Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

  • 10-06-2009 9:51am
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭

    Déarfainn gur mhaith an rud é snáithe amháin a chur ar bun do na ceisteanna agus don phlé seo, ar roinnt fáthanna:

    - Tá go leor daoine ag iarraidh na rudaí seo a phlé as Gaeilge agus ní trí Bhéarla agus ní haon drochrud sin.

    - Tá daoine eile san áit seo atá ag iarraidh caint faoi chúrsaí gramadaí agus litrithe a sheachaint go hiomlán agus beidh sé níos éasca orthu sin a leithéid a dhéanamh, má tá an plé sin go léir in aon snáithe amháin, seachas méid mór snáitheanna ar fud na háite faoi na cúrsaí seo.

    - Ní bheidh daoine ag cur na gceisteanna céanna arís agus arís eile, má tá an t-eolas go léir ann cheana féin i snáithe amháin atá mar ghreamán. I láthair na huaire, cailltear an plé nuair a imíonn na snáthanna síos an liosta.

    An aontaíonn daoine liom? An mbeadh duine de na modhnóirí sásta greamán a dhéanamh den tsnáithe seo?

    Mholfainn chomh maith go ndúnfaí aon snáitheanna nua ina dhiaidh seo faoi chúrsaí gramadaí agus litrithe agus a rá le daoine an ceann seo a úsáid ina n-áit.

«13456713

Comments

  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Bhi mé ag smaoineamh ar sin nuair a thosaigh mé snáth nua inné ar cheist ghramadai. Airim go bhfuil mé ag hijacking teach na ngealt ar shli nuair a dhéanaim sin, (ach ni ndearna me fein sin ach uair amhain) ach nuair atá tu i mbun staidéar ar d'aonar, is cunamh mor rud mar seo do gach foghlaimeoir Gaeilge.

    Céard faoi seo- chuile cheist ghramadai a chuir sa n'Gaeilge' fóram? Agus fág Teach na nGealt glan de cheisteanna gramadai?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    pog it wrote: »

    Cuirimse féin fáilte roimh a leithéid anseo. Níl mé ag gearán faoi agus tuigim go mbíonn sé thar a bheith úsáideach do dhaoine eile. Nílim ach ag rá gur cheart é go léir a choinneáil in aon snáithe amháin, ionas go mbeidh daoine in ann seanteachtaireachtaí faoi na cúrsaí seo a fheiceáil amach anseo, le cabhrú leo. Ach ba mhaith liom tuairim modhnóra a fheiceáil chomh maith.

    Maidir le cosc iomlán a chur ar chúrsaí gramadaí anseo, ní chreidim go n-éireodh leis. Is cinnte go mbeifeá-sa sásta é a chomhlíonadh ach ní bheidh a fhios ag daoine nua faoi agus bíonn ceisteanna á gcur anseo ag go leor daoine seachas tú féin.

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá sé go maith go bhfuil daoine ag plé gramadach trí mheán na Gaeilge anseo ach tagaim le Múinteoir go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh an plé sin go léir i snáithe amháin. Ach níl a fhios agam an bhfuil an fonn ag modhnóirí a bheith ag bogadh postálacha mar sin.

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá modhnóirí ag Tigh na nGealt?! :eek:

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    Stollaire wrote: »
    Tá modhnóirí ag Tigh na nGealt?! :eek:

    i ndairíre - cé hiad

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    i ndairíre - cé hiad

    Féach ar bhun phríomhleathanach an fhóraim. Tá a n-ainmneacha liostaithe ansin.
    Moderators : 10

    hullaballoo, simu, nesf, javaboy, AlmightyCushion, Terry, Tar.Aldarion, Monty - the one and only, dr.bollocko, Rabies

    Ní dóigh liom go bhfuil acu triúr i gceist, le fírinne. Tá Gaeilge ag an gcéad triúr sa liosta sin. Níl mé cinnte faoin gcuid eile.

  • Registered Users Posts: 15,094 ✭✭✭✭javaboy

    Múinteoir wrote: »
    Tá Gaeilge ag an gcéad triúr sa liosta sin. Níl mé cinnte faoin gcuid eile.

    Níl agam ach cúpla focail.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Go raibh maith agaibh, a mhodhnóirí. Tá ár snáithe speisialta gramadaí againn mar ghreamán faoi dheireadh. :)

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Tá roinnt fadhbanna i gcónaí agam le "a". Bainim usáid as an t-am ar fad ach nílim cinnte go bhfuilim i gceart.

