Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

An bhfuil tú feargach..

135

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Táim ar fliuchadh le fearg le muintir na séirbhísí gnó atá i gceannas ar na foirgnimh i lár Bhaile Átha Cliath anocht nár mhúch a soilse le linn Earth Hour. Na mílte soilse agus riomhairí lasta gan duine ar bith á n-úsáid! :mad:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    dolliemix wrote: »
    Táim ar fliuchadh le fearg le muintir na séirbhísí gnó atá i gceannas ar na foirgnimh i lár Bhaile Átha Cliath anocht nár mhúch a soilse le linn Earth Hour. Na mílte soilse agus riomhairí lasta gan duine ar bith á n-úsáid! :mad:

    Tá siad chun iad a mhúchadh idir 1AM agus 2AM maidin amárach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Gabh mo leithscéal. Níor léigh me é sin. An bhfuil cúis ann nárbh fhéidir leo é a dhéanamh anocht?

    Ba chóir dóibh bheith muchta gach oiche dar liom

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    An bhfaca sibh an t-agallamh leis an Aire Éamon Ryan ar The Late Late Show? Bhí sé ag caint faoi bhealaí nuálaíocha chun an tír a thabhairt as an tsáinn ina bhfuilimid. Is féidir féachaint ar an agallamh anseo. (Féach air in Internet Explorer. Níl mé féin in ann é a sheinm le Firefox.)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,436 ✭✭✭Suaimhneach

    I leith an chéad cheist. Níl fearg orm, ach táim tuirseach den ráiméas chéana i gconaí ó na daoine chéana. Tá súil agam go bhfuil muintir na tír tar éis ceacht a fhoghlaim agus go dhéanfaidh siad rud éigin difrúil san chéad toghchán eile. Ach, chun an fírinne a rá, céard iad ár rogha eile? Enda...?? Ní cheapaim é.

    An bhfuil aon dóchas ann duinn?
    Múinteoir wrote: »
    Céard é bhur mbarúil ar obair na nGlasach sa rialtas? An bhfuil an oiread céanna lochta orthu siúd is atá ar Fhianna Fáil, meas sibh?

    Bhí mé ar son na Glasaigh ríomh an cinneadh a rinne siad chun comhpairtíocht a crúthú le rialtas le FF. Ní rinne siad aon rud ach cás timpeall agus lub thart. Bhuel, bhí mé ag braithnú ar an liosta sin... ach bhí orthú comhghéilleadh ar i bhfad ró mhéid dá chuid aidhmeanna agus an bhunfeidhm a bhfuil ag na Glasach.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam

    Sin an chéad uair atá agallamh le hEamon Ryan feicthe agam. Feictear dom gur duine an-taitneamhach é agus táim tógtha lena dhearcadh polaitiúil don tír. Tá seans aige, b'fhéidir?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Beidh muid uilig níos boichte amárach - ní maith liom a bheith ag fanacht ar droch nuacht.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,436 ✭✭✭Suaimhneach

    Tá an ceart agat! Tá gach duine ag fanacht ar an scéal... níl fios cé comh dona is a mbeidh sé.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Jesjes wrote: »
    ach bhí orthú comhghéilleadh ar i bhfad ró mhéid dá chuid aidhmeanna agus an bhunfeidhm a bhfuil ag na Glasach.

    Níl ach seisir dóibh. Ach anois (Mar tá siad lárnach don rialtas faoi láthair - gan iad ní beidh rialtas ann) ba ceart go mbeidh i bhfad a thuile tionchar acu..

    Beidh sé dona dom mar scoláire:
    -táillí (Ní orm ar a laghad)
    -cáin ar téacs (agus muid ag íoc VAT orthu cheana)
    -Alcóil (Nílim fiú ag ól don Charghas, seans maith go deo mar tá an cáin ard go leor mar atá)

    Agus beidh laghdú busanna :rolleyes:

    Grrrrrrrrrrr:mad:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Deireadh leis an íocaíocht bhónais Nollaig do dhaoine ar leasa sóisialta - is dócha go mbeidh Nollag crua ag a lán daoine i mbliana.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Poll Dubh wrote: »
    Deireadh leis an íocaíocht bhónais Nollaig do dhaoine ar leasa sóisialta - is dócha go mbeidh Nollag crua ag a lán daoine i mbliana.

    Sea ach cé h-iad siúd atá ag pleanáil bheith ar leasa sóisialta 9 míonna sa todhchaí?

    Gan obair - gan cóisir. Sin mar atá an saol. Níl an rialtas in ár dtuismitheor.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    topper75 wrote: »
    Gan obair - gan cóisir. Sin mar atá an saol. Níl an rialtas in ár dtuismitheor.

