Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

An seomra suite

Options
11011121315

Comments

  • Closed Accounts Posts: 2,823 ✭✭✭DublinArnie

    Ta ocras orm! :(

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    Ta ocras orm! :(

    Ith rud éigin ;)

  • Closed Accounts Posts: 2,823 ✭✭✭DublinArnie

    Ni maith liom scoil mar ta se deacair agus dean ;).

  • Registered Users Posts: 1,068 ✭✭✭Thataone

    Ni maith liom scoil mar ta se deacair agus dean ;).

    Is trua é sin gan aon amhras, ach, mar a deir an aos óg... níl ach saol amhain agat! Beidh an craic agat!!

  • Registered Users Posts: 1,657 ✭✭✭somefeen

    Taim ag deanamh iarrocht chun mo geailge a usaid arís. Bhí me cheart go loir nuair a dfhag mé an scoil ach tá a lán rudaí dean dieartha agum.
    Ní raibh mo litrú comh maith ansin agus tá sé níos measa anois :(

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    somefeen wrote: »

    Easpa cleachtadh an fadhb is mó.. tá lán fáilte port cleachtadh Linn :)

  • Registered Users Posts: 148 ✭✭MusicalMelody

    Leads! An bhfuil a fhios ag éinne cé mhéad a cosnaíonn ticéid le haghaidh mic léinne don Oireachtas, agus cén áit a bhfuil siad ar fáil?

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Tá mé ag ceapadh nach bhfuil ticéad ag teastáil, ach níl mé cinnte faoi sin. Ba chóir go mbeadh Cumann Gaelach éigin san ollscoil a eagraíonn chuile rud do mhic léinn atá ag iarraidh dul ann. Íocann siad as na lóistíní agus chuile rud, sin mar a bhí se nuair a bhí mise ag an ollscoil ar aon nós.

  • Registered Users Posts: 148 ✭✭MusicalMelody

    Sea ach an fadhb ná go bhfuil loistín faighte agam agus is é an ticéid amháin ag taistáil uaim agus níl aon faca acu.

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Ok, bhuel b'fhéidir gur chóir duit glaoch nó ríomhphost a chur ar lucht an Oireachtais iad féin, tá mé cinnte go mbeidh siad in ann cúnamh a thabhairt duit. http://www.antoireachtas.ie/teagmhail.php

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 148 ✭✭MusicalMelody

    Go raibh maith agat :D

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    Tá costais €12 orthu ceapaim, teigh i dteagmháil le CnaG láthaireach má tá tú ag iarradh ceann a fháil, ní bíonn siad ar dhíol ar feadh cúpla lá roimh an féile.

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Cén chaoi raibh an tOireachtas??

  • Registered Users Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra

    Ar fheabhas ar fad. Ní raibh mé riamh ann cheanna agus bfhéidir go bhfuil sean taithí agat ar ach domsa bhí sé go hiontach bualadh leis na mílte duine agus iad go léir ag baint sult as an saol agus ag labhairt Gaeilge ó dhubh go dubh.

    Féach ar suímh TG4 ar an player - tá go leor do na comórtais le feiceáil ann. Ba é an damhsa ar an sean nós an rud is fearr ach bhí a lán amhránaíocht agus ceol ann freisin. Thaitin an sceitse faoi Conamara agus an cailín ag lorg cead conaí ann. Bhí 4 c's de dhíth: ceol, canúint, cultúr agus cantal ( a leithéid de conas móin a bhaint, damhsa ar a sean nós, suim i gceol tíre srl)

    Bhí an craic ag club na féíle go hiontach gach oíche ach a lán daoine óga agus ólta ann agus bhí sé go deas éalú ón áit go dtí na Bars eile ar fud na háite chun comhrá agus seisiúin bheag a aimsiú.

    Gach duine cáirdiúil - an ócáid go deo.

