Boards are fundraising to help the people of Ukraine via the Red Cross at this horrific time. Please donate and share if you can, you will find the link here. Many thanks.
An raibh aon duine eile ag an gcluiche sacair idir Éire agus Boisnia-Heirseagóivéin?
Bhí mé ann,agus bhí saghas mór neirbhís orm i rith an gcluiche go bhfuaireamar an dara chúil.Bhí an t-atmaisféar dochreidte-thar a bheith iontach.
Má tá cead agam,ba mhaith liom snáth a dhéanamh faoi chúrsaí spórt,mar atá ann i mBéarla cheana féin.
Cuirtear fáilte i gcónaí roimh snáitheanna nua sa fóram seo! Tá saoirse de shaghas eicínt againne nach bhfuil ag After Hours, toisc nach mbíonn an méid céanna argóintí nó trolls istigh anseo.
Bhuel, bheadh saghas meas agam ar aon duine a d'eirigh leo troll-áil as Gaeilge. Bheadh orthu iarracht a chuir isteach, agus caithfidh tú é sin a mholadh.
Bhí fhios agam go raibh Jonah Lomu tinn fadó,ach ní raibh barúil ar bith agam go raibh sé chomh dona mar abhí.Chuala mé go bhfuair sé bás de bharr taoma chroí.
Is cuimhin liom a thaispeántais i gcoinne na Sasanaigh sa chluiche leath-cheannais i gcomórtas Chorn An Domhan.Sár-imreoir agus laoch ab ea é.
Is cuimhin liom a thaispeántais i gcoinne na Sasanaigh sa chluiche leath-cheannais i gcomórtas Chorn An Domhan.Sár-imreoir agus laoch ab ea é.
Ní raibh suim agam sa rugbaí sula raibh mé i mo dhéagóir, agus bhí Lomu éirithe as an gcluiche roimh an bpointe sin.
D'fhéach mé ar chúla fístéip inniu dá bhuachphointí agus bhí sé cosúil le fearr ag imirt i gcoinne buachaillí. :eek: An neart agus an luas agus an scil mar thosaí ag an am céanna! Dochreidte.
Cosúil le Ronaldo (ón mBraisíl) sa sacar sna 90í agus é ag rith leis an liathróid.
Labhair mé le Colmán Ó hAinle ar Raidió na Life cúpla lá ó shin faoi fhoireann na hÉireann (agus Tuaisceart Éireann) ag dul go dtí Craobh na hEorpa an samhradh seo chugainn!
chuala mé ar an raidio inniú go bhfuil Rory Macilroy ag déanamh go han a mhaith
ta súil agam go fuair sé an 1st place
Tá an chéad áit beagnach ag McIlroy.
Ar scéal eile,fuair mé mo thicéad sa phost inniu don chluiche rugbaí sa sraith pro12 idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ar an 27ú Nollaig i bPáirc Thuamhumhain,agus tá mé breá sásta!!
Cathair Mhanchain v Learpholl (Manchester City v Liverpool) níos moille inniu,agus i ndáiríre,nílim ag tnúth leis....
Nílim cinnte go fóill go mbeidh Daniel Sturridge ag glacadh páirt ar bith sa cluiche seo,agus airím uaim go mór é ó foireann Learpholl.
Go n-éirí an t-ádh mór le Na Dearga...tá ádh mór ag teastáil uathu!!
Labhair mé le Colmán Ó hAinle ar Raidió na Life cúpla lá ó shin faoi fhoireann na hÉireann (agus Tuaisceart Éireann) ag dul go dtí Craobh na hEorpa an samhradh seo chugainn!
Comhrá maith abhí agaibh.
Ní raibh a fhios agam ar chor ar bith go raibh tú i do chraoltóir raidió ar Raidió Na Life.Ar an drochuair,níl R na L le fáil i mo cheantair thíos anseo.
ta seans ann go mbeidh an troid ar an Premier league idir man u agus liverpool,
beidh an craic go maith
Faraor,ní dóigh liom faoi seo....
Tá seans maith ag Manchain Aontaithe fós,ach bíonn Learpholl ró-neamhfhreagrach go minic,níl an foireann sách maith agus níl na himreoirí den chaighdeán is fearr,seachas triúr nó ceathrar imreoirí,b'fhéidir.
Ach ar an taobh eile,b'fhéidir go bhfeicfimíd troid maith idir Na Dearga agus Na Diabhail Dearga chun áit sa Phríomhchomórtas Na hEórpa a fháil.
Tá seans maith ag Manchain Aontaithe fós,ach bíonn Learpholl ró-neamhfhreagrach go minic,níl an foireann sách maith agus níl na himreoirí den chaighdeán is fearr,seachas triúr nó ceathrar imreoirí,b'fhéidir.
Ach ar an taobh eile,b'fhéidir go bhfeicfimíd troid maith idir Na Dearga agus Na Diabhail Dearga chun áit sa Phríomhchomórtas Na hEórpa a fháil.
ná dean dearmad ar an Ghearmáin
comhghairdeas ag Rory, chuala mé bo bhfuair se an 1st Place:)
Learpholl ag bogadh ar aghaidh chuig an cluiche leath-cheannais....Sturridge ar ais ag imirt agus dhá chúil faighte aige,Origi laoch na himeartha le trí chúil agús cúl amháin ag Jordan Ibe.Bhí Na Dearga trí thine,agus bhí Na Naoimh in ifreann!!
Learpholl ag bogadh ar aghaidh chuig an ciuiche leath-cheannais....Sturridge ar ais ag imirt agus dhá chúil faighte aige,Origi laoch na himeartha le trí chúil agús cúl amháin ag Jordan Ibe.Bhí Na Dearga trí thine,agus bhí Na Naoimh in ifreann!!
bhí an t-ádh ag na magpies inniú, dar liomsa bhí an cúl moreno go maith, ach sin é an chaoi
Bhí.
Ach in aon chor,ní raibh Na Dearga sách maith inniu.
Mar a dúirt mé,tá siad neamhfhreagrach agus níl siad fós in ann cluichí a bhuachaint as a chéile.Tá Na Magpies uafásach,ach fós,níorbh fhéidir le Learpholl iad a bhualadh.
Áthas an-domhain ar Na Saoránaigh i bPríomhchomórtas Corn na hEórpa anocht tar éis an bua vs Borussia Mönchengladbach na Gearmáin 4-2,agus iadsan ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.
Ach níor éirigh an t-ádh le Na Diabhail Dearga ar chor ar bith,agus chomh maith le sin ní raibh siad sách mhaith-go mórmhór na cosaintóirí.An cluiche caillte 3-2 ag Na Diabhail Dearga,iadsan ag dul amach as an bPríomhchomórtas agus ag dul síos go dí Comórtas Corn an Europa.
Wolfsburg na Gearmáin ag dul ar aghaidh go dtí babhta 16 don chéad uair go deo.