Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

An bhfuil tú feargach..

124

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Beidh na hionaid vótála ag dúnadh i gceann cúpla nóiméad. Tá súil agam gur léirigh sibh bhur gcuid feirge inniu, má bhí a leithéid oraibh.

    Léirigh go deimhin. Agus an fhearg sin le feiceáil inniu timpeall na tíre.
    Faraor, tá na Glasaigh á mbualadh go dona toisc go bhfuilid sa rialtas.
    Faraor eile, 'sé Fine Gael a bheas i gceannas nuair a fheabhsaíonn an geilleagar.

    An bhfuil na Glasaigh sa rialtas sa bhfadtéarmach i ndáiríre?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »

    Ní dóigh liom go bhfuil seans ar bith ann go bhfágfaidh siad an rialtas seo anois. Ach beidh margadh i bhfad níos fearr ag teastáil uathu ó Fhianna Fáil le fanacht ann.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Ní dóigh liom go bhfuil seans ar bith ann go bhfágfaidh siad an rialtas seo anois. Ach beidh margadh i bhfad níos fearr ag teastáil uathu ó Fhianna Fáil le fanacht ann.

    Cad is margadh níos fearr ann?
    Freisin ní mór don chéad bhuiséad eile a bheith níos déine arís!
    Beidh cúrsaí ag éirí níos deacra.

    Tagaim leat maidir le fanacht sa rialtas de, ar na huimhreacha siúd tá seans ann go gcaillfidís suíochán nó an dá shuíochán sa Dáil dá mbeadh olltoghchán ann aon am go luath .i. roimh 2012

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Cad is margadh níos fearr ann?

    Deir siad go dteastaíonn uathu idirbheartaíocht nua a thosú faoi chlár an rialtais agus tá níos mó cumhachta acu anois sa rialtas, toisc go bhfuil FF ag brath orthu anois (rud nach raibh ag tús an rialtais i 2007). Feicfimid céard a tharlóidh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »

    Iontach agus scanrúil ag an am céanna.:eek:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An t-alt is fearr a scríobhadh in Éirinn ariamh?
    Instead of recognising bankers and developers as parasites on our national prosperity, the Government came to see them as its source. While everyone else in Ireland has come to see the past decade as an embarrassing episode of collective insanity to be put behind us as soon as possible, the Government still sees it as the high point of our nation’s history. Nama is effectively Fianna Fáil’s shrine to the bubble, and likely to be an expensive and enduring one.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    ''An bhfuil na Glasaigh sa rialtas sa bhfadtéarmach i ndáiríre?''

    an bhfuil siad sa rialtas? cad atá siad ag déanamh? faic - ní fhaca mé éireann níos glas anois ná mar a bhí sí

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    ''An bhfuil na Glasaigh sa rialtas sa bhfadtéarmach i ndáiríre?''

    an bhfuil siad sa rialtas? cad atá siad ag déanamh? faic - ní fhaca mé éireann níos glas anois ná mar a bhí sí

    http://www.greenparty.ie/government/achievements_in_government/rolling_list_of_achievements

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    10,000 post nua?

    orly? cá bhfuil siad?

    ''9 Jul 07: Sargent becomes third Green minister with hybrid car. All three Green ministers adopt low-emissions Prius hybids.''

    caitfidh sé sin a bheith riachtanach agus an bhfuil sé sin ''acheivement'' ?

    bréagach, amach is amach, nó casadh an fhírinne......

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Polaiteoirí ag dul ar laethanta saoire le pá go ceann 3 mhí!

    Bhur mbarúil?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá tú tar éis íomhá de Brian Ó Comhdhain ag déanamh bolg le gréine a chur i m'inchinn - múisc!

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    ah leads beidh an cúlú eacnamaíocht ar sos comh maith ar feadh thrí mhí!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tháinig mé ar an bhfíseán seo trí thimpiste inniu.

    http://www.youtube.com/watch?v=dMb1zhuOo_8

    Tá an chuma ar an scéal gurbh iad Páirtí an Lucht Oibre an t-aon dream a rinneadh físeán toghcháin as Gaeilge i mbliana. :( Ach is maith an iarracht é, dar liom.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    http://www.youtube.com/watch?v=CIvfQ_dENd0&feature=PlayList&p=AB1A1432266A795D&index=2

    sinn féin as gaeilge - agus gaeilge níos fearr dar liomsa

  • Closed Accounts Posts: 1 clawback

    Tá fearg orainn i Meiriceá chomh maith agus tá daoine ag caint ar an dara réabhlóid (ní hiad "wackos with ammo" amháin, ach dlíodóirí, múinteoirí agus proifisiúnaigh). Beidh ár gclann ag íoc as na "bailouts" ar feadh blianta agus na brabúis ag na baincéirí. An bhfuil muid feargach? D'fhéadfá é sin a rá aríst!

