Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Seomra Dorcha

Options
13468911

Comments

  • Moderators Posts: 8,678 ✭✭✭D4RK ONION

    Gagh, bearla, mo shuile! Ní dheanann na gloiní cosanta aon rud!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    D4RK ONION wrote: »
    Gagh, bearla, mo shuile! Ní dheanann na gloiní cosanta aon rud!

    Pfft, tá caighdeán iontach Gaeilge agatsa, agus tá a fhios agat go bhfuil, só ná bí ag magadh :p

  • Closed Accounts Posts: 1,492 ✭✭✭degausserxo

    Caidé an Ghaeilge ar 'yeow'?! B'aoibheann liom i bhfad níos mó Gaeilge a úsáid ach níl ach cara amháin dhom compórdach í a labhairt. Cén canúint atá agaibhse?

  • Registered Users Posts: 9,553 ✭✭✭soccymonster

    Ní maith liom an teanga sin..

  • Registered Users Posts: 3,779 ✭✭✭A Neurotic

    Táim díreach tar éis ríomhpost sár-fhada lán-Ghaeilge a chumadh - tuairisc ar an chéad téarma sa Scéim Cónaithe agus cad a rinne mé don Ghaeilge. Chuir sé an Ardteist i gcuimhne dom... Fun fun!
    Cén canúint atá agaibhse?

    Is mongrel mé: tógadh i dTiobraid Arann mé so bhí Gaeilge na Mumhan á fhoghlaim agam sa scoil, ach fuair mé an chuid is mó de mo Ghaeilge sa Gaeltacht Conamara. Is aoibheann liom na nathanna éagsúla atá sa chanúint Conamara, agus an blas a théann leo...

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭AddictedToYou

    Tá suim mór agam san ábhar seo. Is é mo thuairim go bhfuil an Ghaeilge an-thábhachtach in Éirinn. Is páirt den ár gcúltúr í, ach ní féídir a shéanadh nach bhfuil an Ghaeilge ró-shuimiúil mar ábhar scoile. Is maith liom é ar aon nós, ach is fuath leis an gcuid is mó de dhaoine an prós agus na dáin. B'fhéidir go mbeadh seans níos fearr ag an Ghaeilge má díríonn an cúrsa ar an an scrúdú béil agus an téip.

    Ba mhaith liom é a staidéar san ollscoil. B'fhéidir an dlí agus an ghaeilge, nó rud éigin mar sin.

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Ar léigh éinne an chóip d'Fhoinse a fhaightear leis an Independent anois gach seachtain? Chonaic mé é an seachtain seo chaite. Níl nuachtán ceart é ar bith, i mo thuairim, ach foilseachán ar son na daltaí scoile. Bhí leamhthuisicintí ann fiú amháin! An raibh an sean-Fhoinse mar sin freisin nó an bhfuil an margadh áirithe sin ag teastáil uathu anois?

    Rud amháin eile: Is trua mór é an méid Gaeilge a chaill mé ó chríochnaigh mé an Ardteist. Bhí mé beagnach líofa fadó fadó.

  • Registered Users Posts: 390 ✭✭marbar

    ta gaeilge agam
    ach ta brilgloid agam chuile oiche agus taim ag caint le pasiti a bhfuil gaeigle an mhaith acu, agus taim burthach faoi caint leo

    hmmm

  • Closed Accounts Posts: 3,089 ✭✭✭jefreywithonef

    Ha, cuimníonn mé an t-am seo anuraidh nuair a scríobh mé rudaí anseo chun cleactadh mo Gaeilge. Is dócha gur fhéidir libh an meath i mo Ghaeilge a fheiceáil. :D

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Níor léigh mé Foinse le déanaí, agus measaim nár léigh mé ríomh í lasmuigh den tseomra ranga. Is trua é sin, mar taitníonn an teanga labhartha go mór liom ach ní thugaim aon árd ar bith don teanga scríofa.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Níor léigh mé an sean- Fhoinse riamh, ach cheapais gur nuachtáin dáiríre, nó acadúil nó téarma mar sin, é.

    Tá an tuairim céanna agamsa faoin teanga. Ceapaim go bhfuil an Ghaeilge labhartha níos taitneamhach agus níos úsáidí, ach i mo chás ní bhíonn mórán teagmháil agam leis an teanga taobh amuigh de Teach na nGealt anseo nó na Nótaí na Gaeltachta i mo nuachtáin áitiúil. Ba cheart go dtosóinn ag freastal ar cruinnithe sóchaí na nGaeilge i gcoláiste, i ndáiríre.

  • Registered Users Posts: 2,445 ✭✭✭Jako8

    Tá an madra mór.

    Sin é. :cool:

  • Closed Accounts Posts: 1,492 ✭✭✭degausserxo

    Aaaaaaaaathbheochan!

    (This is a copy & paste job from a thread I started in Teach na nGealt, but I thought it could work here, too!)

    Dearc mé ar Youtube thart fa leathuair ó shin chun faire ar fhíseán trí Ghaeilge, is ní fhaca mé aon rud ann seachas daoine a bhí ag múineadh giota beag Gaeilge, mar shampla

    Is cinnte nach bhfuil fadhb ar bith agam leis seo, ach thug mé faoi deara nach bhfuil roinnt blogs nó 'vlogs' ann. Thosaigh cúpla duine channel éigin darbh ainm Gaeltube ach níor uaslódál éinne aon rud le bliain anois!

    So, go bunúasach, an bhfuil duine ar bith amach ansin atá ag iarraidh channel a thosnú? Is féidir linn ábhar áirithe a phlé achan seachtan nó coicís, rudaí éadroma nó fiú dáirire.

    So, basically, anyone stallin' for a bit of a vlog?

