Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Fuaimniú

  • 15-08-2009 10:55PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 141 ✭✭


    Tá ceist agam daoibh go léir, (seo í an chéad uair a scríobh mé as Gaeilge ar líne, agus tá súil agam nach ndéanaim an iomarca botún mar sin!)

    Ar cheart an focal b'fhéidir (m. sh.) a fhuaimniú mar
    a) bayjur
    b) baydur

    c) rud ar bith eile?

    Nuair a chloisimse Gaeilgeoirí dúchasacha ar an teilifís ag fuaimniú na fuaime atá sa chló bold thuas, is cosúil go mbíonn s ann, faoi mar atá sé á rá mar seo: baydsur (is deacair é a litríu sa tslí ina fuaimnítear é). Táim ag ceapadh gur daoine ó Ghaeltacht Chonamara a fuaimníonn sé é mar sin.

    Tá súil agam go dtuigeann sibh mo cheist, grma.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 942 ✭✭✭An gal gréine


    Tig leat ceachtar acu a úsáid. Más ansa leat canúint an iarthair úsáid (a). Má thaitníonn teanga na Mumhan leat úsáid (b). Más fearr leat Gaeilge an tuaiscirt úsáid (c) bejur.
    Tá cineál de "s" ansin , ceart go leor, nó fuaim eile atá deacair litreacha a chur leo.


  • Closed Accounts Posts: 141 ✭✭pjtb


    Go raibh maith agat An Gal Gréine.


Advertisement
Advertisement