    Bhuel bhí mé ag smaoineamh ar pháistí na daoine dífhostaithe go príomha ach b'fhéidir nach bhfuil trua agat dóibh siúd ach oiread.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Tá Nollag tuillte ag na páistí sin. Ní monster mise.

    Ach - agus seo ceist tábhachtach- an bhfuil an dualgas ar an rialtais chun Nollag a soláthar dóibh, nó ar na thuismitheoirí? Bíonn daoine ag gearán faoin 'nanny state' - bhfuel - an mhaith leatsa an nanny state dúinne? Dualgas ar an rialtais gach rud a sholáthar dúinn? agus insint dúinn cad is féidir muid a dhéanamh agus nach féidir muid a dhéanamh an t-am go léir?

    Táim buartha faoi iad siúd a bhfuil cinnte a bheith dífhostaithe i gceann 9 míonna i ndáiríre. Cá bhfuil an dóchas? Cá bhfuil an uaillmhian?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá 371,000 duine ar an mbeochlár agus tá chuile seans ann go mbeidh níos ná sin ar an mbeochlár um Nollaig seo chugainn is cuma faoi uaillmhian nó dóchas.

    Ní ghlacaim le d'argóint faoi stát buime. Bíonn sé deacair go leor a bheith ag maireachtáil ar íocaíochtaí leasa sóisialaigh ag aon am ach bíonn sé i bhfad níos crua ag am Nollag. Ní bheifeá ag dul go Lapland ar an íocaíocht sin. Ní raibh san íocaíocht bhreise ach faoiseamh beag a thabhairt do dhaoine agus teaghlaigh faoi bhrú damanta chun iad a choinneáil óna hiasachtóirí airgid. I mo thuairim tá gach uile duine i dteideal Nollag de chinéal éigin, is cuma go bhfuil post acu nó nach bhfuil. Dá mbeinn ar an líne dóil um Nollag, bheinn thar a bheith buíoch as aon charthannacht.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Táim díreach tar éis a fháil amach go gcaithfidh tú bheith ar an dól ar feadh 15 míonna chun an bónas seo a fháil! 15 míonna!! I ndáiríre.

    An fhiú dúinn a bheith ag obair ar chor ar bith nuair a dtugann an rialtas 'incentives' mar seo do dhaoine a bhfuil dífhostaithe go fad-téarmach?

    Fiú amháin sna droch-amanna atá againne, ní féidir linn a rá go bhfuil an té atá dífhostaithe ar feadh 15 míonna ag déanamh dian-iarracht chun jab a fháil.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    topper75 wrote: »
    Táim díreach tar éis a fháil amach go gcaithfidh tú bheith ar an dól ar feadh 15 míonna chun an bónas seo a fháil! 15 míonna!! I ndáiríre.

    An fhiú dúinn a bheith ag obair ar chor ar bith nuair a dtugann an rialtas 'incentives' mar seo do dhaoine a bhfuil dífhostaithe go fad-téarmach?

    Fiú amháin sna droch-amanna atá againne, ní féidir linn a rá go bhfuil an té atá dífhostaithe ar feadh 15 míonna ag déanamh dian-iarracht chun jab a fháil.

    Tá mé féin díreach tar éis a fháil amach nach raibh gá le haitheantas grianghraif chun an dól a bhailiú go dtí an tseachtain seo! :eek: A leithéid d'amadaíocht!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bhí mé in ionad siopadóireachta Bhaile Bhlainséir agus i nGleann na Life thar an deireadh seachtaine agus bhí an dhá áit plódaithe - ní cheapfá go raibh cúlú eacnamaíochta ann ar chor ar bith.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá sé ar nós na scannáin zombaithe, i. téann na zombaithe go dtí an t-ionad siopadóireachta toisc go bhfuil an nós fadbhunaithe acu, ach níl a fhios acu cén fáth go bhfuilid ann, óir is zombaithe iad.

    An bhfuil sibh níos feargaí nó níos sásta i gcomparáid le dhá mhí ó shin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Stollaire wrote: »
    Tá sé ar nós na scannáin zombaithe, i. téann na zombaithe go dtí an t-ionad siopadóireachta toisc go bhfuil an nós fadbhunaithe acu, ach níl a fhios acu cén fáth go bhfuilid ann, óir is zombaithe iad.