    Taobh amuigh den aidacht shealbach, an leanann séimhiú nó urú, nó tada, "a"?

    Mar shampla;
    Nuair a mbeidh sé/ Nuair a bheidh sé ?
    An rud a dhéanann siad/ An rud a ndéanann siad ?

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá roinnt fadhbanna i gcónaí agam le "a". Bainim usáid as an t-am ar fad ach nílim cinnte go bhfuilim i gceart.

    Taobh amuigh den aidacht shealbach, an leanann séimhiú nó urú, nó tada, "a"?

    Mar shampla;
    Nuair a mbeidh sé/ Nuair a bheidh sé ?
    An rud a dhéanann siad/ An rud a ndéanann siad ?

    Ag breathnú ar 'nuair' san Fhoclóir Béarla-Gaeilge Ó Dónaill bíonn séimhiú i gcónaí i ndiaidh 'nuair a':

    nuair a chuaigh mé isteach
    nuair a bhíomar óg
    nuair a bheidh tú réidh leis.

    Maidir le do dara sampla tá na rialacha maidir leis sin leagtha síos san fhoclóir chéanna:

    a6, rel. par. 1. (a) (Where antecedent is subject or direct object of vb. in rel. clause, or where antecedent introduces a time clause, lenites except (i) in past aut., (ii) when followed by d' before vowels or fh- in past tenses or conditional) An fear a chuireann síol, the man who sows seed. An síol a chuireann sé, a chuirtear, the seed which he sows, which is sown. An síol a chuireadh, a d'fhás, the seed which was sown, which grew. An té a itheann feoil, the person who eats meat. An fheoil a itear, the meat which is eaten. An cat a d'ól an bainne, the cat which drank the milk. An té a a d'fhreagair mé, the person who answered me. An lá a baisteadh é, the day he was baptized. Nuair a éirím, when I rise. Fad a mhairfidh sé, as long as it will last. (b) (Otherwise eclipses, prefixes n- to vowels) An gort a gcuirfidh sé an síol ann, the field in which he will sow the seed. An teach a raibh sé ina chónaí ann, the house in which he lived. An fear a bhfuil a mhac ag imeacht, the man whose son is going away. An té a n-ólaim a shláinte, the person whose health I drink. Cibé duine a mbeidh an t-ádh air, whoever is going to be lucky. 2. Pron. (Eclipses) All that. Sin a bhfuil ann, that is all that is there. An bhfuair tú a raibh uait? Did you get all that you wanted? Íocfaidh mé as a gceannóidh tú, I will pay for whatever you will buy.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    An té a thug cabhair liom, gabhaim buíochas leis/ leí:D (Ceapaim nach ndearna mé botún san abairt sin)

  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    A Richard, bhi mé ag déileáil le rud cineál cosuil le gairid agus measaim go mbeadh an rud nios éasca ort má théann tu i dtreo an staidéir ar 'Direct and Indirect Relative Clause- bionn an mhir 'a' á usáid go minic sa chás sin.

    Tá cur sios déanta ar seo i ngach leabhar gramadai- ach ar ndóigh tá cásanna eile ina mbionns 'a' ann.

  • Closed Accounts Posts: 103 ✭✭dunnomede?

    Hi, tá ceist agam:
    Tá mo chara ag smaoineamh faoi tattoo a fháil, ba mhaith leis "Níl saol gan ceol" a chur ar a lámh, ach nílim cínte go bhfuil na focail i gceart. Ceap mé go bhfuil "Níl aon saol gan ceol" nó "Gan ceol gan saol" níos fearr.
    Brón orm má bhfuil an teachtaracht seo mí cheart ach tá mo gaeilge ag dúl i nglech

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dunnomede? wrote: »

    Níl rud ar bith mícheart leis an struchtúr abairte Níl saol gan ceol, ós rud é go bhfuil seanfhocal cáiliúil ann atá mar an gcéanna leis; Níl saoi gan locht.

    Ach is gá séimhiú a dhéanamh ar c tar éis gan, más ainmfhocal é. Mar sin, Níl saol gan cheol.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Mar eolas daoibh, a chairde: Seo PDF an-mhaith a chuir An Gúm amach mar threoir ar aistriú go Gaeilge agus ar chruinneas gramadaí. D'oirfeadh sé go mór dóibh siúd a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ag iarraidh snas a chur ar a gcuid gramadaí/scríbhneoireachta.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Tá dhá dán nua agam, a chairde, is táim ag iarraidh cabhair a fháil chun iad a cheartú (ó thaobh gramadaí de). An úsáidfidh mé and thread seo, nó an bfhuil cheann nua tuilte agam? :)

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    An File wrote: »
    Tá dhá dán nua agam, a chairde, is táim ag iarraidh cabhair a fháil chun iad a cheartú (ó thaobh gramadaí de). An úsáidfidh mé and thread seo, nó an bfhuil cheann nua tuilte agam? :)

    Cuir síos anseo é, ní fiú ceann nua a thosú!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Cuir síos anseo é, ní fiú ceann nua a thosú!

