Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Gramadach na Gaeilge (teagasc)

Options
  • 14-08-2015 4:27pm
    #1
    Registered Users Posts: 24


    A chairde,

    Beidh mé ag teagasc Gaeilge den chéad uair riamh i meánscoil i mbliana agus eagla orm roimh an ghramadach!

    1. Cén dóigh is fearr le gramadach a theagasc dar libh?

    2. an cónasc go/gur cad é mar a mhíníonn tú do dhaltaí cá huair ba cheart seo a úsáid i.e. Sílim go bhfuil sé rómhall - I think that it's too late.
    Ní leor a rá nuair a bhíonn 'that' ann mar is minic nach ndeirtear 'that' sa Bhéarla - I think it's too late agus sin an fáth a mbíonn Sílim tá sé rómhall.

    An bhfuil aon chomhairle agaibh féin?


Comments

  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    'Go is' turns into the gur form because of the copula.
    You use the form 'go bhfuil' with the verb.

    Grab yourself a few grammar books in Irish - the Christian Brothers one is dense but has everything.


  • Registered Users Posts: 45 Comhairleoir


    A chara,

    Maidir leis an dara ceist, caithfidh tú an cónasc 'go' (nó nach/nár/gur srl) a úsáid. Caithfidh mé a rá go bhfuil Gaeilge mhaith agat; níos fearr ná cuid mhaith múinteoirí eile sílim, ach mar a dúirt mo dhuine faigh cúpla leabhar eile nó téigh ar líne agus íoslódáil doiciméad mar seo: [níl cead agam nascanna a phóstáil] (Cuardaigh: GRAIMÉAR GAEILGE na mBRÁITHRE CRÍOSTAÍ).

    Ní bheidh gramadach na meánscoile róchasta. Déan cinnte go dtuigeann tú an ghramadach atá sa leabhar.

    Maidir le múineadh na gramadaí - tá tú ag tosú amach, mar sin cloígh leis na cleachtaí atá sa leabhar. Téigh tríothu go mall cúramach ach ná caith an iomarca ama air. Caith níos mó ama ar an léamh agus ar an scríobh; d'fhéadfá pointe nó dhó a nótáil agus tú ag déanamh léamhthuiscintí srl. Ní lia duine ná tuairim maidir le múineadh na gramadaí. Tiocfaidh tú isteach ar do stíl féin tar éis tamaillín. Bí ag léamh alt ar líne, go háirithe na cinn a bhaineann le gramadach an Bhéarla (toisc go bhfuil réimse leathan ar fáil ann) - m.sh. [Nasc] ("Teaching grammar inductively" ar shuíomh British Council).

    Ádh mór!


  • Registered Users Posts: 2,051 ✭✭✭tuisginideach


    Ceapaim/Sílim/Deirim etc + sé rómhall = Ceapaim go bhfuil sé ...


    Leabhar réasúnta nua ar fáil (don bhunscoil ach ní bheidh móran níos mó gramadaí ag formhór na ndaltaí meánscoile ach oiread): 'Bain Súp As!' le hAisling Ní Dhiorbháin


  • Registered Users Posts: 24 qwert123


    Grma as bhur moltaí, a chairde. Agus an mbeadh aon áiseanna ann do chleachtaí aistriúcháin don Teastas Sinsearach? Go díreach le comhthéacs a thabhairt don ghné áirithe den ghramadach a bheidh mé a theagasc an tseachtain sin? .i Má tá mé ag teagasc na haimsire caite go mbeadh aistriúchán ann a bhfuil an aimsir chaite go fras ann?


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Bheadh sé níos éasca sliocht a phiocadh ó úrscéal nó gearrscéal i nGaeilge, é a aistriú go Béarla, agus an bonn-leagan a úsáid chun iarrachtaí na ndaltaí a mheas.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 45 Comhairleoir


    qwert123 wrote: »
    Grma as bhur moltaí, a chairde. Agus an mbeadh aon áiseanna ann do chleachtaí aistriúcháin don Teastas Sinsearach? Go díreach le comhthéacs a thabhairt don ghné áirithe den ghramadach a bheidh mé a theagasc an tseachtain sin? .i Má tá mé ag teagasc na haimsire caite go mbeadh aistriúchán ann a bhfuil an aimsir chaite go fras ann?

    (i) Is féidir triail a bhaint as Duolingo más mian leat.
    (ii) An bealach is fearr ná do shliocht féin a scríobh. 100 focal i nGaeilge shimplí; ní mhairfeadh sé an iomarca ama.


  • Registered Users Posts: 2,051 ✭✭✭tuisginideach


    (i) Is féidir triail a bhaint as Duolingo más mian leat.
    (ii) An bealach is fearr ná do shliocht féin a scríobh. 100 focal i nGaeilge shimplí; ní mhairfeadh sé an iomarca ama.

    Ar an gcaoi sin, beidh tú in ann do rogha briathra a chur isteach agus ní /ar /an a shníomh isteach ann.


Advertisement