Boards.ie uses cookies. By continuing to browse this site you are agreeing to our use of cookies. Click here to find out more x
Post Reply  
 
 
Thread Tools Search this Thread
28-03-2019, 23:58   #16
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Quote:
Originally Posted by wiggle16 View Post
Tá an-bhrón orm chun é sin a chloisteáil, IO Ní mheasaim go bhfuil aon rud ar an domhan a bhfuil níos deacra a fhoghlaim ná an nuacht sin. Táim ag cur tusa faoi bhrí mo chuid smaointe anocht.
Míle buíochas.

Quote:
Aon phlean ar bith agat anois faoi bhriseadh na Cáisce?
Tada anois! Bhí sé ar intinn againn dul go Dún Éidin, ach idir an eitilt agus an carrchlós agus na ticéidí bus go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath bhí an turas ag éirí ró-chostasach. Fanfaimid in Éirinn, ag b'fhéidir piocfaimid óstán nó dhó timpeall na tíre seo chun sos a ghlacadh. Céard fútsa?

Mo smaoineamh anocht:
Bíonn an t-earrach tagtha i gceart nuair a bhíonn tú in ann uair a'chloig a chaitheamh sa ghairdín ag baint an fhéir. Bhí iarnón álainn againn i Luimneach inniu. D'éirigh liom smacht éigin a chur ar an bplásóg. Caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as an iarracht.
Insect Overlord is online now  
Thanks from:
Advertisement
29-03-2019, 16:47   #17
Poll Dubh
Registered User
 
Join Date: Sep 2007
Posts: 1,120
Quote:
Originally Posted by wiggle16 View Post
Táim cráite le déanaí mar gheall ar eachma ar bhoinn mo chosa agus ar mo lámha freisin... níl aon fhreagra ag an nGP le haghaidh na cúise ar bith. Is cosúil le craiceann an éisc í mo chos bhocht.
Ar chuir an dochtúir ar aghaidh tú chuig speisialtóir?
Poll Dubh is offline  
29-03-2019, 16:51   #18
Poll Dubh
Registered User
 
Join Date: Sep 2007
Posts: 1,120
Quote:
Originally Posted by Insect Overlord View Post
Mo smaoineamh anocht:
Bíonn an t-earrach tagtha i gceart nuair a bhíonn tú in ann uair a'chloig a chaitheamh sa ghairdín ag baint an fhéir. Bhí iarnón álainn againn i Luimneach inniu. D'éirigh liom smacht éigin a chur ar an bplásóg. Caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as an iarracht.
Caithfidh mise lomaire a cheannach - bhí me chun ceann peitril a cheannach ach anois tá mé ag smaoineamh faoi cheann a oibríonn ar chadhnra.
Poll Dubh is offline  
31-03-2019, 23:20   #19
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Sula bhfágaimíd an Mháirt inár ndiaidh, caithfidh mé a rá go raibh deireadh seachtaine iontach agam ag deireadh na míosa.

Chuaigh mé ag rith maidin inné. 10 gciliméadar timpeall bhaile na hInse. Aimsir álainn. T-léine fíor-dheas agus bonn comórtha freisin. Níor bhain mé amach an sprioc a bhí agam roimh an rás (ó thaobh luais/ama de) ach bhain mé taitnemh as an rud ar fad.

Bhuaigh foireann na Mumhan sa rugbaí. Bhuaigh Manchester United sa sacar. Bhuaigh Luimneach san iománaíocht. Agus bhuaigh m'fhoireann sacair féin cluiche craoibhe inniu tar éis am breise agus "sudden death" ciceanna pionóis. Shábháil mé trí chinn agus bhuamar 9-8. Agus bhí dinnéir blasta agam.

Seachtain ó shin bhí mé in umar na haimiléise. Ach uaireannta oibríonn an saol ar fad é féin amach. Is fiú cuimhniú ar sin freisin, chomh maith le deacrachtaí an tsaoil.
Insect Overlord is online now  
(2) thanks from:
26-08-2019, 21:43   #20
Paz-CCFC
Registered User
 
Join Date: Dec 2007
Posts: 1,477
Do bhíos féin ag smaoineamh fé m'easpa úsáide an fhóraim seo le déanaí.

Níor dhuine leis na mílte póstálacha riamh mé, ach do bhíodh mé anso cuíosach minic. B'é Teach na nGealt an fóram ba mhinic a d'úsáidinn. Ach, de réir mar a chuaigh am ar aghaidh, tagann rudaí eile sa tsaol chun tosaigh agus ní bhíonn an t-am agat.

Im' thuairim, is fadhb iad na gutháin cliste, go pointe áirithe. Tá sé níos éasca rudaí a léamh, ach níos mí-oiriúnaí póstálacha fada a scríobh. Na saghas póstálacha a scríobhtar ar ghutháin, tá siad níos oiriúnaí de Twitter, Whatsapp agus a leithéid. I ndáiríre, ní hamháin sa Teach go bhfuil an fhadhb seo - tá ídiú le feiceáil ar formhór na bhfóram ar Boards.

Déarfainn go ndéanfaidh mé a thuilleadh iarrachta úsáid a bhaint as a' dTeach. Ní minic go mbíonn an seans comhrá maith as Gaelainn a bheith agam ar an idirlíon.
Paz-CCFC is offline  
Post Reply

Quick Reply
Message:
Remove Text Formatting
Bold
Italic
Underline

Insert Image
Wrap [QUOTE] tags around selected text
 
Decrease Size
Increase Size
Please sign up or log in to join the discussion

Thread Tools Search this Thread
Search this Thread:

Advanced Search



Share Tweet