Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

135678

Comments

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    go raibh míle :D

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    dhá cheist eile (ná bí eagla oraibh mo chuid gaeilge a cheartú, táim a staidéar chun TEG a dhéanamh ^^' bheinn deas buíoch!)

    ar aon nós, seo hiad:

    1) conas mar a n-úsáidtear "annamh"? "is annamh go" nó "is annamh a"? nó an bhfuil an dhá acu i gceart?

    2) cad é an difríocht idir "fuaim" agus "uaim"? chualas an dhá acu dá bhrí "foghraíocht", ach níl mé fós cinnte an bhfuil an rud céanna i gceist ^^'

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    1) conas mar a n-úsáidtear "annamh"? "is annamh go" nó "is annamh a"? nó an bhfuil an dhá acu i gceart?

    Is annamh a bhíonn ceisteanna mar sin ar an scrúdú (Caighdeán Oifigiúil)
    Is annamh go mbíonn ceisteanna mar sin ar an scrúdú (Gaeilge na Mumhan).
    2) cad é an difríocht idir "fuaim" agus "uaim"? chualas an dhá acu dá bhrí "foghraíocht", ach níl mé fós cinnte an bhfuil an rud céanna i gceist ^^'

    Fuaim / an fhuaim = sound
    uaim / an uaim = alliteration

    Níl aon difríocht le cloisteáil idir "an fhuaim" agus "an uaim"!

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    Níl aon difríocht le cloisteáil idir "an fhuaim" agus "an uaim"!

    go raibh míle ^^ ach 's éard atá i gceist agam le "chuala", ná go raibh "fuaim" (gan séimhiú) cloiste agam :P thugas é faoi deara dá bharr xD

    só céard atá i gceist le "alliteration" dála an scéal? an é sin ar nós "aliteração" (portaingéilis) = athrá déanta ar chonsain amháin in abairt amháin go minic?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Foghraíonn roinnt daoine "uaim" (from me) mar "wem". Níl 'fhios agam cén chanúint áfach.

    Tá do chuid Gaeilge ar fheabhas! Níor chualathas ach faoi eachtrannach amháin eile ag foghlaim na teangan chomh maith sin. Ós rud é gur iarr tú orainn tú a cheartú, ná dearmad go ndeirtear "an dá" in ionad "an dhá". Níl ann ach botún fíor-bheag, ach is cuimhin liom é a chloisint go minic ar scoil.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    go raibh míle maith agat as an moladh sin ^^' glacaim leis go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas, ach ag an am céanna tá go leor leor le foghlaim fós :P

    thugas an rud sin faoi deara chomh mhaith, seans gur canúint BÁC atá i gceist ach nílim 100% cinnte (Baile Átha Cliath)

    grma arís as ucht an ceartúchán, chomh mhaith :D

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    cgl, tá rud éigin eile uaim: is léir go bhfuil dá foirm difriúil den "verb to be" i ngaeilge (chomh mhaith leis an phortaingéilis ^^), an briathar "bí" agus an chopail.

    Cibé ar bith, an bhfuil módh coinníollach ar an gcopail? lol

    chualas "b'shin go deas" in amhrán éigin, ach níl mé cinnte an nath cainte nó foirm saghas míchoitianta den chopail atá ann. Agus cén difríocht atá ann idir "b'shin go deas" agus "bheadh sé sin go deas"? bhfuil brí eile nó rud éigin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,953 ✭✭✭deirdremf

    Níl ach dhá aimsir ghramadaigh ag an gcopail:

    1. Aimsir láithreach/fháistineach: is, ní, an, nach
    2. Aimsir chaite/modh coinníollach: ba, níor, ar, nár

    Mar gheall ar sin, in amanna úsáidtear briathra agus foirmeacha éagsúla cainte chun an difríocht a thaispeáint:

    Ba mhaith liom uachtar reoite - modh coinníollach
    Thaitin an t-uachtar reoite liom - aimsir chaite

    Ar an taobh eile de, bíonn an comhthéacs tábhachtach.

