Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

An bhfuil tú feargach..

245

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tacaím féin leis an Glasaigh agus is deacair a fheiceáil cén chaoi a dtiocfaidh siad amach as an rialtas seo. Is léir go dtabharfar léasadh ceart d'Fhianna Fáil sna toghcháin atá chugainn i mí Mheithimh, de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí; ach an dóigh libh go dtiocfaidh na Glasaigh slán ón bhfearg sin i measc an phobail?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Má léiríonn siad a chuid buanna beidh siad togha, ach beidh orthu an méar a thógáil amach mar tá neart daoine ann ag scaipeadh bréige/taobh scéal nach léirítear an CG i solas maith

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    Múinteoir wrote: »

    Ach níl fios ag na daoine atá ag gearáin fúthu faoin liosta. Beidh na toghcháin áitiúil suimiúil ar aon nós!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Tacaím féin leis an Glasaigh agus is deacair a fheiceáil cén chaoi a dtiocfaidh siad amach as an rialtas seo. Is léir go dtabharfar léasadh ceart d'Fhianna Fáil sna toghcháin atá chugainn i mí Mheithimh, de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí; ach an dóigh libh go dtiocfaidh na Glasaigh slán ón bhfearg sin i measc an phobail?

    An fhadhb leis seo ná sílim go bhfuil muintir na hÉireann beagáinín dall agus dúr, bail ó Dhia orthu.
    Agus má dhíríonn siad a bhfearg ar na Glasaigh seachas Fianna Fáil beidh siad ag dul amú, sa chaoi chéanna a chuaigh siad amú ag vótáil ar son FF sa gcéad dhul síos.
    I ndáiríre, is iad na Glasaigh an t-aon rud dearfach faoin rialtas seo.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »

    Sin an-smaoineamh cinnte, ach feictear domsa nach bhfuil éinne ag tabhairt airde orthu .i. na rudaí bainte amach.

    Ar maidin, ar Adhmhaidin, chualas an láithreoir ag cur ceist ar Ghlasach an gcreideann sé go raibh tionchar ag na Glasaigh ar an rialtas. Is léir nach bhfuil na meáin ag tabhairt airde ach an oiread ar an méid mór bainte amach acu.

    Tá súil agam go ndéanfaidh an tArd Fheis difríocht ar sin

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Éinne toilteanach tomhas a dhéanamh ar cé mhéid suíocháin a bheas ag Fianna Fáil i ndiaidh an chéad olltoghchán eile. Déarfainn go mbeidh siad ag tuairteáil ar scoite lasrach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Mura bhfuil tú feargach go fóill, sílim go gcuirfidh caint Brian "Tuairim dá Laghad" Lenihan tú ar mire ar fad.
    Beidh, dar leis, teachtaí dála ag fáil a ardú pá de €3,000 in ainneoin an chúlaithe.

    Mura bhfuil sin maith a dhóthain dhuit, tá an dea-scéal ann go bhfuil an slíbhín gan mhaith Martin "Héileacaptar" Cullen ag caitheamh €5,000 dár gcuid airgid chun eitilt den chéad ghrád a fháil go dtí Texas ar Lá 'le Pádraig!

    Agus mar chríoch inniu seo grianghraf thíos de Sean "an Focain Bithiúnach" Fitzpatrick ag imirt cluiche gailf ar a sháimhín focain só:

    0903_fitz_sp_290662c.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Éinne toilteanach tomhas a dhéanamh ar cé mhéid suíocháin a bheas ag Fianna Fáil i ndiaidh an chéad olltoghchán eile. Déarfainn go mbeidh siad ag tuairteáil ar scoite lasrach.

    Cuireann an smaoineamh go gcaithfeadh éinne le ciall dá laghad vóta ar a son, cuireann sé mé ag gáirí is ag caoineadh ag an am céanna.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Stollaire wrote: »
    Sean "an Focain Bithiúnach" Fitzpatrick ag imirt cluiche gailf ar a sháimhín focain só:

    0903_fitz_sp_290662c.jpg

    Ha ha - maith an fear Sean boy - tá sé tuilte agat go deimhin.
    Jaysus - cén saghas tír ina bhfuilimid in ár gcónaí ar chor ar bith? Ba chóir dó a bheith i bpriosúin.

    Céard faoi fís an Phiarsaigh agus laochra '16 anois? Arbh fhiú a n-íobairt? Na tighearnaí tálúin imithe, ach na boic seo (an ciorcal órga) ina h-áit.

    Seo dhuit an boss nua, díreach chomhsúil leis an sean-bhoss.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    topper75 wrote: »

    sin é a Topper75, na maistrí nua, agus Fianna Fáil ina bpócaí.

