Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

"D'inis X do"

  • 11-01-2010 02:03PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 27

    An féidir l'éinne anseo cabhrú a thabhairt dom.

    Táim ag féachaint ar d'inis X do, an briathra agus an déantus.

    An bhféadfadh duine abairt a thabhairt dom ar nós:

    D'inis Seán do Mháire -to close the door

    an doras a dhunaidh?

    D'inis Seán do Mháire an cáca a itheadh? An bhfuil sé sin i gceart?

    D'inis Seán do Mháire chun teacht isteach

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Veeve wrote: »

    An chéad rud ná nach é an briathar "inis" an briathar ceart. Ciallaíonn inis "to inform", mar sin is fearr an briathar "abair" agus an réamhfhocal "le" a úsáid.

    Mar shampla:

    Dúirt Seán le Máire an doras a dhúnadh.
    Dúirt Seán le Máire an cáca a ithe.
    Dúirt Seán le Máire teacht isteach.

    Glaoitear ainmneacha briathartha (verbal nouns) ar "dúnadh", "ithe" agus "teacht".

  • Closed Accounts Posts: 27 Veeve

    Ag úsáid 'chun' sa déantús an bhfuil sé sin mí-cheart?

    D'inis sé dó chun éist leis/féachaint ar an dteilifís...rud éigint mar sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Ná húsáid "inis", úsáid "abair" agus "le".

    Tá sé mícheart "chun" a úsáid chomh maith.

    Dúirt sé leis éisteacht leis an teilifiís.
    Dúirt sé leis féachaint ar an teilifís.

Advertisement
Advertisement