Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Vicipéid

  • 02-10-2007 06:26PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭

    An leagan Gaelach de Wikipedia. Tá sé níos fearr agus níos mó ná mar a cheapfá. Tá 5,410 alt ann faoi láthair. An bhfuil aon pháirt agat ann?

«1

Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá leathanach ann i mBéarla a bhí ar intinn agam a aistriú le fada. Bhí mé ag lorg nasc nó cnaipe ar an leathanach cosúíl le 'Aistrigh go dtí teanga eile' ach níor aimsigh mé a leithéid ann. An bhfuil slí éasca ann chun é seo a dhéanamh?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote:

    Ceapaim gur gá an t-alt Gaeilge a thosú ar dtús agus go mbíonn an rogha ann chun an leagan i dteanga eile a aistriú, ag bun an leathanaigh.

    Ba cheart dúinn alt a scríobh faoi Theach na nGealt! :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Ní dóigh liom go nglacfaidh siad leis...

    Déanaim beagáinín ar an Vicipéid, agus tá dream ann a bhfuil an-dáiríre faoi. Fós, da mbeinn in ann tábhacht éigin a thaispeáint...

    Táimid ag barr an athbheochan teanga!

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    M&#250 wrote: »

    An smaoineamh! Cuir dréacht suas anseo más mian leat.

    Níl aon taithí agam leis na daoine ar Vicipéid ach ní cheapaim go mbeadh aon chúis acu cosc a chur ar alt mar seo.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Karlusss wrote:
    Ní dóigh liom go nglacfaidh siad leis...

    Déanaim beagáinín ar an Vicipéid, agus tá dream ann a bhfuil an-dáiríre faoi. Fós, da mbeinn in ann tábhacht éigin a thaispeáint...

    Táimid ag barr an athbheochan teanga!

    Cén fáth nach nglacfaí leis? Beidh an t-alt seo chomh dáiríre le ceann ar bith eile.
    Teach na nGealt

    Is fóram lán-Ghaeilge é seo a bunaíodh ar 6 Márta 2007 ar boards.ie (an suíomh gréasáin is mó le haghaidh plé agus díospóireachta in Éirinn).

    Bunaíodh an fóram seo mar gur mothaíodh nár leor an fóram a bhí ann le haghaidh na Gaeilge go dtí sin ar boards.ie. Bhí fóram dátheangach ann cheana (nasc) le haghaidh cúrsaí Gaeilge, ach cheap go leor ball go raibh sé ró-thógtha le Béarlóirí ag cur ceisteanna faoin nGaeilge, in áit gnáthchomhrá as Gaeilge.

    Ghlac riarthóirí an tsuímh leis an smaoineamh nua seo agus bunaíodh an fóram nua mar chuid den fhóram 'After Hours' agus an t-ainm 'Tar éis na hUaire' air.

    Rinneadh vótáil san fhóram Gaeilge nua maidir le hainm nua a bhaisteadh air, agus bhí an bua ag an ainm scigmhagúil 'Teach na nGealt'.

    (Nasc le Teach na nGealt)

    (Nasc leis an bhfóram dátheangach)

    (Nasc le príomhleathanach boards.ie)

    Céard faoi sin thuas?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    jab iontach:)

    b'fhéidir moladh amháin: an suíomh gréasáin is mó

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote:
    jab iontach:)

    b'fhéidir moladh amháin: an suíomh gréasáin is mó

    Glacaim le do mholadh. Tá sé athraithe agam.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    M&#250 wrote: »
    Cén fáth nach nglacfaí leis? Beidh an t-alt seo chomh dáiríre le ceann ar bith eile.

    Ní ghlactar le h-ailt faoi suíomhanna mar seo ar an Vicipéid Béarla gan cúis maith (mílte usáideoirí, de ghnáth).

    Alt mhaith, áfach. "We've arrived", mar a deirfeá as Béarla.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Karlusss wrote:
    Ní ghlactar le h-ailt faoi suíomhanna mar seo ar an Vicipéid Béarla gan cúis maith (mílte usáideoirí, de ghnáth).

    Alt mhaith, áfach. "We've arrived", mar a deirfeá as Béarla.

    Is dóigh go mbeadh na teorainneacha níos lú ar an Vicipéid Gaeilge mar níl mórán fóram Gaeilge ann. Níl an leathanach suas fós - an bhfuil fadhb ann a Mhúinteoir?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote:
    Is dóigh go mbeadh na teorainneacha níos lú ar an Vicipéid Gaeilge mar níl mórán fóram Gaeilge ann. Níl an leathanach suas fós - an bhfuil fadhb ann a Mhúinteoir?

    Tá mé ag fanacht le bheith cinnte nach bhfuil aon duine ag iarraidh é a athrú nó a fheabhsú. An bhfuil sibh go léir sásta leis mar atá sé?
    Le fírinne, b'fhearr liom go gcuirfeadh duine éigin eile in airde é. Níl mé ró-chleachtach ar vicipéid a úsáid. An bhféadfá-sa 'Gearradh agus Greamú' a dhéanamh Karluss, a shaineolaí na Vicipéide? :)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Haha saineolaí...

    Cruthaithe agus "wikified": http://ga.wikipedia.org/wiki/Teach_na_nGealt

    Fanfaidh mé ar an seic sa phóst lads, an ea?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Karlusss wrote:
    Haha saineolaí...