    Ba bhreá an lá é: aimsir chaite
    Ba bhreá liom lá a chaitheamh ar an trá: modh coinníollach

    Nílim cinnte an bhfreagraíonn sin do cheist, ach ná bíodh leisce ort ceisteanna eile a chur.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    tá sé sin cabhrach go deimhin ^^ go raibh maith agat :)

  • Closed Accounts Posts: 25 FoxyTwinkles

    Níl mé in an teacht ar aon liosta faoi na rialacha a baineann leis an ainm briathar a cumadh. An rud is giorra dó a bhfuil agam ná http://nualeargais.ie/gnag/verbnom.htm, ach cé go bhfuil liosta ann, tá an chumadh air nach bhfuil fíor-rialacha a thagann leis an chuid is mó doibh. (Mar shampla, an chéad reimniú, foirm neamhríleach: "further verbal noun endings: -achtáil, -úint, -an, -int, -t, -im, -e, -áil, -ach, -acht, -achán, -áil, -aidh, etc." gan treo leoibh)

    An bhfuil bealach níos easca an ainm briathar a cumadh?

    Tá mé ag déanamh iarracht an teanga a fhoghlaim le haghaidh scruduithe ollmhóir i gceann cúpla seachtain. Má tá mó chuid litrithe/gramadaigh mícheart, bheadh grá mór agam duit dá gcuirfeá i gceart mé.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Tá sé thar a bheith neamhrialta. Os rud é nár fhoghlaim mé ó leabhar na rialacha, níl 'fhios agam an bhuil modh casta éigin ann chun briathar a díchlaonadh mar sin, ach is dóigh liom gur gá gach ceann a fhoghlaim ina aonar.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Ceist eile:

    Deir sé anseo go gcuireann an réamhfhocal 'go' urú ar an ainmfhocal ina dhiaidh. Ach ní minic a déarfainn féin 'táim ag dul go nGaillimh'. Bhfuil miniú ag éinne anseo dom?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,912 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    dambarude wrote: »
    Ceist eile:

    Deir sé [EMAIL="http://www.nualeargais.ie/gnag/gram.htm"]anseo [/EMAIL] go gcuireann an réamhfhocal 'go' urú ar an ainmfhocal ina dhiaidh. Ach ní minic a déarfainn féin 'táim ag dul go nGaillimh'. Bhfuil miniú ag éinne anseo dom?

    Tógann 'go' urú sa Mhodh Fothuiteach ("subjunctive"), mar shampla,

    "Go n-éirí an bóthar leat",
    "Go ndéana sé maith duit",
    "Go bhfaighe mé sonas",
    7rl.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Tuigim sin, agus tógann briathra urú i ngach aimsir eile chomh maith (seachas an aimsir chaite) (go gcuireann sé, go gcuirfidh sé, go gcuirfeadh sé 7rl).

    Tá an cheist atá agamsa bunaithe ar ainmfhocail amháin, ní briathra, ach GRMA ar aon nós:)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,912 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    dambarude wrote: »
    Tá an cheist atá agamsa bunaithe ar ainmfhocail amháin, ní briathra, ach GRMA ar aon nós:)

    Tá brón orm! Níor léigh mé do cheist i gceart. :o

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Tógann go urú nuair atá briathar dar tús consan i gceist, agus ní athraíonn sé ainmfhocail dar tús consan.

    Mar shampla: Dúirt sé go gceannódh sé geansaí roimh dhul go Gaillimh.

    Maidir le focail dar tús guta, cuireann go 'h' roimh ainmfhocail agus urú (n-) roimh bhriathra.

    Mar shampla: Dúirt sé go n-osclódh sé an bronntanas roimh dhul go hArd Mhacha.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    ^^^ Sin na rialacha a bhí á leanúint agam. An gciallaíonn sé sin go bhfuil an méid thíos mícheart? Nó seans nach dtuigim i gceart é?
    go = with
    Initial Mutations:
    without article : eclipsis

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dambarude wrote: »
    ^^^ Sin na rialacha a bhí á leanúint agam. An gciallaíonn sé sin go bhfuil an méid thíos mícheart? Nó seans nach dtuigim i gceart é?

    Níl sé mínithe go han-mhaith ar an suíomh sin. Caithfear smaoineamh air seo:

    Tá 'go' an réamhfhocal ann, agus tá 'go' an mhír bhriathartha ann, focail éagsúla a bhfuil rialacha difriúla ag baint leo. Tháinig tú ar an eolas thú faoin gceannteideal Prepositions/Réamhfhocail. Tagann réamhfhocail roimh ainmfhocail agus tagann míreanna briathartha roimh bhriathra.

