Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Spórt

2

Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    6 nations amárach! Beidh aon duine ag féachaint?

    Beidh mé ag féachaint amárach, cinnte! Ach ceapaim anois nach mbeidh mé saor chun féachaint ar an gcluiche mór ar an Domhnach.

    Cé lena mbeidh an bua idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, meas tú?


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,703 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Beidh mé ag an gcluiche amárach! Measaim go mbeidh an bua leis an Bhreatain Bheag, áfach. :(


  • Registered Users Posts: 8,229 ✭✭✭LeinsterDub


    Beidh mé ag an gcluiche amárach! Measaim go mbeidh an bua leis an Bhreatain Bheag, áfach. :(

    Bhí gcluiche agam inniu freisin. Tá mé briste ar fad anois! Níl aon súil agam chun Éireann amach. Beidh Bhreatain Bheag rómhaith.

    Tá brón orm má níl thuigeann tú mé , tá mé ag foghlaim Gaeilge.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Seán O'Brien agus Rob Kearney ar ais i gcoinne na Francaigh ag an deìreadh seachtaine....

    Ba bhreá liom an bua a bheith againn-go mórmhór in ómós an laoch mór,Pól Ó Conaill.


  • Registered Users Posts: 8,229 ✭✭✭LeinsterDub


    Bhí Éire uafásach inné. Bhí france bocht ach Éire go han bocht go deimhin


  • Advertisement
  • Site Banned Posts: 6,498 ✭✭✭XR3i


    nil fhios agam, tá an reiteoir sin ag iarradh cic sa thoin

    an raibh sé ina chodladh o ceard?


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Bhuel go deimhin,tá ar bport seinnte sa chomórtas 6 Náisiúin anois.
    I ndáiríre,an rud is fearr dúinn anois nà na Sasanaigh a bhualadh ar a laghad.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Tús an-mhaith do Tiobraid Árann inné vs Baile Átha Cliath sa sraithchomórtas iománaíochta Allianz-agus go mórmhór don bhainisteoir nua Mícheál Ó Riain.

    Iasan Mac Giollarnáth laoch na himeartha le cúl agus 5 chúilín faighte aige.Ré nua ag tosnú don Phríomhchontae,le bainisteoir nua agus imreoirí nua,mar shampla Daire Ó Cuinn as Éire Òg Aonach Urmhumhan.

    Ár n-árdiomaitheoirí,Na Cait Chill Chainnigh Dé Domhnaigh seo chugainn,agus tá súil agam go mbeidh Seán Ó Duibhir ag imirt ó thús.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Ar deireadh....
    Tar éis tamaill ró-ró-rófhada....
    An breithiúnas ceart.

    http://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0426/784411-maru-midhleathach-ba-chuis-le-bas-96-duine-i-hillsborough-1989/

    Agus an chéad rud eile,pionóis dháiríre do na fíor-chiontaigh.


  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP


    Tá súil agam go bhfuil bhur gheansaithe Gaeilge agaibh don tSamhradh seo an bhfuil? Tá sé agam! :)
    ireland2.jpg


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 875 ✭✭✭scriba


    Tá súil agam go bhfuil bhur gheansaithe Gaeilge agaibh don tSamhradh seo an bhfuil? Tá sé agam! :)
    ireland2.jpg

    Tá orm mo geansaí ó 2002 a thogáil amach. Tá súil agam go mbeidh an foireann níos fearr ná ceithre bliana ó shin. Tá sé ah teastáil go mór uaim!


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Tá súil agam go bhfuil bhur gheansaithe Gaeilge agaibh don tSamhradh seo an bhfuil? Tá sé agam! :)
    ireland2.jpg
    Cá bhfuair tú é,agus cad atá ar an taobh eile den gheansaí seo?


  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP


    Cá bhfuair tú é,agus cad atá ar an taobh eile den gheansaí seo?

    Is seacáid oifigiúil de chuid an FAI do 2015/2016 agus ar díol i ngach áit nó mór-áit a dhíoltear éadaí spóirt de chuid an FAI. Níl a fhios agam an féidir leat é a fháil nua i mbliana agus ní dóibh liom go bhfuil ceann Gaeilge acu i mbliana ach cur scáirt ar an FAI nó breathnú ar Ebay. :)


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Tá achainí ar www.change.org ag iarraidh ar RTÉ rogha tráchtaireacht i nGaeilge do na cluichí Euro 2016......


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Na Sionnaigh Abú!!

    Cathair Leicester seaimpíní phríomhchomórtas na Sasana,agus tuilte go mór acu.
    B'iad an foireann is fearr i rith an chomórtas ó thús.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Oíche thubaisteach dosna Spurs. Bhíodar ag ionsaí iomreoirí Chelsea ón tús. Ba mhiorúilt é nach bhfuair siad cárta dearg nó dhó. Beidh siad i dtrioblóid nuair a fhéachann an FA ar ais ar an gcluiche.

