Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Filíocht Le Seán Ó Neachtain.

  • 23-01-2026 09:09AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 15,506 ✭✭✭✭


    Filíocht.

    Scríobhadh é seo roimh an nGorta Mór timpeall 1700 i mBaile Átha Cliath. Cé go gcreideann tú é nó ná creid, ba chainteoirí dúchais Gaeilge iad 20% de mhuintir Bhaile Átha Cliath. Le fear darbh ainm Seán Ó Neachtain.

    Léigh mé é i leabhar dar teideal 'The Ó Neachtain Window on Gaelic Dublin 1700-1750'. Is leabhar i mBéarla é.Le Liam Mac Mathúna.

    Bíodh foighne agaibh anois, a bhuachaillí, beidh sibh ag cloisteáil easpa R Caol. Ach ceapaim gur féidir libh déileáil leis. 😉

    Muire Mhathair.

    Do ghuidh me Muire Mhathair.

    Go ro-chaidhbheach mar gach duine.

    Chionn nar leabhar me bearladh.

    Níor cuir spéis ion mo ghuidhe.

    An dream diseadh nach géilleann.

    'Siad is tréine san talamh;

    a drung tug di adhradh

    Truagh tá ndaoirseadh ag Danair.

    Mother Mary

    I prayed to mother Mary of God

    Very devoutly like everyone else.

    because I didn't speak English

    She didnt pay attention to my prayer.

    The people who don't accept her

    They are the strongest in the land.

    The group that gave her reverence

    It is a pity that they are in bondage to foreigners.

    Ó Seán Ó Neachtain. Of the O Neachtain Circle.

    Is uafásach liom gur cheap sé nach raibh Máthair Dé ag éisteacht leis mar nach raibh sé ach ag caint Gaeilge.

    Bheadh ​​​​iarracht déanta agam guí leis an Diabhal.



Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,218 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ní cuimhin liom na mion-sonraí go rómhaith anois, ach tuigim gur nós réasúnta forleathan a bhí ann san fhilíocht sa ré sin gur fhulaing na hÉireannaigh mar gurb shin toil Dé. Cheap siad (nó, ar a laghad, dúirt neart filí ina ndánta) go raibh siad ag íoc as peaca éigin a rinne siad agus a sinsearaigh. Bhí sé cumhachtach mar mhóitíf nó mar dheismireacht liriceach.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 15,506 ✭✭✭✭ILoveYourVibes


    Léigh mé gur mar gheall ar an ró-shástacht agus an lúcháir a bhí siad agus nach raibh siad sách meabhrach. Tá difríocht mhór idir ceol Éireannach roimh an nGorta agus ceol/cultúr Éireannach ina dhiaidh. D'áitigh an eaglais ar dhaoine stop a chur le damhsaí a bheith acu. Agus chuir sí an milleán ar na damhsaí as a bhfulaingt.

    Sa bhliain 1846, d’fhógair iris The Economist gurbh é “a n-olc agus a n-amaideacht féin” ba chúis le cruachás na hÉireann. Ní raibh dearcaí den sórt sin neamhchoitianta sna meáin chumarsáide Briotanacha le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir, mar a mhíníonn Niamh Gallagher.

    https://www.rte.ie/history/famine-ireland/2020/0917/1165825-their-own-wickedness-how-the-british-press-reported-the-famine/



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 15,506 ✭✭✭✭ILoveYourVibes


    Ar aon nós, molaim an leabhar go mór. Chuir sé smaoineamh difriúil orm faoi Bhaile Átha Cliath. Shíl mé i gcónaí gur cailín as Baile Átha Cliath mé féin. Agus i m’intinn, spreag an Gaeilge smaointe faoi cheantair thuaithe na hÉireann. Mar sin níor cheangail mé riamh é le Baile Átha Cliath.

    Ach mac le Seán Ó Neachtain, rugadh Tadhg Ó Neachtain i mBaile Átha Cliath agus chaith sé a shaol ar fad san áit chéanna inar tógadh m'athair. Na saoirsí. Na Libirtí.

    Bhailigh sé timpeall air ciorcal scoláirí Sean-Ghaeilge SNA LIBIRTÍ.

    Rinne sé trascríobh agus cóipeanna de ‘Lebor Gabála Érenn’ (leabhar choncas na hÉireann) agus de ‘Bansenchas’ (stair na mban). Rinne sé cóipeanna freisin de shleachta as ‘Lebor na Cert’ (leabhar na gceart) agus as leagan Gaeilge de Bheatha trípháirteach Naomh Pádraig.

    Sa bhliain 1726

    SNA LIBIRTÍ i.. MBAILE .. ÁTH .. CLIATH

    Nach iontach é sin agus nach bhfuil súil agat leis?



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 15,506 ✭✭✭✭ILoveYourVibes


    Fear as Baile Átha Cliath ó na Liberties a choinnigh píosaí de shean-Ghaeilge...mórgacht.



Advertisement
Advertisement