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Bhí mé ann cupla blian ó shin nuair a bhí sé ar siúl sa Gleneagle agus bhí sé go maith sa bhealach go raibh neart cineál lobbys beaga thart timpeall an óstáin a raibh seisiúin bheaga ceoil agus amhránaíochta ann níos déanaí san oíche. An-chraic go deo.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Níl's a'm an smaoineamh maith é sin... Tá trí séasúr caite ó d'imir Daisy sa sraith náisiúnta.

    Tá sé píosa fada ó chonaic mé ag imirt ach bhí an chuid is mó dá chuid luais caillte aige. Seans nach raibh sé 100% ag an am, ach bhí titim aisteach ann mar sin féin.

    Ná bíodh aon imní ort, níl dearmad déanta agam ar an oíche sin fós! Bhí an cupán i '91 roimh mo am, so níl mórán ann dom i dtaobh ceiliúradh, ach ceapaim gurbh é sin an oíche is fearr a bhí agam ag leanadh Gaillimh Aontaithe. Baineadh geit astu sa teach tábhairne i UCD nuair a tháinig na céadta ag cuardach pionta roimh an chluiche. Seans go raibh 750-800 de lucht leanúna na Gaillimhe ann an oíche sin.

    Bhí na lads i FORAS iontach le haghaidh comhairle agus cúnamh do GUST nuair a bhí muid ag iarraidh na píosaí a phiocadh suas tar do Leeson bailiú leis.

    Braitheann sé uile ar cén taobh den leaba a éiríonn an FAI amach as. Tá siad ag rá na rudaí cearta uile faoi láthair, ach tá an oiread polaitíocht i gceist, is deacair a rá céard a tharlóidh fós.

    Cad é an scéal fé Cumann Peile na Gaillimhe/ 'Galway FC' nua faoina bhfuilead á labhairt, a Civis Liberalis? De réir cosúlachta, ba dhroch rud é do chomhphobal peile na Gaillimhe má tharlaíonn sé in áit cumann peile atá céad fén gcéad daonláthach.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá sé ciúin anseo arís, conas atá sibh!?

    Lá suimiùil agam inniu. Déirigh liom i scrúdú a rinne mé, ach doirt mé ola at no ríomhaire ghlúine.. Tá súil again nach bhfuil sé bristle...

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    Ola? Cén sort ola?

    Goideadh ár camera nua cúpla mí ó shin. Bhris siad isteach nuair a bhí muid in ár gcoladh. :(

    Leanbh nua sa teach freisin. Buachaillín beag eile. <3

    Tá muid ag súil go mór le Daidí na Nollag!

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ola cócaireacht! Ceapaim go bhfuil an ríomhaire fós ag obair buíochas le Dia.

    tá sin scanrúil oraibh.. Níl sé deas!

    An mbeidh bronntannas deas ó daidí na nollaig?

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    Is iontach an fear é Daidí na Nollag gan dabht!

    Sin go maith faoin ríomhaire. :)

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Lá gaofar stoirmiúil fliuch anseo I gChetwynde Downs inniu.

    Beidh turas cruaidh achrannach ag réinfhianna Shantaí muna dtiocfaidh feabhas ar an aimsir roimh an oíche mhór.

    Tá an diail aimsir chomh feicin ainnis sin nach bhfuil fiú fonn orm dul go dtí an pub i gcomhair chúpla piúnt. :(

  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf

    Míshásta wrote: »
    Lá gaofar stoirmiúil fliuch anseo I gChetwynde Downs inniu.
    Cé mar a deirtear amach an focal sin?
    Jetwind Downs, an ea?

    Ainm fóirsteannach, cheapfainn, don lá a bhí ann!

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    deirdremf wrote: »
    Cé mar a deirtear amach an focal sin?
    Jetwind Downs, an ea?

    Ainm fóirsteannach, cheapfainn, don lá a bhí ann!

