Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Boards.ie as Gaeilge?

  • 13-04-2008 09:05PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭


    ad.gif

    So cad a cheapainn sibh faoi boards.ie as Gaeilge? an smaoineamh maith é? An mbeidh fadhbanna? (Anois Nílim ag caint faoi gach focal a beidh as Gaeilge, gan daubt ní féidir na th(h)read a aistriú.


«1

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is smaoineamh iontach maith é. Cheap mé go raibh sé seo le tarlú anuraidh ach thréig Séamus an tionscadal go tobann gan mhíniú agus níl éinne eile sinsearach ag léiriú suim ann, faraor.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    D'fhéadfaí é a dhéanamh éasca go leor déarfainn. Dá mbeadh tacaíocht ann ar aon nós.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    bhuel tá go leor daoine tar éis chur a nainmneacha síos don áistriúcháin, tú féin san áireamh-

    An bhfuil daoine sinsearach ag éinne anseo, chun é a déanamh!?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Ar chuir éinne fios ar na modhnóirí go fóill le fáil amach an mbeidh siad toilteanach é a cheadú?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Ba chóir dúinn na haistriúchán a dheanamh anseo roimh ré, chun earradh críochnaithe a thabhairt do na admins, ionas nach mbeadh leiscéal acu.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá Seamus ar ais ar an gcás thall i bhForbairt!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Múinteoir wrote: »
    Ar chuir éinne fios ar na modhnóirí go fóill le fáil amach an mbeidh siad toilteanach é a cheadú?
    Is ceist do na riarthóirí é i ndáiríre. Níl aon cumhacht ag na modhnóirí bochta chun rudaí mar sin a dhéanamh. : p

    Déarfainn go mbeadh neart scileanna Gaelacha eadrainn chun aistriúcháin maith a chur le chéile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá Cult tar éis an leagan Béarla a fháil, agus níl ach 6000 frásaí le aistriú....

    :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cliste wrote: »
    Tá Cult tar éis an leagan Béarla a fháil, agus níl ach 6000 frásaí le aistriú....

    :D

    Cén áit a bhfuil an leagan Béarla?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Poll Dubh wrote: »
    Cén áit a bhfuil an leagan Béarla?

    Beidh sé ar an Wiki- ach tá sé sin bhriste anois....

    Deireann sé anseo é

    http://boards.ie/vbulletin/showthread.php?p=55747180


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Cliste wrote: »
    Beidh sé ar an Wiki- ach tá sé sin bhriste anois....

    Ag súil go mór leis.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ceart go Leor.

    Tá Cult tar éis an rud uilig a chur suas anseo

    Níl a fios agam phlean troid is ba ceart a bheidh ann.

    Tagann an Béarla mar seo:

    <phrase name="frása Béarla" date="0" username="" version=""><![CDATA[frása Béarla]]></phrase>

    Beidh orainn é a aistriú mar seo:

    <phrase name="frása Béarla" date="0" username="" version=""><![CDATAB]fr&#225;sa Gaeilge anseo[/B]></phrase>

    Ceapaim...:pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Beidh muid ag obair ar seo go ceann tamall maith! Ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Is iontach an smaoineamh é an cód a chur ar vicí, ionas go mbeidh gach duine in ann a chion a dhéanamh. :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    tá tinneas cinn orm ag breathnú ar an gcód sin go léir.. céard ba chóir dhom a dhéanamh leis?
    ní thuigim é i gceart


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Beidh orainn an Béarla atá i seo a aistriú:
    <![CDATA[]]>

    Cad is brí le sin ná téann
    <![CDATA[English phrase here]]>
    chuig
    <![CDATA[frása Gaeilge anseo]]>


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Ok, ag breathnú air, déarfainn nach dtógfaidh sé ach cúpla mí.

    Déanfaidh mé beagán air ag an deireadh seachtaine. Tá roinnt ann go bhféadfaidh 'find and replace' a úsáid i Notepad chun am a shábháil.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Cabhróidh mise i ndiadh mo scrúduithe. Caithfidh duine ar bith a bheith mar bhainisteoir tionscadail agus na postanna aistretheóreachta go léir a thug do dhaoine éigin, ionas go mbeimid in ann críoch a chur leis an tionscadal seo chomh luath agus is féidir.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    obl wrote: »
    Caithfidh duine ar bith a bheith mar bhainisteoir tionscadail agus na postanna aistretheóreachta go léir a thug do dhaoine éigin, ionas go mbeimid in ann críoch a chur leis an tionscadal seo chomh luath agus is féidir.

    Aontaím le sin, ní phlean maith é go mbeidh gach duine ag aistriú anseo is ansiúd..

