Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cá raibh mé?

  • 24-06-2009 11:21pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Tomhas beag - seo grianghraf d'áit a bhí mé inné - cá raibh mé?

    806_0661_RJ.jpg


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    an raibh tú amach ó chósta Mhaigh Eo?! agus an focain t-ádh leat a dhiabhail


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Obair crua cinnte! Tá tú ar an mbealach ceart, is oileán é amach ó chósta Mhaigh Eo. Barúil ar bith agat cá bhfuil an sráidbhaile tréigthe seo?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Inis Bó Finne?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Obair crua cinnte! Tá tú ar an mbealach ceart, is oileán é amach ó chósta Mhaigh Eo. Barúil ar bith agat cá bhfuil an sráidbhaile tréigthe seo?

    Bhí tú ar oileán álainn Inis Gé?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Agus téann an duais go ..... Stollaire.

    Inis Gé Theas a bhí tréigthe sna fichidí ach tá athchóiriú á dhéanamh ar roinnt de na tithe anois - cosúil leis an gceann leis an díon nua ar an taobh deis den ghrianghraf.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    deas. Chonac clár faoi ar RTÉ
    http://www.rte.ie/tv/oilean/inisge.html
    Níl ach stráice chúng farraige idir Inis Gé Thuaidh agus Theas, amach ó chósta Mhaigh Eo. Bhí aighneas binbeach idir an dá phobal le fada an lá. Bhuail tubaist muintir na n-oileán ar an Aoine, 28 Deireadh Fómhair 1927 nuair a scrios stoirm fhíochmhar cósta an iarthair. Cailleadh 45 iascaire, deichniúr acu ón dá Inis Gé. Eachtra cinniúnach i stair na n-oileán bheaga ab ea seo - bhí glúin iomlán sciobhtha chun siúil agus laistigh de dheich mbliana tréigeadh na hoileáin.
    Ceithre scór bliain níos deireannaí agus tá athrú mór tagtha ar chúrsaí. In áit turas dian uair an chloig i gcurrach ón mórthír, sciorann báid luais trasna na dtonnta ag tabhairt an ghlúin óig ar ais chuig an oileán i gcóir deirí seachtaine tumadóireachta, snámha agus craice. Tá taibhsí na staire á ruaigeadh, seantithe á athchóiriú agus an t-oileán á athshealbhú.

    An tseachtain seo fillean foireann 'Oileán' go hInis Gé in éineacht le Caitlín Ní Chatháin agus a fear céile John, beirt a bhfuil grá mór acu don oileán, agus a chreideann go bhfuil rudaí maithe i ndán don áit amach anseo. Mar sin tá siad ag caitheamh dua agus cúram le hathchóiriú sean-áitreabh muintir Chaitlín. Is fiú an obair nuair a fheiceann siad an dearcadh bródúil ar aghaidh a máthair, Mairéad, atá ag filleadh ar an oiléan tar éis tríocha bliain.

    B'é seanathair PJ McGinty an taon fear pósta a cailleadh oíche na stoirme móire. Tá seantigh a mhuintire siúd beal dorais le ceann Chaitlín agus tá spéis á chur aige féin anois in athchóiriú na háite.

    Áitreabh tábhachtach fiadhúlra atá sna hoiléain, go háirithe don ghé ghiúrann, agus tá saibhreas seandálaíochta orthu freisin. Fear áitiúil is ea Anthony Irwin a eagraíonn turasanna dúlra chuig na hoileáin agus tá sé ag iarraidh cód iompair a chur ar bun mar gheall ar an mbrú a chuirfidh an turasóireacht ar na hoiléain iargúlta seo.


    Cá raibh mé:

    article-0-0575A7AC000005DC-176_634x422.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ag fithisiú an domhain sa stáisiún spáis idirnáisiúnta ab ea?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ag fithisiú an domhain sa stáisiún spáis idirnáisiúnta ab ea?

    Sea, sin é go díreach é.

    http://i.usatoday.net/tech/graphics/iss_timeline/flash.htm

    ach i ndáirire ní rabhas ann! bhíos ar an suíomh seo


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    An é sin gaineamh nó sneachta atá ar an gcladach? Tá an ghrianghraf go hálainn, an-job go deo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cá raibh mé?

    SL701463.JPG


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 117 ✭✭hubbabubba09


    Stollaire wrote: »
    Cá raibh mé?

    SL701463.JPG
    an Daingean?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    an Daingean?

    Tá tú cóngarach...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 117 ✭✭hubbabubba09


    Tá sé agam ach níl sé anois!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 117 ✭✭hubbabubba09


    Chonaic mé an pictúir roimh!!damn it!
    Níl an gaelige go maith agam so tá brón orm freisin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Ceann Sléibhe, Corca Dhuibhne


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chonaic mé an pictúir roimh!!damn it!
    Níl an gaelige go maith agam so tá brón orm freisin

    Lean ort, seo thíos suíomh maith le haghaidh logainmneacha má tá an leagan Béarla ar eolas agat.
    www.logainm.ie


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ceann Sléibhe, Corca Dhuibhne

    Ní hea.
    Ach tá sé lonnaithe i gCorca Dhuibhne


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Is radharc é ó Cheann Bhaile Dháith i gCorca Dhuibhne ag féachaint i dtreo Bhinn Bhaile Reo, Bhinn na mBan, Phointe an Choma Dhóite agus Mhás an Tiompáin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Cá bhfuil mé anois?

