Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cé mhéad cainteoirí gaeilge anseo?

  • 11-04-2011 09:09PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 121 ✭✭


    Fluent or beginner. :D


«13

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1


    Táim ag staidéar gaeilge sa choláiste........
    Is dóigh liom go bhfuil a lán daoine ag scríobh sa "census" go bhfuil siad ábalta gaeilge a labhairt cé nach bhfuil siad ábalta dha fhocal gaeilge a chur indiadh a chéile!!!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,130 ✭✭✭Rodin


    Caireann wrote: »
    Fluent or beginner. :D

    are you missing 'atá'?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Cainteoir dúchais - chuile lá. Ní raibh focal béarla agam go ndeachaigh mé chuig scoile.


  • Banned (with Prison Access) Posts: 2,449 ✭✭✭SuperInfinity


    Seannew1 wrote: »
    Táim ag staidéar gaeilge sa choláiste........
    Is dóigh liom go bhfuil a lán daoine ag scríobh sa "census" go bhfuil siad ábalta gaeilge a labhairt cé nach bhfuil siad ábalta dha fhocal gaeilge a chur indiadh a chéile!!!!

    Don't you mean "i ndiadh a chéile"? :rolleyes:


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,051 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil. Rinne mé forbairt uirthi i gcoláiste samhraidh. Anois tá MA sa Ghaeilge á dhéanamh agam sa choláiste. De bharr sin labhraím as Gaeilge beagnach gach lá sa seachtain, is bím ag léamh nó ag éistim le RnaG na laethannta eile.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Labhraím as Gaeilge beaghnach gach lá sa seachtain, Nílim liofa fós, ach táim ag foghlaim.


  • Closed Accounts Posts: 3,952 ✭✭✭b.o.m.d.a.s.


    is é an gaeilge an teanga is fearr liom.

    níl focal agam anois,

    oiche mhaith


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1


    Don't you mean "i ndiadh a chéile"? :rolleyes:

    Ha..........my bad


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    pops wrote: »
    Cainteoir dúchais - chuile lá. Ní raibh focal béarla agam go ndeachaigh mé chuig scoile.

    Dia dhuit phops agus bail ó Dhia ort. Tá mé in éad leat!

    Bíonn mé ag cur le mo chuid Gaeilge i gcónaí agus is dóigh go mbeidh mé ag foghlaim go deo! :) Ach ní rud ródhona é sin, is breá liom an teanga.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Caireann wrote: »
    Fluent or beginner. :D

    Gaeilge amháin anseo a chara le do thoil.

    Dúradh liom gur cainteoir réasúnta maith mé.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 701 ✭✭✭Cathaoirleach


    pops wrote: »
    Cainteoir dúchais

    Cé as thú féin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,180 ✭✭✭tomissex


    Chuaigh mé go dtí bunscoil lán-Gaelach agus anois tá chéim sa Ghaeilge á dhéanamh agam sa choláiste. Measaim go bhfuil Gaeilge réasúnta maith agam ach táim fós ag foghlaim. Tá chéim Ghaeilge á dhéanamh ag mo dheartháir chomh maith agus bímid ag labhairt as Ghaeilge lena chéile go minic.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Cé as thú féin?
    Conamara - agus níl aon deiridh le foghlaim na Gaeilge.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Labhair mé a lán Gaeilge le cupla seachtain anuas, bhí béaltriail Ghaeilge a'am inniu. Seans nach mar sin a bheidh sé le linn an tsamhraidh áfach.

    Éistim le RnaG nuair a ritheann sé liom é a dhéanamh, agus féachaim ar Nuacht TG4 nuair a bhíonn an t-am agam.

    Ba ar scoil a d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge, ach ba í an obair a rinne mé féin i m'aonar a chuir feabhas uirthi.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,652 Mod ✭✭✭✭dory


    Líofa - ach mar a dúirt cheana - ag foghlaim go deo (agus ag iarraidh an litriú uafásach atá agam a réiteach).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 148 ✭✭marnie d


    Mise mar a gcéanna Dory, táim líofa ach go fóill ag foghlaim! Ní labhraím Gaeilge gach lá anois mar bhog mé chuig BÁC sé mí ó shin agus níl aithne agam ar mórán Gaeilgeoirí. Ní bhím sa Chonradh ach b'fhéidir uair amháin achan mí. Tá giota beag mearóg ag teacht ar mo chuid Gaeilge sílim, is mór an trua.


