Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cé mhéad cainteoirí gaeilge anseo?

2

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    Gumbi wrote: »
    i ndiaidh, a chara

    Ah.......iontach, a chara!

  • Closed Accounts Posts: 60 ✭✭General Michael Collins

    Ar an drochuair rugadh agus togadh mé sa galltacht, agus d'fhas mé suas gan Gaeilge ar chor ar bith, cé go raibh mo seanathair as Conamara. Táim ach seacht mbliana déag d'aois, ach tá spéis ollmhor agam in ár dteanga agus ár gcultúr duchais. Tá éad mór orm le daoine atá liofa! Ní bíodh Éire Éire gan an Ghaeilge - agus tá siúl agam go mbeidh sé an gCéad teanga arís sa todhchaí.

    Maith dom mo botúin!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Is múinteoir Gaeilge mé sa mheánscoil. Níor tógadh le Gaeilge mé ach chaitheas cupla tréimhse sna coláistí samhraidh. Tar éis na hArdteiste bhaineas céim amach sa Ghaeilge. Chaitheas am sna ceantair ghaeltachta i gConnemara agus Corca Dhuibhne thar na blianta.

    Ní bhíonn seans agam Gaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga, afách. Is trua é.

  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo

    dolliemix wrote: »
    Is múinteoir Gaeilge mé sa mheánscoil. Níor tógadh le Gaeilge mé ach chaitheas cupla tréimhse sna coláistí samhraidh. Tar éis na hArdteiste bhaineas céim amach sa Ghaeilge. Chaitheas am sna ceantair ghaeltachta i gConnemara agus Corca Dhuibhne thar na blianta.

    Ní bhíonn seans agam Gaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga, afách. Is trua é.

    Ca bhfuil tú ina chonaí? Bíonn ciorcal comhrá agus imeachtaí egasúla ar shuíl timpeall na tíre an t-ám ar fad.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    BAC ach is é brú ama an fhadhbh is mó domsa

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,116 ✭✭✭Salty

    Is oth liom a rá nach bhfuil Gaeilge líofa agam, ach déanfaidh mé iarracht thar an tsamhraidh feabhas a chur uirthi. Caithfidh mé níos mó ama anseo, agus b'fhéidir go bhfeicfidh mé dul chun cinn tar éis cúpla mí:P

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,055 ✭✭✭snickerpuss

    Tá Gaeilge líofa agamsa fresin. Rinne mé céim sa Ghaeilge i UCD ach ní bím á labhairt ró minic anois!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,229 ✭✭✭robman60

    Labhraím Gaeilge go minic le mo thuismitheoiri. Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht an bhlian seo caite chun Gaeilge a fhoglaim. Ní raibh mé in ann aon rud a labhairt cúpla mí ó shin, ach rinne mé iarracht mór ar feadh na bliana seo. Táim ag deanamh dul chun cinn gach lá, agus tá súil agam go mbeidh Gaeilge líofa agam nuair a bheidh mé fásta.

    Tá mé cúig bhlian deag d'aois anois, criochnaithe le mo Theastas Shoiseraigh.

  • Closed Accounts Posts: 60 ✭✭General Michael Collins

    robman60 wrote: »

    Is é rud iontach, daoine óg le spéis acu in a gcultúr féin, agus de dhíth, leis an caighdéan Ghaeilge sa córas oideachas. Go n-éirí an bóthar leat :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,375 ✭✭✭deirdremf

    Is é rud iontach, daoine le spéis acu in a gcultúr féin, agus de dhíth, leis an caighdéan Ghaeilge sna córas oideachas. Go n-éirí an bóthar leat :)
    Ón méid a scríobh sé thuas, is léir go n-éireoidh!:)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 68 ✭✭Realt11

    Is cainteoir líofa mé as an ngalltacht faraor, ach, bhain mé céim amach sa Ghaeilge agus táim i mbun máistreacht inti faoi láthair :)

    Tosóidh mé an Dioplóma Iarchéime san Oideachas i mí Meán Fómhair, ag múineadh trí mheáin na Gaeilge.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,051 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Realt11 wrote: »

    Cán coláiste ina bhfuil tú ag staidéir don mháistreacht? :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,297 ✭✭✭joolsveer

    Tá cúpla focail agam freisin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 68 ✭✭Realt11

    Cán coláiste ina bhfuil tú ag staidéir don mháistreacht? :)

