Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cé mhéad cainteoirí gaeilge anseo?

13»

Comments

  • Closed Accounts Posts: 5 niknaks

    Is as b.a.c mé. Chríochnaigh mé mo cheim i mbliana agus táim ag irraidh dul in ngleic leis an nGaeilge mar rud beo anois seachas rud acadúil. Chaith mé dhá bhlian le m'aghaidh sáite i leabhair, anois theasaigh uaim taitneamh a bhaint as an dteanga mar nádúrtha.:D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,810 ✭✭✭ergonomics

    Rinne mé staidéar ar Gaeilge in Ollscoil so táim líofa ach toisc nach bhfuil ag caint Gaeilge gach lá táim saghas 'rusty' anois! Sin an fáth go bhfuil anseo anois. Is dóigh go bhfuil sé ar nós rothaíocht!

  • Closed Accounts Posts: 440 ✭✭nicechick!

    Caireann wrote: »
    Fluent or beginner. :D

    I am a fluent speaker though my written Gaeilge is appalling I rarely if ever attempt to write as Gaeilge (shameful!)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,033 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    nicechick! wrote: »
    I am a fluent speaker though my written Gaeilge is appalling I rarely if ever attempt to write as Gaeilge (shameful!)

    Scríobh as Gaeilge anseo, led' thoil. Is fóram lán-Ghaeilge é Teach na nGealt.

  • Closed Accounts Posts: 440 ✭✭nicechick!

    Scríobh as Gaeilge anseo, led' thoil. Is fóram lán-Ghaeilge é Teach na nGealt.

    Tá bron orm!

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 251 ✭✭brian93

    Cé gur rugadh agus tógadh mé i lár bhaile Thrá Lí, baile gan mórán Gaeilge, ba í an Gaeilge mo chéad teanga agus ní raibh focal Béarla agam go dtí gur tháinig cailín Mericeánach chun cónaí béal doras liom!

    D'fhreastal mé ar bhunscoil agus meánscoil lán-ghaelach, agus cé nach mbeidh mé ag staidéar Gaeilge sa choláiste, tá fonn orm bheith i mo mhúinteoir iar-bhunscoile i scoil lán Ghaeilge!

    Brian Óg a ghlaonn mo chairde agus mo chlann orm! :p

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    brian93 wrote: »

    Is iontach do chuid Gaeilge scríofa chomh maith... Is maith é sin a fheiceáil. Mar a mhínigh mé thuas (measaim, ar aon nós, gur mhínigh mé mo scéal féin ó thaobh na Gaeilge de cheana féin, agus táim ró leisciúil é a mhíniú arís! :p), is scéal cosúil le do cheann atá i gceist. Is truan nach mbíonn an deis agam mo chuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den teach, ach tá sé de rún agam é sin a aistriú i rith na hollscoile. :)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,033 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Gumbi wrote: »
    Is iontach do chuid Gaeilge scríofa chomh maith... Is maith é sin a fheiceáil. Mar a mhínigh mé thuas (measaim, ar aon nós, gur mhínigh mé mo scéal féin ó thaobh na Gaeilge de cheana féin, agus táim ró leisciúil é a mhíniú arís! :p), is scéal cosúil le do cheann atá i gceist. Is truan nach mbíonn an deis agam mo chuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den teach, ach tá sé de rún agam é sin a aistriú i rith na hollscoile. :)

    Labhróidh mé Gaeilge leat sa dojo, más maith leat é! :cool:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 9 Fr. Hank Tree

    Dia dhaoibh, d'fhoghlaigh mé mo chuid gaeilge i scoil agus chaith me roinnt am ar gcursaí samhraidh i gConnemara nuair a bhí mé níos óige. Rinne mé staideir ar an ngaeilge i gColáiste na hOllscoile B.A.C. beagnach deich mbliain o shin ach faoi láthair ní fhaighaim an deis chun í a úsáid cé chomh minic agus ba mhaith liom. B'fhéidir go gheobhaidh mé an deis anseo!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    Labhróidh mé Gaeilge leat sa dojo, más maith leat é! :cool:

    Más mian leat, dhéanfainn é. Ní bheadh aon fhadhb mhór agam leis. :) Conas atá cúrsaí faoi láthair ann ar aon nós (sa chlub)? Táimse féin i gCiarraí le haghaidh roinnt oibre a dhéanamh ar feadh an tsamhraidh.... Measaim go bhfanfaidh mé i Luimneach i ndiaidh mo chuid torthaí a fháil (braithim uaim mo chuid traenála :p).

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 251 ✭✭brian93

    Gumbi wrote: »
    Más mian leat, dhéanfainn é. Ní bheadh aon fhadhb mhór agam leis. :) Conas atá cúrsaí faoi láthair ann ar aon nós (sa chlub)? Táimse féin i gCiarraí le haghaidh roinnt oibre a dhéanamh ar feadh an tsamhraidh.... Measaim go bhfanfaidh mé i Luimneach i ndiaidh mo chuid torthaí a fháil (braithim uaim mo chuid traenála :p).