    Seo scéal greannmhar faoi ghaimbín ó bhFianna Fail (ní botún litriú é sin)

    Á, Fianna Fáil an páirtí atá ag déanamh a seacht ndícheall deireadh a chur le luath-thumoideachas Gaeilge i nGaelscoileanna timpeall na tíre, an páirtí céanna, le batman sa roinn oideachais atá ag iarraidh na coinníollacha a athrú le haghaidh bunú Gaelscoileanna nua go bhféadaidís srian a chur ar a bhfás de bharr éilimh, agus ná tosaigh mé ar tháillí ollscoile!
    In ainneoin mo dhuine Éamó thiar i gCorr na Móna déarfainn gurb é seo an páirtí is frithghaelaí ó bhFine Gael!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Ha ha.

    Bhfuel - bhí an ceart ag Killaly ar a laghad nuair a dúirt sé gur "crazy situation" a bhí ann.

  • Closed Accounts Posts: 2 johnstf2

    Stollaire wrote: »
    ...leis an rialtas, na polaiteoirí, na bainc, na baincéirí, na forbróirí ?

    Céard faoi na daoine le níos mó ná teach amháin .i. na daoine a cheannaigh níos mó ná teach amháin ionas go bhféadfaidís brabús a dhéanamh as daoine óga agus ceannaitheoirí den chéad uair, trí chíos nó mar díol díreach?

    Nó an bhfuil tú ar do sháimhín só?

    Ceapaim gur staid úafasach é, nuair atá an rialtais, na baincéirí etc ag siúil saor as an géarchéim fad is a bhíonn an gnáthduine ag íoc as a erráidí.

    É sin ráite, ní cheapaim gur choir do na múinteoirí dul ar stailc. Tá na mílte daoine ag cailliúint a gcuid postanna gach uile lá. Sna laethanta seo caithfimid a bheith buíoch as an obair atá againn. Ar aon nós, ní dheanfaidh stailc difríocht ar bith. An rud is fearr dúinn a dhéanamh ná comhoibriú lena chéile i rith na laethanta crua seo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    Stollaire wrote: »
    sin é a Topper75, na maistrí nua, agus Fianna Fáil ina bpócaí.

    Seo scéal greannmhar faoi ghaimbín ó bhFianna Fail (ní botún litriú é sin)

    Á, Fianna Fáil an páirtí atá ag déanamh a seacht ndícheall deireadh a chur le luath-thumoideachas Gaeilge i nGaelscoileanna timpeall na tíre, an páirtí céanna, le batman sa roinn oideachais atá ag iarraidh na coinníollacha a athrú le haghaidh bunú Gaelscoileanna nua go bhféadaidís srian a chur ar a bhfás de bharr éilimh, agus ná tosaigh mé ar tháillí ollscoile!
    In ainneoin mo dhuine Éamó thiar i gCorr na Móna déarfainn gurb é seo an páirtí is frithghaelaí ó bhFine Gael!

    Tá súil agam go mbeidh olltoghchán againn go luath, agus go mbeidh móramh iomlán ag Fine Gael tar éis an olltoghcháin. Sin an rud atá ag teastáil ón tír, i mo thuairimse. Tá polasaí maith acu maidir le táillí olscoile freisin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    salamanca wrote: »
    Tá súil agam go mbeidh olltoghchán againn go luath, agus go mbeidh móramh iomlán ag Fine Gael tar éis an olltoghcháin. Sin an rud atá ag teastáil ón tír, i mo thuairimse.Tá polasaí maith acu maidir le táillí olscoile freisin.

    Cuireann a leithéid de chaint an leanbh Íosa ag caoineadh :(

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 861 ✭✭✭Blue_Wolf

    Ta fearg ar gach duine faoi seo ach ta roinnt daoine a dheanfaidh an rud cheine ma bhi siad sa suiomh cheine.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    salamanca wrote: »
    Tá súil agam go mbeidh olltoghchán againn go luath, agus go mbeidh móramh iomlán ag Fine Gael tar éis an olltoghcháin. Sin an rud atá ag teastáil ón tír, i mo thuairimse. Tá polasaí maith acu maidir le táillí olscoile freisin.

    Ná bac le na tAmadán sin, tá siad mar aon le Fianna Fáil - gan maitheas.

    Ní feicim polaiteoirí ar bith san tír a déanfaidh post maith:(
    Blue_Wolf wrote: »
    Ta fearg ar gach duine faoi seo ach ta roinnt daoine a dheanfaidh an rud cheine ma bhi siad sa suiomh cheine.