    Cruthaithe agus "wikified": http://ga.wikipedia.org/wiki/Teach_na_nGealt

    Fanfaidh mé ar an seic sa phóst lads, an ea?

    Beidh tú ag fanacht tamall. :D Go raibh míle maith agat a mhac. An bhfuil aon duine ag iarraidh rud sa bhreis a chur leis?

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    M&#250 wrote: »
    Beidh tú ag fanacht tamall. :D Go raibh míle maith agat a mhac. An bhfuil aon duine ag iarraidh rud sa bhreis a chur leis?

    Sílim go mbeidh muid in ann a bheith ag baint spraoi as an suíomh Wiki sin....muhaaaahahaha

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Níl aon alt ann le haghaidh boards.ie de réir cuma. Tá alt ann faoi sa leagan Béarla.

  • Closed Accounts Posts: 583 ✭✭✭monkey tennis

    An bhfuil 'v' i nGaeilge anois?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    An bhfuil 'v' i nGaeilge anois?

    Tá, i gcás focail iasachta. vóta, voltas, Victeoiriach srl.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Tógann sé áit W i focail iasachta freisin, de ghnáth.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Féachaigí a chairde gur chruthaigh mé nasc nua ó alt Theach na nGealt go dtí 'fóram lán-Ghaeilge'. Tá liosta ann de na fóraim lán-Ghaeilge eile atá ar an idirlíon in éineacht le Teach na nGealt. Tá mé ag dul i dtaithí ar úsáid an vici!:)

    An bhfuil sibh in ann smaoineamh ar aon fhóram lán-Ghaeilge eile le cur leis an liosta?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Aon rud suimiúil scríofa ag éinne sa Vicipéid le déanaí?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Múinteoir wrote: »
    Aon rud suimiúil scríofa ag éinne sa Vicipéid le déanaí?

    Rud ar bith - is oth liom a rá:o. Bhí sé ar intinn agam rud éigin a scríobh faoi éin toisc nach bhfuil mórán ann faoi láthair. Ba mhaith liom ailt Gaeilge a chur suas a bhfuil ar a laghad chomh maith leis an leagan Béarla ach tá ard-chaighdeán Gaeilge de dhíth chun na focail teicniúla a aistriú le cruinneas. Níl go leor muinín agam i mo chumas, go háirithe leis an dtuiseal ginideach. Ní mhaith liom aon rud a chur suas gan profléamh déanta air roimhré... dá mbeadh suim ag éinne....

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote: »

    Ná bí buartha faoi sin a chara! Tá go leor saineolaithe agus saoithe gramadaí ann chun rudaí a cheartú duit. Chomh maith le sin bíonn daoine le scileanna teicniúla le cabhrú leis an leagan amach, pictiúir, grianghraif srl. Ach caithfear an síol a chur sula bhfásfaidh sé ina chrann mór! :) Comhoibriú atá ann ar son na Gaeilge. Ní neart go cur le chéile!

    Scríobh mé féin cúpla alt le déanaí:

    - The Great Dictator (Scannán an-mhaith a chonaic mé le déanaí)
    - Billy Joel (Duine de na ceoltóirí is fearr liom)

    Ba mhaith liom breis forbartha a dhéanamh orthu ach tá mo shaol go léir agam chun a leithéid a dhéanamh. Ach tá tús curtha leo ar a laghad.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Thosaigh mé an alt ar Lost; http://ga.wikipedia.org/wiki/Lost ach tá sé rud beag gearr faoi láthar. Má tá suim ag éinne chur leis, lean oraibh, bheinn buartha nach mbeadh gramadach maith go leor agam, chun iomarca a chur suas.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Thosaigh mé an alt ar Lost; http://ga.wikipedia.org/wiki/Lost ach tá sé rud beag gearr faoi láthar. Má tá suim ag éinne chur leis, lean oraibh, bheinn buartha nach mbeadh gramadach maith go leor agam, chun iomarca a chur suas.

    Maith an fear!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    féar plé duit, an-tráthúil freisin leis an tsraith nua ag tosú anocht.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Muircheartach Ua Briain, Toirdhealbhach Ua Conchobar agus Toirdhealbhach Ua Briain déanta agam le déanaí.

    Cuma faoi ábhair eile, bhí (agus tá fós) géarr-gá le tuille ailt faoi stair Gaelach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Karlusss wrote: »

    Stair na hÉireann i gcoinne Lost - b'fhéidir go bhfuil stair níos tábhachtaí ach geallaim duit go mbeidh níos mó suime san áit seo i Lost. Tá éacht déanta agat ar aon nós, coinnigh ort!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Pssh, Lost. Tá a lán lán obair ag teastáil ó na Sopranos. Sin seo ceart.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá an ceart agat go dearbh, ba chóir leathanach a chur le chéile mar chuimhneachán cuí don shárshaothar sin.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Karlusss wrote: »
    Pssh, Lost. Tá a lán lán obair ag teastáil ó na Sopranos. Sin seo ceart.
    Poll Dubh wrote: »
    Tá an ceart agat go dearbh, ba chóir leathanach a chur le chéile mar chuimhneachán cuí don shárshaothar sin.

    Ar aghaidh libh beirt mar sin! :)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    Ar aghaidh libh beirt mar sin! :)

    Cuirfidh mé ar mo liosta le déanamh é. Ach is liosta fada fada fada é.

Advertisement