Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

13468913

Comments

  • Closed Accounts Posts: 460 ✭✭murraykil

    bhuel...gan dul as an dtopaic...

    cathain a úsáidtear na réamhfhocail "ar" agus "sa"? an bhfuil riail ar bith bainteach leis?
    ms.
    ar bhlag vs sa bhlag
    ar an áit vs san áit
    srl?

    Ciallaíonn "ar bhlag" "on a blog".

    Ciallaíonn "sa bhlag" "in the blog"

    Ciallaíonn "ar an áit" "on the place"

    Ciallaíonn "san áit" "in the place"

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    suimiúil sin, ach feicimse an bhrí céanna ag an dá réamhfhocail go fóill xD níl béarla i mo theanga dúchais lol ar mhiste leat an difríocht idir "in the place" agus "on the place" a mhíniú? grma ^^'

  • Closed Accounts Posts: 460 ✭✭murraykil

    suimiúil sin, ach feicimse an bhrí céanna ag an dá réamhfhocail go fóill xD níl béarla i mo theanga dúchais lol ar mhiste leat an difríocht idir "in the place" agus "on the place" a mhíniú? grma ^^'

    I was in the place where .....

    I stood on the place where .....

    Níl sé ceart "on the place" a rá go h-iondiúl ceapaim.

    cat_in_a_box.jpg

    The cat is in the box. Tá an cat sa bhosca.

    Flocked%20Cat%20Sitting%20on%20Box.jpg

    The cat is on the box. Tá an cat ar an bosca.

  • Closed Accounts Posts: 460 ✭✭murraykil

    Samplaí eile:

    The tv show is being recorded in the studio. = Tá an clár teilifís á thaifeadta sa stiúideo.

    The show is on tv! = Tá an clár ar an teilifís!

    I wrote something in the blog. = Scríobh mé rud éigin san mblag.

    I wrote something on the blog. = Scríobh mé rud éigin ar an mblag.

    Mar leis an Bhéarla, is féidir leat "in the blog" nó "on the blog" a rá. Is dóigh mar nach rud fisiciúl é! Níl fhios agam go díreach!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    murraykil wrote: »

    s'éard atá i gceist agam, ná cuireann sé mearbhall orm cathain gur gá "sa" a úsáid in áit "ar an" nuair nach bhfuil aicsean fisiciúil i gceist ^^' tuigim sampla an cháit (tá sé an-ghleoite dála an scéil) ach ní thuigim na samplaí seo. Sa Bhéarla (go bhfios dom!) úsáidtear "on" i gcásanna áirithe agus "in" i gcásanna eile, bunaithe ar rialacha randamaí, in ionad gramadaí. An cheist atá agam ná an dtarlaíonn an rud céanna sa Ghaeilge? (nó an fearr dom "ar an nGaeilge" a úsáid? :P)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf

    Go leor daoine a scríobhann an Ghaeilge, is foghlaimeoirí iad. Nó muid, ba chóir dom a rá.
    Mar sin, ní bhíonn muid cinnte, agus nuair nach mbíonn muid cinnte, leanann muid nós an Bhéarla.

    Maidir le sa agus ar:
    Sa nGaeilge, go minic úsáidtear "sa" le logainm (ainm áite) a thosaíonn leis an alt "an".
    M.Sh. An Cheathrú Rua - Ar an gCeathrú Rua
    ach Gaillimh - I nGaillimh

    Nuair a bhíonn duine ag foghlaim teanga eile, is iondúil go mbíonn fadhbanna aige leis na réamhfhocla, mar ní úsáidtear iad ar an gcaoi chéanna, fiú i dteangacha atá an-chosúil lena chéile. Tá mé cinnte gur thug tú difríochtaí mar seo idir an Phortaingéilis agus an Spáinnis!

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,675 Mod ✭✭✭✭dory

    An réamhfhocail é tríd? Sa chanúint ó Chúige Mumhan an mbeadh 'tríd an bhfuinneog' nó tríd an fhuinneog' i gceist? An mbeadh fuinneog san ainmneach nó tabhrach sa chás sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Níl 'fhios agam faoi chás chanúint Mumhan an gcuirtear urú nó séimhiú ar an dtabharthach, ach is réamhfhocail cinnte é "tríd". De ghnáth nach "trín" a bhéadh ann áfach? Bhéadh sé mar an gcéanna le "ar an", "faoin" 7rl.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Cé go bhfuil bileoga Martin McGuinness i ngach áit sa lá atá inniu ann, bhíos ag smaoineamh faoin riail faoi DNTLS agus an Tuiseal Ginideach.