    Coláiste na hOllscoile i nGaillimh a chara! :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 854 ✭✭✭Caraville

    Mise! Céim sa Ghaeilge ó UCC.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,972 ✭✭✭CrabRevolution

    Tá mé i mo chonaí cupla ciliméadar ón ngaeltacht agus d'fhreastail mé ar an mbunscoil gaeltachta atá ansin. Chuaigh mé ar aghaidh go dtí an meanscoil aitiuil ach ni raibh morán béim ar an ngaeilge ansin agus bhí se níos deacra mo ghaeilge a fhorbairt ann. Ba mhaith liom da mbeadh níos mo de mo cháirde ábalta an teanga a labhairt ach táim i mo aonar mar ghaeilgeoir i mo chiorcal sosialta.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,229 ✭✭✭robman60

    Ba mhaith liom da mbeadh níos mo de mo cháirde ábalta an teanga a labhairt ach táim i mo aonar mar ghaeilgeoir i mo chiorcal sosialta.
    Aontaím leat. Tar eis mo scrúdú eolais cúpla seachtain ó shin(Teastais Shoiseraigh), Bheartaigh mé go ndeachaigh mé go dtí an siopa le mo chairde. D'iarr mé orthu as bearla (Chuir mé Gaeilge ar an ábairt anois) "An bhfuil sibh ag dul go Tesco" agus dúirt mo chara is fearr "Níl aon airgead agam" (as Gaeilge). Ní raibh a fhios ar éinne cad a dúirt sé. :(

  • Closed Accounts Posts: 374 ✭✭TehFionnster

    Táim anseo chun feabhas a chur ar mo chuid gaeilge, Is rud cinnte nach mbeidh mo ghaeilge iontach, táim cúig blian dead d'aois agus buíochas le dia, tá an teastas shoiseraigh déanta agam. Tá suim agam i nGaeilge agus táim ag iarraidh feabhas a chur air, Níl aon Gaeilge ag an duine i mo chlann mar sin, táim i m'aonar, agus chuaigh mé go dtí an ghaeltacht don chéad am anuraidh, agus ansin, Bhí taithí sármhaith agam ann agus d'fhill mé an scoil le gaeilge iontach, bhuel , dúirt mo mhuinteoir ghaeilge é sin ach fós, mothaím go bhfuil orm gaeilge a fhoglaim go hiontach mar An ghaeilge is ea ár dteanga dhucais. Is dócha go bhfuil a lán botúin san alt thuas ach táim ag baint triail as fheabhas a chur ar mo ghaeilge, mar sin, is feidir libh mo bhotúin a cheartú.

    Maith thú, tá Gaeilge iontach agat! Bhí mé cosúil leatsa sa scoil... ní raibh aon duine i mo theaglach in ann Gaeilge a labhairt, mar sin bhíos i m'aonar ag foghlaim í. B'í mo mhúinteoir an t-aon duine a thug tacaíocht dom i gcónaí ach chabhraigh an Ghaeltacht go mór le mo chuid Gaeilge. Molaim duit dul ar ais go dtí an Ghaeltacht sula théann tú isteach go mbliain na hArdteiste. Is léir go bhfuil féinmhúinín agat agus is é sin an rud is tábhachtaí nuair atá tú ag foghlaim an teanga :)

  • Closed Accounts Posts: 60 ✭✭General Michael Collins

    Táim anseo chun feabhas a chur ar mo chuid gaeilge, Is rud cinnte nach mbeidh mo ghaeilge iontach, táim cúig blian dead d'aois agus buíochas le dia, tá an teastas shoiseraigh déanta agam. Tá suim agam i nGaeilge agus táim ag iarraidh feabhas a chur air, Níl aon Gaeilge ag an duine i mo chlann mar sin, táim i m'aonar, agus chuaigh mé go dtí an ghaeltacht don chéad am anuraidh, agus ansin, Bhí taithí sármhaith agam ann agus d'fhill mé an scoil le gaeilge iontach, bhuel , dúirt mo mhuinteoir ghaeilge é sin ach fós, mothaím go bhfuil orm gaeilge a fhoglaim go hiontach mar An ghaeilge is ea ár dteanga dhucais. Is dócha go bhfuil a lán botúin san alt thuas ach táim ag baint triail as fheabhas a chur ar mo ghaeilge, mar sin, is feidir libh mo bhotúin a cheartú.