    Is comhainm nó homonym é an focal go sa Ghaeilge.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,953 ✭✭✭deirdremf

    dambarude wrote: »
    ^^^ Sin na rialacha a bhí á leanúint agam. An gciallaíonn sé sin go bhfuil an méid thíos mícheart? Nó seans nach dtuigim i gceart é?
    Is eisceachtaí iad seo. Cé nach saineolaí mé ar an ngramadach, cheapfainn gur úsáid í seo atá imithe as an teanga, ach amháin i nathanna cailcthe.

    Deirim féin "go leith", "go bhfios dom" agus b'fhéidir corrcheann eile, ach creidim nach gcumtar abairtí nua ar an gcaoi seo níos mo.

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,912 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    deirdremf wrote: »
    cheapfainn gur úsáid í seo atá imithe as an teanga, ach amháin i nathanna cailcthe.

    Sin ceann nua dom! :p

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    ceist nua agam! ^^'

    conas a deirtear ceisteanna ar nós "an é sin atá ann?" nuair atá an t-alt "an" ina measc? mar shampla, "an an rud céanna atá ann?" <- cuma mícheart air dar liom xD

    chomh mhaith le sin, conas mar a déantar an fhoirm diúltach den abairt "an áit ina raibh mé"? an é sin "an áit ina nach raibh mé" nó "an áit nach raibh mé ann" nó pé rud eile? :P

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    conas a deirtear ceisteanna ar nós "an é sin atá ann?" nuair atá an t-alt "an" ina measc? mar shampla, "an an rud céanna atá ann?" <- cuma mícheart air dar liom xD

    An é an rud céanna atá ann?
    chomh mhaith le sin, conas mar a déantar an fhoirm diúltach den abairt "an áit ina raibh mé"? an é sin "an áit ina nach raibh mé" nó "an áit nach raibh mé ann" nó pé rud eile? :P

    An áit nach raibh mé ann.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    go raibh míle maith agat! (agus mo leithscéal as an freagra déanach ^^')

    cúpla cinn eile lol

    1) conas a deirtear, mar shampla, "it took me a long time to learn"? an é sin "ghlac sé go leor am (agam/liom/orm/dom???) chun é a fhoghlaim"?? cuma aisteach air, gan trácht ar an amhras :/

    2) cad faoi "it's high time we did (something)"? (nílim in ann buaileadh faoi thuairim a thabhairt air ^^')

    3) an bhfuil difríocht ó thaobh brí idir "san ollscoil" agus "ar an ollscoil"?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    1) conas a deirtear, mar shampla, "it took me a long time to learn"? an é sin "ghlac sé go leor am (agam/liom/orm/dom???) chun é a fhoghlaim"?? cuma aisteach air, gan trácht ar an amhras :/

    Thóg sé go leor ama orm é a fhoghlaim.

    2) cad faoi "it's high time we did (something)"? (nílim in ann buaileadh faoi thuairim a thabhairt air ^^')

    Tá sé thar dúinn gramadach na Gaeilge a fhoghlaim ;)
    3) an bhfuil difríocht ó thaobh brí idir "san ollscoil" agus "ar an ollscoil"?

    Tá mé san ollscoil anocht ag iarraidh m'aiste a chríochnú. (in)
    Tá mé ar an ollscoil ag déanamh staidéir ar an nGaeilge. (attending)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    2) cad faoi "it's high time we did (something)"? (nílim in ann buaileadh faoi thuairim a thabhairt air ^^')

    It is high time he went to school - Tá sé thar am aige dul chun scoile*

    *Foclóir De Bhaldraithe, lch. 338.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    go raibh míle maith agaibh arís! :D
    Gael wrote: »
    It is high time he went to school - Tá sé thar am aige dul chun scoile*

    *Foclóir De Bhaldraithe, lch. 338.

    suimiúil sin... an bhfuil sé caighdeánach?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    go raibh míle maith agaibh arís! :D

    suimiúil sin... an bhfuil sé caighdeánach?

    Tá cinnte. Tá beagnach gach rud in EID (foclóir de Bhaldraithe) caighdeánach, ach tá lochtanna áirithe ar an bhfoclóir.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,928 ✭✭✭fat bloke

    Ceist agamsa. Ar RnaG, nuair a bhíonn clár ar siúl ón tuaisceart - príomhscéalta an tuaisceart 's a leithéid, níl taithí agam ar an gcanúint agus ní thuigim cad a bhíonn le rá acu formhór an ama i ndáiríre:rolleyes:

    Ach: -cloisim an focal "Fasta" nó "fásta" (agus nílim cinnte faoin litriú) an t-am go léir. -Cad is brí leis an bhfuil fhios ag éinne?

