wiggle16 wrote: » Is dócha gur trua é nach n-úsáidítear an Ghaeilge níos minice ar Bhoards, nó nach bhfuil suíomh greasáin mhóir eile amuigh ann, cosúil le Boards, ar son chainteoirí Gaeilge - ach is ar an easpa éilimh atá an milleán, áfach, agus mar sin, orainn.
Insect Overlord wrote: » Ar aon nós, meascán de smaointe anocht. Dhreap mé suas ar díon na scoile inniu. Bhí na liathróidí maithe sacair thuas ann, agus ní raibh siad le titim anuas gan cabhair ó dhuine éigin! Is fuath liom dul suas ar rudaí arda. Agus bhí slua beag daltaí ag féachaint orm sular imigh siad abhaile. Feckers. :pac:
Insect Overlord wrote: » bhí droch-scéala maidir le duine de mo mhuintirse. Ailse fhoirceanta atá ag a duine bocht. Deacair a phroiséail anocht.
Poll Dubh wrote: » B'fhearr liom féin liathróidí nua a cheannach ná dul suas ar díon!
Is oth liom sin a chloisteáil
nuac wrote: » Is trua an nuacht sin .fé do ghaol. Tá súil agam go mbainfhidh tú sult agus sás as an ostán sin
Insect Overlord wrote: » Táim ag smaoineamh anois nach dtuigim pop-chultúir. Tá "2 Fast 2 Furious" ar an teilifís. Ní fhaca mé a leithéid de sheafóid riamh, ach fós féachann na milliúin daoine ar gach uile scannán sa tsraith. An bhfuil mé ró-dhifriúil ó lucht m'aois-ghrúpa? Níl a fhios agam...
Insect Overlord wrote: » Go raibh maith agat. An-sásta go dtí seo! Tá sauna acu, agus tobán te in aice leis. RTÉ ar an teilifís sa seomra don chluiche anocht freisin.
Poll Dubh wrote: » Nach saol an mhadra bháin atá agatsa! Níl ach éad orm i ndáiríre.
Insect Overlord wrote: » Ansin bhí droch-scéala maidir le duine de mo mhuintirse. Ailse fhoirceanta atá ag a duine bocht. Deacair a phroiséail anocht.
wiggle16 wrote: » Tá an-bhrón orm chun é sin a chloisteáil, IO Ní mheasaim go bhfuil aon rud ar an domhan a bhfuil níos deacra a fhoghlaim ná an nuacht sin. Táim ag cur tusa faoi bhrí mo chuid smaointe anocht.
Aon phlean ar bith agat anois faoi bhriseadh na Cáisce?
wiggle16 wrote: » Táim cráite le déanaí mar gheall ar eachma ar bhoinn mo chosa agus ar mo lámha freisin... níl aon fhreagra ag an nGP le haghaidh na cúise ar bith. Is cosúil le craiceann an éisc í mo chos bhocht.
Insect Overlord wrote: » Mo smaoineamh anocht: Bíonn an t-earrach tagtha i gceart nuair a bhíonn tú in ann uair a'chloig a chaitheamh sa ghairdín ag baint an fhéir. Bhí iarnón álainn againn i Luimneach inniu. D'éirigh liom smacht éigin a chur ar an bplásóg. Caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as an iarracht.
Insect Overlord wrote: » Cé acu is measa - an feall, nó an córas nach n-aithníonn feall nuair a dhéantar é? Níos measa fós - an córas gur cuma leo nuair a dhéantar a leithéid toisc go n-aointíonn siad leis an bhfeallaire.
Insect Overlord wrote: » Ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar fhadhbanna an domhain faoi láthair. Táim ag féachaint arís ar sraith a haon den chlár "Happy!" ar Netflix. Foréigin. Fuadach. Fuil. Drugaí. Dúnmharú. Droch-theanga. Mí-úsáid ghnéis. Gunnaí. Fós níos gille ná an fíor-shaol.
Upforthematch wrote: » ag caint faoi cursaí polaitíochta, ab ea?