    DSCF0410.JPG


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cá bhfuil mé anois?

    DSCF0410.JPG

    In Éirinn?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Poll Dubh wrote: »
    In Éirinn?

    Ar ndóigh! Tá cáil ar an áit ina bhfuil sé.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Aillte an Mhothair / Páirc Náisiúnta Chill Airne / Clochán an Aifir ?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Cá bhfuil mé anois?

    DSCF0410.JPG
    Níor oibrigh an nasc deireanach.

    Seo ceann nua:

    DSCF0221.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Grianghraf álainn, ach níl clú dá laghad agam cén áit a bhfuil sé


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Gaeltacht a bhí ann tráth. Fuair an cainteoir dúchasach deireanach bás i 1985.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Reachlainn ab ea?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Poll Dubh wrote: »
    Reachlainn ab ea?

    Sin é!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Sin é!

    Go raibh maith agat as na leideanna. Ba bhreá liom dul go Reachlainn lá éigin - chun na héin a fheiceáil ach go háirithe. Ar aimsigh tú aon Ghaeilge suas ansin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Ní cuimhin liom, is fada ó bhí mé ann. Thug Éamon Ó Cuív cuairt ar an oileán in 2007. Tá an teanga ag fás i mBaile an Chaisil, trasna na farraige. Ba bhreá liom canúint Reachlainn a chloisteáil, meascán idir Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Uladh.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní cuimhin liom, is fada ó bhí mé ann. Thug Éamon Ó Cuív cuairt ar an oileán in 2007. Tá an teanga ag fás i mBaile an Chaisil, trasna na farraige. Ba bhreá liom canúint Reachlainn a chloisteáil, meascán idir Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Uladh.

    Ba bhreá liom an canúint sin a chloisteáil freisin ach ní dóigh liom go mbeinn in ann é a thuiscint áfach! Má fhaighim mé féin i mBaile an Chaisil lá éigin bainfidh mé triall as Gaeilge a labhairt.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 625 ✭✭✭mr chips


    Abair liom má bhíonn duine ar bith agaibh ag bualadh isteach go Baile an Chaistil, cuirfidh mé fáilte mór Gaelach romhaibh agus thig liom sibh a ghlacadh thart ar an Ghaelscoil a bunaíodh 9 mbliana ó shin - anois tá breis is 100 páiste ag freastal uirthi. Beidh fiú deis agaibh éisteacht le blás Ultach!

    Dála an scéil, tá cainteoir dúchais de chuid Reachlainn / Reachraí (tá cúpla dóigh gur féidir é a litriú) go fóill beo!!! Bhuel, níl Gaeilge aige níos mó, ach tá seanfhear atá níos mó na 90 ina chónaí in ionad na seandaoine anseo i mBaile an Chaistil, Alex Morrison. Tógadh é le Gaeilge nuair a bhí sé ina ghasúr óg, ach ansin cuireadh brú air Geurla a labhairt ó bhí sé b'fhéidir 6 bhliain d'aois nó mar sin. Scéal coitianta.

    Ach chuala mé taifead den bhean sin a fuair bás sna 80í, bhí sé sin iontach greanmhar - de réir a chéile d'éirigh sí míshásta leis an dóigh a raibh an boc leis an micreafón ag ceartú a cuid Gaeilge. Is cuimhin liom an pointe briste - agus í ag rá "dearg" lena bhlás féin, "jarrg", cheartaigh an amadán sin í le "jarig" - go tobann dúirt sí "Jarrg, jarrg, JARRG!!:mad:"

    :pac::pac::pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,724 ✭✭✭BoozyBabe


    Mise anois, mise Anois!!!!! :D

    Ca raibh me?

    pic1vx.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Ball éigin uaigneach imeallach iargúlta lom bocht sceirdiúil gaofar fliuch báite.

    Tithe athchóirithe chun na turasóirí a mhealladh..


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    An iadsan tithe na n-ealaíontóirí i gCo. Chiarraí ?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,724 ✭✭✭BoozyBabe


    An iadsan tithe na n-ealaíontóirí i gCo. Chiarraí ?

    Sin Ceart. Bolus i gCo. Chiarrai.


  • Advertisement
  • Moderators, Education Moderators, Regional South East Moderators Posts: 12,514 Mod ✭✭✭✭byhookorbycrook


    Ní mise a ghlac seo..ach bedidh suim agam féachaint bhfuil a fhios ag éinne cá raibh mé


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní mise a ghlac seo..ach bedidh suim agam féachaint bhfuil a fhios ag éinne cá raibh mé

    Tá an t-ainm comhaid ina chabhair mór! Muine Duckett i gCo. Cheatharlach


Advertisement