Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Vicipéid

2»

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Karlusss wrote: »
    Pssh, Lost. Tá a lán lán obair ag teastáil ó na Sopranos. Sin seo ceart.

    B'aoibhinn liom chur leis an leathanach Sopranos, ach tá sraith a 5 agus a 6 le feiceáil agam go fóill.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Chuala mé ar Raidió na Life aréir go mbeidh an dream seo thíos ó UCD ag aistriú suíomhanna Wiki go Gaeilge le haghaidh seachtaine na Gaeilge.. chomh mór suíomhanna agus is féidir leo in aon oíche amháin!

    http://www.bebo.com/Profile.jsp?MemberId=3966154413

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »

    I bhfad níos fiúntaí ná cluichí óil ach beidh tinneas cinn acu sa mhaidin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Is fíor dhuit faoi sin!

    3966154413a6743980874l.jpg

    Éacht Aistriúcháin atá ar an...éacht. Smaoineamh iontach maith dar liom.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Beidhmid á dhéanamh ar feadh dhá uair a chloig, chomh fada is eol dom.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Beidhmid á dhéanamh ar feadh dhá uair a chloig, chomh fada is eol dom.

    Déanfaidh tú é go dtí go bhfuil an ghrian suas sa spéir a mhaicín ó, agus sin é é, an gcloiseann tú mé?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Déanfaidh tú é go dtí go bhfuil an ghrian suas sa spéir a mhaicín ó, agus sin é é, an gcloiseann tú mé?

    FullMetalJacket2.jpg

    Tá súil agam go mbeidh siad ag cur leis an Vicipéid an t-am go léir amach anseo, ach ní le linn Sheachtain na Gaeilge amháin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    ar fheabhas... an gcloiseann tú mé Private Pyle.

  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon

    Tá fhios agam go bhfuil mé ag chur le sea-topaic anseo ach tá cúpla ceist agam.
    Bhí mé ag smaoineamh faoi alt a scríobh ar an gréasán mar gheall ar an clár teilifíse ab fhearr liom -TopGear. Ach, 1, an léadh éinne riamh é (nílim ag caint faoi TopGear, ach aon ábhar cineál 'niche') nó an mbeadh sé mar chur amú ama? Agus, 2, an mbeadh mé ag cruthú oibre do dhaoine muna raibh an gramadach i gceart (ag chur amú a gcuid ama fresin muna raibh éinne riamh chun an ábhar sin a churdach)?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    coolcon wrote: »
    Tá fhios agam go bhfuil mé ag chur le sea-topaic anseo ach tá cúpla ceist agam.
    Bhí mé ag smaoineamh faoi alt a scríobh ar an gréasán mar gheall ar an clár teilifíse ab fhearr liom -TopGear. Ach, 1, an léadh éinne riamh é (nílim ag caint faoi TopGear, ach aon ábhar cineál 'niche') nó an mbeadh sé mar chur amú ama? Agus, 2, an mbeadh mé ag cruthú oibre do dhaoine muna raibh an gramadach i gceart (ag chur amú a gcuid ama fresin muna raibh éinne riamh chun an ábhar sin a churdach)?

    Níl na staitisticí féachaintí agam ach ní dóigh liom gur cur amú ama é. 'Sé ceann de na cúiseanna a úsáideann daoine an Vicipéid ná go bhfuil a lán eolais le fáil ann ar abháir speisialta agus go bhfuil an t-eolas sin le fáil i dteangacha éagsúla seachas Béarla. Déanann an Vicipéid Ghaeilge cuíosach maith ar Google freisin - cuir isteach focal cosúil le 'capall' nó 'teangeolaíocht' i nGoogle.com agus gheobhaidh tú torthaí ón Vicipéid Ghaeilge ar an bpríomhleathanach. Bheadh níos mó daoine meallta go dtí an Vicipéid dá mbeadh níos mó éagsúlachta agus doimhneachta sna hábhair. Ná bí buartha faoi do ghramadach, tá daoine ann sásta é a cheartú, bheadh siad sásta níos mó eolais a bheith ann, is cuma cé chomh speisialta is atá sé. Bheinn sásta cuidiú leat chomh fada is féidir liom mar níl mo ghramadach foirfe ach an oiread.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Bhíos ag féachaint ar Vicipéid ansin, an ceapann sibh go bhfuil na leathanach cúiseach beag. Tá an cuma ar go bhfuil daoine níos buartha(ltr?) faoin dara áit is nócha ná an caighdeáin eolas atá le fáil ann? (Do daoine ag déanamh an Ard theist go luath-"É sin a phlé":D)

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cliste wrote: »
    Bhíos ag féachaint ar Vicipéid ansin, an ceapann sibh go bhfuil na leathanach cúiseach beag. Tá an cuma ar go bhfuil daoine níos buartha(ltr?) faoin dara áit is nócha ná an caighdeáin eolas atá le fáil ann? (Do daoine ag déanamh an Ard theist go luath-"É sin a phlé":D)

    Tá go leor alt gearr ann gan mórán eolais sa Vicipéid Bhéarla chomh maith, ach tá na céadta milliún cainteoir Béarla ann le bheith ag cur leis an gceann sin. Tógfar tamall chun an leagan Gaelach a fhorbairt i gceart. Ach is fearr ailt ghearr ná easpa alt.
    Dála an scéil, ní chuirtear na 'síolta' san áireamh in aicmiú na Vicipéide (92ú háit), mar sin ní dhéantar difear don stádas le hailt ghearra. Sin an fáth a bhfuil an lipéad 'síol' ann.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Ba chóir an Vicipéid a chur ar an siollabas meanscoile. I ndáiríre. Don idirbhliain nó rud éigin. Is slí íontach é cruinneas a chleachtú. Bheadh modhnóirí ag teastáil cinnte, ach sin an fáth a bhfuil muinteoirí ann, nach ea?

    Riomhphost don Aire Oideachais ag teastáil is dócha.

    Anois, cé hé nó hí tar éis teacht an Chomhánach...

    Batt O'Keefe?!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Múinteoir wrote: »
    Tá go leor alt gearr ann gan mórán eolais sa Vicipéid Bhéarla chomh maith, ach tá na céadta milliún cainteoir Béarla ann le bheith ag cur leis an gceann sin. Tógfar tamall chun an leagan Gaelach a fhorbairt i gceart. Ach is fearr ailt ghearr ná easpa alt.
    Dála an scéil, ní chuirtear na 'síolta' san áireamh in aicmiú na Vicipéide (92ú háit), mar sin ní dhéantar difear don stádas le hailt ghearra. Sin an fáth a bhfuil an lipéad 'síol' ann.

    Sin suimiúil, agus ag cén t-am is féidir alt iomlán a glaoi ar síol?

Advertisement