  • Closed Accounts Posts: 5,082 ✭✭✭Pygmalion

    Aaaaaaaaathbheochan!

    (This is a copy & paste job from a thread I started in Teach na nGealt, but I thought it could work here, too!)

    So, cainteoir dúchas thú?

    Anyway not going to embarrass myself by trying to speaking as Gaeilge here but it's a language I wish I knew more of. Unfortunately I didn't realise that until a couple of months before LC, and so never really did anything about it.

  • Closed Accounts Posts: 1,492 ✭✭✭degausserxo

    Pygmalion wrote: »

    Nah, ach d'fhreastal mé ar choláiste samhraidh ón darna chuig an cúigiú bliain, is ansin d'oibrigh mé fa choinne cúpla bliain mar cheannaire in san choláiste céanna.. táim ag iarraidh dul ar ais i mbliaina ach táim fós ag tnúth le freagra ón t-Ardmháistir.

    Ah sure it's never too late to start it again, a friend of mine is a Spanish T.A. in UCD, doing a PhD and is still managing to find time to pick it up again just for the sake of it. EXCUSES, PYGGY!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    So, go bunúasach, an bhfuil duine ar bith amach ansin atá ag iarraidh channel a thosnú? Is féidir linn ábhar áirithe a phlé achan seachtan nó coicís, rudaí éadroma nó fiú dáirire.

    So, basically, anyone stallin' for a bit of a vlog?

    Bheadh an-suim agam i dtionscnamh mar sin :) Seol PM chugam faoi.

  • Closed Accounts Posts: 5,082 ✭✭✭Pygmalion

    Ah sure it's never too late to start it again, a friend of mine is a Spanish T.A. in UCD, doing a PhD and is still managing to find time to pick it up again just for the sake of it. EXCUSES, PYGGY!

    Ah but clearly they're good with languages if they're doing Spanish TA.
    Also someone just thought I was you in #gaeilge :eek:

  • Registered Users Posts: 6,840 ✭✭✭Luno

    Is maith liom gaeilge!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Bump!

    Táim chun ainm nua a thabhart don snaith seo. Rud éigin cosúil le "The Den", ach i dteanga eile :)

  • Registered Users Posts: 4,944 ✭✭✭Jay P

    Bump!

    Táim chun ainm nua a thabhart don snaith seo. Rud éigin cosúil le "The Den", ach i dteanga eile :)

    An Caisleán, nó an Seomra Dorcha!

    Thuigfeadh na daoine a bhí in Inis Oirr roimhe.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,532 ✭✭✭Ginja Ninja

    Bump!

    Táim chun ainm nua a thabhart don snaith seo. Rud éigin cosúil le "The Den", ach i dteanga eile :)
    ó mo Dhia! Rinne me dearmad an priomhpairt mo gaeilge

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Jay P wrote: »
    An Caisleán, nó an Seomra Dorcha!

    Thuigfeadh na daoine a bhí in Inis Oirr roimhe.

    Ha, an Seomra Dorcha! Bheadh sé sin foirfe! :D
    Maith an fear Jay P!

  • Registered Users Posts: 4,944 ✭✭✭Jay P

    Ha, an Seomra Dorcha! Bheadh sé sin foirfe! :D
    Maith an fear Jay P!

    Wú! Ach anois...céard atá ar siúl? Tá ionadh orm, táim ag caint as gaeilge! Agus níl botún le feiceáil!

    Bhuel, ní cheapaim ar aon nós...

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ní fheicim aon bhotúin ach an oiread :)

    Caithfidh mé a admháil nach bhfuil litriú gan locht agam fós.

  • Closed Accounts Posts: 2,347 ✭✭✭Closed ac

    Dia daoibh mo chairde, conas atá sibh anocht?

  • Closed Accounts Posts: 1,263 ✭✭✭MavisDavis

    DKZ wrote: »
    Dia daoibh mo chairde, conas atá sibh anocht?

    Ní gearánta dom, DKZ, agus tú féin? Aon scéal?

  • Closed Accounts Posts: 2,347 ✭✭✭Closed ac

    MavisDavis wrote: »
    Ní gearánta dom, DKZ, agus tú féin? Aon scéal?

    Níl aon sceal agam ar bith a Mhavis, agus tú féin? Táim i mo leaba anois go compordach - ceapaim go codlóidh mé go luath..

  • Closed Accounts Posts: 1,492 ✭✭✭degausserxo

    Ah jaysus, caithfidh sibh saghas solas a ligeadh ar.. theideal na thread? Teideal na thrid? Bhfuil Gaeilge ar bith ar thread? Caidé mar atá ar aon nós?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Baineann an nath "Seomra Dorcha" le caisleán in Inis Oírr, Árainn. Tá seomra amháin ann gan aon chineáil fhuinneog. Téann daoine ann nuair a bhíonn "príomháideachas" ag teastáil uathu ;)

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Iontach! Bhíos ag smaoineamh faoin snáithe seo an tseachtain seo chaite (ach cheap mé nach mbeadh fonn caint as Ghaeilge ar éinne i rith an tsamhraidh, 's níor bhump mé é :o)

    Fuaireas post mar chinnire i ngaelcholáiste i gCorcaigh i rith mí Iúil, ach níor fhreastal mé ar an áit (nó gaelcholáiste ar bith eile) riamh. Níl a fhios agam cad a bheidh orm a dhéanamh mar sin. Beidh sé ceart go leor, is dócha.

    Rud amháin eile: Tá Teach na nGealt an-chiúin ar fad le déanaí. Braithim uaim an Ghaeilge ach nuair a thugaim cuairt ar an bhfóram sin ní bhraitheann sé ach go bhfuilim ag caint liom féin...

Advertisement