Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Boards.ie as Gaeilge?

2»

Comments

  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon

    Ceart go leor. Is suíomh iontach é focal.ie, nach ea! :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,436 ✭✭✭Suaimhneach

    coolcon wrote: »
    Ceart go leor. Is suíomh iontach é focal.ie, nach ea! :)
    Ní thaithníonn an aistriúcháin ar "vegetarian" liom, ach is suíomh iontach é cinnte!

    Tá cuma an mhaith ar an wiki faoi láthair! Is iontach an rud é sin! Yeay!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Jesjes wrote: »
    Ní thaithníonn an aistriúcháin ar "vegetarian" liom

    Céard atá cearr leis? Cén focal ab fhearr leat; "glasradóir". :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Eh, bhí mé ag smaoineamh faoin fud a dúirt cúpla daoine anseo faoi úsáid ctrl-f chun an aistriú a laghdú, mar sin scríobh mé Feidhmchlár beag i Java chun na aistriúcháin uile a shábháil agus a seiceáil, agus an téacs a athrú,

    Thug mé faoi deara gur nuair a faigheann notepad++ an téacs ón suíomh (ctrl-c) faigheann sé ré le an amp; tar éis cúpla '&' anois níl sé Java (nó botún a rinne mé!) ach an fadhb é sin?

    Téann sé ó

    <phrase name="languages_and_phrases" date="0" username="" version=""><![CDATA[Languages &amp; Phrases]]></phrase>

    Chuig:

    <phrase name="languages_and_phrases" date="0" username="" version=""><![CDATA[Languages & Phrases]]></phrase>

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Cén fáth go ndéanann sé sin?

    Agus is fadhb í, féach ar an HTML a ghin an post a scríobh tú:
    &lt;phrase name=&quot;languages_and_phrases&quot; date=&quot;0&quot; username=&quot;&quot; version=&quot;&quot;&gt;&lt;![CDATA[Languages &amp;<b>amp;</b> Phrases]]&gt;&lt;/phrase&gt;<br />
    <br />
    Chuig:<br />
    <br />
    &lt;phrase name=&quot;languages_and_phrases&quot; date=&quot;0&quot; username=&quot;&quot; version=&quot;&quot;&gt;&lt;![CDATA[Languages &amp; Phrases]]&gt;&lt;/phrase&gt;
    
    Tá gá leis an "amp;" ionas go dtuigfidh do bhrabhsálaí é i gceart.

    Eagar: Ní fheicim aon "&" ar an wiki. Agus táim ag smaoineamh anois nach carachtar gur gá bheith scríofa lena chód. B'fhéidir nach fadhb í mar sin.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Hmmm is pian san thóin é sin, 'sé an fadhb ná notepad...

    Hmmmm, hmmmm, hmmmm, thriallfainn é i gnáth notepad..

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    An bhfuil tú cinnte go bhfuil sé ag fáil réidh leo? Ní fheicim an "amp;" i láthair in aon áit sa Vicí....

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ní feicim é ach an oiread nuair a déanaim ctrl-f Ach féach ar seo nuair a déanaim aistriú:

    Cad a tharlaíonn

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Ní dóigh liom go mbeadh aon fhadhb leis an ngnáth Notepad (nó Ceap-notaí mar a thugaim féin air) . Is cosúil go bhfuil an leagan eile ag próiséail roinnt den teanga mharcála hipirtéacs.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Bhuel, bhí an ceart agat d'obair 'Ceap-notaí', gan fadhb.

    Tar éis mo obair uile níor athraigh sé ach ceithre frásaí....:D

    Agus tá 114 déanta/aistrithe againn anois (Maith thú a Poll Dubh agus Coolcon)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Tá náire orm nach bhfuilim ag cabhru tar éis gealluint é a dhéanamh, ach tá scrudaithe ag gabháil mo h-ama faoi láthair - an seachtain seo chugainn cinnte.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Karlusss wrote: »
    Tá náire orm nach bhfuilim ag cabhru tar éis gealluint é a dhéanamh, ach tá scrudaithe ag gabháil mo h-ama faoi láthair - an seachtain seo chugainn cinnte.