    Tá do Ghaeilge a lán níos fearr ná mo Ghaeilge, caithfidh mé a rá. Coinnigh d'obair suas!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 374 ✭✭TehFionnster

    Go raibh milé maith agaibh, Thug mé faoi deara rud éigin nuair a bhí mé ag déanamh an triailscrudú an Teastais shosearigh, an rud sin ab ea go raibh mo scrudathóir an-dian leis an scéim marcála , Fuair mé grád C agus caithfidh mé a rá , Ní raibh mé sásta in aon chor mar ceapaim gur an Ghaeilge an t-abhár is fearr atá agam, agus Níor fhoglaim mé aon rud le croí, Suigh mé sios san ionad scrúdú agus rinne mé an scrudú ag úsáid mo ghaeilge fhéin, agus anois, Ceapaim go spreagann an CSS foghlaim le croí, An bhfuil siad ag baint triail as an dteanga a mharú?! Is aoibhinn liom an Ghaeilge , ach Is rud deacaire é an teanga a fhoglaim má dhéanann tú iarracht maitheas a dhéamh sna scruduithe agus ansin, faigheann tú grád lag.

    Ar aon nos, sin é mo rant :P

  • Closed Accounts Posts: 107 ✭✭IfUSeekAmy

    D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil. Rinne mé forbairt uirthi i gcoláiste samhraidh. Anois tá MA sa Ghaeilge á dhéanamh agam sa choláiste. De bharr sin labhraím as Gaeilge beagnach gach lá sa seachtain, is bím ag léamh nó ag éistim le RnaG na laethannta eile.

    Cad a dhéanfaidh tú, tar éis do MA, cén saghas oibre a dheanann duine le MA sa ghaolainn?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,051 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    IfUSeekAmy wrote: »
    Cad a dhéanfaidh tú, tar éis do MA, cén saghas oibre a dheanann duine le MA sa ghaolainn?

    Níl a fhios agam! :o

    Tá smaointe agam, ach níl pleann cheart agam fós.
    Seans go dtabharfaidh mé grinds nó ranganna breise sa choláiste, nó do daltaí Ardteiste. Déanfaidh mé taighde agus scríbhneoireacht freisin. Ba mhaith liom a bheith i mo léachtóir am éigin sa todhcaí, más féidir.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,479 ✭✭✭t-ha

    Ar dtus, caithfidh me a ra nach feidir liom 'fadas' a chur isteach le mo mhearchlar (Gearmanaise mearchlar).

    Nil mo Gaeilge ro-iontach ach ta an suim agam aris e a fhoghlaim. Ar ndoigh, nil aon muinteoir ceart agam anseo sa Ghearmain ach amhain me fein, mar sin deanaim botuin go minic.

    Ceist beag do na dhaoine os Conemara - an gceapeann sibh go bhfuil se deacair, chun daoine a bhfuil scoil gaeilge aige, conemara gaeilge a thuiscint is a leabhairt? Chuala me go bhfuil. Bhi me ag smaoineamh, da mhaith liom caint le cainteoiri duchais, gur bhfearr e conemara gaeilge a fhoghlaim?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,375 ✭✭✭deirdremf

    t-ha wrote: »
    Ar dtus, caithfidh me a ra nach feidir liom 'fadas' a chur isteach le mo mhearchlar (Gearmanaise mearchlar).

    Nil mo Gaeilge ro-iontach ach ta an suim agam aris e a fhoghlaim. Ar ndoigh, nil aon muinteoir ceart agam anseo sa Ghearmain ach amhain me fein, mar sin deanaim botuin go minic.

    Ceist beag do na dhaoine os Conemara - an gceapeann sibh go bhfuil se deacair, chun daoine a bhfuil scoil gaeilge aige, conemara gaeilge a thuiscint is a leabhairt? Chuala me go bhfuil. Bhi me ag smaoineamh, da mhaith liom caint le cainteoiri duchais, gur bhfearr e conemara gaeilge a fhoghlaim?

    Braitheann sé ar an áit i gConamara. I gCois Fhairrge, chomh fada siar le Leitir Mór, labhraíonn siad an-tapa. Bíonn deacracht ag daoine áirithe iad a thuiscint dá bharr. Bíonn an chaint níos moille thiar i gCárna, agus in oileáin Árann.