    Seo an chéad ceann daoibh :)

    Im' shuí i seomra chiúin dorcha
    le peann im' lámh
    is phón im' phóca,
    agus brón laistigh i ndiadh mo ghrá.

    Lasmuigh tá balla liath ann
    le duilleoga glasa
    ag rince trí na phoill
    agus bláthanna beaga de chuille dhath.

    Sa seomra níl faic chun m'aird a thógáil,
    seachas leathnach folamh bán
    a chuireann i m'aigne íomhá
    dem' chailín féin is í ar trá

    Ag baint taitneamh as an ngriain céanna
    nach bhfeicim ach i rith cuairte' annaimhe
    nuair a éiríonn an bháisteach ró-thuirseach chun titem
    is imíonn na scamaill ar sosa bheaga.

    Coimeádaim im' cheann a súile gorma,
    chomh geal is soiléir leis
    an bhfarraige faoin spéir
    sna soicind idir titim bháistí.

    Tá trí dhán eile agam freisin, cuirfidh mé suas iad nuair atáim sásta leis an cheann seo.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ar fhéach aon duine ar an bpíosa sin dom?

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Seo roinnt moltaí duit:

    ciúin
    fón
    i ndiaidh
    poill
    chuile
    leathanach
    thrá
    chéanna
    titim
    ar shos beag / ar shosanna beaga
    soicindí

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach

    DON MHÚINTEOIR:
    Tá fadhb éigin leis an nasc sin. Ar chuma leat é a sheiceail agus é a dheisiú?
    Míle buíochas

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ceilteach wrote: »
    DON MHÚINTEOIR:
    Tá fadhb éigin leis an nasc sin. Ar chuma leat é a sheiceail agus é a dheisiú?
    Míle buíochas

    Seo nasc eile leis an doiciméad agus seo an leathanach foinse ar a bhfuair mé é (ag bun an leathanaigh).

  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach

    GRMA

  • Closed Accounts Posts: 66 ✭✭Wucking Fanker

    Ní ceist gramadach nó litríocht ata agam, ach ceist faoin focail 'San'. Mar shampla, bhíos ar an Luas tamaill ó shin 's chonaic mé comhartha le h-aghaidh 'Ospidéal San Séamus' agus bhíos ag smaoineamh nár chonaic mé an focail go dtí sin. Táim díreach tar éis Foinse a léamh ansin agus bhí an focail 'San' úsáidte acu ansin freisin - i.e. 'San Nioclás'. An ceist atá agam ná dá mbeinn féin ag scríobh, d'usáidfainn (?!) an focail 'Naomh' i.e. Ospidéal Naomh Séamus, no Naomh Nioclás (nó Daidí na Nollaig!). An é 'bastardisation' atá feicthe agam?

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Is féiidr naomhsan a úsáid.

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    craoltoir wrote: »
    Is féiidr naomhsan a úsáid.

    An treoir ná 'Naomh' i gcomhair naomh Éireannach, 'San' i gcomhair naomh eachtrannach.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Mar eolas daoibh: tá cóip PDF de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge ar fáil le híoslódáil ón nasc seo.

  • Closed Accounts Posts: 1,175 ✭✭✭Red_Marauder

    Maidir le comhrá eile atá ar siúl anseo anocht....Cén fáth nach Ar Mhuin Na Muice é, ach "Ar Muin na Muice"?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Maidir le comhrá eile atá ar siúl anseo anocht....Cén fáth nach Ar Mhuin Na Muice é, ach "Ar Muin na Muice"?

    Ní thógann an réamhfhocal 'ar' séimhiú i gcónaí, go háirithe nuair is nath cainte atá i gceist seachas ráiteas ar rud fírinneach.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Seo leabhrán eile de chuid an Ghúim a dhéanann cur síos ar an gcaoi a ndéileáiltear le pointí áirithe gramadaí ina gcuid foilseachán.

    Stíl Tí an Ghúim

    Má tá fadhb ann leis an nasc thuas, is féidir teacht ar an leabhrán céanna ag fíorbhun an leathanaigh seo.

Advertisement