Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

No Bearla

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,371 ✭✭✭Fuinseog


    is maith an teama e ach cuireann Mangan isteach ar go leor daoine.de reir dealraimh is cineal smart arse e agus nil se sin fearailte.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 476 ✭✭Nuggles


    Tá an clár é féin, an smaoineamh, go maith ach cheap mé féin go raibh sé déanta ar bhealach uafásach.

    Ní amháin nár thaithin an t-amadán sin liom ach níor raibh an clár féin an-chruinn.

    Bhí an fear ag úsáid focal nach úsáidtear rómhinic, fiú i lár ceantair Gaeltachta. Is cainteoir dúcháis atá ionam féin agus bhí ormsa na fotheidil a léamh agus mé ag breathnú ar uaireanta, mar go raibh an fear chomh deacair a thuiscint.

    Rud a chur pian aisteach orm ná an chuid den clár a bhí i gcathair na Gaillimhe. Nuair a bhí sé ag canadh, i lár na sráide, faoi rudaí gáirsiúla, agus ina dhiadh ag rá nár thug aon duine aon aird ar mar nach raibh aon Ghaeilge acu.

    NÍOR THUIG MÉ FOCAL A CHAN SÉ.

    Cainteoir dúchais, a tógadh le Gaeilge, an Ghaeilge mar an chéad teanga atá agam, teanga a labhráim gach lá, agus níor thuig mé focal a chan sé.

    Agus ansin é ag rá nach raibh aon Ghaeilge sa chathair. Bhí sé ag tabhairt leargas difriúil ar fad den scéal.

    Dá mbeadh an clár déanta ceart, le duine difriúil, bhí an seans aige a bheith i bhfad níos fearr.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Thaitin an chéad chlár dá chuid liom cupla bliain nó a trí ó shin. Tá pearsantacht aige ar a laghad, agus níl sé sin ag gach uile láithreoir.

    Ach san am céanna, tá sé níos fearr ag cur clár taistil i láthair ná ceann faoin nGaeilge mar gheall nach bhfuil sé ag déanamh iarracht ar bith teacht ar chanúint agus blas na gcanúintí. Ní bheidh seisean ná mise ach oiread inár gcainteoirí dhúchais choíche, ach is Éireannaigh muid, agus is féidir linn uilig blas eicínt a phioc suas, agus an Béarlachas a sheachaint. Má bhíonn Manchan ar TG4, ag plé le cúrsaí teangan, tá dualgas aige ina leith chomh fada le mo bharúil féin.


Advertisement
Advertisement