Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Ciorcal comhrá

  • 04-03-2009 03:58PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 149 ✭✭


    Dia daoibh a chairde,

    Tá mé ag smaoineamh faoin ciorcal comhrá (don tosaitheoir) a tosú I mo cheantar. Tá mé bealach fháda ón Gaeilge líofa, mar sin tá mé ag lorg smaointe faoin t-ábhar sin.
    An bhfuil aon eolas ag aon duine ar boards?

    Go raibh mile maith agaibh


    (tóg go bóg é orm, Níl mo Gaeilge ro-mhaith fós ach lá éigin, Is fearr Gaeilge briste ná béarla cliste :))


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Mholfainn duit féachaint ar an snáth seo san fhóram Gaeilge dátheangach agus ar an gcuid seo de shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Redbhoy wrote: »
    Dia daoibh a chairde,

    Tá mé ag smaoineamh faoin ciorcal comhrá (don tosaitheoir) a tosú I mo cheantar. Tá mé bealach fháda ón Gaeilge líofa, mar sin tá mé ag lorg smaointe faoin t-ábhar sin.
    An bhfuil aon eolas ag aon duine ar boards?

    Go raibh mile maith agaibh

    (tóg go bóg é orm, Níl mo Gaeilge ro-mhaith fós ach lá éigin, Is fearr Gaeilge briste ná béarla cliste :))

    An bhfuil aon rud ar siúl i do cheantar cheana?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 149 ✭✭Redbhoy


    Is as Fionnghlas mé agus ni bíonn aon ciorcal comhrá ar siúl anseo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Redbhoy wrote: »
    Is as Fionnghlas mé agus ni bíonn aon ciorcal comhrá ar siúl anseo.

    Bhuel, má tá an t-am agus an spreagadh agat ba chóir dhuit fógra a chur sa nuachtán áitiúil agus fógraí a chur suas i siopaí áitiúla ag rá go bhfuil sé i gceist agat a leithéid a thosú.

    Tá ar a laghad gaelscoil amháin nó níos mó ná sin lonnaithe i bhFionnghlas, go bhfios dom, mar sin déarfainn go bhfuil dornán maith tuismitheoirí ann ag seoladh a bpaistí chuig gaelscoil agus gan focal Gaeilge ar bith acu féin. D'fhéadfá úsáid a bhaint as an bhfíric seo chun daoine a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid .i. ciorcal comhrá.

    B'fhéidir ba chóir dhuit freastal ar chiorcal comhrá eile i lár na gcathrach chun blas a fháil ar cad go díreach a bheas i gceist.

    Dála an scéil -agus ní mór dhom mo Bhíobla féin a léamh agus beart a dhéanamh de réir mo bhriathar!- ach sílim go mba chóir do gach uile Ghael dílis ciorcal comhrá a thosú ina gceantar féin.

    Maith thú.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »

    Dála an scéil -agus ní mór dhom mo Bhíobla féin a léamh agus beart a dhéanamh de réir mo bhriathar!- ach sílim go mba chóir do gach uile Ghael dílis ciorcal comhrá a thosú ina gceantar féin.

    Maith thú.

    Thosaigh mé comhrá Gaeilge le beirt gardaí a stop mé le gairid, dhiúltaigh mé déileáil leo as Béarla agus iontas na hiontais thosaigh siad ag cur ceisteanna orm as Gaeilge. Bhí an t-ádh liom áfach nár chríochnaigh ár gciorcal comhrá sa bheairic. An bhfuil aithne ag éinne ar dlíodóir maith le Gaeilge don chéad uair eile?


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 39 Badhbh


    Ní gá a bheith sa seomra céanna le Comhrá a bheith agaibh. Is féidir thíocht le chéile trí Skype nó MSN. Ní thastaíonn a bheith ‘ad ach Mic. Déantar ar an mbealach sin ar an forúm IGT.


Advertisement