  • Closed Accounts Posts: 6 chintickles


    Tá sé agam ón gcliabhán ach mar a dúirt sibh thuas ag foghlaim gach lá.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 90 ✭✭red_red_wine


    Bá bhreá liom Gaeilge líofa a bheith agam, ach faraor géar níl sé sin an scéal. Táim ag déanamh na hardteistiméarachta agus táim brónach nach mbeidh mé ag déanamh stáidéar ar an nGaeilge san ollscoil ach tá sé ar intinn agam a bheith i mo bhall den chiorcal comhrá gaeilge ionas go mbeidh mé ábalta an Ghaeilge a usáid. Beatha teanga í a labhairt! Tá eagla orm go ndéanfaidh mé dearmad ar an nGaeilge atá agam :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    Bá bhreá liom Gaeilge líofa a bheith agam, ach faraor géar níl sé sin an scéal. Táim ag déanamh na hardteistiméarachta agus táim brónach nach mbeidh mé ag déanamh stáidéar ar an nGaeilge san ollscoil ach tá sé ar intinn agam a bheith i mo bhall den chiorcal comhrá gaeilge ionas go mbeidh mé ábalta an Ghaeilge a usáid. Beatha teanga í a labhairt! Tá eagla orm go ndéanfaidh mé dearmad ar an nGaeilge atá agam :(

    Tá cumainn gaeilge i ngach ollscoil sa stát! Ní gá duit a bheith ag stáidear na teanga chun a bheith ina bhall!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 90 ✭✭red_red_wine


    Tá cumainn gaeilge i ngach ollscoil sa stát! Ní gá duit a bheith ag stáidear na teanga chun a bheith ina bhall!

    Ní raibh a fhios agam go bhfuil sé sin an scéal...go raibh maith agat!


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 142 ✭✭lezza


    líofa as conamara


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Úsáidim mo chuid gaeilge gach dara lá den chuid is mó..


  • Closed Accounts Posts: 1,654 ✭✭✭Noreen1


    Líofa as Tír Chonaill.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 83 ✭✭Steba


    Liofa os gleann maghair, Corcaí ( Coláiste an phiarsaigh)

    Ta nios lú ná 1 2 lá agam san scoil agus tá suil agam go mbeidh me in ann mo gaeilge a coimead san ollscoile!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,665 ✭✭✭Blackjack


    pops wrote: »
    Cainteoir dúchais - chuile lá. Ní raibh focal béarla agam go ndeachaigh mé chuig scoile.

    Mar an cheanna, ach ní labríonn mé an teanga chuile Lá- níl mo chuid Gaeilge go hiontach níos mó, ní bhíonn móran seans agam é a labhairt ach amhain le mo chlann anois.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    tá Gaeilge agam, cé nach bhfuilim lánálabalta leis go fóill :P ach táim á fhoghlaim, is teanga suimiúil í! :D
    labhraím í chuile lá, beagnach (ar skype, ach s'é an t-aon bealach é a chleachtadh i mBrasaíl lol)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    Blackjack wrote: »
    Mar an cheanna, ach ní labríonn mé an teanga chuile Lá- níl mo chuid Gaeilge go hiontach níos mó, ní bhíonn móran seans agam é a labhairt ach amhain le mo chlann anois.

    labhair liom! xD


    *más mian leat ;)


  • Moderators, Category Moderators, Recreation & Hobbies Moderators, Sports Moderators Posts: 35,269 CMod ✭✭✭✭ShamoBuc


    Réasúnta líofa, i bhfad níos fearr fiche bliain ó shin ach fós ag déanamh iarracht é a úsáid gach uile lá - éasca go leor mar is múinteoir bunscoile mé ach déanaim iarracht caint le múinteoirí eile atá suim acu caint as gaeilge go neamhfhoirmiúil i rith an lae.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,682 ✭✭✭Gumbi


    Don't you mean "i ndiadh a chéile"? :rolleyes:

    i ndiaidh, a chara


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,682 ✭✭✭Gumbi


    Níor fhás mé i nGaeltacht, ach labhair mé mo chuid Gaeilge ón gcliabhán le m'athair agus le mo dheartháireacha. Tar éis tamaill, thosnaigh mé ag labhairt Béarla le mo dheartháireacha de bharr deacrachtaí shóisialta a chruthaíodh ar scoil. :D Ach labhraím fós le m'athair í. Bhí mo chuid Gaeilge i bhfad níos fearr ná mo chuid Béarla roimh mo thréimhse scolaíochta, ach, ar ndóigh, d'éirigh mo chuid Béarla níos fearr ós rud é go raibh mé á labhairt le gach éinne, taobh amuigh de m'athair.


Advertisement