Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

An bhfuil tú feargach..

  • 12-02-2009 01:35PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭

    ...leis an rialtas, na polaiteoirí, na bainc, na baincéirí, na forbróirí ?

    Céard faoi na daoine le níos mó ná teach amháin .i. na daoine a cheannaigh níos mó ná teach amháin ionas go bhféadfaidís brabús a dhéanamh as daoine óga agus ceannaitheoirí den chéad uair, trí chíos nó mar díol díreach?

    Nó an bhfuil tú ar do sháimhín só?

«1345

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 149 ✭✭Redbhoy

    Tá mé an-fheargach leis an rialtas agus na bainc . Gearrfaidh siad an stíl bheatha den lucht oibre ach tugann siad €billiún do na bainc.

    Is magadh mór é!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    B'fhearr liom margaidh saoire an t-am go léir.

    Ach againne, tá na margaidh saoire ach amháin nuair atá brabús á dhéanamh ag an ciorcal órga.

    Déantar dearmad air go minic - ach SINNE an stáit. Íocaimid as an dtrioblóid sa chúlú - ach nuair a bhí brabús le fáil, ba leis na scairsealbhóirí é. Agus nuair atá brabús ann arís so todhchaí?

    Níl ann ach cheap magaidh san rialtais sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá mé ar buile faoi, bhí a fhios go maith ag an dream sin go raibh bolgám ollmhor san earnáil tithíochta agus ní dhearna siad faic faoi agus ansin thosaigh siad ag tabhairt amach morgáistí céad faoin gcéad. Craiceáilte! Agus anois tá muid go léir ag íoc as seachas na polaiteoirí, na baincéirí.....

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar

    Ná bí ag caint ar fhearg.Tá an ghoimh cheart orm. Níor fhág na baincéirí iad féin chun deiridh. Fuair siad an ceann is fearr den mhargadh. Agus cad faoin gamal abhí in ainm is a bheith ag coiméad súl orthu? Tá sé imithe ar a phinsean le carn mór airgid. Dochreidte!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    topper75 wrote: »
    Níl ann ach cheap magaidh san rialtais sin.

    Is orainn an lucht faoi sin...

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus

    Cliste wrote: »
    Is orainn an lucht faoi sin...

    Sin é - cé a thogh na polaiteoirí seo? Muintir na hÉireann.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cliste wrote: »
    Is orainn an lucht faoi sin...

    Bí ag caint ar do shon féin, a mhac! Níor chaith mise vóta d’Fhianna Fáil agus ní chaithfidh riamh! Ach ar a laghad, is léir go bhfuil sléacht i ndán dóibh go luath (Cuimhnigh go bhfuair siad 40% den vóta san olltoghchán deireanach).

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Múinteoir wrote: »
    Bí ag caint ar do shon féin, a mhac!

    Ni raibh deis agam iad a fhail amach. Dha frickin seachtain roimh mo bhreithlá...

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cliste wrote: »
    Ni raibh deis agam iad a fhail amach. Dha frickin seachtain roimh mo bhreithlá...

    Tharla an toghchán dhá sheachtain roimh do bhreithlá? Ní leor a bheith 18 mbliana d'aois chun do vóta a chaitheamh, de réir mar a thuigimse. Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d'aois ar dháta áirithe ag tús na bliana (uair éigin i mí Aibreáin, is dóigh liom). Bhí mé féin 18 mbliana d'aois nuair a tharla na toghcháin i 1999, ach ní raibh mé in ann mo vóta a chaitheamh toisc nach raibh an aois sin slánaithe agam ach cúpla seachtain roimhe sin.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Múinteoir wrote: »
    Tharla an toghchán dhá sheachtain roimh do bhreithlá? Ní leor a bheith 18 mbliana d'aois chun do vóta a chaitheamh, de réir mar a thuigimse. Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d'aois ar dháta áirithe ag tús na bliana (uair éigin i mí Aibreáin, is dóigh liom). Bhí mé féin 18 mbliana d'aois nuair a tharla na toghcháin i 1999, ach ní raibh mé in ann mo vóta a chaitheamh toisc nach raibh an aois sin slánaithe agam ach cúpla seachtain roimhe sin.

    Seo an riail a bhí i gceist agam. Féach anseo, faoi Cé atá i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin agus reifrinn?

    Chun go mbeidh i dteideal bheith ar Chlár na dToghthóirí, ní mór duit:

    * a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ar lá a theann an Clár i bhfeidhm (15 Feabhra)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Múinteoir wrote: »

    Suimiúil, ní raibh fios agam faoi sin ar chur ar bith...