    Ní leithscéil é sin áfach

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Sílim go bhfuil ár ndóthain de pháirtí den eite dheis againn ag an bpointe seo, inár stair ghairid mar phoblacht neamhspleách.
    Is ionann FF agus FG i ngach ghné seachas ainm. Vóta amú a bheadh ann vóta a chaitheamh ar son ceachtar acu.
    I mo thuairim seo an t-am cuí le seans eile a thabhairt do shóisialachas agus roinnt de a thabhairt isteach i nDáil Éireann.
    Gan amhras ní féidir rialtas a bhunú gan tacaíocht ó Fhine Gael agus páirtí eile ar nós na nGlasach, agus sílim go mbeadh sé ní ba mó ar leas na tíre dá mbeadh Páirtí an Lucht Oibre i gceannas, sílim go mbeadh sé ní ba mó ar leas na tíre seans a thabhairt dóibh ar a laghad.
    Tá an tír scriosta de bharr polasaithe caipitlíocha Fhianna Fáil, ní mór dúinn ruaig a chur go deo ar a leithéidí.

    Níl an caipitleachas cúis de na fadhbanna atá againn - is rialtas Fhianna Fáil an chúis. Cén fáth go bhfuil an ghéarcheim airgeadais anseo i bhfad níos measa ná i dtíortha eile in iarrthar na hEorpa?
    Agus an bhfuil an saol ar fhebhas i gCúba?

    I ndeireadh na Dála, is páirtí na hearnála phoiblí é an Lucht Oibre anois.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    Cliste wrote: »
    Ná bac le na tAmadán sin, tá siad mar aon le Fianna Fáil- gan maitheas.
    Cuireann an chaint sin fearg orm ...

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    salamanca wrote: »
    Cuireann an chaint sin fearg orm ...

    Tá tú san snáithín ceart ceapaim!

    Ach féach ar na polasaí atá acu - níl difríocht mór(ar chur ar bith) eatarthu. Freisin bíonn na fadhbanna ceannann ceana acu ó taobh airgead - neart scannal ag baint leo!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    Cliste wrote: »
    Tá tú san snáithín ceart ceapaim!

    Ach féach ar na polasaí atá acu - níl difríocht mór(ar chur ar bith) eatarthu. Freisin bíonn na fadhbanna ceannann ceana acu ó taobh airgead - neart scannal ag baint leo!

    B'fhéidir nach bhfuil a lán difríochta eatarthú ó thaobh na polasaithe de ach níl an ceart agat maidir leis na fadhbanna airgid - ar an taobh amháin tá Haughey, Ahern, Burke, Lawlor ... agus Cowen agus a leithéid ag coimead a gcuid súil dúnta. Ar an taobh eile, briseadh Lowry as a phost go díreach nuair a tháinig an scéal faoin a chuid airgid chun solais.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    salamanca wrote: »
    B'fhéidir nach bhfuil a lán difríochta eatarthú ó thaobh na polasaithe de ach níl an ceart agat maidir leis na fadhbanna airgid - ar an taobh amháin tá Haughey, Ahern, Burke, Lawlor ... agus Cowen agus a leithéid ag coimead a gcuid súil dúnta. Ar an taobh eile, briseadh Lowry as a phost go díreach nuair a tháinig an scéal faoin a chuid airgid chun solais.

    Is cuimhin liom an scannal faoin 50 míle a fuair an páirtí, feicim go raibh sé sin i 2001. Nílim á rá go ndearna siad an méid céanna is a rinne FF, ach níl siad ghlan ar chur ar bith.

    Ar aon nós ní dócha go bhfuil an láidreacht polaiteoir acu ach an oiread. Caithfidh mé éisteacht leis an t-amadán sin Varadkar, conas atá sé ar an binse tosaigh?

    AGUS! Féach ar an suíomh atá acu - déanann siad masla díreach don Gaeilge -tá a thuile ar an suíomh as Polainnis ná atá as Gaeilge:mad:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    Cliste wrote: »
    Is cuimhin liom an scannal faoin 50 míle a fuair an páirtí, feicim go raibh sé sin i 2001. Nílim á rá go ndearna siad an méid céanna is a rinne FF, ach níl siad ghlan ar chur ar bith.

    Ar aon nós ní dócha go bhfuil an láidreacht polaiteoir acu ach an oiread. Caithfidh mé éisteacht leis an t-amadán sin Varadkar, conas atá sé ar an binse tosaigh?

    AGUS! Féach ar an suíomh atá acu - déanann siad masla díreach don Gaeilge -tá a thuile ar an suíomh as Polainnis ná atá as Gaeilge:mad:

    Tugadh 50,000 punt don phairtí - tá an-difríocht idir sin agus an 50,000 a fuair Pádraig Flynn.

    Tá polaiteoirí Fhine Gael (Varadkar ina measc) níos óige agus níos fuinniúla ná na seandaoine in FF agus i bpáirtí an Lucht Oibre.

