Boards.ie uses cookies. By continuing to browse this site you are agreeing to our use of cookies. Click here to find out more x
Post Reply  
 
Thread Tools Search this Thread
19-03-2019, 10:48   #1
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Machnamh an lae

Rith sé liom ar maidin nach n-úsáidim an fóram seo pioc chomh minic agus ba chóir dom. Cailim amach ar deiseanna mo Ghaeilge a feabhsú is a saibhriú, agus deiseanna teangmháil a dhéanamh le daoine suimiúla eile. Bíonn an teanga in úsáid agam chuile lá ag obair, ach ní leor sin dom. Mar sin, táim chun iarracht a dhéanamh rud éigin a scríobh anseo achan lá den tseachtain.
Insect Overlord is offline  
Advertisement
20-03-2019, 23:04   #2
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Déanach anocht, ach do bhíos gnóthach don tráthnóna. Chuaigh mé ag traenáil leis an gclub sacair.

Bheartaigh mé an gluaisteán a fhágáil ag an mbaile agus an rothar a thógáil amach ar an mbóthar. Bhain mé fíor-thaitneamh as, caithfidh mé a rá.

Cúig míle slí ón teach go dtí an pháirc imeartha, uair a chloig ag imirt sacair, agus an bealach céanna abhaile ina dhiaidh. Oíche dheas gheal thirim a bhí inti. Foirfe don aclaíocht. 21 nóiméad ó thuaidh, 23 nóiméad ó dheas. Iontach don chroí agus don aigne.
Insect Overlord is offline  
Thanks from:
21-03-2019, 01:44   #3
wiggle16
snivelling underling of the Hierarchy
 
wiggle16's Avatar
 
Join Date: Sep 2016
Posts: 1,839
Is dócha gur trua é nach n-úsáidítear an Ghaeilge níos minice ar Bhoards, nó nach bhfuil suíomh greasáin mhóir eile amuigh ann, cosúil le Boards, ar son chainteoirí Gaeilge - ach is ar an easpa éilimh atá an milleán, áfach, agus mar sin, orainn.

Mar gheall ar an méid aclaíochta a bhí á dhéanamh agat níos luaithe, ní ionadh ar bith é go raibh tú déanach anocht ach is ionadh go bhfuil tú fós beo, i mo thuairim féin is cunús leisciúil mé ar aon nós, bheadh mé scriosta théis sin!
wiggle16 is offline  
(3) thanks from:
21-03-2019, 18:27   #4
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Quote:
Originally Posted by wiggle16 View Post
Is dócha gur trua é nach n-úsáidítear an Ghaeilge níos minice ar Bhoards, nó nach bhfuil suíomh greasáin mhóir eile amuigh ann, cosúil le Boards, ar son chainteoirí Gaeilge - ach is ar an easpa éilimh atá an milleán, áfach, agus mar sin, orainn.
Tarlaíonn gach uile rud anois ar Facebook. Tá slua millteach sa ghrúpa Gaeilge Amháin, agus neart eile sa ghrúpa Lucht Labhartha na Gaeilge. Níor mhair an suíomh Abair Leat ach tamailín gearr. Bhí mo shuíomh féin agam, Fóram na Gaeilge, ach ní raibh rath ar bith agam leis tar éis an chéid cupla mí!
Insect Overlord is offline  
(2) thanks from:
21-03-2019, 23:19   #5
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Ar aon nós, meascán de smaointe anocht. Dhreap mé suas ar díon na scoile inniu. Bhí na liathróidí maithe sacair thuas ann, agus ní raibh siad le titim anuas gan cabhair ó dhuine éigin! Is fuath liom dul suas ar rudaí arda. Agus bhí slua beag daltaí ag féachaint orm sular imigh siad abhaile. Feckers.

Ansin bhí droch-scéala maidir le duine de mo mhuintirse. Ailse fhoirceanta atá ag a duine bocht. Deacair a phroiséail anocht.
Insect Overlord is offline  
Thanks from:
Advertisement
22-03-2019, 14:04   #6
Poll Dubh
Registered User
 
Join Date: Sep 2007
Posts: 1,120
Quote:
Originally Posted by Insect Overlord View Post

B'fhearr liom féin liathróidí nua a cheannach ná dul suas ar díon!

Quote:
Originally Posted by Insect Overlord View Post
bhí droch-scéala maidir le duine de mo mhuintirse. Ailse fhoirceanta atá ag a duine bocht. Deacair a phroiséail anocht.
Is oth liom sin a chloisteáil
Poll Dubh is offline  
Thanks from:
22-03-2019, 22:15   #7
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Quote:
Originally Posted by Poll Dubh View Post
B'fhearr liom féin liathróidí nua a cheannach ná dul suas ar díon!
B'shin an fáth go ndeachaidh mé suas, liathróid úr-nua a bhí ann!

Quote:
Is oth liom sin a chloisteáil
Go raibh maith agat.

Dea-smaointe arís anocht. Táim ag fanacht in óstán deas don deireadh seachtaine. Leaba mhór chompórdach. Folcadh san en suite. Bialann thíos staighre le rogha mhaith fíona. Is fiú é, uaireannta, an baile a fhágáil taobh thiar díot agus sos a ghlacadh ón ngnáthshaol.
Insect Overlord is offline  
Thanks from:
23-03-2019, 21:59   #8
nuac
Moderator
 
Join Date: Aug 2008
Posts: 5,556
Is trua an nuacht sin .fé do ghaol.

Tá súil agam go mbainfhidh tú sult agus sás as an ostán sin
nuac is offline  
Thanks from:
23-03-2019, 22:55   #9
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Quote:
Originally Posted by nuac View Post
Is trua an nuacht sin .fé do ghaol.