    Caithfear a bheith sásta ó chroí do Leicester. Scéal den scoth, agus tuilte acu.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Agus bhí ceannaire Spurs páirteach sa troid tar éis an feadóg deireanach freisin.
    Bhí atmaisféar an-te i rith an gcluiche,ach ba bheag nár mhilleadh an cluiche de bharr an coimhlint.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Dhera, tarlaíonn an rud san sa pheil. Nuair a aithníonn na himreoirí gur chailleadar an seans gurb’fhearr a bhí acu chun na sraithe a bhuachaint don chéad uair i 50 bliana – agus gur í a gcéile comhraic cathrach an fhoireann a chuir deireadh leis – feictear na rudaí san. Do bhí sé cosúil le Simeone i gcluiche ceannais Sraith na gCuradh i 2014. Do bhí an corn soicind ó Atletico, ach go tobann, b’é 4-1 go Real an scór. Do bhuail imreoir Real an liathróid i dtreo Simeone t’réis an ceathrú cúl agus deineadh ráibeáil ina threo. Ní bheadh fonn orm a bheith i lár aonaigh Diego Simeone! Le cúnamh Dé, bainfidh sé amach a chuid díoltais i mbliana.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Na Dearga Abú!!

    Learpholl ag siúl ar aghaidh chuig cluiche ceannais Europa...agus mise breá sásta.
    Na buachphointí fós le feiceáil agam agus tá mé ag tnúth leis...


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Amhrán oifigiúil foireann na hÉireann le Seo Linn, le haghaidh Euro 2016,agus Gaeilge ann freisin.Blaisín beag....


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 8,229 ✭✭✭LeinsterDub


    Amhrán oifigiúil foireann na hÉireann le Seo Linn, le haghaidh Euro 2016,agus Gaeilge ann freisin.Blaisín beag....

    Tá sé briste. Sacar is dócha?


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Tá an fógra seo thar a bheith iontach. Tacaíocht ónár ngaolta Gaelacha...



    Alba gu bràgh!!


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Tá an fógra seo thar a bheith iontach. Tacaíocht ónár ngaolta Gaelacha...



    Alba gu bràgh!!

    Ag 49 seic nuair a ardaíonn sé a fhilleadh bheag le "come on Ireland" a nochtadh ar a fho-bhrístí, tá an méid sin imithe ón fhís acu anois....ach níl ar do thaifead dó.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Ag 49 seic nuair a ardaíonn sé a fhilleadh bheag le "come on Ireland" a nochtadh ar a fho-bhrístí, tá an méid sin imithe ón fhís acu anois....ach níl ar do thaifead dó.

    Ááá,in ainm Chroim Chruaich 😬
    N'fheadar cén fáth a ghearrtar é.

    Is dócha gur chuir sé "uabhar" ar daoine.(bú-húhú)
    👎


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tarlaíonn sé minic go leor go gearrtar fógraí tar éis tamaill. Bíonn sé níos costasaí an leagan fada a thaispeáint, is dócha.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    An File wrote: »
    Tarlaíonn sé minic go leor go gearrtar fógraí tar éis tamaill. Bíonn sé níos costasaí an leagan fada a thaispeáint, is dócha.

    Bheadh sé i bhfad níos fearr dá ngearrfaidís amach an pháirt le seacláid fríochtha(iúccchhh) agus "come on Ireland" a cur ar ais ann, mar sin!!


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    An bhfaca sibh an clár "Euro'88: We Can Beat This Lot" aréir?
    Bhí sé thar barr, na cuimhní uilig.Léirithe i nGaeilge freisin.

    B'fhéidir go bhfuil sé fós ar an seinnteoir má chaill sibh é.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Deá-deá-deáscéala dúinn inniu....

    http://www.tuairisc.ie/trachtaireacht-ghaeilge-le-bheith-ar-fail-le-linn-chraobh-sacair-na-heorpa/

    An-scór.Gabh isteach ann!!!


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cathair Chorcaí 1-0 Dún Dealgan. Go hiontach ar fad. Ceann des na cluichí ab'fhearr ag a rabhas le fada. Is iontach nár tháinig bodhaire orm de bharr an ghlóir ag a' ndeireadh! A dhiabhail, do bhí sé thar barr. Níor bhuamar i gcoinne Dhún Dealgan ar feadh trí bliana. Tá trí bhua fachta againn cheana féin i mbliana - dha uair sa tsraith, uair amháin i gCorn an Uachtaráin. Go maire sé le fada. :cool:


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Chaill mé amach ar an-chuid insan domhain spóirt inné, de réir dealreamh! Dheineas glan-dearmad ar an gcluiche rugbaí san Aifric Theas, agus bhíos róghnóthach chun breathnú ar an sacar idir Sasana agus an Rúis, agus bhí an stáisiún raidío mícheart ar siúl agam sa charr le linn na hiománaíochta! :o


Advertisement