Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Breithlá shona/ breithlá sona

  • 15-05-2010 04:34PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,503 ✭✭✭


    An ceart 'breithlá shona' nó 'breithlá sona' a rá? Is dóigh liom go bhfuil 'breithlá shona' ceart, ach má tá, cén fáth go bhfuil séimhiú ar 'sona'? Go raibh maith agaibh.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Is focal firinscneach é breithlá, mar sin níor chóir séimhiú a chur ar sona. Chuirfeá séimhiú air dá mbeadh ainmfhocal baininscneach i gceist.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Tuigim gur focal firinscneach é, ach mar pháistí d'fhoghlaimíomar an t-amhrán mar "Lá Breithe shona dhuit..."


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,503 ✭✭✭dambarude


    Gael wrote: »
    Is focal firinscneach é breithlá, mar sin níor chóir séimhiú a chur ar sona. Chuirfeá séimhiú air dá mbeadh ainmfhocal baininscneach i gceist.

    Tá a fhios agam go bhfuil sé firinscneach, ach cén fáth mar sin go mbeadh sé foghlamtha mar 'breithlá shona' ag daoine eil agus agamsa freisin? Drochmhúinteoir nó an mbeadh cúis eile leis?


Advertisement
Advertisement