    Agus céard faoi na bannóirí? Cén fáth nach bhfuil "haircut" i ndán dóibh? Nach bhfuil mo chlann níos tabhachtaí ná na bannóirí? Tá Obama féin leis na baincéirí is le Wall Street. Níl aon chlue aige. "Hope" agus "Change"? Leanann na "bailouts" ar aghaidh mar nach bhfuil difríocht mhór idir na Democrats agus na Republicans.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Fáilte Clawback - Rud eile atá ag cur isteach orm ná cé hiad na bannóirí? Cé hiad na daoine a bhfuil na billiúin acu chun tíortha cosúil le SAM agus Éire a mhaoiniú? Is iad na daoine leis an bhfíorchumhacht anois.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Untitled.jpg

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    ó Gaelscéal ar maidin:
    Ní masla do phobal na hÉireann €9 billiúin sa bhreis a iarraidh d’Anglo Irish dar le Alan Dukes. Ba mhasla é mura ndéanfaí é agus dá ligfí don bhanc dul as gnó!!!!!!!!

    Ní fhéadfadh an scríbhneoir grinn is fearr a leithéid de chacamas greannmhar a chumadh

    Nach bhfuil fonn círéibe ar éinne?

    Deirtear gurb iad na daoine is óige na daoine atá ag fulaingt níos mó sa Spealadh seo! Ach táid chomh ciúin faoina staid.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Stollaire wrote: »
    Nach bhfuil fonn círéibe ar éinne?

    Deirtear gurb iad na daoine is óige na daoine atá ag fulaingt níos mó sa Spealadh seo! Ach táid chomh ciúin faoina staid.

    Ní raibh an t-aois óg ag éirí amach faoi na táillí ollscoile, is cuma leo (linn?). Ní spreagfaidh seo aon duine nach bhfuil amach ar na shráid cheana. :(

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Cliste wrote: »

    Bhí agóidí acu cinnte. Ach chuaigh siad i mbun agóide le haghaidh cúiseanna féinleasa sa chás sin.

    Cá bhfuil na mic léin radacacha maidir leis an gcaoi a bhfuil an tír seo á tarraingt síos ag rialtas truaillithe?

    Tráth d'fhéadfadh sochaí a bheith ag brath ar mhic léinn seasamh suas don phobal ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta de. Tráth bhíodh mic léinn ag ceistiú gach rud a tháinig ó rialtas.
    Cá bhfuil an comhfhios bríomhar a d'fhéadfaí a bheith ag súil leis ó dhaoine le hardoideachas?

    Sa lá atá inniu ann tá an rialtas ag magadh fúinn go léir lena mbréaga agus a n-iompar, táid ag aistriú airgead an phobail (go ceann cúpla ghlúin) chuig pócaí chomhlachtaí príobháideacha. Comhlachtaí a thug tacaíocht airgeadais dóibh féin nó do dhaoine a thugann tacaíocht airgeadais don pháirtí i gcumhacht.

    Tá muid i bhfad ró-síochánta mar chine.
    Tá meon TINA i mbarr a réime i measc na nÉireannach, agus tá an ceart ag Mac Uilliam san alt thuas, 2+2=5!

    (Agus ní fiú olltoghchán, ní athróidh aon ní le Fine Fáil i gcumhacht in áit Fianna Gael)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Bhí agóidí, ach caithfidh tú glacadh nach raibh círéib ar na shráid. Bhí roinnt cainte, ach níor athraigh saol an gnáth-scoláire tar éis a gealltar nach beidh a thuile táille.

    Cad is féidir liom a rá fúim fhéin? Is caora mé, leanfaidh mé thú má tá tú sásta beidh mar ceannaire!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Stollaire wrote: »
    Bhí agóidí acu cinnte. Ach chuaigh siad i mbun agóide le haghaidh cúiseanna féinleasa sa chás sin.

    Cá bhfuil na mic léin radacacha maidir leis an gcaoi a bhfuil an tír seo á tarraingt síos ag rialtas truaillithe?