    Meh tá an wiki briste gach am a téim ar anois...

  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon

    bhuel lads,
    B'fhéidir gur chóir dúinn plean aicsean de saigheas éigean a chur le chéile chun é an rud seo a dhéanamh go héiféachtúl. Aon tuairimí?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    +1

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    coolcon wrote: »
    bhuel lads,
    B'fhéidir gur chóir dúinn plean aicsean de saigheas éigean a chur le chéile chun é an rud seo a dhéanamh go héiféachtúl. Aon tuairimí?

    Níl aon ghá le plean mór, níos fearr i mo thuairim díriú ar an aistriúchán faoi láthair.

  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon

    B'fhéidir é ach tá an-chuid ann. Rinne mé seo don chraic, cuirfidh mé é i mo sig chun an focal a scapadh :Dtnangealt1.png

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Píosa deas oibre a mhac. Tá súil agam go meallfaidh sé tuilleadh daoine cúpla aistriúchán nó roinnt eagarthóireachta a dhéanamh. I ndeireadh na dála ní thagann daoine anseo chun aistriúchán a dhéanamh, tagann siad chun píosa craic a fháil. Má chabhraíonn siad, iontach; ach mura gcabhraíonn is cuma.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Brón orm, nílim timpeall faoi láthair, ach coinnigh suas an obair (an beirt agaibh!)

    Táim ag spreag Gaeilge síos i coláiste samhradh (ie ag chuir iad i detention má tá siad ag caint as Béarla:D:D)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »
    Brón orm, nílim timpeall faoi láthair, ach coinnigh suas an obair (an beirt agaibh!)

    Táim ag spreag Gaeilge síos i coláiste samhradh (ie ag chuir iad i detention má tá siad ag caint as Béarla:D:D)

    Tabhair roinnt aistriúcháin dóibh fad is atá siad ar choinneáil-istigh. Tá gá le sclábhaíocht éignithe chun dlús a chur leis an tionscnamh seo!

  • Closed Accounts Posts: 283 ✭✭dee8839

    Tá brón orm má nil sé sin an thread ceart leis an póst sin. Nuair a bhi mé ar scoil, b'é an Gaeilge mo tábhair is fearr. Ach nuair a chuaigh mé go hollscoil, stop mé ag caint nó ag scriobh é, agus táim saghas rusty anois. Ach nuair a chonaic mé an fhórum (Gaeilge ceart??!) sin, bhi gliondar craoi orm. Beidh mé ag déanamh mo scrúdú Gaeilge le haghaidh dul go dti Blackhall go luath, agus ni mór dom mo chuid Gaeilge a chuimhniú aris - aagh! Mar sin, is rud iontach é a fháil amach go bhfuil a lán daoine ag úsáid a gcuid Gaeilge ar boards.ie. Beidh mé ag léamh é gach lá chun aire a fháil! Smaoineamh iontach é an fhórum seo, go raibh mile maith agat. :D

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Ó eolas a thug Poll Dubh sa fóram 'Development' anseo is léir go bhfuil Foras na Gaeilge ag obair le peoplesrepublicofcork.com chun vbulletin a aistriú go Gaeilge chomh maith.

    Sheolas r-phost chuig Foras inniu go bhfeicfimid cé mar atá ag éirí leo. Táim ag súil go mbeimid in ann an obair a roinnt agus an tionscnamh a chríochnú níos scioptha le cabhair uathu siúd.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ó mo léamhsa ar cad a dúirt Poll Dubh ar an snáithe eile sin, 'seard atá ann ná ní bheidh muid in ann Gaeilge a fheiceáil ar an bpríomhleathanach .i. rudaí ar nós New Thread, replies, views srl

    An bhfuil an ceart agam faoi sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá a lán ceannteidil ar an bpríomhleathanach nach bhfuil ar na leathanaigh eile cosúil le 'latest forum posts', 'recent updates'. De réir Cult, ní féidir na ceannteidil siúd a aistriú. Mar thoradh air sin ní bheadh mórán Gaeilge le féiceáil ar an bpríomleathanach den leagan Gaeilge.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Ní úsáidimse an príomh-leathanach ró-mhinic ar aon nós, úsáidimse an 'drop-down menu', ach ní bheimid in ann é sin a aistriú ach oiread toisc gur ainmneacha fóraim atá ann.