    GOA:pac:

  • Closed Accounts Posts: 4 me2you

    Múinteoir wrote: »
    Tá mé féin díreach tar éis a fháil amach nach raibh gá le haitheantas grianghraif chun an dól a bhailiú go dtí an tseachtain seo! :eek: A leithéid d'amadaíocht!

    níl sé sin ceart a chor a bith ach tá a lán duine ag fanacht ar a gcuid dól ar feadh deich seachtaine. chomh maith leis sin, tá duine go leor nach bhfuil siad abalta chun aon dól a fháill ach an oiread mar geall ar an modh cánach go raibh siad ag obair. Níl me ag rá a chóir a lán dól a bheith acu ná níl me ach ag deánamh an pointe a chóir go beadh níos mo atruithe ar an córas.

    más feidir. Ba chóir do an rialtas an pointe thuas chomh maith leis an ponite o duine eile anseo a breathnú ar.Anuas ar sin, thocafadh leis an rialtas breathnú ar an leibhéal den dól i comparid leis tíortha eile agus ar a laghad ba chóir duine eigin cuir an rialtas i shuile den firíc go bhfuil fíche cuig faoin gcéad den daoine ar an dól as tíortha eile!

    tá an córas teiphte ag an rialtas seo. Tá athruithe mór riachtanas.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    Cliste wrote: »
    Suimiúil, ní raibh fios agam faoi sin ar chur ar bith...

    Fós, bhí sé roimh mo bhreithlá! :D

    Agus, an mbeidh tú sásta leis an t-uasal Kenny i gceannas!?

    an t-asal kenny

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is dócha go bhfuil mé saghas stóchúil faoi um an dtaca seo, cé go bhfuil mo phá ag fáil báis ó na mílte ciorruithe. Tá trua agam dóibh siúd gan phost agus ag déileáil le heasnamh cothromais - tá an ceart acu a bheith ar buile.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Is dócha go bhfuil mé saghas stóchúil faoi um an dtaca seo, cé go bhfuil mo phá ag fáil báis ó na mílte ciorruithe. Tá trua agam dóibh siúd gan phost agus ag déileáil le heasnamh cothromais - tá an ceart acu a bheith ar buile.

    An mbraitheann tú patuaire ó thaobh polaitíochta de agus na toghcháin atá romhainn?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    An mbraitheann tú patuaire ó thaobh polaitíochta de agus na toghcháin atá romhainn?

    Beidh mé ag dul amach ag vótáil don fhreasúra cinnte ach ní dóigh liom go ndéanfadh athrú rialtais aon difríocht don tír san fhad-téarma. Agus beidh dealg eile san fheoil i ndán dúinn nuair a thiocfaidh sé amach an méid pinsin a bheidh na comhairleoirí agus na feisirí Eorpacha Fianna Fáil ag fáil nuair a chaillfidh siad a gcuid suíochán. An réiteach is fearr ná an gilitín a imirt orthu go léir.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 405 ✭✭doubleglaze

    Táimse ag smaoineamh go mb'fhéidir go bhfuil gá le réabhlóid ag an stáid seo.:(

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Táimse ag smaoineamh go mb'fhéidir go bhfuil gá le réabhlóid ag an stáid seo.:(

    Nach bhfuil tú ag iarraidh fanacht ar thorthaí na dtoghchán ar dtús? :confused:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Beidh mé ag dul amach ag vótáil don fhreasúra cinnte ach ní dóigh liom go ndéanfadh athrú rialtais aon difríocht don tír san fhad-téarma.

    Cloistear é seo go minic, agus b'fhéidir go bhfuil an ceart acu siúd atá á rá.
    I mo thaithí féin cloisim é ó dhaoine a vótálann ar son Fhianna Fáil de ghnáth agus atá in ísle brí mar gheall ar an chaoi a bhfuil an geilleagar.

    Níor mhaith leo vótáil ar son pháirtí eile, Fine Gael nó Páirtí an Lucht Oibre srl. B'fhéidir de bharr na creidiúna gur seoiníní iad Lucht Fine Gael i ngach uile ní seachas ainm, agus is "Sóisialaithe lofa a chuirfí níos mó cáin orainn" Lucht Pháirtí an Lucht Oibre.

    Tá praiseach mhór sin déanta ag Fianna Fáil -ní amháin ar an ngeilleagar- ach ar mheon na ndaoine freisin. Daoine a bhraitheann chomh ciniciúil anois faoi pholaitíocht in Éirinn dá bharr.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    402,100 duine ar an mbeochlár

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 159 ✭✭Yve

    feargach? Mise? I gconaí ... :P

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Beidh na hionaid vótála ag dúnadh i gceann cúpla nóiméad. Tá súil agam gur léirigh sibh bhur gcuid feirge inniu, má bhí a leithéid oraibh.

Advertisement