    An buntáiste is mó a bhaineann leis an gceantar, go bhfuil pobal mór ag labhairt Gaeilge ann. Ach ná déan dearmad go bhfuil Béarla ag gach éinne - agus cuid acu is fearr leo é sin a labhairt le stráinséirí.

    Má tá tú ag smaoineamh cúrsa a dhéanamh, cloistear scéalta maithe faoi na cúrsaí in Oideas Gael (Dún na nGall) agus Baile an Fheirtéirigh (Ciarraí).

    Go n-éirí leat, cibé rud a roghnaíonn tú a dhéanamh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 68 ✭✭Realt11

    Níl a fhios agam! :o

    Tá smaointe agam, ach níl pleann cheart agam fós.
    Seans go dtabharfaidh mé grinds nó ranganna breise sa choláiste, nó do daltaí Ardteiste. Déanfaidh mé taighde agus scríbhneoireacht freisin. Ba mhaith liom a bheith i mo léachtóir am éigin sa todhcaí, más féidir.

    Maith thú Insect Overlord! :)

    Bhí sé sin an phlean céanna a bhí agamsa i mbliana tar éis an MA agus táim ag tabhairt diancheachtanna nó grinds mar a dheirfeá go seachtainiúil :) ba bhreá liom a bheith i mo léachtóir ach ba bhreá liom neart bliana saor ó shaol na ollscoile freisin, táim cinéal burned-out leis an tráchtas seo agus an bhliain ina hiomlán freisin. fuarthas áit ar an gcúrsa PGDE trí Ghaeilge i mbliana, so bainfidh mé triail as an múinteoireachta ar feadh píosa ar aon nós, b'é sin mo chéad rogha riamh! :) Cén choláiste ina bhfuil tú??

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,051 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Realt11 wrote: »
    Maith thú Insect Overlord! :)

    Bhí sé sin an phlean céanna a bhí agamsa i mbliana tar éis an MA agus táim ag tabhairt diancheachtanna nó grinds mar a dheirfeá go seachtainiúil :) ba bhreá liom a bheith i mo léachtóir ach ba bhreá liom neart bliana saor ó shaol na ollscoile freisin, táim cinéal burned-out leis an tráchtas seo agus an bhliain ina hiomlán freisin. fuarthas áit ar an gcúrsa PGDE trí Ghaeilge i mbliana, so bainfidh mé triail as an múinteoireachta ar feadh píosa ar aon nós, b'é sin mo chéad rogha riamh! :) Cén choláiste ina bhfuil tú??

    Táim féin i gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach. Rinne mé an B.Oid, ach nílim cinnte faoin múinteoireacht anois! Chuaigh mé ar ais chun an MA a dhéanamh díreach i ndiaidh na céime.

    An ndúirt tú go raibh tú i nGaillimh? Ceapaim go bhfuil duine de mo sean-chairde ag déanamh MA ann i mbliana. Tá seans go bhfuil aithne agat uirthi.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 68 ✭✭Realt11

    Táim féin i gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach. Rinne mé an B.Oid, ach nílim cinnte faoin múinteoireacht anois! Chuaigh mé ar ais chun an MA a dhéanamh díreach i ndiaidh na céime.

    An ndúirt tú go raibh tú i nGaillimh? Ceapaim go bhfuil duine de mo sean-chairde ag déanamh MA ann i mbliana. Tá seans go bhfuil aithne agat uirthi.

    Ah tuigim :) Dúirt mé go bhfuil mé i nGaillimh. Tá aithne agam ar dhuine a rinne múinteoireacht thíos i Luimneach anuraidh so b'fhéidir go n-aithníonn mé iad

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 245 ✭✭AbsentPonderer

    Is dócha go bhfuil mo chuid Gaeilge ar an leibheal a bhí ag teastáil don Ardteist! D'oibrigh mé go dian dicheallach ar aon nós :P
    Idirmhéanach mar sin ;)

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,051 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Realt11 wrote: »
    Ah tuigim :) Dúirt mé go bhfuil mé i nGaillimh. Tá aithne agam ar dhuine a rinne múinteoireacht thíos i Luimneach anuraidh so b'fhéidir go n-aithníonn mé iad

    Duine eile atá i gceist agam, cailín a rinne a céim i nGaillimh chomh maith. Ach níor bhualas léi le blianta anois. Seans nach bhfuil an cheart agam ar chur ar bith!

Advertisement