéisiúil atá ann is cuma cén dearcadh atá agat ar pholaitíocht s'aigesean.
    Scannán taitneamhach go deimhin a thugann léargas ar eachtraí an réabhlóidí Mharxaigh i gCúba agus é i dteannta le Raúl agus Fidel Castro.
    D'fhéadfaí a rá go leanann an scéal ón áit a gcríochnaíonn an scannán iontach sin "Diarios de Motocicleta"
    Sár taispeántas ar fad ó Benicio Del Toro atá i bpáirt Ernesto.

    Che cuid a 2. (5.5 as 10)

    Baineann an dara pháirt den scéal leis an am a chaith sé sa mBolaiv ag iarraidh éirí amach sóisialach a thosú mar a rinneadh i gCúba.
    Níl sé chomh maith mar an chéad scannán, ach fós is fiú é a fheiceáil.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Air Force One

    Bhí sé ar an teilifís aréir. Scannán aicsin ráiméiseach de chuid na heite deise agus níl cur síos ar a olcas is a bhí an dialóg. Cac iomlán a bhí ann. 2/10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Múinteoir wrote: »
    Scannán aicsin ráiméiseach de chuid na heite deise

    GOA:pac:

    SÁM abú! Ba chóir dóibh rabhadh a chur leis do na liobrálaithe bándearg.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Air Force One

    Bhí sé ar an teilifís aréir. Scannán aicsin ráiméiseach de chuid na heite deise agus níl cur síos ar a olcas is a bhí an dialóg. Cac iomlán a bhí ann. 2/10

    Aon ní déanta ag Michael Bay, faigheann sé 2 as a 10 ar an toirt freisin.

    U.S.A, U.S.A, U.S.A.....

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Aon ní déanta ag Michael Bay, faigheann sé 2 as a 10 ar an toirt freisin.

    U.S.A, U.S.A, U.S.A.....

    Chonaic mé na blianta ó shin agus tá 'Faigh amach as m'eitleán!' fós greanta ar m'inchinn.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Inglourious Basterds, le Quentin Tarantino.

    Má thaitin na scannáin atá déanta ag Tarantino go dtí seo leat, beidh tú thar a bheith sásta leis seo. Bhí go leor cor sa scéal agus mheas mé go raibh Brad Pitt thar barr sa pháirt a bhí aige.

    Rud amháin a thaitin liom go mór ná go raibh thart ar leath de, nó níos mó as Fraincis agus as Gearmáinis agus an chuid eile trí Bhéarla. Ní raibh mé ag súil leis an réalachas teanga seo ó scannán de chuid Hollywood agus chuaigh sé i bhfeidhm orm go mór.

    Mar is dual do Tarantino, tá go leor foréigin, fola agus putóg ar fud an scannáin, mar sin ní mholfainn duit dul chuige má chuireann a leithéid masmas ort.

    Ar an drochuair, ní róshásta a bhí mé leis an athscríobh a rinne Tarantino ar stair an Dara Cogadh Domhanda (is gá é a fheiceáil chun é a chreidiúint!), ach bhí in ann taitneamh a bhaint as mar scéal, go háirithe as an ngreann duairc a bhí fite fuaite tríd.

    7.5/10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Thaitin Inglorious go mór liom. Ní raibh mé ag súil le sin.

    Tá scannán "mór le rá" ag teacht amach go gairid... Leap Year. Tá páirt beag ag Macdara Ó Fátharta ann mar sagart Éireannach is cosúil.

    Is Sasanach an príomhaisteoir fireann, cé gur Éireannach atá sa carachtar. Níl mé chun é sin a chur ina haghaidh áfach, mar cheap mé go raibh sé go maith sa scannán "The Lookout". Chonaic mé Peadar Lamb sa réamhbhlaiseadh freisin, in éineacht le neart steiréitíopaí a chuireann ina luí ar na yanks nach bhfuil in Éirinn fós ach feirm mór, le carranna ó na seascaidí...

    Tá an leantóir :D le feiceáil anseo...

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Thaitin Inglorious go mór liom. Ní raibh mé ag súil le sin.

    Tá scannán "mór le rá" ag teacht amach go gairid... Leap Year. Tá páirt beag ag Macdara Ó Fátharta ann mar sagart Éireannach is cosúil.

    Is Sasanach an príomhaisteoir fireann, cé gur Éireannach atá sa carachtar. Níl mé chun é sin a chur ina haghaidh áfach, mar cheap mé go raibh sé go maith sa scannán "The Lookout". Chonaic mé Peadar Lamb sa réamhbhlaiseadh freisin, in éineacht le neart steiréitíopaí a chuireann ina luí ar na yanks nach bhfuil in Éirinn fós ach feirm mór, le carranna ó na seascaidí...

    Tá an leantóir :D le feiceáil anseo...

    lol! An fear bainne, Pat Mustard ó Fr Ted ag 48 soicind :D:D:D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    dolliemix wrote: »
    lol! An fear bainne, Pat Mustard ó Fr Ted ag 48 soicind :D:D:D
    pic.php?oid=AAAAAQAQdu0uCzcsKXHCjfcve57odQAAAArKPndyqW7TINjtUOS-vzwh&size=normal

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Á bejapers is begorrah.