    Fós, bhí sé roimh mo bhreithlá! :D

    Agus, an mbeidh tú sásta leis an t-uasal Kenny i gceannas!?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Fáthanna a bheith feargach le Fianna Fáil

    -Scriosadh Teamhrach agus an cheantair stairiúil máguaird (ní mhaithfidh ár sliocht an sléacht seo go deo dúinn)
    -Polasaithe leanúnacha príobháidithe an Rialtais .i. príobháidiú ar sheirbhísí poiblí ar nós cúram míochaine srl
    -Polasaí faoisimh cánach do thithe saoire timpeall na Tíre, an Iarthair go mór mór .i. ollscriosadh na háilleachta nádúrtha s'againn chun boilgeog tithíochta lofa a chruthú .i. An Piscín tinn Ceilteach. Rinne a lán gaimbíní tógála a lán airgid as an bpolasaí seo nuair ba chóir dóibh a bheith ag íoc cáin ar an mbrabús á dhéanamh acu. Sin bunchloch poblachta shóisialta atá in ainm is a bheith i réim ar an oileán seo!

    Fáthanna a bheith feargach le muintir na hÉireann

    -Vótálann siad d'Fhianna Fáil i gcónaí, agus mura vótálann siad ar son Fhianna Fáil caitheann siad na vótaí sin ar son Fhine Gael!

    -Cheap beagnach gach uile mhac máthair sa tír seo gur fiontraí a bhí ann má cheannaíonn sé 5 nó 6 theach chun ligean ar cíos nó chun iad a dhíol ag praghas níos airde!
    -Cheap na focáin sa rialtas go raibh na daoine seo ag taispeáint a scil fhiontraíoch

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Tá roinnt fáthanna a bheith feargach leis an rialtas faoi láthair ach is dóigh liom nach dtuigeann tromlach na daoine céard ba cinnte atá i gceist leis an Bailout...

    Ní ag tabhairt airgead dó atá an rialtas, is iasacht é, agus is iasacht é a bhfuil géar-gá leis, ionas nach titfidh na bancanna as a chéile, nach caillfidh cách chuile rud agus nach titfidh an t-oileán ar fad isteach san Atlantach, cosúil leis an t-Íoslainn.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Karlusss wrote: »
    Tá roinnt fáthanna a bheith feargach leis an rialtas faoi láthair ach is dóigh liom nach dtuigeann tromlach na daoine céard ba cinnte atá i gceist leis an Bailout...

    Sílim go dtuigeann gach éinne cad atá i gceist leis an mbailout (taosc?), agus sin an fáth ba mhaith le chuile dhuine cloigne ag rolláil a fheiceáil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    chun snas a chur ar d'fhearg molaim an t-alt seo san Irish Times inniu:

    http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2009/0217/1224241278003.html

  • Closed Accounts Posts: 261 ✭✭ben bedlam

    I like English.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    ben bedlam wrote: »
    I like English.

    Agus is maith le do mháthair mo bhod ina gob lofa.

  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach

    Chun an fhírinne a rá, níl thuairim dá laghad agam fén chúlú eacnamaíochta agus ní chuirean sé isteach orm!
    Buíochas le Dia, níor cuireadh stró ar bith ar mo chlann de bharr an rialtas, agus dá bhrí sin níl aon fonn fhearg agam! Ach sin ráite, is léir dom nach bhfuil tada déanta ag ár rialtas leis an rud seo, ach nach tír daonlathach seo? Is orainn atá an locht freisin!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 27,644 ✭✭✭✭nesf

    ben bedlam wrote: »
    I like English.

    Banned for two weeks. (Moderator posts will always be in English so everyone can understand them)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar

    ben bedlam wrote: »
    I like English.

    A leithéid de phleidhcíocht. Caint gan éifeacht.

    Ciall agus míchiall,
    Dís ná gabhann le chéile:
    Is dóigh le fear gan chéill,
    Gurab é féin fear na céille

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An nuacht is déanaí ón Druma Beag:
    Untitled+3.jpg
    Tá na ráflaí ag rith go tiubh timpeall Conamara go bhfuil Proinsias Ó Fathaigh aka Francaí an Airgid, aka Francaí na dtithe, aka Franc an Gaimbín, aka Proinsias Shell Éireann, aka Frank Fahey TD i measc na deichniúr sa gciorcal órga.