    Tráth d'fhéadfadh sochaí a bheith ag brath ar mhic léinn seasamh suas don phobal ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta de. Tráth bhíodh mic léinn ag ceistiú gach rud a tháinig ó rialtas.
    Cá bhfuil an comhfhios bríomhar a d'fhéadfaí a bheith ag súil leis ó dhaoine le hardoideachas?

    Sa lá atá inniu ann tá an rialtas ag magadh fúinn go léir lena mbréaga agus a n-iompar, táid ag aistriú airgead an phobail (go ceann cúpla ghlúin) chuig pócaí chomhlachtaí príobháideacha. Comhlachtaí a thug tacaíocht airgeadais dóibh féin nó do dhaoine a thugann tacaíocht airgeadais don pháirtí i gcumhacht.

    Tá muid i bhfad ró-síochánta mar chine.
    Tá meon TINA i mbarr a réime i measc na nÉireannach, agus tá an ceart ag Mac Uilliam san alt thuas, 2+2=5!

    (Agus ní fiú olltoghchán, ní athróidh aon ní le Fine Fáil i gcumhacht in áit Fianna Gael)

    Is fearr rud a dhéanamh ná caint.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Cliste wrote: »
    Bhí agóidí, ach caithfidh tú glacadh nach raibh círéib ar na shráid. Bhí roinnt cainte, ach níor athraigh saol an gnáth-scoláire tar éis a gealltar nach beidh a thuile táille.

    Cad is féidir liom a rá fúim fhéin? Is caora mé, leanfaidh mé thú má tá tú sásta beidh mar ceannaire!

    Níl aon gá le ceannairí, tá gá le dreamanna agus cumainn.

  • Closed Accounts Posts: 494 ✭✭Truthrevolution

    clawback wrote: »
    Tá fearg orainn i Meiriceá chomh maith agus tá daoine ag caint ar an dara réabhlóid (ní hiad "wackos with ammo" amháin, ach dlíodóirí, múinteoirí agus proifisiúnaigh). Beidh ár gclann ag íoc as na "bailouts" ar feadh blianta agus na brabúis ag na baincéirí. An bhfuil muid feargach? D'fhéadfá é sin a rá aríst!

    Agus céard faoi na bannóirí? Cén fáth nach bhfuil "haircut" i ndán dóibh? Nach bhfuil mo chlann níos tabhachtaí ná na bannóirí? Tá Obama féin leis na baincéirí is le Wall Street. Níl aon chlue aige. "Hope" agus "Change"? Leanann na "bailouts" ar aghaidh mar nach bhfuil difríocht mhór idir na Democrats agus na Republicans.

    Sea táim feargach le NAMA agus a US an "federal Reserve" a coireanna a dhéanamh in aghaidh an gcáiníocóirí freisin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tr%C3%A9as.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 178 ✭✭maupat

    clawback wrote: »
    Tá fearg orainn i Meiriceá chomh maith agus tá daoine ag caint ar an dara réabhlóid (ní hiad "wackos with ammo" amháin, ach dlíodóirí, múinteoirí agus proifisiúnaigh). Beidh ár gclann ag íoc as na "bailouts" ar feadh blianta agus na brabúis ag na baincéirí. An bhfuil muid feargach? D'fhéadfá é sin a rá aríst!

    Agus céard faoi na bannóirí? Cén fáth nach bhfuil "haircut" i ndán dóibh? Nach bhfuil mo chlann níos tabhachtaí ná na bannóirí? Tá Obama féin leis na baincéirí is le Wall Street. Níl aon chlue aige. "Hope" agus "Change"? Leanann na "bailouts" ar aghaidh mar nach bhfuil difríocht mhór idir na Democrats agus na Republicans.

    Tuigim do scéal go maith clawback. Mar gheall ar an nuacht eacnamaíochta is déanaí a tugadh dúinn an Máirt seo caite (nó Black Tuesday mar a ghlaofar air as seo amach) in Éirinn, tá an cuma ar an scéal go bhfuil an cáiníocóir chun iasachtaí na mbancéirí ba mhó sa tír a íoc ar ais. Dochreidte ach fíor. Íocfaidh gach duine sa tír (idir óg agus aosta) thart ar EUR2,000 gach bliain :mad:

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Léigí a seirfeach. Is searbh an fhírinne.

Advertisement