Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Spórt

  • 18-11-2015 3:28pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭

    Má tá cead agam,ba mhaith liom snáth a dhéanamh faoi chúrsaí spórt,mar atá ann i mBéarla cheana féin.D'fhéadfaimís spórt de gach sórt a phlé anseo.

    Fáilte roimh chách!

«13

Comments

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    An raibh aon duine eile ag an gcluiche sacair idir Éire agus Boisnia-Heirseagóivéin?
    Bhí mé ann,agus bhí saghas mór neirbhís orm i rith an gcluiche go bhfuaireamar an dara chúil.Bhí an t-atmaisféar dochreidte-thar a bheith iontach.

    Sin cúpla fhís a ghlac mé ag an gcluiche:

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,852 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Má tá cead agam,ba mhaith liom snáth a dhéanamh faoi chúrsaí spórt,mar atá ann i mBéarla cheana féin.

    Cuirtear fáilte i gcónaí roimh snáitheanna nua sa fóram seo! :) Tá saoirse de shaghas eicínt againne nach bhfuil ag After Hours, toisc nach mbíonn an méid céanna argóintí nó trolls istigh anseo.

  • Registered Users Posts: 2,796 ✭✭✭CrabRevolution

    Bhuel, bheadh saghas meas agam ar aon duine a d'eirigh leo troll-áil as Gaeilge. Bheadh orthu iarracht a chuir isteach, agus caithfidh tú é sin a mholadh.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    http://www.rte.ie/news/nuacht/2015/1118/743027-jonah-lomu-basaithe-in-aois-40/

    Bhí fhios agam go raibh Jonah Lomu tinn fadó,ach ní raibh barúil ar bith agam go raibh sé chomh dona mar abhí.Chuala mé go bhfuair sé bás de bharr taoma chroí.

    Is cuimhin liom a thaispeántais i gcoinne na Sasanaigh sa chluiche leath-cheannais i gcomórtas Chorn An Domhan.Sár-imreoir agus laoch ab ea é.

    Daichead bliana d'aois....ró-óg.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,852 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Is cuimhin liom a thaispeántais i gcoinne na Sasanaigh sa chluiche leath-cheannais i gcomórtas Chorn An Domhan.Sár-imreoir agus laoch ab ea é.

    Ní raibh suim agam sa rugbaí sula raibh mé i mo dhéagóir, agus bhí Lomu éirithe as an gcluiche roimh an bpointe sin.

    D'fhéach mé ar chúla fístéip inniu dá bhuachphointí agus bhí sé cosúil le fearr ag imirt i gcoinne buachaillí. :eek: An neart agus an luas agus an scil mar thosaí ag an am céanna! Dochreidte.

    Cosúil le Ronaldo (ón mBraisíl) sa sacar sna 90í agus é ag rith leis an liathróid.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP

    Labhair mé le Colmán Ó hAinle ar Raidió na Life cúpla lá ó shin faoi fhoireann na hÉireann (agus Tuaisceart Éireann) ag dul go dtí Craobh na hEorpa an samhradh seo chugainn!

  • Site Banned Posts: 6,498 ✭✭✭XR3i

    chuala mé ar an raidio inniú go bhfuil Rory Macilroy ag déanamh go han a mhaith

    ta súil agam go fuair sé an 1st place

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    XR3i wrote: »
    chuala mé ar an raidio inniú go bhfuil Rory Macilroy ag déanamh go han a mhaith

    ta súil agam go fuair sé an 1st place

    Tá an chéad áit beagnach ag McIlroy.

    Ar scéal eile,fuair mé mo thicéad sa phost inniu don chluiche rugbaí sa sraith pro12 idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ar an 27ú Nollaig i bPáirc Thuamhumhain,agus tá mé breá sásta!!

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Ná déan dearmad...ag tosnú ag 4.25i.n. ar RTÉ 2 Dé Sathairn:

    Éire v Albain-iománaíocht/iomàin

    Éire v An Astráil-peil idirnásiúnta

    Bíonn coimhlint,fuil agus tóirneach sna cluichí seo i gcónaí!

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Cathair Mhanchain v Learpholl (Manchester City v Liverpool) níos moille inniu,agus i ndáiríre,nílim ag tnúth leis....
    Nílim cinnte go fóill go mbeidh Daniel Sturridge ag glacadh páirt ar bith sa cluiche seo,agus airím uaim go mór é ó foireann Learpholl.

    Go n-éirí an t-ádh mór le Na Dearga...tá ádh mór ag teastáil uathu!!

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Labhair mé le Colmán Ó hAinle ar Raidió na Life cúpla lá ó shin faoi fhoireann na hÉireann (agus Tuaisceart Éireann) ag dul go dtí Craobh na hEorpa an samhradh seo chugainn!
    Comhrá maith abhí agaibh.
    Ní raibh a fhios agam ar chor ar bith go raibh tú i do chraoltóir raidió ar Raidió Na Life.Ar an drochuair,níl R na L le fáil i mo cheantair thíos anseo.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    An-lá inniu....

    Éire 2-10
    Albain 2-08

    Éire 56
    An Astráil 52

    Cathair Mhanchain 1-4 Learpholl

    Is léir go bhfuil mé thar a bheith sásta!!

  • Site Banned Posts: 6,498 ✭✭✭XR3i

    tar éis na results inniú,

    ta seans ann go mbeidh an troid ar an Premier league idir man u agus liverpool,

    beidh an craic go maith

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    XR3i wrote: »
    tar éis na results inniú,

    ta seans ann go mbeidh an troid ar an Premier league idir man u agus liverpool,

    beidh an craic go maith

    Faraor,ní dóigh liom faoi seo....