    Rud eile, rinne mé cúpla .txt comhad as an aistriúcháin a haon- ionas go mbeidh muid ábalta é a roinnt, tá gach ceann idir 40 agus 60 línte, beidh sé níos éasca mar beidh daoine ábalta obair ar i notepad++ ar do ríomhaire baile, gan aon baol go n-aistreoifidh aoinne an frása céanna


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Oh freisin tá an wiki le fáil as Gaeilge- roghnaigh é i "My Preferences"


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon


    Dia dhaoibh lads, táim díreach ag féachaint ar an leathanach aistriúchán anseo ach tá cheist agam. Cad a bfhuil á dhéanamh agaibh le haghaidh focail ar nós "Smilie"? Tagann an cheann sin suas am i ndiadh a chéile. An mbeidh sibh ag cruthú focail nua Gaeilge.. rud cosúil le 'meangán' no cosúil b'fhéidir?
    Go néirigh libh ar aon nós agus déanfaidh mé mo dhícheall cabhrú pé áit is féidir liom (nílim ach ar scoil fós agus níl líofaíocht bhainte amach agam).
    :cool:

    Oh fán soicind, seo feicthe agam anois - smilie = "straoiseoige"


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    coolcon wrote: »
    :cool:

    Oh fán soicind, seo feicthe agam anois - smilie = "straoiseoige"

    Fáilte go dtí an meitheal a choolcoin, feicim go bhfuil rudaí aistrithe agat cheana féin, maith thú. Tá téarmaí nua-aimseartha cosúil le sin le fáil ar focal.ie. Ní maith liom a bheith ag déanamh ceartúcháin de ghnáth ach tá sé tábhachtach go mbeadh an aistriúchán chomh chruinn agus is féidir - is é straoiseog an focal ceart, tá straoiseoige sa tuiseal ginideach. D'athraigh mé é ar an vicí.


  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon


    Poll Dubh wrote: »
    feicim go bhfuil rudaí aistrithe agat cheana féin, maith thú.
    Bhuel, d'aistrigh mé píosa beag ach tugfaidh tú faoi dheara gur iad beagnach na focail céanna gach uair! Tá an-chuid athrá ann. Beidh sé ar fheabhas bheith abálta dul ar Boards as Gaeilge nuair atá an tionscnamh críochnaithe. Beidh mé ag dul i mbun an ardteist an bliain seo chugainn agus cabhraíonn gach píosa Gaeilge a feicim tuiscint níos fearr den teanga a bhaint amach (má tuigeann tú mé!)
    Poll Dubh wrote: »
    Ní maith liom a bheith ag déanamh ceartúcháin de ghnáth ach tá sé tábhachtach go mbeadh an aistriúchán chomh chruinn agus is féidir - is é straoiseog an focal ceart, tá straoiseoige sa tuiseal ginideach. D'athraigh mé é ar an vicí.

    Ah, tuigim. Cad as a dtagann an focal sin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    coolcon wrote: »
    Bhuel, d'aistrigh mé píosa beag ach tugfaidh tú faoi dheara gur iad beagnach na focail céanna gach uair! Tá an-chuid athrá ann. Beidh sé ar fheabhas bheith abálta dul ar Boards as Gaeilge nuair atá an tionscnamh críochnaithe. Beidh mé ag dul i mbun an ardteist an bliain seo chugainn agus cabhraíonn gach píosa Gaeilge a feicim tuiscint níos fearr den teanga a bhaint amach (má tuigeann tú mé!)

    Ní féidir liom locht ar bith a fháil le do loighic!

    Ah, tuigim. Cad as a dtagann an focal sin?

    De réir foclóir Ó Dónaill ciallaíonn straois i mBéarla gringrimace. I bhfocail eile, d'fhéadfaí aoibh nó grainc a bheith ort nuair atá straois i gceist. Agus dar ndóigh, sin an fáth a úsáideann daoine straoiseoga, chun mothúchán difriúil a léiriú.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Seo an nasc don tionscnamh ar an vicí arís:

    http://wiki.boards.ie/wiki/Vbulletin_Irish_translation_project

    An bhféadfadh modhnóir an nasc a chur ar phost greamaitheach?


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Cabhdóidh mé.

    Déan iarracht bheith leanúnach le na téarmaí, ní bheadh sé rómhaith téarmaí difriúla don rud chéanna bheith scaipthe timpeall an suíomh.

    Freisin, molaim an rud ar fad a chóipeáil isteach i Notepad/Notepad++/eagarthóir téacs maith eile agus leas a bhaint as "Find and Replace". i.e. Cóipeáil "<![CDATA[English phrase here]]>" isteach so bhosca "Find", "<![CDATA[Frása Gaeilge anseo]]>" isteach sa bhosca "Replace" agus cliceáil "Replace All". Seans go sábháilfidh sé seo roinnt ama.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    JC 2K3 wrote: »
    Déan iarracht bheith leanúnach le na téarmaí, ní bheadh sé rómhaith téarmaí difriúla don rud chéanna bheith scaipthe timpeall an suíomh.


    Aontaím leat - tá tús curtha le foclóir de na téarmaí ar bun an príomhleathanaigh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Oh go maith, déanfaidh mé píosa de níos déanaí. Tá focal.ie fíor-úsáideach.
    Má tá aon duine ag iarradh comhrá a dhéanamh faoin tionscadal, téigh go dtí #gaeilge ar quakenet (anseo, muna bhfuil cliaint IRC agat), má tá aon ceisteanna faoi focail áirithe ann, nó aon rud mar sin, is féidir le daoine buail le chéile ansin. Bheadh sé níos éasca ná gach rud a phlé ar snáithe amháin, déarfainn.



    (I gcónaí ag "pimpeáil" #gaeilge...)


  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon


    An cóir go mbeadh an focal i gcóir thread 'snáth' in ionad 'snáithe' ar an leathanch vicí sin?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    coolcon wrote: »
    An cóir go mbeadh an focal i gcóir thread 'snáth' in ionad 'snáithe' ar an leathanch vicí sin?

    Is é snáithe an focal oifigiúil de réir focal.ie


Advertisement