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Fosta = chomh maith/freisin

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,514 Mod ✭✭✭✭dory

    Seo díreach léite ó rud éigin ar teg.ie: ar dhaltaí na chéad bhliana

    Cheapas nach mbíonn séimhiú tar éis 'na' riamh. Dar ndóigh, tá eisceachtaí do gach rud sa teanga seo, ach cén fáth go mbeadh séimhiú anseo? Tuigim chomh maith nach mbíonn gach rud caighdeánach ar teg.ie (cláracha a úsáid mar shampla).

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »

    Deirtear go bhfuil 'buanséimhiú' ar an bhfocal le haghaidh 'first'. Má thógtar an séimhiú amach, an focal 'hundred' atá i gceist, i gcónaí.

  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP

    An féidir le éinne triail a dhéanamh chun an preas-ráiteas seo a aistriú go Gaeilge??? Beadh sé ina chuidiú mhór más féidir! Fiú más féidir píosa nó píosaí beag de a aistriú beadh mé an-bhuíoch!!!

    http://www.slideshare.net/DarrenJPrior/preasriteas-lnasa-2009

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    a fhios ag éinne cén "infinitive" atá ag an mbriathar "d'fhéadfaí" nó "d'fhéadfainn" nó "féadann tú", srl?

    bhíos ag iarraidh é a chur isteach ar shuíomh ar nós irishdictionary.ie chun é a réimhniú i ngach aimsir, ach níl cliú agam cén bhriathar atá ann ^^'

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    a fhios ag éinne cén "infinitive" atá ag an mbriathar "d'fhéadfaí" nó "d'fhéadfainn" nó "féadann tú", srl?

    bhíos ag iarraidh é a chur isteach ar shuíomh ar nós irishdictionary.ie chun é a réimhniú i ngach aimsir, ach níl cliú agam cén bhriathar atá ann ^^'

    Is é 'féad' an fréamh, ach ní úsáidtear an briathar ach san aimsir ghnáthláithreach, fháistineach agus modh coinníollach. Féadann, féadfaidh, d'fhéadfadh.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    go raibh míle!! :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,953 ✭✭✭deirdremf

    Quote:
    Originally Posted by Irlandesaaa viewpost.gif
    a fhios ag éinne cén "infinitive" atá ag an mbriathar "d'fhéadfaí" nó "d'fhéadfainn" nó "féadann tú", srl?

    bhíos ag iarraidh é a chur isteach ar shuíomh ar nós irishdictionary.ie chun é a réimhniú i ngach aimsir, ach níl cliú agam cén bhriathar atá ann ^^'

    Is é 'féad' an fréamh, ach ní úsáidtear an briathar ach san aimsir ghnáthláithreach, fháistineach agus modh coinníollach. Féadann, féadfaidh, d'fhéadfadh.

    Thairis sin, deirtear "is féidir liom" (aimsir láithreach agus aimsir fháisteanach).
    Tá an fhoirm "b'fhéidir" (modh coinníollach) ann freisin - "B'fhéidir go rachaidh mé go Sao Paolo and tseachtain seo chugainn!", cur i gcás.
    San aimsir chaite, deirtear "bhí mé in ann" nó "bhí mé ábalta".

    Dála an scéil, féadfaidh tú (:D) foirmeacha briathra a fháil sa suíomh seo:
    http://193.1.97.44/focloir/
    Is foclóir ar líne é, le míniú i nGaeilge. Bain triail as!
    Tugann sé go leor aimsirí don fhocal "féad", ach níor chuala mé ariamh ach na cinn a thug Micilín thuas.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    An n-úsáidfí “Cathair Doire” nó “Cathair Dhoire”? Tar éis cuardach tapaigh ar Google, chonaic mé an dá cheann in úsáid. An nglactar leis an ndá cheann?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Paz-CCFC wrote: »
    An n-úsáidfí “Cathair Doire” nó “Cathair Dhoire”? Tar éis cuardach tapaigh ar Google, chonaic mé an dá cheann in úsáid. An nglactar leis an ndá cheann?

