Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Cá raibh mé?

2»

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 673 ✭✭✭mr chips


    Abair liom má bhíonn duine ar bith agaibh ag bualadh isteach go Baile an Chaistil, cuirfidh mé fáilte mór Gaelach romhaibh agus thig liom sibh a ghlacadh thart ar an Ghaelscoil a bunaíodh 9 mbliana ó shin - anois tá breis is 100 páiste ag freastal uirthi. Beidh fiú deis agaibh éisteacht le blás Ultach!

    Dála an scéil, tá cainteoir dúchais de chuid Reachlainn / Reachraí (tá cúpla dóigh gur féidir é a litriú) go fóill beo!!! Bhuel, níl Gaeilge aige níos mó, ach tá seanfhear atá níos mó na 90 ina chónaí in ionad na seandaoine anseo i mBaile an Chaistil, Alex Morrison. Tógadh é le Gaeilge nuair a bhí sé ina ghasúr óg, ach ansin cuireadh brú air Geurla a labhairt ó bhí sé b'fhéidir 6 bhliain d'aois nó mar sin. Scéal coitianta.

    Ach chuala mé taifead den bhean sin a fuair bás sna 80í, bhí sé sin iontach greanmhar - de réir a chéile d'éirigh sí míshásta leis an dóigh a raibh an boc leis an micreafón ag ceartú a cuid Gaeilge. Is cuimhin liom an pointe briste - agus í ag rá "dearg" lena bhlás féin, "jarrg", cheartaigh an amadán sin í le "jarig" - go tobann dúirt sí "Jarrg, jarrg, JARRG!!:mad:"

    :pac::pac::pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,724 ✭✭✭BoozyBabe


    Mise anois, mise Anois!!!!! :D

    Ca raibh me?

    pic1vx.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Ball éigin uaigneach imeallach iargúlta lom bocht sceirdiúil gaofar fliuch báite.

    Tithe athchóirithe chun na turasóirí a mhealladh..


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 942 ✭✭✭An gal gréine


    An iadsan tithe na n-ealaíontóirí i gCo. Chiarraí ?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,724 ✭✭✭BoozyBabe


    An iadsan tithe na n-ealaíontóirí i gCo. Chiarraí ?

    Sin Ceart. Bolus i gCo. Chiarrai.


  • Advertisement
  • Moderators, Education Moderators, Regional South East Moderators Posts: 12,557 Mod ✭✭✭✭byhookorbycrook


    Ní mise a ghlac seo..ach bedidh suim agam féachaint bhfuil a fhios ag éinne cá raibh mé


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní mise a ghlac seo..ach bedidh suim agam féachaint bhfuil a fhios ag éinne cá raibh mé

    Tá an t-ainm comhaid ina chabhair mór! Muine Duckett i gCo. Cheatharlach


Advertisement