    Cad atá ceart:
    "Uachtarán na nDaoine" nó "Uachtarán na Daoine (gan urú)"?

    Cheapais nach raibh gá an urú a chur isteach, toisc go dtosnaíonn "daoine" le "d". An bhfuil a fhios ag éinne?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Críochnaíonn "na" le guta, mar sin ní thagann rial na DNTLS isteach.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    An ea? Ní chuimhin liom an riail sin in aon chor. Go raibh maith agat.

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,675 Mod ✭✭✭✭dory

    Conas a aistreofar 'Mr and Mrs'? Tá's agam nach mbíonn sé úsáidte díreach mar an gcéanna ach tá orm é a dhéanamh do cheacht atá le déanamh agam. Aon smointí?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,154 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    An t-Uasal + sloinne = Mr.

    Bean Uí/Ní + sloinne = Mrs.

    Ceapaim go bhfuil siad ceart, ar aon nós! :o

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,675 Mod ✭✭✭✭dory

    An t-Uasal + sloinne = Mr.

    Bean Uí/Ní + sloinne = Mrs.

    Ceapaim go bhfuil siad ceart, ar aon nós! :o

    Yea, tá sin agam ach tóg mar shampla: Mr & Mrs Burke. An é, an tUasal agus Bean de Búrca? Cad é an gnáthrud a bheadh ar chlúdach litreach? Tá an méid atá agam ansin an-fhada.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    "Muintir de Búrca" a chuirfeadh mo shean-scoil ar an gclúdach litreach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    an bhfuil na frásaí thíos i gceart?

    Ba scoláire é árbh eol dó a lán rudaí faoi stair an cheantair.
    Siúd í an fhianaise ar a bhunaíodh an cás cúirte
    Bhí aithne agam ar bhean dárbh ainm Áine
    Sin é an post ab dhual dom é
    Amhrán is ea é nárbh éasca canadh

    grma^^

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 13,385 ✭✭✭✭D'Agger

    I am the master of my fate:
    I am the captain of my soul

    Is máistir mo chinniúint féin
    Is captaen m'anam féin

    ^ An bhfuil an aistriúchán seo ceart?

    Go raibh maith agat roimh ré

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf

    PaulieC wrote: »
    I am the master of my fate:
    I am the captain of my soul
    Is máistir mo chinniúint féin
    Is captaen m'anam féin

    ^ An bhfuil an aistriúchán seo ceart?

    Go raibh maith agat roimh ré
    1.
    Tá mé i gceannas ar mo chinniúint (féin)
    Tá mé i mo mháistir ar mo chinniúint (féin)
    Dírím mo chinniúint (féin)
    2.
    Is captaein mé ar m'anam (féin)
    Tá mé i mo chaptaein ar m'anam (féin)

    Gach seans go dtabharfaidh duine eile aistriúcháin níos fearr dhuit, ach sin é mo chion!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf

    an bhfuil na habairtí thíos i gceart?

    Ba scoláire é arbh eol dó a lán faoi stair an cheantair.

    Siúd í an fhianaise ar ar bunaíodh an cás cúirte

    Bhí aithne agam ar bhean darbh ainm Áine

    Sin é an post ba dhual dom é a dhéanamh
    Níl mé cinnte faoin abairt seo, ach feictear dom go bhfuil rud eicínt in easnamh ann.

    Amhrán is ea é nach éasca é a chanadh (aimsir láithreach)
    Amhrán ab ea é narbh éasca é a chanadh (aimsir chaite)

    ** Níl síneadh fada ar an "a" sna focla arbh, darbh, narbh

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    deirdremf wrote: »

    grma as an ceartúchán ^^ ach fós ní thuigim an fáth go ndeirtear "an fhianaise ar ar bunaíodh an cás cúirte".

    nach dtagann séimhiú san aimsir caite? agus cén fáth go bhfuil "ar" dúbailte? ^^'

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    deirdremf wrote: »

    Sin é an post ba dhual dom é a dhéanamh

    Amhrán is ea é nach éasca é a chanadh (aimsir láithreach)
    Amhrán ab ea é narbh éasca é a chanadh (aimsir chaite)

    Sin é an post ba dhual dom a dhéanamh.

    Amhrán is ea é nach éasca a chanadh.
    Amhrán ab ea é narbh éasca a chanadh.

    (Níl an "é" ceart sna samplaí a thug tú!).