    Ceapaim nach bhfuil an ceart agat faoin suíomh idirlín - féach anseo http://www.finegael.ie//page.cfm/page/CorplacreidimhFineGael//pkey/1417
    Tá an nasc Gaeilge níos áirde ar an bpríomhleathanach ná an nasc Polannach.

    Tá díomá orm nach bhfuil leathanach i teanga na Liotuáine ann :( ach b'fhéidir go mbeadh sé ann sa chéad leagan eile den suíomh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    salamanca wrote: »
    Tugadh 50,000 punt don phairtí - tá an-difríocht idir sin agus an 50,000 a fuair Pádraig Flynn.

    Glacaim le sin cinnte, ach fós níl FG chomh ghlan is atá neart páirtí eile san tír. (Tá fios agam go bhfuil FF dochreidte dona, nílim ag cosaint iad ar chur ar bith)
    salamanca wrote: »
    Tá polaiteoirí Fhine Gael (Varadkar ina measc) níos óige agus níos fuinniúla ná na seandaoine in FF agus i bpáirtí an Lucht Oibre.

    Tá Varadkar (mo FGer áitiúil) ró tógtha lena guth fhéin. Fuair mé bileog uair amháin (bhuel beagnach gach seachtain roimh a fuair sé post TD, anois tá sé ciúin buíochas le dia). Bhí smaoineamh ag Bus Átha Cliath chun busanna a chur tríd Páirc an Fionnuisce, ach ceap sé gur droch smaoineamh é:mad:
    salamanca wrote: »
    Ceapaim nach bhfuil an ceart agat faoin suíomh idirlín - féach anseo http://www.finegael.ie//page.cfm/page/CorplacreidimhFineGael//pkey/1417
    Tá an nasc Gaeilge níos áirde ar an bpríomhleathanach ná an nasc Polannach.

    Tá díomá orm nach bhfuil leathanach i teanga na Liotuáine ann :( ach b'fhéidir go mbeadh sé ann sa chéad leagan eile den suíomh.

    Ar dtús báire tá i bhfad níos mó san nasc Polannach féach.

    Sé an t-aon páirtí le suíomh sásúil Gaelach ná an Comhaontas Ghlas.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    Cliste wrote: »
    Tá Varadkar (mo FGer áitiúil) ró tógtha lena guth fhéin. Fuair mé bileog uair amháin (bhuel beagnach gach seachtain roimh a fuair sé post TD, anois tá sé ciúin buíochas le dia). Bhí smaoineamh ag Bus Átha Cliath chun busanna a chur tríd Páirc an Fionnuisce, ach ceap sé gur droch smaoineamh é:mad:
    Caithfidh tú smaoineamh ar na heilifintí.

    Ar dtús báire tá i bhfad níos mó san nasc Polannach féach.

    Sé an t-aon páirtí le suíomh sásúil Gaelach ná an Comhaontas Ghlas.

    Féach ar na Cummannaigh http://www.communistpartyofireland.ie/ - tá a suíomh i bhfad níos fearr ná suíomh na nGlasach.,

    Tháinig bileog isteach ar maidin ó chomhairleoir áitiúil de chuid Fine Gael agus alt beag as Gaeilge ann mar is gnáth. Táim i mBÁC.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    salamanca wrote: »
    Caithfidh tú smaoineamh ar na heilifintí.

    GOA :D
    salamanca wrote: »
    Féach ar na Cummannaigh http://www.communistpartyofireland.ie/ - tá a suíomh i bhfad níos fearr ná suíomh na nGlasach.,

    Is léir go bhfuil sé sin fíor, agus bhí mé ag féachaint trí an suíomh Glasach - neart rudaí sean ann.
    salamanca wrote: »
    Tháinig bileog isteach ar maidin ó chomhairleoir áitiúil de chuid Fine Gael agus alt beag as Gaeilge ann mar is gnáth. Táim i mBÁC.

    Níl Gaeilge ar na cinn a faighim áfach.

    Nuair a sheol mé Ríomhphoist do na polaiteoirí áitiúil leath as Béarla agus leath as Gaeilge níor freagair duine dóibh as Gaeilge (Agus bhí gach ach duine dóibh mall ag freagairt freisin)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    Cliste wrote: »
    Nuair a sheol mé Ríomhphoist do na polaiteoirí áitiúil leath as Béarla agus leath as Gaeilge níor freagair duine dóibh as Gaeilge (Agus bhí gach ach duine dóibh mall ag freagairt freisin)

    Scríobh as Polainnis an chéad uair eile

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire

    salamanca wrote: »
    Scríobh as Polainnis an chéad uair eile

    Agus síntiúis leis?:P

Advertisement