    Ní rabhas ró-thógtha leis an leantóir ná le roinnt léirmheasanna a léigheas. Is cosúil go raibh an cailín saonta ag taisteal ar shaghas inneal ama in ionad eitleáin mar d'imigh sí ó na Stáit chomhaimseartha agus thuirling ar thalamh naofa na hÉireann am éigin sna luath caogadaí den aois a d'imigh tharainn. An bhfaca sibh an páipéar falla, cá bhfuaireadar é? - agus an leaba práis. "Ye two are married aren't ye?" Bhí an t-iomad eachtraí eile lán-dochreidte sa leantóir gearr, eitleán dibheartáilte go dtí Cardiff. Ba mhaith liom a fháilt amach conas ar éirigh léi a bheith sáinnithe in áit éigin iargúlta gan phríomh-bhóithre ná córas leictreachais ceart ar a bhealach go BáC.

    Tá's agam ná fuil ann ach chic-flic rómánsúil, agus gur ceart dom mo shamhlaíocht a scaoileadh saor sa phictiúrlann ach táim braon bailithe den bhréag-íomhá sean-chaite Hollywood seo d'Eirinn agu dá muintir.

    Ach tá an tírdreach go hálainn de réir dealraimh - is dócha go gcabhródh sé le tuilleadh turasóirí a mhealladh anseo, go bhfóire Dia orainn.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Dhá scannán a bhfaca mé le déanaí agus a mholfainn go mór.

    Avatar 3D: Thabharfainn 9 as 10 don scannán seo, tá sé ar fheabhas ar fad. Ba chóir an ceann seo a fheiceáil sa phictiúrlann, le haghaidh na 3D.
    http://www.youtube.com/watch?v=cRdxXPV9GNQ

    The Road: I ndiaidh Avatar tá an cuma leadránach ar chuile rud mar sin tá gá ag scannáin le scéal agus script mhaith. Tá scéal is script iontach ag The Ród. 7 as 10, i mo thuairim.
    http://www.youtube.com/watch?v=hbLgszfXTAY

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Míshásta wrote: »
    Ach tá an tírdreach go hálainn de réir dealraimh - is dócha go gcabhródh sé le tuilleadh turasóirí a mhealladh anseo, go bhfóire Dia orainn.

    Yanks amach! Sin a deirimse :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Fanfaidh mé leis an BluRay do Avatar.

    Cloisim rudaí iontacha faoi The Road freisin. Is cosúil go bhfuil Oscar tuillte ag an athair sa scéal. Níl sé feicthe agam fós.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Fanfaidh mé leis an BluRay do Avatar.

    Cloisim rudaí iontacha faoi The Road freisin. Is cosúil go bhfuil Oscar tuillte ag an athair sa scéal. Níl sé feicthe agam fós.

    Ná fan. Seo ceann gur chóir duit a fheiceáil i 3D.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Stollaire wrote: »
    Ná fan. Seo ceann gur chóir duit a fheiceáil i 3D.
    Meh, níl cónaí orm sa chathair agus táim ró-leisciúil dul in aon áit, go háirithe san aimsir seo.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Má d'fhás tú aníos sna hochtóidí, is maith an seans go mbeadh suim agat sa leagan scannáin nua de The A-Team. Tá an réamhbhlaiseadh díreach eisithe ar YouTube. Níl a fhios agam go fóill cén uair a eiseofar an scannán féin.

    http://www.youtube.com/watch?v=LoILTG8UF-A

    (An bhfuil éinne in ann a mhíniú dom cén fáth nach mbíonn aon rud le feiceáil ach spás bán nuair a chuirim thart timpeall ar an seoladh? :confused:)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Rampage Jackson mar B.A. Baracus, sin rogha iontach ar fad.

    Ach, théis an réamhbhlaiste sin a bhreathnú caithfidh mé a rá nach bhfuilim ró-chinnte an mbeidh sé go maith.
    Agus cosúil le cách bhíos i mo fan mór agus mé i mo ghasúr, bhíodh puball den veain agam fiú!
    ateam-play-van.jpg

    Beidh le feiceáil is dóigh...
    Tá an baol ann go bhfuilim ag éirí sean. :(

    An bhfuil éinne in ann a mhíniú dom cén fáth nach mbíonn aon rud le feiceáil ach spás bán nuair a chuirim thart timpeall ar an seoladh?

    Táid ag déanamh seo anois le chuile réamhbhlaiseadh, bíonn "Embedding disabled by request" orthu go léir ar You Tube. Níl a fhios agam cén fáth.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Bímse féin go mór in amhras faoi scannán ar bith a dhéantar as clár teilifíse rathúil de ghnáth. Ach tá mé beagáinín níos dóchasaí faoin gceann seo toisc go dtaitníonn rogha na n-aisteoirí sna páirteanna éagsúla liom. I ndeireadh na dála, ní fhéadfadh sé a bheith mórán níos áiféisí ná an clár teilifíse féin!
    Stollaire wrote: »

    Táid ag déanamh seo anois le chuile réamhbhlaiseadh, bíonn "Embedding disabled by request" orthu go léir ar You Tube. Níl a fhios agam cén fáth.

    Á tuigim, a dhuine. Go raibh maith agat. Fadhb le YouTube atá ann mar sin agus ní le boards.ie

  • Advertisement
Advertisement