Tá súil agam go mbainfhidh tú sult agus sás as an ostán sin
Go raibh maith agat. An-sásta go dtí seo! Tá sauna acu, agus tobán te in aice leis. RTÉ ar an teilifís sa seomra don chluiche anocht freisin.

Táim ag smaoineamh anois nach dtuigim pop-chultúir. Tá "2 Fast 2 Furious" ar an teilifís. Ní fhaca mé a leithéid de sheafóid riamh, ach fós féachann na milliúin daoine ar gach uile scannán sa tsraith. An bhfuil mé ró-dhifriúil ó lucht m'aois-ghrúpa? Níl a fhios agam...
Insect Overlord is offline  
Advertisement
24-03-2019, 10:58   #10
Poll Dubh
Registered User
 
Join Date: Sep 2007
Posts: 1,120
Quote:
Originally Posted by Insect Overlord View Post
Táim ag smaoineamh anois nach dtuigim pop-chultúir. Tá "2 Fast 2 Furious" ar an teilifís. Ní fhaca mé a leithéid de sheafóid riamh, ach fós féachann na milliúin daoine ar gach uile scannán sa tsraith. An bhfuil mé ró-dhifriúil ó lucht m'aois-ghrúpa? Níl a fhios agam...
Níl aon rud don aigne ann. Is iarracht é d'fhuil a chorraí le daoine dathúla agus gluaisteáin sciobtha.

Quote:
Originally Posted by Insect Overlord View Post
Go raibh maith agat. An-sásta go dtí seo! Tá sauna acu, agus tobán te in aice leis. RTÉ ar an teilifís sa seomra don chluiche anocht freisin.
Nach saol an mhadra bháin atá agatsa! Níl ach éad orm i ndáiríre.

Last edited by Poll Dubh; 24-03-2019 at 11:36.
Poll Dubh is offline  
(2) thanks from:
24-03-2019, 23:23   #11
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Quote:
Originally Posted by Poll Dubh View Post
Nach saol an mhadra bháin atá agatsa! Níl ach éad orm i ndáiríre.
Ní théim ar saoire go minic. Fiú an samhradh anuraidh, ní dhearna mé aon turas níos faide ná Gaillimh! Ach bhain mé fíor-thaitneamh as an deireadh seachtaine seo i gContae an Chláir.

Thóg mé sos ó chúrsaí spóirt ar feadh cupla lá, seachas an méid a bhí le feiceáil ar an teilifís. D'éalaigh mé go hiomlán ón mbrú a bhaineann le himirt mar chúlbáire peile agus sacair. Thug mé deis do mo chorp, do mo spiorad, agus do m'aigne biseach a fháil. Idir an traenáil agus an obair táim leath-sriosta, agus trí mhí fós le dul roimh deireadh na scoil-bhliana. Déanfaidh mé rud eicínt deas eile timpeall briseadh na Cásca. Is fiú go mór é.
Insect Overlord is offline  
(2) thanks from:
25-03-2019, 23:18   #12
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Ag tógáil ar phíosa beag den phostáil a scríobh mé aréir, táim beagnach traochta ag an bpost seo. Deirtear agus moltar sna meáin, go háirithe ar an teilifís, gan obair le páistí nó le hainmhithe.

Tá duine nó beirt (nó triúr...) i mo rangsa agus scriosann siad rudaí do ghach duine eile. Táim braon den strus. Saicrimint le hullmhú chuici, trí seachtaine againn chun gach rud a chur le chéile, ach b'fhearr leo a bheith ciniciúil.

Bím tuirseach an t-am ar fad anois. Níl sé go deas.
Insect Overlord is offline  
27-03-2019, 00:22   #13
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Níl an iomarca agam le cur leis an tsnáithe seo anocht, seachas an méid seo:

tá sé fíor-dheacair pláta mór stéig agus scealóga (le pionta deas Guinness) a shárú.
Insect Overlord is offline  
28-03-2019, 00:59   #14
Insect Overlord
Moderator
 
Insect Overlord's Avatar
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 25,194
Ghlac mé néal codlata idir deireadh an lae ag obair agus tús seisiún traenála anocht. Anois ní féidir liom titim i mo chodladh arís. Fós ag smaoineamh ar an rud céanna a dhéanamh arís amárach, áfach.
Insect Overlord is offline  
28-03-2019, 01:18   #15
wiggle16
snivelling underling of the Hierarchy
 
wiggle16's Avatar
 
Join Date: Sep 2016
Posts: 1,839
Quote:
Originally Posted by Insect Overlord View Post
Ansin bhí droch-scéala maidir le duine de mo mhuintirse. Ailse fhoirceanta atá ag a duine bocht. Deacair a phroiséail anocht.
Tá an-bhrón orm chun é sin a chloisteáil, IO Ní mheasaim go bhfuil aon rud ar an domhan a bhfuil níos deacra a fhoghlaim ná an nuacht sin. Táim ag cur tusa faoi bhrí mo chuid smaointe anocht.

Mar is dual dom, ní fhéadaim dul i mo chodail arís... b'aoibhinn liom néal codlata a fháil i rith an tráthnóna! Táim cráite le déanaí mar gheall ar eachma ar bhoinn mo chosa agus ar mo lámha freisin... níl aon fhreagra ag an nGP le haghaidh na cúise ar bith. Is cosúil le craiceann an éisc í mo chos bhocht.

Aon phlean ar bith agat anois faoi bhriseadh na Cáisce?
wiggle16 is offline  
Thanks from:
Post Reply

Quick Reply
Message:
Remove Text Formatting
Bold
Italic
Underline

Insert Image
Wrap [QUOTE] tags around selected text
 
Decrease Size
Increase Size
Please sign up or log in to join the discussion

Thread Tools Search this Thread
Search this Thread:

Advanced Search

Share Tweet