    Cén áit i gCiarraí ina bhfuil tú ag obair? Nílim chomh fiosrach seo de ghnáth!! :p

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    brian93 wrote: »
    Cén áit i gCiarraí ina bhfuil tú ag obair? Nílim chomh fiosrach seo de ghnáth!! :p

    Fadhb ar bith. Oileán Dairbhre.... Ach táim ag fanacht lem' theaghlach cúpla míle taobh amuigh de Chathair Shaidhbhín (tá súil agam go bhfuil an ceart agam leis an litriú sin:p).

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 251 ✭✭brian93

    Gumbi wrote: »
    Fadhb ar bith. Oileán Dairbhre.... Ach táim ag fanacht lem' theaghlach cúpla míle taobh amuigh de Chathair Shaidhbhín (tá súil agam go bhfuil an ceart agam leis an litriú sin:p).

    Tá sé i gceart agat, is dóigh liom! Cuíosach leadránach thíos ansan, déarfainn! Radharcanna álainn, Dónall Ó Cónaill, Maurice Fitzgerald... agus sin é!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    brian93 wrote: »
    Tá sé i gceart agat, is dóigh liom! Cuíosach leadránach thíos ansan, déarfainn! Radharcanna álainn, Dónall Ó Cónaill, Maurice Fitzgerald... agus sin é!

    'Sea, sin uile... ach bíonn cairde na muintire agus mar sin de i gcónaí timpeall, coimeádann sé sin an "leadránachas" ar leathtaobh (bhuel, don chuid is mó den am ar aon nós :p). Roinnt airgid don choláiste ar aon nós, ní hé ach cúpla seachtain eile atá i gceist.:)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 251 ✭✭brian93

    Post agam féin ag déanamh campa le leanaí trí Ghaeilge i dTrá Lí chun beagán airgead a dhéanamh don coláiste. Ag baint lán-taitneamh as, agus rud maith chun bheith ar an CV sa todhchaí. Ag tosnú i Maigh Nuad i mí Meán Fómhar, le cúnamh. Ceol, craic agus fíor beagán obair! :D

  • Closed Accounts Posts: 27 Inhousejoke

    Níl me líofa ach táim in ann bunchomhrá a dheanamh. Uaireanta bím ag caint le mo dhearthar, go hairithe i dTíortha eile, is í teanga rúnach idir muid fein! :D

    Nior shroibh mé aon litir as gaelige don cúpla bhliain, is eagla orm faoi mo gramadach agus litreachas! Ba mhaith liom mo chuid teanga a fheabhsú, b'fheidir beidh mé ag iarradh í a labhairt abhaile chomh maith.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,724 ✭✭✭The Scientician

    Is drochghaeilgóir mé. D'fhreastal mé coláiste gaeilge san Ceathrú Rua, Co. Na Gallimhe, dhá uair nuair a bhí mé óg agus d'fhoglaim a lán gaeilge ag an am sin. Is mór an trua ach chaill mé an chuid is mó de mo stór focail agus grammadach ó shin. Ba mhaith liom a bheith líofa san todhchaí ach níl a fhios agam go mbeidh go leor ama agam. Ceapaim go bhfuil Gaeilge níos éasca a labhairt tar éis cúpla piontaí, tugann siad mísneach dom!

    (Tá a fhios agam go rinne mé dearmaid san post (?) seo.)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 23 Breloom

    is cainteoir ceart go leor me. labhraíonn mé i ngaelinne le m'athair sa bhaile dá bhrí sin tá mo chuid liofact sna cainte, agus tá easpa gramadach agus litriu agam. ta suil agam go mbeadh a lan comhra agam le libhse :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 191 ✭✭Scealta_saol

    Tá céim onóracha agam sa Ghaeilge ach níl roinnt seans agam í a úsáid ó lá go lae. Cúpla uair sa bhliain is féidir liom í a úsáid le linn m'oibre ach sin a mhéid.

    Ba mhaith liom on TEG a dhéanamh.. An bhfuil sé déanta ag éinne go fóill?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,375 ✭✭✭deirdremf

    Is drochghaeilgóir mé. D'fhreastal mé coláiste gaeilge san Ceathrú Rua, Co. Na Gallimhe, dhá uair nuair a bhí mé óg agus d'fhoglaim a lán gaeilge ag an am sin. Is mór an trua ach chaill mé an chuid is mó de mo stór focail agus grammadach ó shin. Ba mhaith liom a bheith líofa san todhchaí ach níl a fhios agam go mbeidh go leor ama agam. Ceapaim go bhfuil Gaeilge níos éasca a labhairt tar éis cúpla piontaí, tugann siad mísneach dom!
    B'fhéidir go gceapann tú gur chaill, ach má bhíonn deis agat í a chleachtadh go rialta, beidh iontas ort chomh scioptha a thiocfaidh gach rud ar ais. Agus foghlamóidh tú rudaí nua gach lá freisin.
    Ó thaobh na bpiontaí de, is iontach an rud iad chun misneach a thabhairt do dhaoine. Agus má tá duine suimiúil eile ann ag caint as Gaeilge, bhuel, fút féin atá sé!!!

  • Advertisement
Advertisement