    Tá seans maith ag Manchain Aontaithe fós,ach bíonn Learpholl ró-neamhfhreagrach go minic,níl an foireann sách maith agus níl na himreoirí den chaighdeán is fearr,seachas triúr nó ceathrar imreoirí,b'fhéidir.

    Ach ar an taobh eile,b'fhéidir go bhfeicfimíd troid maith idir Na Dearga agus Na Diabhail Dearga chun áit sa Phríomhchomórtas Na hEórpa a fháil.

    ná dean dearmad ar an Ghearmáin :D

    comhghairdeas ag Rory, chuala mé bo bhfuair se an 1st Place:)

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    XR3i wrote: »
    ná dean dearmad ar an Ghearmáin :D

    IS FÉIDIR LINN!!!

  • Site Banned Posts: 6,498 ✭✭✭XR3i

    IS FÉIDIR LINN!!!

    "das schaffen wir" :pac:

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Aon...dó...trí...ceathar...cúig...SÉ!!

    Southampton 1-6 Learpholl

    Learpholl ag bogadh ar aghaidh chuig an cluiche leath-cheannais....Sturridge ar ais ag imirt agus dhá chúil faighte aige,Origi laoch na himeartha le trí chúil agús cúl amháin ag Jordan Ibe.Bhí Na Dearga trí thine,agus bhí Na Naoimh in ifreann!!

  • Site Banned Posts: 6,498 ✭✭✭XR3i

    Aon...dó...trí...ceathar...cúig...SÉ!!

    Southampton 1-6 Learpholl

    Learpholl ag bogadh ar aghaidh chuig an ciuiche leath-cheannais....Sturridge ar ais ag imirt agus dhá chúil faighte aige,Origi laoch na himeartha le trí chúil agús cúl amháin ag Jordan Ibe.Bhí Na Dearga trí thine,agus bhí Na Naoimh in ifreann!!

    ta seans agaibh gan dabht

    go neiri an botahir libh :D

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Oscar Pistorius.
    Lúthchleasaí.
    Bréagadóir.
    Dúnmharfóir.
    CIONTACH.

    http://www.rte.ie/news/nuacht/2015/1203/750951-oscar-pistorius-ciontaithe-i-ndunmharu-anois/

    Filleann an feall ar an feallaire.

  • Advertisement
  • Site Banned Posts: 6,498 ✭✭✭XR3i

    bhí an t-ádh ag na magpies inniú, dar liomsa bhí an cúl moreno go maith, ach sin é an chaoi

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    XR3i wrote: »
    bhí an t-ádh ag na magpies inniú, dar liomsa bhí an cúl moreno go maith, ach sin é an chaoi

    Bhí.
    Ach in aon chor,ní raibh Na Dearga sách maith inniu.
    Mar a dúirt mé,tá siad neamhfhreagrach agus níl siad fós in ann cluichí a bhuachaint as a chéile.Tá Na Magpies uafásach,ach fós,níorbh fhéidir le Learpholl iad a bhualadh.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Mothúcháin difriúla i Manchain anocht....

    Áthas an-domhain ar Na Saoránaigh i bPríomhchomórtas Corn na hEórpa anocht tar éis an bua vs Borussia Mönchengladbach na Gearmáin 4-2,agus iadsan ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.

    Ach níor éirigh an t-ádh le Na Diabhail Dearga ar chor ar bith,agus chomh maith le sin ní raibh siad sách mhaith-go mórmhór na cosaintóirí.An cluiche caillte 3-2 ag Na Diabhail Dearga,iadsan ag dul amach as an bPríomhchomórtas agus ag dul síos go dí Comórtas Corn an Europa.
    Wolfsburg na Gearmáin ag dul ar aghaidh go dtí babhta 16 don chéad uair go deo.

    Louis Van Gaal i dtrioblóid,b'fhéidir....

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    An tarraingt déanta le haghaidh Euro 2016.

    Grúpa E:
    Éire
    vs An Sualainn 13ú Meitheamh 2016
    vs An Bheilg 18ú Meitheamh 2016
    vs An Iodáil 22ú Meitheamh 2016

    Grúpa C:
    Tuaisceart Éireann
    vs An Pholainn 12ú Meitheamh 2016
    vs An Úcráin 16ú Meitheamh 2016
    vs An Gearmáin 21ú Meitheamh 2016

    An-dheacair ar fad,nach bhfuil.
    Is dócha go mbeimíd go léir buartha faoina dúshláin seo.

  • Site Banned Posts: 6,498 ✭✭✭XR3i

    beidh muid sa 1/4 finals gan dabht

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Níl muinín den saghas seo agamsa,ar an drochuair!!

    B'fhéidir go mbeadh an bua againnse i gcoinne na Sualannaigh gan Ibrahimovic ag imirt chomh maith agus a bhíonn sé de ghnáth.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    An "Notorious" abú!!

    An Teideal buaite ag Conchúr Mac Gréagóir tar éis 13 soicind lena dhorn chlé.

    Jose Aldo bocht-ní raibh seans ar bith aige-agus tá sé ag iarraidh troid eile le Mac Gréagóir a fháil.

    Ach,um an dtaca seo,is é Mac Gréagóir an sár-ghaiscíoch ar domhan sa UFC gan dabht.

  • Site Banned Posts: 6,498 ✭✭✭XR3i

    bhí an spóirt go deas an nollaig seo

    chuala mé cúpla cluichí ar raidio agus chonaic mé cúpla ar an teilifís

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Ní raibh sé ró-dheas i bPáirc Thuamhumhain anocht...

    Cúige Mumhan 7-24 Cúige Laighean

    Bhí mé ann,agus bhí Cúige Mumhan uafásach.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 8,229 ✭✭✭LeinsterDub

    6 nations amárach! Beidh aon duine ag féachaint?

Advertisement