    Nuair atá an mór-shuíomh féin aistrithe is féidir linn bogadh ar aghaidh agus smaoineamh faoi dul i ngleic ar bhealach eile an príomh-leathanach a aistriú.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá brón orm faoin ais-éirí seo :P, ach tá nuacht agam daoibh: Duirt mé le Forbairt Boards go bhfuil an aistriúcháin peoplesrepulic críochnaithe, agus an aistriúcháin le fáil anseo.

    Tá súil agam go bhfuil daoine fós ar son an aistriúcháin (go háirithe nuair nach bhfuil obair i gceist!). caithfidh mé a rá go rinne Pól Dubh neart obair ar an aistriúcháin anseo - Ba mhaith liom rá go raibh maith agat faoi sin, agus maith thú.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    smaoineamh iontach é seo

    maith sibh

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »
    Tá brón orm faoin ais-éirí seo :P, ach tá nuacht agam daoibh: Duirt mé le Forbairt Boards go bhfuil an aistriúcháin peoplesrepulic críochnaithe, agus an aistriúcháin le fáil anseo.

    Tá súil agam go bhfuil daoine fós ar son an aistriúcháin (go háirithe nuair nach bhfuil obair i gceist!). caithfidh mé a rá go rinne Pól Dubh neart obair ar an aistriúcháin anseo - Ba mhaith liom rá go raibh maith agat faoi sin, agus maith thú.

    Ní dhearna mé mórán i ndáiríre ach buíochas ar aon chaoi. Ní raibh mó chroí sa togra nuair a fuair mé amach nach mbeadh an príomhleathanach as Gaeilge mar gheall go raibh an leathanach beagnach go léir saincheaptha. Ach má chuireann Boards an paca teanga Gaeilge ón Daonphoblacht ar fáil, b'fhéidir go mbeidh Cult sásta an ríomhchlárú a dhéanamh chun an príomhleathanach a chur as Gaeilge amach as seo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Poll Dubh wrote: »

    Rinne tú alán obair air Féach!. Níl a fios agam faoin aistriúcháin ó Daonphoblach - duirt Ronny dom go bhfuil píosaí saghas aisteach ann.

    Déarfainn nach mbeidh fadhb ollmhór leathanach baile eile a chur isteach. Fiú gan an RSS (Ní úsáidim é ar aon nós). Beidh orainn fannacht go dtí go bhfuil freagra ar an fóram 'Forbairt' ar aon nós...

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »
    Rinne tú alán obair air Féach!. Níl a fios agam faoin aistriúcháin ó Daonphoblach - duirt Ronny dom go bhfuil píosaí saghas aisteach ann.

    Déarfainn nach mbeidh fadhb ollmhór leathanach baile eile a chur isteach. Fiú gan an RSS (Ní úsáidim é ar aon nós). Beidh orainn fannacht go dtí go bhfuil freagra ar an fóram 'Forbairt' ar aon nós...

    Mar a deir siad i mBéarla - ní raibh ann ach braon san aigéan. Tá áthas orm go bhfuil an jab críochnaithe ag duine eile - is féidir linn na hearráidí a ghlanadh suas. Tá mé ar mo bhealach anois go Forbairt chun mo ghuth a chur leis an bhfeachtas.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ceapaim gur fiú brú amháin eile a chur san tionscnamh seo, agus é a chríochnú!

    D'fhéach mé tríd an aistriúcháin ón Daonphoblacht, nílimse ábalta é a ceartú níos fearr ná atá sé anois - ach níl Gaeilge crinn agam...

    Dar liom an bealach is fearr ná an aistriúcháin seo a úsáid (Is fearr Gaeilge Briste ná Béarla cliste), ach le rogha ceann ceartaithe a chur isteach tar éis leath bhliain má aontaíonn siad le sin. Mar atá tá an tionscnamh tar éis bás a fháil - níl aon obair déanta ar an wiki ó Meitheamh.. beidh sé níos fearr rud beag a fháil ón obair atá déanta.

    Smaointí faoi sin?

Advertisement