    Ní ghlactar! Cathair Dhoire amháin! É sin nó Cathair Londandoire ;)

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    cathain a n-úsáidtear "gan" agus "gan ar"? ms. chualas "gan airgead" agus "gan ar airgead", an bhfuil an dá acu i gceart?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Ní dóigh liom go n-úsáidtear "gan ar" é in aon chor. Ar chuala tú in aon áit eile é?

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    cathain a n-úsáidtear "gan" agus "gan ar"? ms. chualas "gan airgead" agus "gan ar airgead", an bhfuil an dá acu i gceart?

    Tá difríocht idir "Tá mé gann ar airgead" agus "Tá mé gan airgead". An chéad cheann, ciallaíonn sé nach bhfuil mórán agat, an dara ceann ciallaíonn sé nach bhfuil aon airgead agat.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    ahh...tuigim
    suimiúil sin dála an scéal ^^
    grma :)

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    an gcuireann "chomh" séimhiú ar aidiachtaí a dtagann ina ndiaidh? ms. "chomh g(h)nóthach le..."?
    grma arís ^^

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Ní chuirtear séimhiú i ndiaidh 'chomh'.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    Só...feictear dom nach bhfuil loighic ar bith ar an nginideach i nGaeilge, go háirithe le haghaidh ainmfhocail, só ciallaíonn sé gur gá dom na foirm ginidigh a fhoghlaim de ghleanmheabhair ¬¬ an fíor é? tuigim go mbaineann sé le dioclaontaí, srl ach ní bhfuaireas loighic ar bith ar an ábhar sin ach an oiread! (Níl mé in ann focal randamach a roghnú agus a rá cén díochlaonadh ag a bhfuil sé, mar shampla. Níl sé rialtach).

    Bhuel, fiú dá nglacfainn leis, níl a fhios agam go fóill conas an méid sin a fhoghlaim. Agus is fuath liom bheith ag scríobh as Gaeilge le foclóir taobh liom (nó focal.ie fiú) i gcónaí toisc nach bhfuilim cinnte faoi ginideach éigin anseo is ansiúd. Cuireann sé soir mé! an bhfuil straitéis níos éascaí ag éinne agaibh? Go raibh míle.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    nó b'fhéidir...ceist níos simplí agam daoibh :D
    conas mar a d'fhoghlaim sibh an ginideach?
    (trí chleachtas nó ag léamh ailt agus ag lorg chuile focal san fhoclóir nó ag cur ceisteanna...srl)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Tá modh ar leith agam atá an-éifeachtach dar le mo mhic léinn! Déanfaidh mé iarracht é a chur ar an snáithe seo amárach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,953 ✭✭✭deirdremf

    Tá modh ar leith agam atá an-éifeachtach dar le mo mhic léinn! Déanfaidh mé iarracht é a chur ar an snáithe seo amárach.
    Bheadh suim agam é sin a fheiceáil, mar bíonn deacrachtaí ag go leor daoine leis an nginideach.
    Tá liosta de réimsí focal ag Mícheál Ó Siadhail ina leabhar Learning Irish maidir le focail fhirinscneacha agus bhaininscneacha, agus leanann an tuiseal ginideach as sin den chuid is mó.
    Faraor nach bhfuil a fhios agam cá bhfuil mo chóip den leabhar níos mó - gach seans gur thug mé uaim í ar iasacht, agus nach bhfuair mé ar ais í.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    deirdremf wrote: »
    Bheadh suim agam é sin a fheiceáil, mar bíonn deacrachtaí ag go leor daoine leis an nginideach.
    Tá liosta de réimsí focal ag Mícheál Ó Siadhail ina leabhar Learning Irish maidir le focail fhirinscneacha agus bhaininscneacha, agus leanann an tuiseal ginideach as sin den chuid is mó.
    Faraor nach bhfuil a fhios agam cá bhfuil mo chóip den leabhar níos mó - gach seans gur thug mé uaim í ar iasacht, agus nach bhfuair mé ar ais í.

    yayy tá suim agamsa air! deacrachtaí leis an nginideach agam, fiú agus an ginideach ann sa phortaingéilis freisin lol

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    bhuel...gan dul as an dtopaic...

    cathain a úsáidtear na réamhfhocail "ar" agus "sa"? an bhfuil riail ar bith bainteach leis?
    ms.
    ar bhlag vs sa bhlag
    ar an áit vs san áit
    srl?

Advertisement