Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

An difríocht idir 'den' agus 'don'?

  • 20-03-2011 04:11PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25


    Cad é an difríocht, go gramadach, idir 'den' agus 'don' i nGaeilge? Níl míniú cruinne ann ar an idirlíon don ceist seo.

    Mar shampla, an abairt atá scríbhte agam thuas: ar scríbhtear:


    Níl míniú ann ar an idirlíon 'den' ceist seo,



    Níl míniú ann ar an idirlíon 'don' ceist seo ???



    Go raibh míle as aon cabhair a tugtar anseo! :)


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,222 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Fuair mé an méad seo. Tá súil agam go gcabhróidh sé leat.

    den [forainm réamhfhoclach]
    de + an.


    de [réamhfhocal]
    a léiríonn scaradh agus araile (bain di é; scoir sé den obair); greamú, leanúint agus araile (ceangail den chrann é; ná lean den chaint sin); suíomh (taobh thall den abhainn); bunús (duine de na Gearaltaigh; earraí de dhéantús na hÉireann); ábhar, líon (déanta d'adhmad; lán de dhaoine); cineál (amadán de dhuine, a leithéid de lá); cuid (an chéad lá den mhí; duine díobh); modh, meán (éirí de léim, briseadh de thaisme é); méid, oiread (ní raibh sé de chiall aige fanacht); mar iarthagairt (maidir liomsa de; ní fearr liom rud de); cúis, fáth (dá bhrí sin, dá bharr sin); fad aimsire (de shíor, de ghnáth);

    don [forainm réamhfhoclach]
    = do + an.


    do [réamhfhocal]
    chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25 sinaydk


    Míle buíochas!


    Mar ia gnáth leis an nGaeilge, is liosta casta é seo, ach cabhraíonn sé dom go mhór! Go raibh maith agat!


Advertisement
Advertisement