    De réir roinnt taighde atá déanta agam, b'é "**** wind" an fuaimniú i dtosach. "Chet wind" an fuaimniú a bhí ag sean-daoine na háite. Ach sa lá ardnósach atá anois ann, 'sé an rogha a bhíonn ag áitritheoirí an eastáit ná "Chet wynd" (mar ag windáil an chloig"). Dar ndóigh, tá "Wynde" níos galánta ná "Wind" nó fiú "Wynd"

    Tuilleadh eolais fénár logainmneacha anseo:

    http://chetwyndedowns.blogspot.ie/2006/08/ballyna-wha-geek.html

    http://chetwyndedowns.blogspot.ie/2007/02/are-you-man-or-geek.html

    http://chetwyndedowns.blogspot.ie/2009/12/siombail-nua-stadais-againn.html

    Edit In ainm Diúcs, tá cinsearacht déanta ar mo phost. In ionad **** ba cheart an focal Béarla ar "cac" a bheith ann. :(

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Foilsíodh liosta na gcluichí le haghaidh séasúir 2014 do Shraith na hÉireann le déanaí. Tá an Nollaig tar éis teacht cúpla lá go luath. :D

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Cleachtadh maith do Áth Cliath :pac:

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Nollaig Shona díobh uile :)

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Cliste wrote: »
    Nollaig Shona díobh uile :)

    agus Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhuitse, a fhir chliste.

  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf

    Míshásta wrote: »
    Originally Posted by deirdremf viewpost.gif
    Cé mar a deirtear amach an focal sin?
    Jetwind Downs, an ea?
    Ainm fóirsteannach, cheapfainn, don lá a bhí ann!
    De réir roinnt taighde atá déanta agam, b'é "**** wind" an fuaimniú i dtosach. "Chet wind" an fuaimniú a bhí ag sean-daoine na háite. Ach sa lá ardnósach atá anois ann, 'sé an rogha a bhíonn ag áitritheoirí an eastáit ná "Chet wynd" (mar ag windáil an chloig"). Dar ndóigh, tá "Wynde" níos galánta ná "Wind" nó fiú "Wynd"
    Má chaithfear grinn a mhíniú, ní grinn í .... ach mar sin féin -

    Bhí mé ag glacadh leis gur "t" caol a bhí sa "Ch" i "Chetwind" mar atá in áiteanna i gConnachta agus in Uladh, agus mar sin go gcuirfí "d" leis mar urú (agus fuaim "j" an Bhéarla leis) (seachas "g" mar a chuir tú fein):
    Chetwind -> i dChetwind -> Jetwind ....
    Edit In ainm Diúcs, tá cinsearacht déanta ar mo phost. In ionad **** ba cheart an focal Béarla ar "cac" a bheith ann. :(
    Cuir síneadh fada ar an "i", nó cló trom nó iodálach, agus glacfaidh an córas leis!

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    deirdremf wrote: »
    Má chaithfear grinn a mhíniú, ní grinn í .... ach mar sin féin -

    Bhí mé ag glacadh leis gur "t" caol a bhí sa "Ch" i "Chetwind" mar atá in áiteanna i gConnachta agus in Uladh, agus mar sin go gcuirfí "d" leis mar urú (agus fuaim "j" an Bhéarla leis) (seachas "g" mar a chuir tú fein):
    Chetwind -> i dChetwind -> Jetwind ....Cuir síneadh fada ar an "i", nó cló trom nó iodálach, agus glacfaidh an córas leis!

    Dhera, ní rabhas dáiríre nuair a chaitheas an úrú isteach roimh Chetwynde. Ní chuirtear úrú roimh ainmneacha gallda de réir mar a thuigim an scéal.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf

    Míshásta wrote: »
    Dhera, ní rabhas dáiríre nuair a chaitheas an úrú isteach roimh Chetwynde. Ní chuirtear úrú roimh ainmneacha gallda de réir mar a thuigim an scéal.
    Braitheann sé ar an duine, b'fhéidir. Tá an CO mar thadhg an dá thaobh ar an gceist seo, más buan mo chuimhne - is féidir urú a úsáid chomh fada is nach mbíonn débhrí ann dá bharr.
    Ach sa gcaint, cuireann cainteoirí dúchasacha urú ar fhuaim seachas ar litir.
    Mar sin Chetwynde = Tetwynde, i dTetwynde ...

Advertisement