    Nuair a chuir iriseoir éigin ón stáisiún Leath-Ghaeilge ceist air ina leith dúirt sé "Níl aon rud agaibh ormsa!"... "Is mise an dlí!"... "táim níos focain mó ná King Cong!"
    Creidtear go forleathan go raibh sé ag déanamh tagairt do King Éamó as Corr na Móna, ach níl aon ní deimhnithe go fóill.

    Tá dréim le titim an rialtais roimh am lón Dé hAoine.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Nuair a chuir iriseoir éigin ón stáisiún Leath-Ghaeilge ceist air ina leith dúirt sé "Níl aon rud agaibh ormsa!"... "Is mise an dlí!"... "táim níos focain mó ná King Cong!"

    :D GOA

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Faoi dheireadh thiar thall agus roinnt míonna ródhéanach téann Scuad Calaoise na nGardaí isteach i bhfoirgneamh an Bhainc Angla Éireannaigh!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 87 ✭✭daithiolabhrai

    Tá sé soiléir do ghach aon duine anseo go bhfuil jab fíor-uafásach déanta ag rialtas Fianna Fáil le déanaí, agus nach mbeidh siad ag déanamh aon athruithe mór sa thodhchaí. Ach an gceapann éinne in ndáiríre go mbeadh jab níos fearr déanta ag Fine Gael, fiú Labour, ag an am seo. Ní dóigh liom go mbeadh. Tá rialtas cinntitheach ag teastáil uainn, rialtas a chuirfidh stop láithreach leis an scannal sna bainc, agus na daoine atá síos leis an ngéarchéim seo a chur i bpriosúin. Anuraidh, cheap mé go raibh Sinn Féin an páirtí is measa sa Dáil, ach d'éist mé go géar lena n-Ard Fheis cúpla lá ó shin agus b'fhéidir go mbeidh toghchán an-suimiúil againn i gcúpla mí. An bhfuil sé sin ró-radacach?

    Leis an bhfírinne a rá do bhíos toilteanach seans a thabhairt do Bhrian Ó Comhain, ach is rí-léir anois nach bhfuil an mianach aige an tír seo a stiúradh as an ngéarchéim ina bhfuilimid.
    Freisin is mar gheall ar pholasaithe Fhianna Fáil atá muid sa bponc ina bhfuilimid agus a mbeimid go ceann tamall fada.

    Tá gá le hathrú, agus go pearsanta ní fheicim an t-athrú sin i Sinn Féin nó Fine Gael, feicim é i bPáirtí an Lucht Oibre.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cé go bhfuil mé feargach le Fianna Fáil, an dóigh le héinne go mbeidh an fhreasúra in ann muid a tharraing amach as an bhfaopach ina muid. An creideann éinne go bhfuil léargas eacnamaíochta níos fearr ag Kenny nó Gilmore.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »

    Ag an bpointe seo bheadh aon rud níos fearr. Aon rud. Moncaí ón Zú fiú! (N'fheadar faoi Kenny!)

    Agus mura bhfuil tú feargach a dhóthain mar atá sé, agus na hamadáin ag stiúradh na tíre thar eas. Tagann an scéal sin faoin focain slibirín, an caclach, an focain pilibire, an bodach gan mhaith sin Martin Cullen agus a thuras i héileacaptar. Agus arís tá sé orainn an €8,000 a íoc as seo.

    http://www.independent.ie/national-news/cullens-83648000-helicopter-trip-logistically-necessary-1660245.html

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Céard é bhur mbarúil ar obair na nGlasach sa rialtas? An bhfuil an oiread céanna lochta orthu siúd is atá ar Fhianna Fáil, meas sibh?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Bheinn féin báúil do na Glasaigh, agus sílim go bhfuil siad ann ar son na timpeallachta amháin i ndáiríre, mar sin, de ghnáth, ní bhreathnaím orthu sa chaoi chéanna is a bhreathnaím ar na páirtithe eile.

    Tá páirt fíor-thábhachtach le n-imirt acu in aon rialtas, bíodh sin rialtas déanta suas leis na Gaimbíní nó na Seoiníní, ba chóir go mbeadh siad ann.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Múinteoir wrote: »
    Céard é bhur mbarúil ar obair na nGlasach sa rialtas? An bhfuil an oiread céanna lochta orthu siúd is atá ar Fhianna Fáil, meas sibh?

    Tá níos mó déanta acu ná a gceapfá. Níl an lucht orthu ach an oiread faoi a lán drochrudaí a rinne FF.

    Ach an bhfuil siad ró sásta féachaint ar an timpeallacht, agus an bhfuil easpa brú curtha acu ar Brian faoi rudaí eile?

Advertisement