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    grma as an ceartúchán ^^ ach fós ní thuigim an fáth go ndeirtear "an fhianaise ar ar bunaíodh an cás cúirte".

    nach dtagann séimhiú san aimsir caite? agus cén fáth go bhfuil "ar" dúbailte? ^^'

    Ní bhíonn séimhiú riamh ar an saorbhriathar san aimsir chaite, níl aon eisceacht ón riail sin!

    Mar shampla:
    Ar bunaíodh cás cúirte ..?
    Bunaíodh ..
    Níor bunaíodh ..

    Maidir leis an dá "ar", ciallaíonn an chéad cheann "on".

    Is é atá sa dara ceann mír indíreach bhriathartha (leagan indíreach de "a").

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf

    deirdremf wrote: »
    Amhrán ab ea é narbh éasca é a chanadh (aimsir chaite)

    ** Níl síneadh fada ar an "a" sna focla arbh, darbh, narbh
    Ar ndóigh, tá dearmad déanta agam anseo:
    TÁ síneadh fada ar an "a" i nárbh.
    Mea maximissima culpa:o:o:o

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf

    Sin é an post ba dhual dom a dhéanamh.

    Amhrán is ea é nach éasca a chanadh.
    Amhrán ab ea é narbh éasca a chanadh.

    (Níl an "é" ceart sna samplaí a thug tú!).
    Creidim go bhfuil - chuile sheans go bhfuil an dá rud ann!
    Ach b'fhéidir nach nglacann an caighdeán leis.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf

    grma as an ceartúchán ^^ ach fós ní thuigim an fáth go ndeirtear "an fhianaise ar ar bunaíodh an cás cúirte".

    nach dtagann séimhiú san aimsir caite? agus cén fáth go bhfuil "ar" dúbailte? ^^'
    Mar a dúirt Micilín, is saorbhriathar é an briathar "bunaíodh" anseo, agus ní shéimhítear é.
    bhunaigh mé/bhunaíos
    bhunaigh tú/bhunaís
    ...
    bhunaigh siad/bhunaíodar
    bunaíodh

    Tá séimhiú ar an bhfocal "bhunaíodh" nuair is gnáthchaite atá i gceist:
    bhunaíodh mé/bhunaínn
    bhunaíodh tú/bhunaíteá
    ...
    bhunaíodh siad/bhunaídís
    bhunaítí

    mar gheall "ar ar bunaíodh", sa chaint is minic a chloisfeá:
    "an fhianaise a bunaíodh an cás cúirte air".
    nó (níos cirte):
    "an fhianaise a bunaíodh an cás cúirte uirthi".
    - mar is focal baininscneach é "fianaise". Cloisfidh tú iad seo ar fad, agus rudaí níos measa freisin, cheapfainn!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    go raibh míle^^ tuigim anois :)

    ceist eile: an uatha "gach duine"? nó iolra atá ann?
    ms. ar cheart dom "gach duine ina chodladh" a rá? nó an "gach duine ina gcodladh" atá ann?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    deirdremf wrote: »

    mar gheall "ar ar bunaíodh", sa chaint is minic a chloisfeá:
    "an fhianaise a bunaíodh an cás cúirte air".
    nó (níos cirte):
    "an fhianaise a bunaíodh an cás cúirte uirthi".
    - mar is focal baininscneach é "fianaise".

    I ndáiríre, is clásail choibhneasta indíreacha iad na habairtí thuas, mar sin:
    an fhianaise ar bunaíodh an cás uirthi
    !

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    go raibh míle^^ tuigim anois :)

    ceist eile: an uatha "gach duine"? nó iolra atá ann?
    ms. ar cheart dom "gach duine ina chodladh" a rá? nó an "gach duine ina gcodladh" atá ann?

    uatha, mar sin:
    gach duine ina chodladh

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf

    I ndáiríre, is clásail choibhneasta indíreacha iad na habairtí thuas, mar sin:
    an fhianaise ar bunaíodh an cás uirthi
    !
    Ach an bhfuil sé sin sa gcaint? (seachas sa teanga scríofa atá mé a rá)

  • Advertisement
  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,675 Mod ✭✭✭✭dory

    Braithim amaideach ag cur na ceiste seo ach.....

    An bhfuil a leithéid d'fhocal agus 'ró-mhéad'. Measaim fhéin nach bhfuil ach tá sé cloiste agam arís is arís eile le déanaí.

    "Tá ró-mhéad obair againn". Nuair a déarfainn féin, "Tá an-iomarca oibre againn"

Advertisement