Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Deontas do scríobhneoirí Gaeilge

  • 05-10-2009 09:47PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭


    An bhfaca aon duine an alt seo sa Sunday Times inné?


    http://www.timesonline.co.uk/tol/news/world/ireland/article6860442.ece

    Táim ar son tacaíocht airgeadais a thabhairt don Ghaeilge ach ag caitheadh airgead ag scríobhneoirí nach ndíolann leabhar amhain?!!

    Níl cíall ar bith leis, dar liomsa!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    pops wrote: »
    An bhfaca aon duine an alt seo sa Sunday Times inné?


    http://www.timesonline.co.uk/tol/news/world/ireland/article6860442.ece

    Táim ar son tacaíocht airgeadais a thabhairt don Ghaeilge ach ag caitheadh airgead ag scríobhneoirí nach ndíolann leabhar amhain?!!

    Níl cíall ar bith leis, dar liomsa!

    Aontaim leat, ce go ceapaim gur ceart doibh nios mo airgead a fhail na daoine ata ag obair as Bearla o taobh nach bhfuil na aiseanna deanna ann tar eis blianta polaisithe na rialtas.
    Ni ceart go mbeidh daoine ag fail an meid seo tacaiocht chun tada a deanamh - conas a thuilleann siad airgead chun sui timpeall ag scriobh!?

    (Bron orm faoi easpa usaid an fada - ta deacaireachtai agam le na riomhairi seo, ni obraionn fada orthu riomh)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níl bunús ar bith leis na figiúirí siúd. Ceannaím mo chuid leabhair ó litríocht.com (cosúil le go leor daoine eile).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Is iad Nielsen Bookscan a chur na figiúirí sin ar fáil agus os rud é go gcruinníonn siad eolas ar leabhra a díoltar ins na siopaí & ar an idirlín, tá seans maith go bhfuil bunús maith lena gcuid faisnéise.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ag léamh an t-alt dealraíonn sé domsa go bhfuil Nielsen ag plé leis na siopaí móra agus suíomhanna móra amháin. Níl aon rud san alt faoi Nielsen ag comhaireamh gach uile leabhar díolta i ngach uile siopa agus ar gach uile suíomh. Maíonn siad go bhfuil siad 90% cruinn. B'fhéidir go bhfuil siad cruinn go leor maidir leis na leabhair atá ag díol na mílte cóip ach táim thar a bheith amhrasach faoina gcruinneas i leith miondíolacháin. Tá dhá leabhar agam féin de chuid Darach Ó Scolaí ar mo sheilfeanna féin (tabhair faoi deara nach bhfuil an Times sásta a ainm nó ainmneacha na húdair eile a litriú i gceart). De réir an ailt tá mé freagrach go pearsanta as 33% dá dhíolchán ó 1988 - seafóid amach is amach . Ná creid gach rud a léann tú go háirithe faoi Ghaeilge sa nuachtáin Béarla.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Mar sin féin ní fhéadfadh sé go bhfuil na figiúirí chomh fada sin amach. An fiú an méid sin do airgead an phobail a chaitheamh ar scríobhneoirí nach bhfuil ach mionchuid dona daoine á léamh.

    Cé go bhfuilimse i mo chonaí san nGaeltacht agus go leor cairde & gaolta ag baint leis na meáin Ghaeilge, ní mórán acu a léann leabhara Gaeilge ó chlúdach go clúdach.

    Ní shin le rá nar cheart leabhar ar bith a fhoilsiú i nGaeilge, ach go bhfuil níos mó freagrachachas as deontaisí a síntear ag scríobheoirí ag teastáil, agus go mbeadh níos mó díolacháin ar a gcuid leabhara, ionas gur bhfiú an t-airgead a caitear.


  • Advertisement
Advertisement
Advertisement