Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

cártaí don Nollaig

  • 09-12-2009 12:14AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭


    Tá mé ag iarraidh cártaí a fháil as Gaeilge - b'fhéidir go mbeadh ceann bilingual go deas chomh maith.. so tá mé tar éis dhá shuíomh a aimsiú..

    www.cartairubai.ie

    agus bosca cártaí le fáil ar Litriocht.

    Tá mé lonnaithe i mB.A.C. An bhfuil cártaí Ghaeilge ar díol i lár na cathrach in aon áit go bhfios d'éinne agaibh?

    bheadh mé fíor-bhuíoch! grmma.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Creidim go bhfuil siad le fáil i Siopa Leabhair Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Agus níl tú do mo chur amú P.D? :)

    níl mé ach a' magadh, tá muinínín agam. Rithfidh mé suas tráthnóna Déardaoin go bhfeicfidh mé.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is féidir bheith amhrasach faoi aon rud a scríobhaim ceart go leor:D ach de réir mo thaithí ní féidir focail Múinteoir a cheistiú!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Bhail tagaim leat faoin méid sin.. tá fios a ghnó aige.

    Bhail, deas uait m'aird a tharraingt ar an teachtaireacht sin. Go raibh maith agat. Beannachtaí na Féile duit :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    pog it wrote: »
    Rithfidh mé suas tráthnóna Déardaoin go bhfeicfidh mé.

    Ní dóigh liom go n-osclaíonn siad go déanach ar an Déardaoin - b'fhiú glaoch a chur orthu sula ndéanfaidh tú an turas.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Is féidir bheith amhrasach faoi aon rud a scríobhaim ceart go leor:D ach de réir mo thaithí ní féidir focail Múinteoir a cheistiú!

    Go raibh maith agat, a chara. :cool: Ach feicim go bhfuil an nasc le Siopa Chonradh na Gaeilge briste anois sa teachtaireacht sin liomsa a luaigh tú.

    Seo siopa idirlín Chonradh na Gaeilge féin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 7,034 ✭✭✭uch


    22/25



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Uimhir theileafóin an tsiopa i Sráid Fhearchair: 4783814


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Cheannaigh mé na cártaí Nollag a rinne Aware i mbliana sular thug mé faoi deara go raibh botún litrithe orthu: "Síochán" in áit "Síocháin"!!


Advertisement
Advertisement